Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Co-Aontu idir Rialtas A Shoillse i Riocht Aontuithe na Breataine Moire agus Thuaiscirt Éireann agus Rialtas A Shoillse i Saorstat Éireann maidir le Claru agus Rialu Mainliaigh Beithioch.)

36 1931


Uimhir 36 de 1931.


ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN MÁINLEAGHA BEITHÍOCH DO CHLÁRÚ AGUS DO RIALÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LE CLEACHTA MÁINLIAGHACHTA AGUS LIAGHACHTA BEITHÍOCH AGUS LEIS NA DAOINE ATÁ AG GABHÁIL DON CHLEACHTA SAN. [1adh Lúnasa, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na Máinliaigh Beithíoch a bunuítear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an clár” an Clár de Mháinleagha Beithíoch do Shaorstát Éireann atá le bunú agus le coimeád ar bun fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an clár generálta de mháinleagha beithíoch” an clár de mháinleagha beithíoch a choimeádann Comhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch ar bun do réir na gcairt agus na reacht a rialuíonn an Coláiste sin;

cialluíonn an abairt “máinliaigh beithíoch cláruithe,” maidir le héinní do rinneadh no atá le déanamh no le ní do thuitim amach roimh bhunú an chláir, duine atá cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch agus, maidir le héinní bheidh déanta no le déanamh no le ní do thuitim amach tar éis bunú an chláir, duine bheidh cláruithe sa chlár;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an gComhairle.

An Có-aontú do dhaingniú agus leasuithe ar an dlí dá dhruim.

2. —(1) Daingnítear leis seo an Có-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ragha sé in éifeacht ar pé dáta is déanaí acu so leanas, sé sin le rá, dáta rithte an Achta so agus an dáta ar a ndéanfaidh Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann reachtúchán do rith mar dhlí chun éifeacht reachtúil do thabhairt don Chó-aontú san.

(2) Chun go mbeadh éifeacht reachtúil ag an gCó-aontú san i Saorstát Éireann achtuítear leis seo—

(a) sa mhéid go bhfuil a théarmaí buiniscionn le hAchtanna na Máinliaigh Beithíoch go dtuigfear go ndeineann an Có-aontú san leasú no atharú sa mhéid sin ar na hAchtanna san agus go ndeintear leis seo na hAchtanna san do leasú agus d'atharú dá réir sin;

(b) go mbeidh agus go leanfaidh Achtanna na Máinliaigh Beithíoch, agus iad leasuithe no atharuithe amhlaidh, i bhfeidhm i Saorstát Éireann sa mhéid go bhforáltar amhlaidh leis an gCó-aontú san no gur gá san chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCó-aontú san i Saorstát Éireann;

(c) go scuirfidh Achtanna na Máinliaigh Beithíoch, ach amháin sa mhéid go n-achtuítear a mhalairt sa mhír sin roimhe seo, d'éifeacht do bheith acu ar dháta rithte an Achta so.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “Achtanna na Máinliaigh Beithíoch” an Veterinary Surgeons Act, 1881, an Veterinary Surgeons Amendment Act, 1900, agus an Veterinary Surgeons Act(1881) Amendment Act, 1920.

Có-dhéanamh Comhairle na Máinliaigh Beithíoch

3. —(1) Déanfar Comhairle ar a dtabharfar Comhairle na Máinliaigh Beithíoch (dá ngairmtear an Chomhairle san Acht so) do bhunú do réir an Achta so chun na bhfeidhmeanna ceaptar di leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Chomhairle ina cólucht corparáideach agus síorchomharbas aici agus féadfa sí séala do sholáthar di féin agus féadfa sí dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí léi fén teideal agus fén ainm sin.

(3) Beidh an Chomhairle có-dhéanta d'ochtar ball a hainmneofar i dtosach bára agus a toghfar ina dhiaidh sin ag na daoine agus sa tslí foráltar san Acht so.

Baill ainmnithe den Chomhairle.

4. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith déanfaidh an Ard-Chomhairle, ar iarratas an Aire, ochtar máinliaigh beithíoch cláruithe chomhnuíonn i Saorstát Éireann d'ainmniú chun bheith ina mbaill den Chomhairle (dá ngairmtear baill ainmnithe san Acht so) agus ord sinnsearachta na mball san ina measc féin do cheapadh chun crícheanna na bhforálacha den Acht so bhaineann le téarmaí oifige na mball san do bheith caithte.

(2) Beidh gach ball ainmnithe den Chomhairle i seilbh oifige go dtí an dáta ar a mbeidh a théarma oifige caithte fén Acht so marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do.

(3) Pé uair a thárlóidh do bhall ainmnithe den Chomhairle éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht sara mbeidh a théarma oifige caithte ainmneoidh an tAire máinliaigh beithíoch cláruithe chun bheith ina bhall ainmnithe den Chomhairle in áit an bhaill d'éag, d'eirigh as, no do tháinig fé dhí-cháilíocht amhlaidh agus go n-a shinnsearacht san agus ar feadh a mbeidh gan caitheamh dá théarma oifige.

(4) Má scuireann agus pé uair a scuirfidh ball ainmnithe den Chomhairle de bheith ina mháinliaigh bheithíoch chláruithe no de bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfe sé láithreach de bheith ina bhall den Chomhairle.

(5) Féadfaidh ball ainmnithe den Chomhairle aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun an Aire.

An Chomhairle do bhunú go sealadach agus go buan.

5. —(1) Isé dáta ar a mbunófar an Chomhairle go sealadach de bhuadh an ailt seo ná an dáta ar a n-ainmneoidh an Ard-Chomhairle an t-ochtar ball ainmnithe den Chomhairle do réir an Achta so, agus déanfar tagairtí san Acht so do bhunú sealadach na Comhairle mar phuínnte aimsire do léiriú mar thagairtí don dáta san.

(2) Isé dáta ar a mbunófar an Chomhairle go buan de bhuadh an ailt seo ná an chéad 31adh lá de Bhealtaine tar éis na Comhairle do bhunú go sealadach mara gcuiridh an tAire an buan-bhunú san ar ath-ló fén alt so.

(3) Más dóich leis an Aire, de dhruim aon chúis a phléidhfidh an Chomhairle no tar éis do dul i gcomhairle léi, ná fuil sé oiriúnach an Chomhairle do bhunú go buan an chéad 31adh lá de Bhealtaine tar éis na Comhairle do bhunú go sealadach, féadfaidh an tAire le hordú buan-bhunú na Comhairle do chur ar ath-ló go dtí an chéad 31adh lá de Bhealtaine tar éis an 31adh lá de Bhealtaine luaidhtear thuas agus má deintear an t-ordú san amhlaidh bunófar an Chomhairle go buan de bhuadh an ailt seo an 31adh lá de Bhealtaine go dtí n-a gcuirfear ar ath-ló an buanbhunú san leis an ordú san.

(4) Déanfar tagairtí san Acht so do bhuan-bhunú na Comhairle mar phuínnte aimsire do léiriú mar thagairtí don 31adh lá de Bhealtaine ar a mbunófar an Chomhairle go buan fé sna forálacha san roimhe seo den alt so.

(5) Foillseofar san Iris Oifigiúil gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

Deireadh le téarmaí oifige na mball ainmnithe den Chomhairle.

6. —(1) Beidh téarmaí oifige an chéad, an dara, an tríú, an cheathrú agus an chúigiú duine, in ord sinnsearachta, de bhaill ainmnithe na Comhairle caithte le linn na Comhairle do bhunú go buan.

(2) Beidh téarmaí oifige uile agus fé seach an tséú, an tseachtú agus an ochtú duine, in ord sinnsearachta, de bhaill ainmnithe na Comhairle caithte fé seach ar chéad, ar dhara agus ar thríú lá cinn bliana buan-bhunú na Comhairle.

(3) Beidh ball ainmnithe den Chomhairle (má bhíonn sé cáilithe ar gach slí eile) iontoghtha agus féadfaidh teacht chun bheith agus bheith ina bhall toghtha den Chomhairle o dheireadh a théarma oifige mar bhall ainmnithe.

Baill thoghtha den Chomhairle.

7. —(1) O bhuan-bhunú na Comhairle agus as san amach toghfar baill na Comhairle (seachas na baill ainmnithe ná beidh deireadh de thurus na huaire le n-a dtéarmaí oifige) do réir an Achta so agus gairmtear baill thoghtha san Acht so de sna baill uile toghfar amhlaidh.

