21 1932


Uimhir 21 de 1932.


ACHT CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA SLÍ INA gCOIMEÁDFAR DÉANTÚISÍ AR SIÚL I SAORSTÁT ÉIREANN DO RIALÚ. [29adh Deireadh Fómhair, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe” cólucht corpruithe a bunuíodh roimh an Acht so do rith no a bunófar dá éis sin pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann a bunuíodh no a bunófar é;

léireofar an focal “scaireanna” mar fhocal a fholuíonn stoc ach ná foluíonn debentiúirí ná stoc debentiúra;

foluionn an abairt “earra do chur in oiriúint chun a díolta” an carra san do phacáil, do chur i mbuidéil no duillíní do chur uirthe chun a díolta, ach ní fholuíonn sí mion-díoltóir do phacáil earra, do chur earra i mbuidéil ná do chur duillíní ar earra a bheidh sé ar aigne a dhíol ina mion-choda.

(2) Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

(b) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

Srian le déantúisí do choimeád ar siúl.

2. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith go mbeidh gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige aon obair acu so leanas do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san. sé sin le rá, earra, abhar no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do dhéanamh, d'atharú, do dheisiú, d'órnáidiú, do chríochnú, no do chur in oiriúint chun a dhíolta, maran rud é—

(a) go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht chun tairbhe ag duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann le linn an ama san; no

(b) go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag beirt daoine no níos mó agus go mbeidh níos mó ná leath an chaipitail a bheidh suncálta sa ghnó san le linn an ama san ar únaeracht chun tairbhe ag duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann le linn an ama san no ag beirt daoine no níos mó gur náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine fé leith acu le linn an ama san; no

(c) go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go mbeidh an uair sin níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis a bheidh tugtha amach ar únaeracht chun tairbhe ag duine bheidh, le linn an ama san, no ag beirt daoine no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, le linn an ama san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe go mbeidh an uair sin níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis a bheidh tugtha amach ar únaeracht chun tairbhe ag daoine is náisiúnaigh de Shaorstát Éireann; no

(d) go raibh an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag an gcólucht chorpruithe ag á raibh sé ar únaeracht an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh den mhí díreach roimh an dáta san, a déanfaí an obair sin, gur i ngnáthchúrsaí an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

(e) go raibh an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht chun tairbhe ag an duine ag á raibh, no ag gach duine no ag cuid no ag duine amháin de sna daoine ag á raibh, sé ar únaereacht chun tairbhe an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh den mhí díreach roimh an dáta san, a déanfaí an obair sin, gur i ngnáthchúrsaí an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

(f) go raibh an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go mbeidh níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis a bheidh tugtha amach ar únaeracht chun tairbhe ag an duine no ag na daoine ag á raibh an gnó ar únaeracht chun tairbhe an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh den mhí díreach roimh an dáta san, a déanfaí an obair sin, gur i ngnáth-chúrsaí an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

(g) gur sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta nua an duine sin agus gur fén gceadúnas san a déanfar an obair sin; no

(h) go mbeidh an gnó san ar siúl i gcomharbas dhíreach do ghnó dhuine mhairbh do bheadh, dá mba díreach roimh a bhás a déanfaí an obair sin, i dteideal do réir dlí fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so na hoibre sin do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san agus gur idir an lá do fuair an duine sin bás agus lá deonta probháide a uachta no litreach riaracháin a estáit phearsanta agus i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san a déanfar an obair sin no gur faid a bheidh an gnó san ar siúl aige i gcúrsaí cuibhe riaracháin a dhéanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin an obair sin amhlaidh; no

(i) go ndéanfar an obair sin i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó a bheidh ar siúl ag sannaí i gnó-bhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh a bheidh ag déanamh socruithe. no ag glacadóir no bainisteoir a cheapfaidh cúirt, agus é ag leanúint de ghnó duine do bheadh, dá mba díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an ngnó san do bheith ar siúl aige a déanfaí an obair sin, i dteideal do réir dlí fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so na hoibre sin do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.

