An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1932) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

20 1932

ACHT AIRGID, 1932

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1932-33.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán. 1932, éileofar cáin ioncuim do réir chúig scillinge fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1932, éileofar for-cháin ar ioncum aon duine aonair gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilítear í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán. 1931, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach agus fós na forálacha den Acht so i dtaobh na for-chánach in aghaidh na bliana san, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha eile an Achta so, maidir leis an gcáin ioncuim agus leis an bhfor-cháin a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1932.

For-cháin in aghaidh na bliana 1931-32.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in alt 1 den Acht Airgid. 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), éileofar for-cháin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, ar ioncum aon duine aonair gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh agus is do réir na rátaí seo leanas, in ionad na rátaí dá dtagartar san alt san 1, a héileofar amhlaidh í, sé sin le rá:—

Alos an chéad mhíle agus cúig céad púnt

den ioncum     ...     ...     ...     ...

Dada.

Alos na breise os cionn míle agus cúig céad punt,

in aghaidh gach púint den chéad chúig

céad púnt den bhreis ...     ...     ...

Reul.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Scilling.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Scilling agus

naoi bpingne.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Dhá scilling

agus reul.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Trí scillinge

agus leath-reul.

in aghaidh gach púint den chéad dhá

mhíle púnt eile den bhreis     ...     ...

Ceithre scillinge.

in aghaidh gach púint den chéad dhá

mhíle púnt eile den bhreis     ...     ...

Ceithre scillinge agus naoi bpingne.

in aghaidh gach púint den chéad dheich

Cúig scillinge

míle púnt eile den bhreis     ...     ...

agus reul.

in aghaidh gach púint den chuid eile

Sé scillinge

den bhreis     ...     ...     ...

agus leath-reul.

(2) Is fé réir forálacha an ailt seo bheidh éifeacht ag alt 3 den Acht Airgid. 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), maidir leis an bhforcháin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán. 1931.

Liúntaisí áirithe d'atharú.

3. —(1) Déanfar an fhoráil seo leanas do chur in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920, agus is dá réir sin a léireofar Cuid II den Acht san agus a bheidh éifeacht aici, sé sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purpose of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income of a sum equal to—

(a) one-sixth of so much of that income as does not exceed four hundred and fifty pounds; and

(b) one-tenth of so much of that income as exceeds four hundred and fifty pounds;

but not exceeding, in the case of any individual, the sum of two hundred pounds.”

(2) Déanfar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “one hundred and twenty-five pounds” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “one hundred and thirty-five pounds.”

(3) Déanfar fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “each such child to a deduction of fifty pounds” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “one child to a deduction of thirty-six pounds and in respect of each subsequent child to a deduction of twenty-seven pounds.”

(4) Déanfar an fhoráil seo leanas do chur in ionad ailt 23 den Finance Act, 1920, sé sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall be entitled to be charged at half the standard rate of tax on the first one hundred pounds of his taxable income.”

Na tagairtí uile atá sa Finance Act, 1920, no in aon Acht ina dhiaidh sin, don alt san 23 no d'aon tsuim atá luaidhte san alt san léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé réir an churtha in ionad a deintear leis an bhfo-alt so agus fé réir aire cuibhe do thabhairt don chur in ionad san.

Pinsin, etc., áirithe do bheith ionchurtha fé cháin.

4. —(1) I gcás duine do bheith scurtha de bheith i seilbh oifige no fostaíochta agus an duine fé n-a raibh sé i seilbh na hoifige sin no ag a raibh sé ar fostú amhlaidh, no oighrí, seiceadúirí, riarthóirí no comharbaí an duine sin, do bheith ag íoc pinsin, blianachta, no íocaíochta bliantúla eile leis no le n-a bhaintrigh no le duine clainne leis no le héinne dá ghaolta no dá chúram, ansan, tuigfear, chun cánach ioncuim do mheas. gur ioncum an pinsean, an bhlianacht, no an íocaíocht bhliantúil eile sin d'ainneoin gur de shaor-thoil a híoctar san no gur féidir deireadh do chur leis, agus déanfar é do cháinmheas agus do mhuirearú fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, no fé Sceideal E den Acht san, pe'ca aca is gá sa chás.

(2) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo go bhfolóidh an focal “annuity” agus an focal “pension” sa bhforáil mhuirearach de Sceideal E den Income Tax Act, 1918, agus go dtuigfear gur fholuíodar riamh fé seach blianacht a híoctar de shaor-thoil no gur féidir deireadh do chur leis agus pinsean a híoctar de shaor-thoil no gur féidir deireadh do chur leis.