(2) O bhuan-bhunú na Comhairle agus as san amach is máinleagha beithíoch cláruithe, bheidh cláruithe, leis, de thurus na huaire sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch agus ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, a beidh i gceathrar de bhaill thoghtha na Comhairle (dá ngairmtear baill thoghtha ghenerálta san Acht so) agus toghfar na baill thoghtha ghenerálta san do réir an Achta so ag na máinleagha beithíoch cláruithe bheidh cláruithe, leis, de thurus na huaire sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch agus ina gcomhnaí i Saorstát Éireann.

(3) O bhuan-bhunú na Comhairle agus as san amach is máinleagha beithíoch cláruithe chomhnuíonn i Saorstát Éireann a bheidh mar bhaill thoghtha den Chomhairle nách baill thoghtha ghenerálta agus isiad na máinleagha beithíoch cláruithe bheidh ina gcomhnaí de thurus na huaire i Saorstát Éireann a thoghfaidh iad.

(4) Gairmtear baill thoghtha theoranta san Acht so de bhaill thoghtha den Chomhairle nách baill thoghtha ghenerálta.

(5) Má bhíonn duine cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch ní bheidh sé dí-cháilithe ná ní bheidh cáilíocht aige dá dhruim sin chun a thoghtha ná chun bheith i seilbh oifige mar bhall thoghtha theoranta den Chomhairle ná chun vótála i dtoghachán do bhaill theoranta den Chomhairle.

Tráthanna do thoghacháin do bhaill thoghtha den Chomhairle.

8. —(1) Roimh bhuan-bhunú na Comhairle, ach ní níos mó ná mí roimhe sin, comórfar toghachán (dá ngairmtear an chéad thoghachán san Acht so) do bhaill thoghtha den Chomhairle do réir an Achta so agus toghfar sa toghachán san ceathrar ball toghtha generálta den Chomhairle agus ball toghtha teoranta den Chomhairle do réir an Achta so.

(2) Roimh gach lá de laethe cinn bliana buan-bhunú na Comhairle, ach ní níos mó ná mí roimhe sin, comórfar toghachán do réir an Achta so chun aon bhaill thoghtha ghenerálta amháin agus aon bhaill thoghtha theoranta amháin den Chomhairle do thogha agus chun pé daoine eile do thogha is gá do réir an Achta so do thogha sa toghachán san chun foth-fholúntas do líonadh.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “toghachán bliantúil” toghachán a comórfar do réir an ailt seo.

Toghacháin do bhaill thoghtha den Chomhairle do stiúradh.

9. —(1) Trí seachtaine ar a laighead roimh bhuan-bhunú na Comhairle ceapfaidh an Chomhairle Uachtarán na Comhairle má bhíonn sé toilteanach chun gníomhú no, mara mbeidh seisean toilteanach chuige, ball éigin eile den Chomhairle, a bheidh toilteanach chuige, chun bheith mar cheann chóimhrimh don chéad thoghachán do bhaill thoghtha den Chomhairle.

(2) Mí ar a laighead roimh gach lá de laethe cinn bliana buanbhunú na Comhairle ceapfaidh an Chomhairle Uachtarán na Comhairle má bhíonn sé toilteanach chun gníomhú no, mara mbeidh seisean toilteanach chuige, ball éigin eile den Chomhairle, a bheidh toilteanach chuige, chun bheith mar cheann chóimhrimh do thoghachán chun daoine do thogha chun teacht chun bheith agus chun bheith ina mbaill thoghtha den Chomhairle an lá cinn bliana san.

(3) Díreach tar éis a cheaptha déanfaidh gach ceann cóimhrimh a ceapfar fén alt so an toghachán dar ceapadh amhlaidh é do chomóradh agus do stiúradh do réir an Achta so, agus comórfaidh agus stiúrfaidh an toghachán san i slí go mbeidh sé críochnuithe roimh thosach téarma oifige na ndaoine toghfar ann.

(4) Déanfar gach toghachán do bhaill thoghtha den Chomhairle do stiúradh do réir na Rialacha atá curtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir pé rialacha eile (más ann dóibh) ná beidh buiniscionn leo san agus is dóich leis an gComhairle is ceart do dhéanamh.

(5) Gach ceann cóimhrimh a ceapfar fén alt so déanfa sé, díreach tar éis críochnú an toghacháin dar ceapadh amhlaidh é, ainmneacha na ndaoine do toghadh ann agus pé eolas eile i dtaobh an toghacháin sin a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an gComhairle do thabhairt i scríbhinn don Chomhairle.

(6) Beidh gach ceann cóimhrimh a ceapfar fén alt so i dteideal cabhrach d'fháil o oifigigh agus o sheirbhísigh na Comhairle chun an toghacháin dar ceapadh amhlaidh é do chomóradh agus do stiúradh.

Téarmaí oifige ball toghtha den Chomhairle.

10. —(1) An ceathrar ball toghtha generálta den Chomhairle toghfar sa chéad thoghachán do bhaill den Chomhairle beid fé seach i seilbh oifige mar bhaill den tsórt san (marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dóibh) ar feadh na dtréimhsí seo leanas ar n-a n-áireamh i ngach cás o bhuan-bhunú na Comhairle, sé sin le rá, beidh an chéad duine do réir sinnsearachta de sna baill sin i seilbh oifige ar feadh cheithre mblian agus beidh an dara duine, an tríú duine agus an ceathrú duine do réir sinnsearachta de sna baill sin i seilbh oifige ar feadh trí mblian, dhá bhlian agus bliana fé seach.

(2) An ball toghtha teoranta den Chomhairle toghfar sa chéad thoghachán do bhaill den Chomhairle beidh sé i seilbh oifige ar feadh cheithre mblian o bhuan-bhunú na Comhairle (marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do).

(3) Lasmuich dá bhforáltar ar a mhalairt sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so agus fé réir na bhforálacha den alt so bhaineann le daoine toghfar chun foth-fholúntas do líonadh, beidh gach ball toghtha den Chomhairle i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san (marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do) ar feadh téarma ceithre mblian ar n-a áireamh ón am a bheidh téarma oifige an té bhí roimhe caithte.

(4) Ball den Chomhairle toghfar i dtoghachán bliantúil chun foth-fholúntais sa Chomhairle do líonadh beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.

(5) Ní fhéadfaidh ball toghtha den Chomhairle, le linn a théarma oifige mar bhall den tsórt san, bheith ina iarrthóir chun a thoghtha mar bhall den Chomhairle, ach má bhíonn sé cáilithe ar gach slí eile beidh gach ball toghtha den Chomhairle iontoghtha, i ndeireadh no roimh dheireadh a théarma oifige, chun teacht chun bheith agus chun bheith ina bhall toghtha den Chomhairle i ndeireadh an téarma san.

Foth-fholúntaisí imeasc ball toghtha den Chomhairle.

11. —(1) Féadfaidh ball toghtha den Chomhairle aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun an Chlárathóra, agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Chomhairle thosnóidh tar éis an eirghe-as san d'fháil don Chlárathóir.

(2) Ar scur de bheith ina mháinliaigh bheithíoch chláruithe dho no ar scur de bheith cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch do no ar scur de bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann do, beidh gach ball toghtha generálta den Chomhairle dí-cháilithe láithreach chun leanúint de bheith ina bhall den Chomhairle.

(3) Ar scur de bheith ina mháinliaigh bheithíoch chláruithe dho no ar scur de bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann do, beidh gach ball toghtha teoranta den Chomhairle dí-cháilithe láithreach chun leanúint de bheith ina bhall den Chomhairle.

(4) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall toghtha líonfar an folúntas san (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) sa chéad thoghachán bliantúil tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint mara raibh téarma oifige an bhaill sin le bheith caithte an chéad lá de laethe cinn bliana bunú na Comhairle tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint.

(5) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas i mballraíocht na Comhairle sa tréimhse idir ceann cóimhrimh do thoghachán bhliantúil do cheapadh agus an lá de laethe cinn bliana bunú na Comhairle gur mar gheall air a comórfar an toghachán bliantúil sin líonfar an folúntas san sa toghachán bliantúil a comórfar an bhliain ina dhiaidh sin mara raibh téarma oifige an bhaill, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, le bheith caithte an lá cinn bliana san no an lá cinn bliana ina dhiaidh sin.

(6) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas i mballraíocht na Comhairle, féadfaidh an Chomhairle féin, más dóich léi gur cheart é, duine cáilithe do thogha chun an fholúntais sin do líonadh go sealadach go dtí go líonfar an folúntas san fé sna forálacha san roimhe seo den alt so no go dtí an dáta ar a raibh téarma oifige an bhaill, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, le bheith caithte, pe'ca aca san is túisce thárlóidh.