(2) Chun crícheanna míre (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má gheibheann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann bás agus má bhíonn sé le linn a bháis ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe tuigfear, go dtí go ndeonfar probháid a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, na scaireanna san do leanúint in únaeracht chun tairbhe dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann, agus, ar dheonadh do dhéanamh, an té is ionadaí pearsanta don náisiúnach san de thurus na huaire tuigfear, faid a bheidh sé i dteideal na scaireanna san mar ionadaí, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san, agus maran náisiúnach de Shaorstát Éireann é gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

(b) ma thagann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann chun bheith gnó-bhriste no má dheineann sé socrú le n-a fhiach-éilitheoirí agus má bhí an náisiúnach san, le linn a ghnó-bhriste no a shocruithe, ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe agus má thagann a leas sna scaireanna san chun bheith dílsithe ina shannaí i ngnó-bhriseadh no in iontaobhaí ar estát an náisiúnaigh sin mar fhéicheamh go mbeidh socrú á dhéanamh aige tuigfear, faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh, na scaireanna san do bheith ar únaeracht chun tairbhe an tsannaí no an iontaobhaí sin, agus faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh tuigfear maran náisiúnach de Shaorstát Éireann an sannaí no an t-iontaobhaí sin gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

(c) má bhíonn duine de thurus na huaire i dteideal an ioncuim a thagann as aon scaireanna bheidh ar seilbh ag iontaobhaí i gcólucht corpruithe tuigfear, faid a leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal an ioncuim sin, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san; agus

(d) má bhíonn gach duine fé leith de bheirt daoine no níos mó de thurus na huaire i dteideal ceana den ioncum a thagann as scaireanna i gcólucht corpruithe áirithe no as na scaireanna san agus as maoin eile bheidh ar seilbh ag iontaobhaí tuigfear maidir le gach duine fé leith acu san, faid a leanfa sé de bheith i dteideal ceana den ioncum san, gurb é an duine sin is únaer chun tairbhe ar chion có-réire de sna scaireanna san; agus

(e) má deintear na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe d'aistriú go dtí banc, is cólucht corpruithe, mar urrús ar roimh-íoc agus má deintear an banc san do chlárú mar únaer na scaireanna san i gclár scaireánach an chóluchta chorpruithe sin, tuigfear ná hoibreoidh an t-aistriú agus an clárú san chun únaerachta na scaireanna san d'aistriú go dtí an banc san; agus

(f) pé uair a scuirfidh na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe de bheith ar seilbh sa tslí luaidhtear sa mhír sin (c), tuigfear na scaireanna san do leanúint de bheith ar seilbh do réir na míre sin go cionn tréimhse sé mí tar éis dóibh scur de bheith ar seilbh amhlaidh.

(3) Gach duine dhéanfaidh gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Má cúisítear duine i gcionta do dhéanamh fén alt so agus má tugtar fianaise prima facie ar an gcionta san is ar an duine cúiseofar amhlaidh a bheidh na nithe no aon cheann de sna nithe atá luaidhte i míreanna (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i) fé seach d'fho-alt (1) den alt so do chruthú agus go dtí go gcruthófar a mhalairt tuigfear gan feidhm do bheith ag aon cheann de sna nithe sin maidir leis an ngníomh adeirtear gurb é an cionta san é.

Deimhniú i dtaobh dílseánaigh chláruithe scaireanna i gcólucht chorpruithe.

3. —(1) Má deintear, in aon imeachta i gcoinnibh cóluchta chorpruithe i dtaobh cionta fén alt deiridh sin roimhe seo. deimhniú, fé láimh dhuine bheidh cláruithe mar dhílseánach scaireanna sa chólucht chorpruithe sin, do thabhairt i láthair a bheidh sa bhfuirm orduithe agus ina mbeidh na mion-innste orduithe agus a bheidh fíoruithe sa tslí orduithe, deimhniú á dheimhniú—

(a) gurb eisean is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san agus gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é, no

(b) gur thar ceann duine eile atá na scaireanna san ar seilbh aige agus gur náisiúnach de Shaorstát Éireann an duine eile sin,

beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh.

(2) Má chuireann duine ar bith i ndeimhniú fén alt so ráiteas ar bith a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach. beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaid thar deich bpúint do chur air.

Iarrataisí ar cheadúnaisí déantóireachta nua.

4. —(1) Duine ar bith go mbeidh aon ghnó, i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, ar siúl aige, no bheidh ar aigne an gnó san do bheith ar siúl aige, i Saorstát Éireann féadfa sé a iarraidh ar an Aire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóireachta nua san Acht so) do thabhairt do á údarú dho pé obair no oibreacha, díobh san a bheidh údaruithe a dhéanamh fé cheadúnas déantóireachta nua. a luadhfaidh an duine sin san iarratas san, do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.

