An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) Ar Aghaidh (CUID V. Diuite Oll-Shochair.)

20 1932

ACHT AIRGID, 1932

CUID IV.

Cain Phroifite Corparaide.

Atharuithe ar an gcáin phroifite corparáidc.

47. —(1) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh no chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930:—

(a) léireofar fo-alt (3) d'alt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “so constituted that the liability of its members is limited” d'fhágaint ar lár sa mhíniú atá sa bhfo-alt san ar an bhfocal “company” agus go ndéanfaí na focail “nor a private company the liability of whose members is unlimited nor any corporate body which by its constitution is precluded from distributing any profits amongst its members” do chur leis an míniú san ina dheireadh;

(b) ní fholóidh an abairt “cuideachta mhaitheasa puiblí” in aon áit ina bhfuil sí in alt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), aon chuideachta 'na mbíonn aon ghnó geas, uisce, leictreachais, tram-bhealaigh no uiscechomhacht ar siúl acu, agus déanfar an t-alt san, mar a leathnuítear é le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin;

(c) léireofar fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifcacht aige fé is dá ndeintí na focail “seven and one-half per cent.” do chur in ionad na bhfocal “five per cent.” atá anois sa bhfo-alt san;

(d) léireofar alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “deich per cent.” do chur in ionad na bhfocal “seacht go leith per cent.” atá anois i bhfo-alt (1) den alt san;

(e) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus ina ionad san léireofar mír (a) den phrovísó ghabhann le halt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “five thousand pounds” do chur in ionad na bhfocal “five hundred pounds” i ngach áit ina bhfuil na focail sin sa mhír sin.

(2) I gcás gach tréimhse cuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1931, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis sin, déanfar an brabús d'fhás i rith na tréimhse cuntasaíochta do roinnt idir an chuid den tréimhse do bhí roimh an dáta san agus an chuid den tréimhse do bhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, do réir na bhfaideanna bhí fé seach sna coda san, agus—

(a) ní héilcofar aon cháin ar an méid sin, den bhrabús roinnte a cuirfear i leith na céad coda luaidhtear den tréimhse, go mbeidh idir é agus deich míle púnt an cothrom céanna bheidh idir an chéad chuid sin a luaidhtear den tréimhse agus bliain, agus

(b) ní héileofar aon cháin ar an méid sin, den bhrabús roinnte a cuirfear i leith na dara coda luaidhtear den tréimhse, go mbeidh idir é agus cúig mhíle púnt an cothrom céanna bheidh idir an dara cuid sin a luaidhtear den tréimhse agus bliain, agus

(c) i gcás cuideachtan gur le dlithe Shaorstáit Éireann no fútha do hionchorparuíodh í agus i gcás cuideachtan coigríche do chuir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh na coinníollacha a horduítear le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ). do chólíonadh, éileofar cáin do réir cúig per cent. ar an gcion, de bhrabús na céad coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin. agus éileofar cáin do réir seacht go leith per cent. ar an gcion, de bhrabús na dara coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin, agus

(d) i gcás cuideachtan coigríche nár chuir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh na coinníollacha a horduítear le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), do chólíonadh, éileofar cáin do réir seacht go leith per cent. ar an gcion, de bhrabús na céad coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin, agus éileofar cáin do réir deich per cent ar an gcion, de bhrabús na dara coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta le na mbaineann fo-alt (1) no fo-alt (2) den alt so.

(4) Aon cháin phroifite corparáide sa bhreis is iníoctha, de bhuadh na n-atharuithe deintear ar an dlí leis an alt so. alos tréimhse cuntasaíochta do chríochnuigh no chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, féadfar í do mheas agus do bhaint amach d'ainneoin go ndearnadh cáin phroifite corparáide do mheas cheana alos na tréimhse sin.

(5) San alt so tá an chiall chéanna leis an abairt “tréimhse chuntasaíochta” atá leis an abairt “accounting period” sna hachtacháin a bhaineann le cáin phroifite corparáide.