(7) Duine thoghfaidh an Chomhairle fén alt so chun fothfholúntais do líonadh go sealadach beidh sé iontoghtha mar bhall den Chomhairle in aon toghachán bliantúil a comórfar faid a bheidh sé go sealadach amhlaidh san ionad san do bhí folamh.

Ionaduithe do Shaorstát Éireann.

12. —(1) Beidh gach ball toghtha generálta den Chomhairle ina ionadaí do Shaorstát Éireann ar Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch agus tuigfear gurb ionann duine do thogha (pe'ca i dtoghachán bliantúil é no chun foth-fholúntais do líonadh) chun bheith ina bhall thoghtha ghenerálta den Chomhairle agus an duine sin do thogha chun bheith ina ionadaí do Shaorstát Éireann ar Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch.

(2) Gach ball toghtha generálta den Chomhairle toghfar i dtoghachán bliantúil (seachas chun foth-fholúntais do líonadh) beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar ionadaí do Shaorstát Éireann ar Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch ar feadh an téarma a ceaptar leis an gCo-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus gach duine toghfar i dtoghachán bliantúil chun bheith ina bhall thoghtha ghenerálta den Chomhairle chun foth-fholúntais inti do líonadh, beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar ionadaí do Shaorstát Éireann ar Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch ar feadh an téarma go mbeadh ag an mball toghtha generálta, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mar ionadaí den tsórt san mara mbeadh a éag, a eirghe as, no a theacht fé dhícháilíocht.

(3) Gach duine thoghfaidh an Chomhairle chun foth-fholúntais imeasc ball toghtha generálta na Comhairle do líonadh go sealadach beidh sé i seilbh oifige mar ionadaí do Shaorstát Éireann ar Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch ar feadh na tréimhse bheidh sé amhlaidh san ionad san do bhí folamh.

(4) Ball toghtha generálta den Chomhairle scuirfidh ar aon tslí de bheith ina ionadaí do Shaorstát Éireann ar Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall den Chomhairle.

(5) San alt so tá an brí céanna leis an abairt “ionadaí do Shaorstát Éireann” atá leis an abairt “Irish Free State Representative” sa Chó-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Céad chruinniú na Comhairle.

13. —(1) Nuair a bheidh ochtar ball ainmnithe den Chomhairle ainmnithe go cuibhe ag an Ard-Chomhairle do réir an Achta so déanfaidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn do chur tríd an bpost go dtí gach ball den Chomhairle do hainmníodh amhlaidh, am agus áit do cheapadh do chéad chruinniú na Comhairle.

(2) Tiocfaidh an Chomhairle le chéile san am agus san áit a ceapfar fén alt so dá gcruinniú agus leis sin tosnóid ar a ndualgaisí fén Acht so do chólíonadh agus go sonnrách cromfaid ag an gcruinniú san, no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, ar an gclár do bhunú.

Uachtarán na Comhairle.

14. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle ball den Chomhairle do thogha ag an gcéad chruinniú bheidh acu agus o am go ham ina dhiaidh sin fé mar is gá é chun bheith mar Uachtarán ar an gComhairle.

(2) Beidh gach Uachtarán den Chomhairle i seilbh oifige mar Uachtarán den tsórt san o dháta a thoghtha chun na hoifige sin go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) a théarma oifige mar bhall den Chomhairle do bheith caithte;

(b) a scur de bheith ina bhall den Chomhairle ar aon tslí eile seachas tré n-a théarma oifige do bheith caithte;

(c) a eirghe as oifig Uachtaráin na Comhairle.

(3) Faid a bheidh sé ina bhall den Chomhairle beidh gach Uachtarán den Chomhairle ion-aththoghtha ar a théarma oifige mar Uachtarán do bheith caithte.

Cruinnithe agus nós-imeachta na Comhairle

15. —(1) Socróidh an Chomhairle amannta agus áiteanna a cruinnithe agus comórfar gach cruinniú den Chomhairle tar éis a céad chruinnithe san am agus san áit a shocrófar amhlaidh.

(2) Comórfar cruinniú den Chomhairle (dá ngairmtear an cruinniú reachtúil san Acht so) gach bliain lá nách luaithe ná an chéad lá d'Iúl agus nách déanaí ná an cúigiú lá déag d'Iúl.

(3) Is do réir na rialachán a dhéanfaidh an Chomhairle chuige sin fén Acht so stiúrófar nós-imeachta na Comhairle ag á cruinnithe agus eile.

(4) Triúr ball den Chomhairle bheidh mar quorum ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so.

(5) Gach ceist a bheidh le socrú ag an gComhairle ag aon chruinniú bheidh aici is le móráireamh de sna baill den Chomhairle bheidh láithreach ag an gcruinniú san agus a vótálfaidh ar an gceist sin a socrófar í ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so.

(6) Gníomhóidh Uachtarán na Comhairle mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Chomhairle ag a mbeidh sé láithreach, agus má bhíonn an tUachtarán as láthair o aon chruinniú den tsórt san déanfaidh na baill den Chomhairle bheidh láithreach ag an gcruinniú san duine acu féin do thogha chun bheith mar chathaoirleach ar an gcruinniú san.

(7) Pé uair a thárlóidh ag cruinniú den Chomhairle, maidir le vótanna na mball den Chomhairle bheidh láithreach agus a vótálfaidh, gur có-ionann an méid díobh do bhéarfar i bhfabhar agus an méid díobh do bhéarfar i gcoinnibh tairisgeana no rúin, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin i dteanta a vóta mar bhall den Chomhairle.

(8) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith ina bhallraíocht.

Oifgigh agus Seirbhísigh na Comhairle

16. —(1) Ceapfaidh an Chomhairle clárathóir (dá ngairmtear an clárathóir san Acht so) agus féadfaidh an Chomhairle pé oifigigh agus seirbhísigh eile is dóich léi is ceart do cheapadh.

(2) Gheobhaidh an clárathóir agus gach oifigeach agus seirbhíseach eile don Chomhairle pé luach saothair agus beid fé réir pé coinníollacha seirbhíse ordóidh an Chomhairle.

Dualgaisí an chlárathóra.

17. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gclárathóir an clár do choimeád agus pé iontrála agus scrios amach do dhéanamh ann go n-ordóidh an Chomhairle dho le rialacháin a déanfar fén Acht so iad do dhéanamh ann agus chuige sin féadfaidh an Chomhairle leis na rialacháin sin comhachta agus dualgaisí na Comhairle fén Acht so maidir leis an gclár do leigint chun an chlárathóra, pé cinn acu bhaineann le riarachán agus nách gá aon discréid chun iad d'fheidhmiú no a húdaruítear leis an Acht so a leigint chuige amhlaidh.

(2) Gníomhóidh an clárathóir fós mar rúnaí don Chomhairle agus cólíonfa sé pé dualgaisí eile agus go sonnrách pé dualgaisí, maidir le hullamhú, le clóbhualadh, le foillsiú agus le díol an Chláir de Mháinleagha Beithíoch, a ordóidh an Chomhairle.

Cuntaisí na Comhairle agus a n-iniúchadh.

18. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle gach cuntas is ceart agus is gnáth ar gach airgead do gheobhaidh no chaithfidh an Chomhairle agus iniúchfar na cuntaisí sin uair amháin ar a laighead gach bliain ag iniúchóir fé chairt no ag iniúchóir cáilithe eile cheapfaidh an Chomhairle chuige sin agus isí an Chomhairle íocfaidh táillí an iniúchóra san agus fós costaisí generálta na n-iniúchadh san.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú cadé an fhuirm ina gcoimeádfaidh an Chomhairle cuntaisí do réir an ailt seo agus má orduíonn an tAire an fhuirm sin coimeádfaidh an Chomhairle na cuntaisí sin sa bhfuirm a hordófar amhlaidh.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis gach iniúchta fén alt so ar chuntaisí na Comhairle cuirfidh an Chomhairle fé ndeár na cuntaisí sin agus deimhniú agus tuairisc an iniúchóra ortha do chlóbhualadh, d'fhoillsiú, agus do chur ar díol tré n-a gcur isteach san imleabhar ina mbeidh an Clár de Mháinleagha Beithíoch no mar imleabhar fé leith agus díreach tar éis gach foillsithe den tsórt san tíolaicfidh an Chomhairle don Aire agus do gach Tigh den Oireachtas cóip de sna cuntaisí sin agus den deimhniú agus den tuairisc sin ortha mar a bheid clóbhuailte agus foillsithe amhlaidh.