Seiceadúirí agus riarthóirí daoine atá tar éis bháis do cháinmheas.

5. —(1) Déanfar agus deintear leis seo an Riail seo leanas do chur isteach sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, in ionad Rialach 18 atá anois ann agus léireofar na Rialacha san agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—

“18.—(1) I gcás duine d'fháil bháis roimh an 6adh lá d'Abrán, 1932, no ar an lá san no dá éis sin féadfar cáinmheas no céad cháinmheas breise (pe'ca aca é) do dhéanamh, in aghaidh na bliana cáinmheasa ina bhfuair an duine sin bás no in aghaidh aon bhliana no blianta de sna sé bliana díreach roimh an mbliain sin ar an mbrabús no ar an sochar do tháinig no d'fhas chun an duine sin sara bhfuair sé bás, agus beidh suim na cánach ar an mbrabús no ar an sochar san ina fiacha bheidh ar estát an duine sin agus iníoctha as, agus beidh seiceadúir no riarthóir an duine sin ioncháinmheasta agus ionmhuirir maidir leis an gcáin sin.

(2) Ní déanfar aon cháinmheas fén riail seo níos déanaí ná sé bliana tar éis don bhliain cháinmheasa do bheith caithte ná, in aon chás, níos déanaí ná trí bliana tar éis don bhliain cháinmheasa do bheith caithte in ar cailleadh an duine marbh.

(3) Déanfaidh seiceadúir no riarthóir aon duine mhairbh den tsaghas san, ar san do cheangal air le fógra ar leithligh, cuntas cruinn fírinneach i scríbhinn d'ullmhú agus do sheachadadh don chigire chánach agus é fé láimh an tseiceadúra no an riarthóra san agus mion-innste ann, chó fada le n-a bhreithiúntas agus le n-a thuairim, ar an mbrabús no ar an sochar do tháinig no d'fhás chun an duine mhairbh sin roimh bás d'fháil do agus gur ina thaobh atá an seiceadúir no an riarthóir sin ioncháinmheasta fén riail seo, agus na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim i dtaobh cuntaisí bheidh le seachadadh ag duine ar bith. bainfid. tar éis aon atharuithe do dhéanamh ortha is gá. le cuntaisí bheidh le seachadadh fén riail seo.

(4) Ní bhainfidh éinní sa riail seo le cuntaisí bheidh le seachadadh ná le cáinmheasta bheidh le déanamh i dtaobh céirde, gairme, no slí bheatha bhí ar siúl ag beirt daoine no níos mó le chéile, ná ní dhéanfa sé deifir do chuntaisí ná do cháinmheasta den tsórt san.”

(2) An Riail a deintear, leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, a chur isteach sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, beidh éifeacht aici maidir le cáinmheasta déanfar tar éis an Achta so do rith alos cánach is inéilithe in aghaidh aon bhliana cáinmheasa pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thosnuigh an bhliain, sin.

(3) Na tagairtí atá i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), do dhuine scuirfidh de bheith i seilbh buin ioncuim no bhrabúis léireofar iad mar thagairtí do scur do thárla de dheascaibh an duine sin d'fháil bháis agus é i seilbh an bhuin ioncuim no bhrabúis chó maith le tagairtí do scur do thárla agus an duine sin ina bheathaidh, agus tuigfear chun crícheanna an fho-ailt sin (3) scur do theacht as an duine sin d'fháil bháis amhlaidh, agus tuigfear an scur san do thárlachtaint an lá fuair an duine sin bás agus bainfidh an t-alt san 10 leis an gcás agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) An tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), d'eirghe as céird, gairm no slí bheatha léireofar í mar thagairt d'eirghe-as do thárla de dheascaibh an duine go raibh an cheárd, an ghairm, no an tslí bheatha san ar siúl aige d'fháil bháis agus í ar siúl aige chó maith le tagairt d'eirghe-as do thárla agus an duine sin ina bheathaidh, agus tuigfear chun crícheanna an ailt sin 12 eirghe-as do theacht as an duine sin d'fháil bháis amhlaidh agus tuigfear an t-eirghe-as san do thárlachtaint an lá do fuair an duine sin bás agus bainfidh an t-alt san leis an gcás agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Cíos as áitreabh gnótha do cháinmheas.