(2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach iarratas fén alt so ar cheadúnas déantóireachta nua agus is sa tslí orduithe déanfar é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Gach duine iarrfaidh ceadúnas déantóireachta nua fén alt so déanfa sé. ar an Aire do cheangal san air, an t-eolas go léir do thabhairt don Aire a theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

Eolas bréagach.

5. —Má dheineann éinne, agus é ag tabhairt aon eolais uaidh do réir iarratais ón Aire fén alt deiridh sin roimhe seo. aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach. beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Ceadúnaisí déantóireachta nua do dheonadh.

6. —(1) Pé uair a déanfar iarratas ar cheadúnas déantóireachta nua do chur chun an Aire fén Acht so féadfaidh an tAire. do réir forálacha a hordófar—

(a) ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh don iarratasóir chun gach oibre bheidh luaidhte san iarratas san do dhéanamh; no

(b) ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh don iarratasóir chun cuid de sna hoibreacha bheidh luaidhte san iarratas san no chun oibre amháin acu do dhéanamh: no

(c) diúltú don cheadúnas san do dheonadh.

(2) Gach ceadúnas déantóireachta nua a dheonfaidh an tAire—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe; agus

(b) déarfa sé agus déanfa sé a údarú, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, don duine is sealbhóir ar an gceadúnas de thurus na huaire pé obair no oibreacha dhíobh so leanas a bheidh luaidhte sa cheadúnas san do dhéanamh i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó bheidh ar siúl i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, sé sin le rá:—

(i) earra, abhar, no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar, no de shubstaint ar bith do dhéanamh is de shaghas no de chineál ar bith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san;

(ii) earra, abhar, no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar, no de shubstaint ar bith d'atharú, do dheisiú, d'órnáidiú agus do chríochnú is de shaghas no de chineál ar bith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san;

(iii) earra, abhar, no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do chur in oiriúint chun a dhíolta is de shaghas no de chineál ar bith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san; agus

(c) deonfar é agus déarfa sé go ndeontar é fé réir pé téarmaí agus coinníollacha a bheidh do réir forálacha a hordófar.

Coinníollacha ceadúnais déantóireachta nua do bhriseadh.

7. —Má theipeann ar dhuine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta nua na téarmaí agus na coinníollacha gur fé n-a réir do deonadh an ceadúnas san do chólíonadh no má thugann sé faillí no má dheineann sé diúltadh maidir leis an gcólíonadh san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig phúint fhichead do chur air i gcás an chéad chiontuithe agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt i gcás an dara chiontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin.

Ceadúnaisí déantóireachta nua d'aistriú.

8. —Má bhíonn ceadúnas déantóireachta nua i bhfeidhm á údarú obair do dhéanamh i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó agus má deintear únaeracht an ghnótha san d'aistriú ón gceadúnaí fén gceadúnas déantóireachta nua san go dtí duine eile tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dhlí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'aistriú chuige, agus air sin d'iarraidh déanfaidh an tAire an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin maran rud é go mbeadh an t-aistriú san ina shárú ar choinníollacha an cheadúnais sin;

(b) má haistrítear an ceadúnas déantóireachta nua san amhlaidh tuigfear gurb é dáta ar a haistrítear é ná dáta an ghnótha san d'aistriú.

Ceadúnas déantóireachta nua do dhul in éag.

9. —Scuirfidh ceadúnas déantóireachta nua, á údarú obair áirithe do dhéanamh i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó, scuirfe sé de bheith i bhfeidhm ar scur den ghnó san do bheith ar siúl no ar an gceadúnas san do cheiliúradh no ar an Aire do dhiúltadh don cheadúnas san d'aistriú fén alt deiridh sin roimhe seo, pe'ca ní acu san is túisce thárlóidh.

Ceadúnaisí déantóireachta nua d'atharú agus do cheiliúradh.

10. —(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith ceadúnas déantóireachta nua d'atharú no do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin do shealbhóir an cheadúnais sin.

(2) Féadfaidh an tAire uair ar bith, gan aon iarratas den tsórt san, ceadúnas déantóireachta nua do cheiliúradh i gcás sealbhóra an cheadúnais sin do chiontú i gcionta trom fé aon alt den Acht so.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ceadúnas déantóireachta nua do cheiliúradh ná d'atharú ach amháin fén alt so agus do réir an ailt seo.

Déantóirí agus daoine eile do thabhairt eolais uatha.

11. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon chólucht chorpruithe go mbíonn gnó, i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, ar siúl acu le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an gcólucht chorpruithe sin cuntas do chur chun an Aire laistigh de sheasca lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina mbeidh eolas i dtaobh pé nithe, ná beidh sna cuntaisí thabharfaidh an cólucht corpruithe sin uatha fé Achtanna na gCuideachtan, agus is nithe ná beidh ag teastáil ach amháin chun a chinneadh cé is únaer chun tairbhe ar an ngnó san a bhíonn ar siúl ag an gcólucht corpruithe sin agus cad is cineál don ghnó san no cadé an dáta ar ar bunuíodh é.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith go mbíonn gnó, i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, ar siúl aige le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an duine sin cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina mbeidh eolas i dtaobh pé ní no nithe acu so leanas a bheidh luaidhte sa bhfógra san, sé sin le rá:—

(a) cuspóirí an ghnótha san;

(b) an dáta ar ar bunuíodh an gnó san;

(c) má bhí an gnó san ar siúl an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, cineál an ghnótha fé mar do bhí sé ar siúl an dáta san agus ainm agus seoladh no ainmneacha agus seolta an duine no na ndaoine ag á raibh sé ar únaeracht chun tairbhe an dáta san;

(d) ainm agus seoladh no ainmneacha agus seolta an duine no na ndaoine ag á bhfuil sé ar únaeracht chun tairbhe ar dháta an chuntais do chur isteach, á luadh i gcás gach duine fé leith acu san ce'ca náisiúnach de Shaorstát Éireann é no nách eadh agus cadé an méid atá ar seilbh ag an duine sin den chaipital atá suncálta sa ghnó san;

(e) pé nithe eile i dtaobh an ghnótha san a bheidh luaidhte sa bhfógra san agus is gá chun a chinneadh cé is únaer chun tairbhe ar an ngnó san, cad is cineál don ghnó san, no cadé an dáta ar ar bunuíodh é.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon chólucht chorpruithe (dá ngairmtear cólucht corpruithe sealbhach san alt so) ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht chorpruithe go mbíonn gnó ar siúl acu le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an gcólucht chorpruithe shealbhach san cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina luadhfar aon atharuithe do thárla in ainmneacha no i seolta na scaireánach sa chólucht chorpruithe shealbhach san o dháta an chuntais dheiridh a tugadh fé Achtanna na gCuideachtan.

(4) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht chorpruithe go mbíonn gnó ar siúl acu le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an duine sin cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina ndéarfar an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna san no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige, cad is ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine eile fé leith acu san cad is líon agus cad is ainmluach do sna scaireanna atá ar seilbh do.

(5) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht chorpruithe shealbhach, fógra á cheangal ar an duine sin a rá an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna atá ar seilbh aige amhlaidh no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige. cad is ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine eile fé leith acu san cad is líon agus cad is ainm-luach do sna scaireanna atá ar seilbh do agus ce'ca náisiúnach de Shaorstát Éireann é no nách eadh.

(6) Má dheineann duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltadh, no má thugann sé faillí, maidir le cuntas do thabhairt do réir an fhógra san no má thugann sé cuntas uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air i gcás an chéad chiontuithe agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt i gcás an dara chiontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin.

(7) Baineann an t-alt so le gach gnó gur cuid de aon obair no oibreacha acu so leanas, eadhon, earra, abhar no substaint ar bith, no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do dhéanamh, d'atharú, do dheisiú, d'ornáidiú, do chríochnú no d'oiriúnú chun a dhíolta.

(8) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine go mbeidh a ainm air no tré n-a chur tríd an bpost chláruithe chun an duine go mbeidh a ainm air agus é fé sheoladh an áitreibh ina ndeineann an duine sin gnó.

Rialacháin ghenerálta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no acn ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Ciontuithe do chúiseamh.

13. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Costaisí an Aire.

14. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

Ní bhainfidh an tAcht le cruithneacht do mheilt, etc.

15. —Ní bhainfidh an tAcht so le cruithneacht do mheilt ná le haon toradh cruithneachtan a meilfear i muillean do chur in oiriúint ag an muillean san i gcóir a dhíolta, ná le talmhaíocht, ná le mion-díoltóir d'atharú no do dheisiú earra a bheidh sé ar aigne do dhíol ina mion-choda.

Gearr-theideal.

16. —(1) Féadfar an tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Aire.