A gcostaisí d'íoc le baill den Chomhairle.

19. —(1) Féadfaidh an Chomhairle pé costaisí taistil agus cothuithe shocróidh an Chomhairle d'íoc le baill na Comhairle no le baill aon Choiste den Chomhairle i dtaobh bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle no ag cruinnithe d'aon choiste den Chomhairle.

(2) Féadfaidh an Chomhairle pé costaisí taistil agus cothuithe shocróidh an Chomhairle d'íoc leis na baill thoghtha ghenerálta den Chomhairle i dtaobh iad do bheith i láthair ag cruinnithe de Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch.

Deontas don Chomhairle agus costaisí na Comhairle.

20. —(1) Díreach ar an gComhairle do bhunú go sealadach íocfaidh an tAire Airgid deontas £150 (céad go leith punt) leis an gComhairle amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfaidh an Chomhairle gach costas fé n-a ragha sí d'íoc amach as an deontas san is iníoctha léi fén alt so, agus as na táillí is iníoctha léi fén Acht so, agus as aon airgead eile do gheobha sí.

(3) An barrachas (más ann do) a bheidh fágtha den deontas san, de sna táillí sin, agus den airgead eile sin tar éis na gcostas san d'íoc amach asta, féadfaidh an Chomhairle é chur chun crícheanna bhaineann le hoideachas agus le taighde maidir le máinliaghacht bheithíoch no chun aon chrícheanna puiblí bhaineann le gairm mháinliaghacht bheithíoch agus liaghacht bheithíoch i pé slí shocróidh an Chomhairle.

Costaisí an Aire.

21. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire i bhfeidhmiú an Achta so.

An Chomhairle do dhéanamh rialachán.

22. —Féadfaidh an Chomhairle, le rialacháin a dhéanfa sí, gach ní no éinní acu so leanas d'ordú, sé sin le rá:—

(a) an nós-imeachta leanfaidh an Chomhairle ag á cruinnithe agus eile;

(b) fuirm an chláir, a choinneáil ar siúl, agus a choimeád go generálta;

(c) an fhuirm agus an modh ar a n-iarrfar go ndéanfaí clárú sa chlár agus an fhianaise bheidh le tabhairt, le linn an iarratais sin, ar theideal an iarratasóra chun a chláruithe amhlaidh;

(d) an fhuirm agus an modh ina n-iarrfar go n-iontrálfaí cáilíochta breise sa chlár agus an fhianaise bheidh le tabhairt ar na cáilíochta san do bheith ag an iarratasóir;

(e) fuirm an Chláir de Mháinleagha Beithíoch, agus a ullamhú, a chlóbhualadh, a fhoillsiú, agus a dhíol go generálta;

(f) stiúrú agus nós-imeachta fiosrúchán ar iompar daoine adeirtear a bheith ciontach in iompar aithiseach maidir le n-a ngairm;

(g) sa mhéid go n-údaruítear é leis an Acht so comhachta agus dualgaisí na Comhairle maidir leis an gclár do leigint chun an chlárathóra;

(h) éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a bheidh orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfaidh an Chomhairle agus ná luaidhtear anso roimhe seo go soiléir.

An tAire d'fheidhmiú feidhmeanna na Comhairle.

23. —(1) Más deimhin leis an Aire aon uair, tar éis pé fiosrúcháin is oiriúnach leis an Aire do dhéanamh no gan fiosrúchán den tsórt san do dhéanamh, gur theip ar an gComhairle ar ócáid ar bith éinní no aon rud do dhéanamh a ceangailtear ar an gComhairle, leis an Acht so, do dhéanamh agus 'na raibh a dhéanamh ag an gComhairle ar an ócáid sin riachtanach no oiriúnach, dar leis an Aire, chun na bhfeidhmeanna no na ndualgaisí bronntar no forchuirtear ar an gComhairle leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh sa cheart, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Chomhairle an ní no an rud san do dhéanamh agus, chun na críche sin, pé nithe no rudaí eile do dhéanamh a chabhruíonn no a bhaineann leis sin agus a luadhfar san ordú san.

(2) Má theipeann ar an gComhairle na horduithe bheidh in ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so do chólíonadh féadfaidh an tAire féin pé nithe is oiriúnach leis do dhéanamh chun na n-orduithe bheidh san ordú san do chólíonadh agus chuige sin beidh ag an Aire na cirt agus na comhachta bronntar ar an gComhairle leis an Acht so agus féadfa sé iad d'fheidhmiú, pé cinn acu is gá chun na n-orduithe sin do chólíonadh go cuibhe.

(3) Deimhneoidh an tAire don Chomhairle méid na gcostas uile fé n-a ndeaghaidh an tAire fén alt so agus íocfaidh an Chomhairle leis an Aire láithreach an méid a deimhneofar amhlaidh agus mara n-íoctar amhlaidh é féadfaidh an tAire é bhaint den Chomhairle mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.

Bunú an chláir.

24. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na Comhairle do bhunú go sealadach ullamhóidh agus bunóidh an Chomhairle, i pé fuirm ordóid le rialacháin a dhéanfaid, clár de mháinleagha beithíoch ar a dtabharfar “An Clár de Mháinleagha Beithíoch do Shaorstát Éireann” agus dá ngairmtear an clár san Acht so.

(2) Chó luath agus bheidh an Chomhairle i gcothrom chun dáta do cheapadh chun an chláir do bhunú agus, pé scéal é, fé cheann sé mí ar a mhéid tar éis na Comhairle do bhunú go sealadach cuirfidh an Chomhairle in úil i scríbhinn don Aire an dáta ar ar mian leo go mbunófaí an clár agus leis sin déanfaidh an tAire, le fógra fhoillseoidh sé san Iris Oifigiúil, a dhearbhú go mbunófar an clár ar an dáta do cuireadh in úil do amhlaidh no ar pé dáta eile is oiriúnach leis an Aire a luadh sa bhfógra san tar éis do dul i gcomhairle leis an gComhairle agus go mbeidh sé bunuithe ón dáta san amach.

(3) Déanfar an fógra bheidh le foillsiú san Iris Oifigiúil do réir an fho-ailt sin roimhe seo d'fhoillsiú amhlaidh mí ar a laighead roimh an dáta bheidh luaidhte sa bhfógra san chun an chláir do bhunú.

(4) Déanfar gach tagairt san Acht so do bhunú an chláir mar phonc aimsire do léiriú mar thagairt don dáta dhearbhóidh an tAire fén alt so do bheith mar dháta ar a mbunófar an clár agus o n-a mbeidh sé bunuithe.

(5) O bhunú an chláir agus dá éis sin déanfaidh an Chomhairle an clár do choinneáil ar siúl agus do choimeád do réir an Achta so agus do réir na rialachán a dhéanfaidh an Chomhairle fén Acht so.

Ceartú an chláir.

25. —(1) Chun an chláir do choimeád ceart déanfaidh an Chomhairle o am go ham fé mar is gá é gach earráid fhocail no chléireachais sa chlár do cheartú, gach iontráil ann do tugadh chun críche tré chalaois no tré mhí-aithris chúise do chur amach as, gach atharú thiocfaidh in eolas dóibh ar sheolta na ndaoine bheidh cláruithe sa chlár d'iontráil ann, agus ainmneacha na ndaoine uile bheidh tar éis bháis do chur amach as an gclár agus cuirfidh an Chomhairle amach as an gclár, leis, ainm éinne iarrfaidh go gcuirfí a ainm amach as.

(2) Féadfaidh an Chomhairle aon uair, ar pé téarmaí agus o pé dáta is dóich leo is ceart, ainm éinne gur cuireadh a ainm amach as an gclár tré earráid ar an scór go raibh sé marbh agus ainm éinne gur cuireadh a ainm amach as an gclár ar a iarratas féin do chur thar n-ais sa chlár.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, le rialacháin a déanfar fén Acht so, gach ceann no aon cheann dá gcomhachta agus dá ndualgaisí fén alt so do leigint chun an chlárathóra ach amháin an chomhacht chun ainm do chur thar n-ais sa chlár.

Fógra ón gclárathóir i dtaobh báis duine chláruithe.

