An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT ARM-PHINSEAN, 1932) Ar Aghaidh (CUID II. Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do Leathnu.)

24 1932

ACHT ARM-PHINSEAN, 1932

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “Achtanna 1923 agus 1927” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927.

Léiriú.

3. —Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna 1923 agus 1927, agus dá réir sin gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe sna hAchtanna san tá an bhrí áirithe sin leis san Acht so. ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so.