6. —(1) Déanfar an riail seo leanas do chur leis na rialacha bhaineann le Cás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, sé sin le rá:—

“5. In ainneoin éinní atá i Sceideal A no sna rialacha bhaineann leis no in alt 187 den Income Tax Act, 1918, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim, in aon chás ina mbeidh an cíos bliantúil is iníoctha ar aon áitreabh a bheidh ar seilbh chun crícheanna aon chéirde, gairme no slí bheatha níos mó ná an luach bliantúil do rinneadh amach mar a horduítear leis an alt san 187, beidh sé dleathach dóibh a chur fé ndeár cáinmheas do dhéanamh, ar an té bheidh ag fáil no i dteideal an chíosa san, alos pé méide den bhreis, a bheidh ag an gcíos san ar an luach bliantúil sin, agus a dhéanfaidh suas, i dteanta méide an cháinmheasa fé Sceideal A, méid iomlán an ioncuim a thagann as an áitreabh san do chur ar cíos.

Ní tuigfear áitreabh do bheith ar seilbh chun crícheanna aon chéirde, gairme ná slí bheatha do réir bhrí na rialach so más mar áit chomhnaithe is mó bhíonn sé ar seilbh agus gan aon chuid de ar seilbh chun crícheanna céirde ach cuid de ar seilbh chun crícheanna gairme no slí bheatha.

Is do réir rialach 2 de sna rialacha bhaineann leis an gCás so a déanfar amach aon cháinmheas a déanfar fén riail seo.

Tuigfear gurb é is cíos ann chun crícheanna na rialach so ná an méid iomlán is iníoctha ag an sealbhaire, agus nuair a bheidh an méid is inéilithe fén riail seo á dhéanamh amach déanfar laigheadú mar gheall ar aon chuid den chíos san a bheidh caillte ar fad agus gan aon fháil uirthe, agus mar gheall ar aon chuid den chíos san le n-a mbeidh scartha go toilteanach tré chó-aontú leis an sealbhaire agus fós mar gheall ar aon tsuimeanna go mbeidh sé d'oblagáid, de bhíthin có-aontuithe leis an sealbhaire, ar an té bheidh ag fáil no i dteideal an chíosa iad d'íoc no cúiteamh do dhéanamh ionta as an gcíos alos aon rátaí no cáinmheasanna is inéilithe do réir dlí ar an sealbhaire, agus déanfar laigheadú, leis, mar gheall ar chostas choinneála-i-dtreo, dheisiúcháin, árachais agus bhainistí gurb é duine ar a mbeidh a íoc no a mhuirear sa deireadh ná an té bheidh ag fáil no i dteideal an chíosa san.

Más fén riail seo a déanfar cáinmheas fé Sceideal D ní deonfar aon liúntas fé Rialacha 7 agus 8 d'Uimh. V de Sceideal A ná fé alt 203.

Má bhíonn cíos is mó ná an luach bliantúil do rinneadh amach mar a horduítear leis an alt san 187 iníoctha ag an duine bheidh fé cháinmheas, ansan, nuair a bheidh méid an cháinmheasa fén riail seo á dhéanamh amach, ní déanfar aon laigheadú mar gheall ar an gcíos san, ach nuair a bheidh an duine bheidh fé cháinmheas ag íoc an chíosa san beidh sé i dteideal suim do bhaint agus do choimeád as, i dteanta na cánach ioncuim a bheidh sé i dteideal a bhaint as fé rialacha Sceidil A, suim is có-ionann le méid na cánach ar an mbreis a bheidh ag an gcíos ar an luach bliantúil sin agus an cháin sin do réir an ráta no na rátaí cánach do bhí i bhfeidhm i rith na tréimhse gur le n-a linn do bhí an íocaíocht san ag teacht chun bheith dlite.

Gach duine bheidh i seilbh áitreibh ar bith chun críche aon chéirde, gairme no slí bheatha déanfa sé, ar san do cheangal air le fógra o chigire chánach agus laistigh den am a ceapfar leis an bhfógra san, cuntas d'ullamhú agus do sheachadadh don chigire sin ina luadhfar—

(a) ainm agus áit chomhnaithe gach duine le n-a bhfuil cíos iníoctha aige ar an áitreabh san no ar aon chuid den áitreabh san, agus

(b) cad is méid do gach cíos is iníoctha amhlaidh aige, agus

(c) mion-innste ar gach có-aontú maidir leis an áitreabh san no maidir le haon chuid den áitreabh san do choinneáil i dtreo, do dheisiú, no do choimeád fé árachas no maidir le haon rátaí no cánacha d'íoc is iníoctha no atá mar mhuirear ar an áitreabh san no ar aon chuid den áitreabh san.