26. —Déanfaidh gach clárathóir básanna, ar fháil fhógra dho i dtaobh éinne atá cláruithe sa chlár do bheith tar éis bháis, deimhniú fé n-a láimh do chur láithreach tríd an bpost chun an chlárathóra á dheimhniú go bhfuil an duine sin tar éis bháis agus mion-innste ann ar am agus ar áit bháis an duine sin, agus féadfa sé costas an deimhnithe sin agus costas a churtha chun an chlárathóra d'éileamh mar chostas a bhaineann le n-a oifig mar chlárathóir básanna.

Táillí clárathachta.

27. —(1) Isé méid na táille (dá ngairmtear an táille chlárathachta san Acht so) is iníoctha leis an gComhairle ag daoine clárófar sa chlár tar éis a bhunuithe, ar chlárú na ndaoine sin, ná pé méid a cheapfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham le hordú, agus, go dtí go gceapfaidh an Ard-Chomhairle méid na táille sin amhlaidh, isé méid é ná dhá ghiní.

(2) Íocfar an táille chlárathachta san am go n-iarrfar an clárú do dhéanamh sa chlár, agus beidh sé mar choinníoll le cólíonadh sara dtabharfaidh an Chomhairle áird ar an iarratas an táille sin d'íoc, ach má diúltuítear do ghéilleadh don iarratas san aisíocfaidh an Chomhairle leis an iarratasóir an táille chlárathachta do híocadh nuair do rinneadh an t-iarratas.

(3) Má dheineann duine íocfaidh táille chlárathachta do réir an ailt seo a chur ina luighe ar an gComhairle gur íoc sé táille chlárathachta le Comhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch sa bhliain do bhí ann ar dháta na táille clárathachta d'íoc leis an gComhairle no gur íoc sé táille bhliantúil le Comhairle an Choláiste sin in aghaidh na bliana san, aisíocfaidh an Chomhairle leis an duine sin suim na táille clárathachta no na táille bliantúla (pe'ca aca é) d'íoc sé amhlaidh le Comhairle an Choláiste sin.

(4) San alt so cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach aon 1adh lá d'Abrán agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta ina dhiaidh sin.

Táillí bliantúla.

28. —(1) Beidh táille (dá ngairmtear an táille bhliantúil san Acht so) iníoctha gach bliain leis an gComhairle ag gach duine go mbeidh a ainm cláruithe sa chlár in aghaidh gach bliana no aon chuid de bhliain (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go mbeidh a ainm cláruithe amhlaidh agus, i gcás daoine go mbeidh a n-ainmneacha ar an gclár i dtosach bliana ar bith den tsórt san, íocfar an táille sin ar an 30adh lá de Mheitheamh no roimhe sin an bhliain sin.

(2) Gach duine clárófar sa chlár, le linn a bhunuithe, déanfa sé laistigh de mhí tar éis do fógra d'fháil i scríbhinn gur cláruíodh amhlaidh é, táille bhliantúil d'íoc leis an gComhairle in aghaidh na bliana a bheidh ann ar dháta an bhunuithe sin, agus má theipeann ar dhuine ar bith a clárófar amhlaidh an táille bhliantúil sin d'íoc laistigh den mhí sin scriosfaidh an Chomhairle ainm an duine sin amach as an gclár agus féadfaidh an dualgas san, an scriosadh amach san do dhéanamh, do leigint chun an chlárathóra.

(3) Ní dhlighfidh éinne clárófar sa chlár den chéad uair tar éis a bhunuithe táille bhliantúil d'íoc in aghaidh na bliana go gclárófar amhlaidh den chéad uair é.

(4) Isé méid na táille bliantúla ná pé méid a cheapfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham le hordú agus féadfar malairt mhéideanna do cheapadh amhlaidh do mhalairt aicmí daoine agus, go dtí go gceapfaidh an Ard-Chomhairle méid na táille sin amhlaidh, isé méid na táille sin ná dhá ghiní.

(5) Ag gach cruinniú reachtúil den Chomhairle, cuirfidh an Chomhairle fé ndeár ainm gach duine nár íoc, ar no roimh an 30adh lá de Mheitheamh díreach roimhe sin, an táille bhliantúil a bhí iníoctha aige in aghaidh na bliana do bhí ann an uair sin do scriosadh amach as an gclár ach féadfaidh an Chomhairle, más rogha leo é, ag an gcruinniú san agus ar chúis a luadhfar, leigint d'ainm aon duine den tsórt san fanúint sa chlár go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin ar choinníoll, mara n-íocaidh an duine sin an táille bhliantúil sin roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag san, go ndéanfaidh an Chomhairle an lá san a ainm do scriosadh amach as an gclár, agus féadfaidh an Chomhairle an dualgas san, an scriosadh amach san do dhéanamh, do leigint chun an chlárathóra.

Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt so maidir le duine cláruíodh sa chlár le linn a bhunuithe do bheith gan an táille bhliantúil d'íoc in aghaidh na bliana do bhí ann nuair a rinneadh an bunú san.

(6) Má dheineann duine clárófar sa chlár le linn a bhunuithe, agus íocfaidh leis an gComhairle laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so an táille bhliantúil in aghaidh na bliana do bhí ann ar dháta an bhunuithe sin, a chur ina luighe ar an gComhairle gur íoc sé táille bhliantúil le Comhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch in aghaidh na bliana san, no gur íoc sé táille chlárathachta an bhliain sin le Comhairle an Choláiste sin, aisíocfaidh an Chomhairle leis an duine sin méid na táille bliantúla no na táille clárathachta (pe'ca aca é) d'íoc sé amhlaidh le Comhairle an Choláiste sin.

(7) Féadfar ainm duine gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so do chur thar n-ais sa chlár am ar bith ina dhiaidh sin le hordú speisialta ón gComhairle agus féadfaidh an Chomhairle a leagadh síos mar choinníoll le cólíonadh sara gcuirtear an ainm sin thar n-ais go n-íocfaidh an duine sin táille nách mó ná iomlán na táille clárathachta do bheadh le n'íoc ag an duine sin dá mbeadh sé á chlárú ansan den chéad uair agus na táille bliantúla gur scriosadh amach a ainm amhlaidh toisc nár íoc sé í.

(8) San alt so cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach aon 1adh lá d'Abrán agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta ina dhiaidh sin.

Táillí d'íoc le Coláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch.

29. —(1) Íocfaidh an Chomhairle gach bliain le Comhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch suim ghiní in aghaidh gach duine (lasmuich den chás a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) a bheidh cláruithe sa chlár ar feadh na bliana san no ar feadh aon choda dhi agus a bheidh cláruithe, leis, sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch agus d'íoc leis an gComhairle an táille bhliantúil is iníoctha fén Acht so in aghaidh na bliana san.

(2) Ní bheidh suim ghiní iníoctha ag an gComhairle le Comhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch fén alt so in aghaidh na bliana bheidh ann le linn bunú an chláir in aghaidh duine ar bith a clárófar sa chlár le linn an bhunuithe sin agus a chuirfidh ina luighe ar an gComhairle gur íoc sé táille bhliantúil le Comhairle an Choláiste sin in aghaidh na bliana san no gur íoc sé táille chlárathachta le Comhairle an Choláiste sin an bhliain sin.

(3) San alt so cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach aon 1adh lá d'Abrán agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta ina dhiaidh sin.

Daoine bheidh i dteideal a gcláruithe le linn bunú an chláir.

30. —(1) Clárófar sa chlár le linn a bhunuithe—

(a) gach éinne bheidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch díreach roimh bhunú an chláir agus a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann an uair sin, agus

(b) gach éinne bheidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch díreach roimh bhunú an chláir agus a bheidh ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann an uair sin agus iarrfaidh ar an gComhairle, laistigh de mhí roimh an mbunú san, go gclárófaí sa chlár é.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear duine do bheith ina chomhnaí ag á sheoladh mar bheidh sé curtha síos sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch.

Daoine bheidh i dteideal a gcláruithe tar éis bunú an chláir.

31. —(1) Tar éis bunú an chláir beidh ag na daoine seo leanas, ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na dtáillí is gá do réir an Achta so d'íoc ar dhéanamh an iarratais sin, teideal (ach i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) chun a gcláruithe sa chlár, sé sin le rá:—

(a) gach éinne bheidh le linn an iarratais sin cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch, agus

(b) gach éinne bheidh le linn an iarratais sin i seilbh teistis in eoluíocht beithíoch, i máinliaghacht bheithíoch, no i liaghacht bheithíoch do deonadh ag príomh-scoil no coláiste i Saorstát Éireann agus a hadmhuítear do réir dlí de thurus na huaire mar theisteas do bheir ceart dá shealbhóir chun a chláruithe sa chlár.

