|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Phroifite Corparaide.) |
ACHT AIRGID, 1932
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Diuitethe Bais. | |
[EN] |
Léagáidí agus comharbaisí do chrícheanna déirciúla. |
46. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun crícheanna déirciúla in Éirinn do cuireadh no a cuirfear iomlán léagáide do tugadh chun crícheanna déirciúla le huacht duine do fuair bás tar éis an Achta so do rith, beidh an léagáid sin saor ar fad o dhiúité léagáide. |
[EN] | (2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun crícheanna déirciúla in Éirinn do cuireadh no a cuirfear cuid de léagáid do tugadh chun crícheanna déirciúla le huacht duine do fuair bás tar éis an Achta so do rith, beidh an chuid sin den léagáid sin saor o dhiúité léagáide. | |
[EN] | (3) Aon chomharbas no cuid de chomharbas do bheadh, dá mba léagáid no cuid de léagáid é do bhéarfaí le huacht an roimhshealbhadóra. saor fén alt so o dhiúité léagáide beidh sé saor o dhiúité chomharbais. |