Na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann le n-a theip ar dhuine liostaí, dearbhuithe, agus ráitisí do sheachadadh do réir fógra ghenerálta no speisialta bainfid leis na cuntaisí sin a héilítear leis an riail seo.”

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), le haon ioncum a cáinmheasfar fé Riail 5 a deintear leis an alt so a chur leis na rialacha bhaineann le Cás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918.

Faoiseamh do dhaoine go mbeidh airgead acu in urrúis i Saorstát Éireann.

7. —(1) Má dheineann duine aonair a chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus ná comhnuíonn in áit ar bith eile a rá agus a chruthú chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta go bhfuil sé i dteideal únaerachta chun tairbhe ar aon stoc, scaireanna. no urrús le n-a mbaineann an t-alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an duine aonair sin i dteideal aisíoc d'fháil i bhfiche per cent. den cháin ioncuim a bhainfidh le haon dividendum no ús a gheobha sé alos an stuic, na scaireanna, no an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh no go ndéanfar faoiseamh no aisíoc alos na cánach san do dheonadh fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim;

(b) nuair a bheidh ioncum iomlán an duine aonair sin o gach taobh á mheas chun crícheanna cánach ioncuim agus for-chánach tuigfear méid aon dividendum no úis alos an stuic, na scaireanna, no an urrúis sin do bheith laigheaduithe fiche per cent.

(2) Bainfidh an t-alt so le gach stoc, scair agus urrús do bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith chun go gceannódh an phuiblíocht é agus go ndeimhneoidh an tAire Airgid ina thaobh go bhfuil sé sásta, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil an stoc, an scair, no an t-urrús san do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur stoc, scair no urrús é atá á thabhairt amach no tugtha amach ag cuideachtain atá do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) go bhfuil an chuideachta san ionchorparuithe do réir dlithe Shaorstáit Éireann no fútha, agus

(ii) gur cuideachta atá teoranta le scaireanna do réir bhrí an Companies (Consolidation) Act, 1908, an chuideachta san, agus

(iii) gur i Saorstát Éireann atá an chuideachta san á bainistí agus á stiúrú, agus

(iv) gur i Saorstát Éireann atá a gnó, ar fad no nách mór ar fad, ar siúl ag an gcuideachtain sin no (i gcás cuideachtan ná fuil gnó ar siúl fós aici) atá beartuithe aici é bheith ar siúl aici; agus

(b) go bhfuil an caipital do cruinníodh tríd an stoc, an scair, no an t-urrús san do thabhairt amach, go bhfuil sé á chur no le cur no curtha cheana féin chun tionnscail no tionnscal, mar a mínítear san leis an alt so, do bhunú no do leathnú i Saorstát Éireann; agus

(c) ná fuil aon chuid den chaipital san do cruinníodh amhlaidh le húsáid ná á húsáid ná úsáidthe cheana féin chun gnótha atá ann cheana ná chun aon scaire ná leasa i ngnó atá ann cheana d'fháil (go díreach ná go nea-dhíreach), ná chun súncálanna do cheannach ná chun iasachtaí ná debentiúirí atá ann cheana do ghlanadh; agus

(d) go dtuairiscítear agus go gcomharthuítear an tabhairtamach stuic, scaireanna, no urrúis sin i dtreo gur uiriste í d'aithint thar na tabhartha-amach eile go léi: (más aon cheann é) do rinne an chuideachta san.

(3) Gach barántas seic no ordú tarraiceofar no déanfar chun aon dividendum no úis d'íoc alos aon stuic, scaire no urrúis le n-a mbaineann an t-alt so, luadhfar ann go soiléir (do réir mar is gá sa chás)—

(a) gurb é tá in iomlán na suime gur ina cóir do tarraigeadh no do rinneadh an barántas, an seic, no an t-ordú san ná íocaíocht dhividendum no úis no íocaíocht choda de dhividendum no d'ús alos an stuic, na scaire, no an urrúis sin; no

(b) gurb é tá i gcuid ('na luaidhtear a méid ar leithligh) den tsuim sin ná íocaíocht dhividendum no úis, no íocaíocht choda de dhividendum no d'ús, den tsórt san.