(2) Einne gur scrios an Chomhairle a ainm amach as an gclár de dheascaibh a chiontuithe i dtréasún no i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir no i gcionta, no de dheascaibh gur theip air táille bhliantúil d'íoc no de dheascaibh gur tugadh breith air é bheith ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm, ní bheidh sé i dteideal a ainm do chur thar n-ais sa chlár do fén alt so de bhíthin a bheith cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch agus dá bhíthin sin amháin.

(3) Ní bheidh ag duine ná beidh cláruithe sa chlár cheana féin teideal chun a chláruithe ann fén alt so má rinneadh, aon uair roimh a iarratas ar a chlárú amhlaidh, a ainm do scriosadh amach as an gclár generálta de mháinleagha beithíoch de dheascaibh a chiontuithe i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir no i gcionta no de dheascaibh gur tugadh breith air é bheith ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm.

Máinleagha beithíoch coigríche.

32. —(1) Einne do hoileadh agus a bheidh de thurus na huaire cláruithe mar mháinliaigh bheithíoch in aon tír a bheidh de thurus na huaire admhuithe ag an gComhairle chun crícheanna an ailt seo, beidh aige, ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na dtáillí is gá do réir an Achta so d'íoc ar dhéanamh an iarratais sin, teideal chun a chláruithe sa chlár.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, chun crícheanna an ailt seo, aon tir (seachas Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann) d'admháil ina mbeidh i bhfeidhm, le linn na hadmhála san, reachtúchán—

(a) le n-a socruítear go ndéanfaidh údarás puiblí daoine chleachtann máinliaghacht agus liaghacht bheithíoch do chlárú; agus

(b) le n-a n-éilítear i gcóir an chláruithe sin caighdeán oiliúna agus eolais is dóich leis an gComhairle do bheith chó hárd ar a laighead leis an gcaighdeán oiliúna agus eolais is gá chun ceart d'fháil chun bheith cláruithe fén Acht so; agus

(c) le n-a socruítear go gceadófar daoine bheidh cláruithe fén Acht so do chlárú fén reachtúchán san ar théarmaí is dóich leis an gComhairle do bheith i gcó-ionannas réasúnta leis na téarmaí ar a gceaduítear daoine atá cláruithe fén reachtúchán san do chlárú fén Acht so.

(3) Féadfaidh an Chomhairle aon uair scur d'aon tír d'admháil chun crícheanna an ailt seo do bhí admhuithe amhlaidh roimhe sin.

(4) San Acht so gairmtear máinleagha beithíoch coigríche de dhaoine a bheidh cláruithe sa chlár fén alt so.

Cáilíochta breise d'iontráil sa chlár.

33. —Einne bheidh cláruithe sa chlár beidh aige, aon uair tar éis a chéad chláruithe ann agus ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na táille orduithe dho, teideal chun go n-iontrálfaí dho sa chlár i dteanta na gcáilíocht a bheidh an uair sin iontrálta ann cheana dho—

(a) aon cháilíocht go mbeadh teideal aige chun bheith cláruithe sa chlár de bharr í bheith aige; agus

(b) aon cháilíocht go mbeadh teideal aige chun bheith cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch de bharr í bheith aige; agus

(c) aon cháilíocht a bheidh iontrálta an uair sin no d'fhéadfaí d'iontráil sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch mar chuid dá cháilíochta; agus

(d) aon chéim no teisteas mar gheall ar a éifeachtúlacht in eolaíocht bheithíoch no i liaghacht bheithíoch stáit, céim no teisteas do deonadh do tar éis scrúdú speisialta do bheith déanta air ag Coláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch no ag aon phríomh-scoil no coláiste agus le n-a nglacfaidh an Chomhairle mar chéim no mar theisteas is féidir do chlárú fén alt so.

Daoine ciontófar i gcoir do scriosadh amach as an gclár.

34. —(1) Pé uair a déanfar duine bheidh cláruithe sa chlár do chiontú i Saorstát Éireann i dtreásún no i bhfeleontacht no i mí-iompar no do chiontú lasmuich de Shaorstát Éireann i gcoir no i gcionta do bheadh ina fheleontacht no ina mhí-iompar dá mba i Saorstát Éireann a déanfaí é, féadfaidh an Chomhairle ainm an duine sin do scriosadh amach as an gclár.

(2) Féadfar ainm duine ar bith gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so do chur thar n-ais sa chlár aon uair le hordú speisialta ón gComhairle ach ní har aon tslí eile agus nuair a déanfar ainm duine do chur thar n-ais sa chlár amhlaidh féadfaidh an Chomhairle pé coinníollacha (agus ortha san táille d'íoc nách mó ná an táille do bheadh iníoctha ag an duine sin as a chlárú dá mba mar an gcéad uair do bheadh sé á chlárú an uair sin) is oiriúnach leis an gComhairle do cheangal le n-a chur thar n-ais amhlaidh.

Fiosrúcháin i dtaobh mí-iompair a cuirfear i leith duine maidir le n-a ghairm.

35. —(1) Pé uair a cuirfear i leith duine bheidh cláruithe sa chlár agus ná beidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch go raibh sé ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm féadfaidh an Chomhairle féin fiosrúchán do chomóradh no féadfaidh coiste de thriúr ar a laighead dá baill do cheapadh chun fiosrúcháin do chomóradh i dtaobh iompair an duine sin.

(2) Pé uair a cuirfear i leith duine bheidh cláruithe sa chlár agus a bheidh cláruithe, leis, sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch go raibh sé ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm, ansan má bhíonn, agus sa chás san amháin ina mbeidh, an scéal ar chuma nách foláir, fén gCó-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an gearán san do chur fé scrúdú ag coiste den Chomhairle ceapfaidh an Chomhairle coiste chun fiosrúcháin do chomóradh i dtaobh iompair an duine sin, coiste (dá ngairmtear uaireanta san Acht so coiste ar n-a cheapadh fén gCó-aontú) a bheidh có-dhéanta de thriúr dá baill féin ainmneoidh sí féin (agus duine amháin acu, ar a laighead, ina bhall, leis, de Chomhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch) agus de bheirt bhall de Chomhairle an Choláiste sin ainmneoidh an Chomhairle sin agus tuigfear chun crícheanna an Achta so gur coiste den Chomhairle an coiste sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Chomhairle, fé cheachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, coiste do cheapadh chun fiosrúcháin do chomóradh i dtaobh iompair éinne, comórfaidh an coiste sin an fiosrúchán san dá réir sin, agus bhéarfaid tuarasgabháil air don Chomhairle.

(4) An té go mbeidh a iompar fé scrúdú ag fiosrúchán a dhéanfaidh an Chomhairle no coiste den Chomhairle a ceapadh fén alt so do chomóradh fén alt so beidh teideal aige chun éisteacht d'fháil agus chun fianaise do thabhairt i láthair agus, más mian leis é, chun ionadaíochta tré atúrnae no tré atúrnae agus abhcóide ag an bhfiosrúchán san.

Ainm duine do scriosadh amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm.

36. —(1) Pé uair do gheobhaidh an Chomhairle de bharr fiosrúcháin a chomórfaidh an Chomhairle fén Acht so i dtaobh iompair dhuine 'na gcuirfear ina leith é do bheith ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm no de bharr tuarasgabhála coiste (nách coiste do ceapadh fén gCó-aontú) do cheap an Chomhairle fén Acht so chun fiosrúcháin do chomóradh i dtaobh iompair éinne den tsórt san, go raibh an duine sin ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm féadfaidh an Chomhairle, le rún le n-ar vótáil cúigear ball ar a laighead den Chomhairle, ainm an duine sin do scriosadh amach as an gclár.

(2) Pé uair do gheobhaidh an Chomhairle, de bharr tuarasgabhála coiste ceapfar fén gCó-aontú chun ní do cuireadh i leith duine bheidh cláruithe sa chlár agus a bheidh cláruithe, leis, sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch do scrúdú, go raibh an duine sin ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm féadfaidh an Chomhairle, le rún le n-ar vótáil cúigear ball ar a laighead den Chomhairle, ainm an duine sin do scriosadh amach as an gclár.

(3) Pé uair do bhéarfaidh Comhairle Choláiste Ríoga na Máinliaigh Beithíoch don Chomhairle, do réir an Chó-aontuithe atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuarasgabháil ar chás in ar chinn Comhairle an Choláiste sin ainm duine do thógaint as an gclár generálta de mháinleagha beithíoch, sé sin, ainm duine bheidh cláruithe sa chlár san agus a bheidh cláruithe, leis, sa chlár agus 'na ndearna Comhairle an Choláiste sin, do réir an Chó-aontuithe sin, scrúdú ar ghearán air go raibh sé ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm, breithneoidh an Chomhairle na dátáin a bheidh luaidhte sa tuarasgabháil sin agus má gheibheann an Chomhairle, ar dhéanamh an bhreithnithe sin dóibh, go raibh an té le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin ciontach in iompar dob aithis do maidir le n-a ghairm, féadfaidh an Chomhairle, le rún, le n-ar vótáil cúigear ball ar a laighead den Chomhairle, ainm an duine sin do scriosadh amach as an gclár.

(4) Déanfar tagairtí san Acht so, don Chomhairle do scriosadh ainme duine amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm, do léiriú mar thagairtí ná baineann ach leis an gComhairle do scriosadh ainme duine amach as an gclár fén alt so.

Ainm duine do scriosadh amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm do chur thar n-ais ann.

37. —(1) Ní déanfar ainm duine gur scrios an Chomhairle a ainm amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm do chur thar n-ais sa chlár ach le hordú ón Ard-Chúirt fén Acht so no le hordú speisialta do bhéarfaidh an Chomhairle uaithi fén alt so.

(2) Duine go scriosfaidh an Chomhairle a ainm amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm féadfa sé, aon uair tar éis an scriosta amach san, a iarraidh ar an gComhairle a ainm do chur thar n-ais sa chlár agus féadfaidh an Chomhairle, ar bhreithniú an iarratais sin dóibh, diúltú do ghéilleadh don iarratas san no, le hordú speisialta, ainm an duine sin do chur thar n-ais sa chlár.

(3) Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle fén alt so ainm duine do chur thar n-ais sa chlár féadfaidh an Chomhairle pé coinníollacha (agus ortha san táille d'íoc nách mó ná an táille chlárathachta do bheadh iníoctha ag an duine sin dá mba mar an gcéad uair do bheadh sé á chlárú an uair sin) is oiriúnach leis an gComhairle do cheangal le n-a chur thar n-ais amhlaidh.

Fógra i dtaobh scriosta amach, diúltú do chlárú, etc.

38. —Pé uair a dhéanfaidh an Chomhairle—

(a) diúltú d'ainm duine do chlárú sa chlár d'iarr go cuibhe go ndéanfaí a ainm do chlárú; no

(b) ainm duine do scriosadh amach as an gclár toisc gur theip air táille bhliantúil d'íoc no mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm; no

(c) diúltú do ghéilleadh d'iarratas chun ainme duine do chur thar n-ais sa chlár gur scrios an Chomhairle a ainm amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm;

déanfaidh an Chomhairle láithreach fógra i scríbhinn do chur tríd an bpost chun an duine sin i dtaobh an diúltuithe no an scriosta amach san (pe'ca aca é) agus i dtaobh na cúise do bhí leis.

Athchomharc chun na hArd-Chúirte.

39. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Chomhairle—

(a) diúltú d'ainm duine do chlárú sa chlár d'iarr go cuibhe go ndéanfaí a ainm do chlárú; no

(b) teip in ainm duine do chlárú sa chlár d'iarr go cuibhe go ndéanfaí a ainm do chlárú; no

(c) ainm duine do scriosadh amach as an gclár toisc gur theip air táille bhliantúil d'íoc no mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm; no

(d) diúltú do ghéilleadh d'iarratas chun ainme duine do chur thar n-ais sa chlár gur scrios an Chomhairle a ainm amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm;

ansan, i gcás teipthe i gclárú, féadfaidh an duine sin laistigh de shé mhí tar éis a iarratais ar chlárú no, in aon chás eile, féadfaidh laistigh de thrí mhí tar éis fógra d'fháil ón gComhairle fén Acht so i dtaobh an diúltuithe no an scriosta amach (pe'ca aca é) athchomharc do dhéanamh chun na hArd-Chúirte do réir rialacha cúirte i gcoinnibh an teipthe, an diúltuithe, no an scriosta amach san, pe'ca aca é.

(2) Ar éisteacht athchomhairc di fén alt so féadfaidh an Ard-Chúirt pé orduithe is dóich léi is ceart do thabhairt uaithi, agus ortha san ordú go gclárófaí ainm an athchomharcaigh sa chlár no go gcuirfí thar n-ais sa chlár í fe mar a bheadh sí ann o dháta orduithe na Cúirte no o aon dáta roimhe sin, agus orduithe i dtaobh conus a híocfar costaisí an athchomhairc.

(3) Ar éisteacht athchomhairc di fén alt so i gcoinnibh na Comhairle do scriosadh ainme duine amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm no i gcoinnibh na Comhairle do dhiúltú do ghéilleadh d'iarratas chun ainme duine do chur thar n-ais sa chlár gur scrios an Chomhairle a ainm amach as an gclár mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm, féadfaidh an Ard-Chúirt, más dóich léi gur ceart san do dhéanamh, fianaise do ghlacadh agus do bhreithniú o dhaoine údarásacha i ngairm na máinliaghachta beithíoch i dtaobh cadé an saghas iompair is aithis do mháinliaigh bheithíoch maidir le n-a ghairm.

(4) Pé uair ordóidh an Ard-Chúirt, de bharr athchomhairc fén alt so, ainm duine do chlárú no do chur thar n-ais sa chlár déanfaidh an Chomhairle ainm an duine sin do chlárú no do chur thar n-ais (pe'ca aca é) sa chlár ar gach slí díreach do réir an orduithe sin.

(5) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt de bharr athchomhairc fén alt so agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh chun aon Chúirte ná bínse eile ina coinnibh.

Fiosrúchán ag an gComhairle nuair a cuirfear iompar aithiseach i leith duine.

40. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Chomhairle fiosrúchán do chomóradh no coiste den Chomhairle do cheapadh chun fiosrúcháin do chomóradh fén Acht so i dtaobh iompair éinne 'na gcuirfear ina leith é do bheith ciontach in iompar is aithis do maidir le n-a ghairm beidh comhacht ag an gComhairle no ag an gcoiste sin (pe'ca aca é) fínnithe do ghairm chun teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san agus iad do cheistniú fé mhionn agus, chuige sin, na fínnithe sin do chur fé mhionn agus a chur fhiachaint ar na fínnithe sin scríbhinní ar bith bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thabhairt i láthair agus gur dóich leis an gComhairle no leis an gcoiste sin (pe'ca aca é) gur gá chun críche an fhiosrúcháin sin iad do thabhairt i láthair.

(2) Gach éinne dhéanfaidh, ar a ghairm go cuibhe don Chomhairle no d'aon choiste den tsórt san roimhráite den Chomhairle teacht i láthair ag fiosrúchán a comórfar fén Acht so, teip i dteacht i láthair amhlaidh, no, ar bheith i láthair do amhlaidh mar fhínné, a dhiúltóidh do mhionn do thabhairt no d'fhianaise do thabhairt uaidh no do scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair nuair a héileofar san air fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

An Clár de Mháinleagha Beithíoch.

41. —(1) Déanfaidh an Chomhairle gach bliain a chur fé ndeár go gclóbhuailfear, go bhfoillseofar, agus go ndíolfar fén teideal “An Clár de Mháinleagha Beithíoch Shaorstáit Éireann” (dá ngairmtear an Clár de Mháinleagha Beithíoch san Acht so) liost cruinn, i pé fuirm ordóidh an Chomhairle, d'ainmneacha na ndaoine uile go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa chlár an chéad lá d'Eanar na bliana san.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, más dóich léi gur ceart é, staonadh ón gClár de Mháinleagha Beithíoch d'fhoillsiú an bhliain a bunófar an clár, ach má fhoillsíonn an Chomhairle an Clár de Mháinleagha Beithíoch an bhliain sin beidh an Clár san de Mháinleagha Beithíoch ina liost d'ainmneacha na ndaoine uile go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa chlár an lá tar éis bunú an chláir.

(3) Déanfaidh an Chomhairle na hainmneacha bheidh sa Chlár de Mháinleagha Beithíoch do chórú i dtrí liostaí mar seo, eadhon, sa chéad liost beidh ainmneacha na ndaoine sin (nách máinleagha beithíoch coigríche) a bheidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch chó maith le bheith cláruithe sa chlár, agus sa dara liost beidh ainmneacha na ndaoine sin (nách máinleagha beithíoch coigríche) a bheidh cláruithe sa chlár agus ná beidh cláruithe sa chlár ghenerálta de mháinleagha beithíoch, agus sa tríú liost beidh ainmneacha máinleagha beithíoch coigríche, agus féadfaidh an Chomhairle pé méid fo-liostaí is oiriúnach leo do dhéanamh den liost deiridh sin a luaidhtear.