(4) Scuirfidh aon stoc, scair no urrús le n-a mbaineann an t-alt so de bheith ina stoc, ina scair, no ina urrús (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-alt so má dheimhníonn agus nuair a dheimhneoidh an tAire Airgid, i dtaobh an stuic, na scaire no an urrúis sin, go bhfuil sé sásta, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála—

(a) go bhfuil an chuideachta thug amach an stoc, an scair, no an t-urrús san tar éis scuir de bheith do réir na bhforálacha atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (2) den alt so; no

(b) go bhfuil an caipital do cruinníodh tríd an stoc, an scair no an t-urrús san do thabhairt amach, go bhfuil a iomlán no cuid de á chur, no curtha cheana féin, chun crícheanna eile seachas chun tionnscail no tionnscal, mar a mínítear san leis an alt so, do bhunú no do leathnú i Saorstát Éireann; no

(c) go bhfuil an caipital san, a iomlán no cuid de á úsáid contrárdha do mhír (c) d'fho-alt (2) den alt so; no

(d) go bhfuil scurtha den tabhairt-amach stuic, scaireanna, no urrúis sin do thuairisciú agus do chomharthú do réir mhíre (d) d'fho-alt (2) den alt so; no

(e) ná fuil fo-alt (3) den alt so á chólíonadh maidir leis an stoc, leis an scair, no leis an urrús san.

(5) San alt so cialluíonn an focal “tionnscal” ceárd no gnó ar bith ach amháin, gual iomportálta do cheannach agus do dhíol; geas i gcóir soillsithe, téighte no comhachta do dhéanamh no do roinnt amach; iompar ar bhóithre do dhéanamh, do chóghléasadh no do stiúradh; caitheamh aimsire no siamsa d'aon tsaghas do chur ar fáil; stuic, scaireanna, no urrúis, pe'ca de gach saghas iad no d'aon aicme no aicmí áirithe no pe'ca le cuideachtain áirithe iad no le cuideachtana áirithe, do shealbhú (ar shlí eile seachas mar shúncáil chúl-chiste no chiste chonganta) no deighleáil ionta.

Liúntaisí áirithe fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , do bheith saor o cháin ioncuim.

8. —(1) Gach liúntas atá á dheonadh fé alt 8 den Acht Arm-Phinsean. 1923 ( Uimh. 26 de 1923 ) mar a leasuítear san leis an Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) do bhaintrigh no d'éinne de chloinn no de chúram duine do marbhuíodh in eirgheamach an Abráin agus na Bealtaine, 1916 beidh sé saor o cháin ioncuim (agus for-cháin d'áireamh) agus ní háirmheofar é chun ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim do dhéanamh amach.

(2) San alt so tá an brí céanna leis an bhfocal “marbhuíodh atá leis san alt san 8 den Acht Arm-Phinsean, 1923 .

Breith na gCoimisinéirí Speisialta ar athchomarc do chur in úil.

9. —(1) Más rud é go ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, tar éis an Achta so do rith, athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa i gcóir cánach ioncuim in aghaidh aon bhliana cáinmheasa (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thosnuigh sí) do bhreithniú agus go ndéanfaid tar éis argóna ar an athchomharc san d'éisteacht, tabhairt a mbreithe ar an athchomharc san do chur ar athló d'fhonn an argóint sin do bhreithniú no d'fhonn caoi do thabhairt don athchomharcach ar a thuille fianaise no argóna do chur isteach i scríbhinn, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, maran dóich leo gur gá an t-athchomharc san d'éisteacht a thuille, a chur fé ndeár a mbreith ar an athchomharc san do chur tríd an bpost go dtí na páirtithe san athchomharc san.

(2) Má deintear breith na gCoimisinéirí Speisialta ar athchomharc do chur go dtí na páirtithe tríd an bpost fén alt so, féadfar dearbhú mí-shástachta fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 149 den Income Tax Act, 1918, no fógra ag éileamh ath-éisteachta fé fho-alt (1) d'alt 196 den Acht san do dhéanamh no do thabhairt i scríbhinn laistigh de dhá lá déag tar éis an lae ar a gcuirfear an bhreith sin amhlaidh go dtí neach déanta no tabhartha an dearbhuithe sin no an fhógra san, pe'ca aca é.

Comhar fhaoiseamh áirithe maidir le Stáit Aontuithe America.

10. —Déanfar fé réir forálacha an ailt seo, maidir le hioncum saoránaigh de Stáit Aontuithe America ná comhuíonn i Saorstát Éireann no le hioncum corparáide do bunuíodh i Stáit Aontuithe America, saoirse do dheonadh o cháin ioncuim (agus barra-cháin. no for-cháin, do réir mar bheidh, d'áireamh) alos pé méid den ioncum san do gheibhtear as long no longa d'oibriú gur fé dhlithe Stát Aontuithe America a fuarthas a scríbhinní.