(4) Is ar ord aibítreach sloinnte déanfar gach liost agus fo-liost fé leith d'ainmneacha bheidh sa Chlár de Mháinleagha Beithíoch fén alt so do chórú sa liost no sa bhfo-liost san, agus ar ord aibítreach ainmneacha baiste i gcás daoine den aon tsloinne amháin, agus beidh ionta, i ndiaidh no os coinne ainme gach éinne den tsórt san, a sheoladh agus a cháilíochta mar a bheid sa chlár ar an 1adh lá d'Eanar na bliana le n-a mbaineann no, i gcás an Chláir de Mháinleagha Beithíoch a foillseofar an bhliain a bunófar an clár, mar a bheid sa chlár an lá tar éis bunú an chláir.

(5) Beidh cóip a thugann le tuisgint gur cóip í do clóbhuaileadh agus do foillsíodh ag an gComhairle no don Chomhairle fén alt so den Chlár de Mháinleagha Beithíoch a bheidh de thurus na huaire ar an gClár de Mháinleagha Beithíoch is déanaí do clóbhuaileadh agus do foillsíodh amhlaidh, beidh an chóip sin ina fianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar gach éinne go bhfuil a ainm iontrálta sa Chlár san de Mháinleagha Beithíoch do bheith cláruithe sa chlár fén Acht so agus dá réir agus ar éinne ná fuil a ainm iontrálta sa Chlár san de Mháinleagha Beithíoch do bheith gan bheith cláruithe amhlaidh.

(6) Deimhniú thugann le tuisgint go bhfuil sé sighnithe ag an gclárathóir agus go ndeimhníonn sé go raibh duine áirithe cláruithe go cuibhe sa chlár ar lá no ar laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, no go raibh duine áirithe gan bheith cláruithe sa chlár ar lá no ar laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, no go ndearnadh ainm duine áirithe do scriosadh amach as an gclár ar lá áirithe, beidh sé, gan cruthú ar shighniú an té dheallruíonn bheith tar éis an deimhnithe sin do shighniú no gan cruthú gurbh é an té sin an clárathóir agus d'ainneoin aon deifríochta idir an deimhniú san agus an Clár de Mháinleagha Beithíoch, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe sa deimhniú san agus leis an deimhniú san.

An Chomhairle do chur in úil d'Airí gur tógadh ainmneacha amach as an gclár.

42. —I ngach cás ina ndéanfar ainm éinne bheidh iontrálta sa chlár do thógaint amach as an gclár (ach amháin ar a iarratas féin no mar gheall ar a bhás) cuirfidh an Chomhairle in úil don Aire Talmhaíochta agus don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí láithreach gur tógadh an ainm sin amach amhlaidh agus an chúis do bhí leis sin go generálta.

Ciontaí agus pionóisí maidir leis an gclár.

43. —(1) Gach éinne dhéanfaidh no do bhéarfaidh chun críche no chuirfidh fé ndeár go ndéanfar no go dtabharfar chun críche no chabhróidh no ghríosóidh chun go ndéanfar no go dtabharfar chun críche, d'fhonn is go gclárófaí é féin sa chlár, aon chúis do phlé no aon dearbhú do dhéanamh is eol don duine sin do bheith bréagach no calaoiseach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.

(2) Gach éinne dhéanfaidh no chuirfidh fé ndeár go ndéanfar no chabhróidh no ghríosóidh chun go ndéanfar sa chlár, agus san go toiliúil agus go calaoiseach, aon iontráil is eol don duine sin do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.

(3) Gach éinne dhéanfaidh go toiliúil agus go bréagach, tar éis bunú an chláir, a chur in úil no a thabhairt le tuisgint gur duine é atá cláruithe sa chlár, no úsáid do bhaint as aon ainm, teideal, iartheideal no tuairisc (pe'ca i bhfocail no le leitreacha nochtfar é no cuid de i bhfocail agus cuid de le leitreacha) a thabharfaidh le tuisgint é bheith cláruithe amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

Tuairiscí ar dhaoine cláruithe.

44. —(1) Gach éinne bheidh cláruithe sa chlár beidh sé i dteideal an tuairisc máinliaigh beithíoch do thabhairt air féin agus an tuairisc sin d'úsáid agus, chun crícheanna an Achta so, tuigfear go dtugann an tuairisc sin le tuisgint go bhfuil an té úsáideann í cláruithe amhlaidh.

(2) Duine bheidh cláruithe sa chlár—

(a) ní úsáidfe sé aon ainm seachas an ainm fé n-a mbeidh sé cláruithe sa chlár, ná

(b) ní thabharfa sé air féin ná ní úsáidfe sé, ná ní cheanglóidh sé ar a áitreabh ná ní úsáidfe sé ina thaobh, aon teideal ná tuairisc a bhaineann leis féin, le n-a áitreabh, no leis an obair a dheineann sé no chuirfe sé roimhe le déanamh, agus a meastar do bhéarfadh le tuisgint aon status no cáilíocht ghairme do bheith aige seachas cáilíocht no status gairme bheidh aige dáiríribh agus a cuirfear in úil leis na mion-innste ina thaobh a bheidh iontrálta sa chlár.

(3) Gach éinne dhéanfaidh gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Toirmeasc ar dhaoine neachláruithe táillí do bhaint amach.

45. —Ní bheidh teideal ag éinne aon táille ná éileamh do bhaint amach in aon imeachta dlí ar son ná ar scór aon chomhairle no freastail mháinliaghachta beithíoch no liaghachta beithíoch do thug sé uaidh ná ar son ná ar scór aon obráide máinliaghachta beithíoch do rinne sé marar mháinliaigh beithíoch cláruithe an duine sin le linn na comhairle no an fhreastail sin do thabhairt no na hobráide sin do dhéanamh (pe'ca aca é).

Toirmeasc ar dhaoine neachláruithe máinliaghacht ná liaghacht bheithíoch do chleachtadh.

46. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne máinliaghacht bheithíoch ná liaghacht bheithíoch do chleachtadh ná a chur in úil ná a thabhairt le tuisgint, go díreach ná go nea-dhíreach, go gcleachtann sé í no go bhfuil sé ullamh ar í do chleachtadh, maran máinliaigh beithíoch cláruithe de thurus na huaire é.

(2) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san ar a chiontú ann ar an slí achmair.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dheascaibh éinní san alt so, d'aon fheirmeoir ná duine eile gur gnáth leis ainmhithe do choimeád chun brabúis ná do sheirbhíseach éinne den tsórt san aon obráid do dhéanamh ar ainmhí d'aon chineál (pe'ca is leis an duine sin é no nách leis) no aon íoc leighis do thabhairt do go mbaineann sé le gnáth-chúram agus gnáth-bhainistí ainmhithe den chineál san san do dhéanamh ortha no do thabhairt dóibh, ar choinníoll ná deineann an duine no an seirbhíseach san a thabhairt le tuisgint gur máinliaigh beithíoch cláruithe é féin.

Toirmeasc ar chóluchtaí corparáideacha máinliaghacht ná liaghacht bheithíoch do chleachtadh.

47. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon chólucht corparáideach máinliaghacht bheithíoch ná liaghacht bheithíoch do chleachtadh ná a chur in úil ná a thabhairt le tuisgint, go díreach ná go neadhíreach, go gcleachtaid í no go bhfuilid ullamh ar í do chleachtadh.

(2) Má dheineann cólucht corparáideach máinliaghacht bheithíoch no liaghacht bheithíoch do chleachtadh no a chur in úil no a thabhairt le tuisgint, go díreach no go nea-dhíreach, go gcleachtaid í no go bhfuilid ullamh ar í do chleachtadh, beidh an cólucht corparáideach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nách mó ná céad punt agus nách lugha ná caoga punt do chur ortha in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san agus beidh bainisteoir an chóluchta chorparáidigh sin agus gach stiúrthóir ortha ciontach i gcionta fén alt so, leis, agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nách mó ná céad punt agus nách lugha ná caoga punt do chur ortha in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san.

Cúiseamh i gciontaí.

48. —Féadfar cúiseamh do dhéanamh ar agra na Comhairle i ngach cionta fé aon alt den Acht so.

Gearr-theideal.

49. —Féadfar Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , do ghairm den Acht so.