An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do Leathnu.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Ratai Pinsean.)

24 1932

ACHT ARM-PHINSEAN, 1932

CUID III.

Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do Leasu.

Alt 10 d'Acht 1923 do leasú.

21. —Léireofar fo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1923 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “aon Aire no Roinn Stáit” do chur in ionad na bhfocal “an tAire” atá anois sa bhfo-alt san.

An Dara Sceideal agus an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 do leasú.

22. —(1) Deintear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “singil” do chur isteach in alt 3 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(b) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 5 (c) den Sceideal san in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(c) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 6 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “driofúr.”

(2) Deintear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “atá singil” do chur isteach in alt 2 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(b) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 4 (c) den Sceideal san in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(c) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 5 den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “driofúr.”

(3) Má chítear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 3 no alt 5 (a) no alt 5 (c) no alt 6 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 mar a leasuítear san leis an alt so no fé alt 3 no alt 4 (a) no alt 4 (c) no alt 5 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 mar a leasuítear san leis an alt so, gur phós an duine sin o thosnuigh an liúntas san ar bheith iníoctha, no má chítear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 5 (c) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 no fé alt 4 (c) den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, nách breoiteachán an duine sin feasta, féadfaidh an tAire an liúntas san d'athbhreithniú agus, más oiriúnach leis é, an liúntas san do laigheadú no deireadh do chur leis.

Ní bheidh dul thar molta do rinneadh fé sna Sean-Achtanna.

23. —(1) Má rinneadh, roimh an Acht so do rith, aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta, do mholadh no má diúltuíodh do phinsean no d'aisce fé sna hAchtanna san. alos créachta, do mholadh, beidh an moladh san no an diúltú don mholadh san do dhéanamh (pe'ca aca é), ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ina bhreith deiridh nách féidir d'ath-bhreithniú ná d'ath-scrúdú.

(2) Einne dá ndearnadh aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta. do mholadh roimh an Acht so do rith, no éinne dar diúltuíodh pinsean no aisce fé sna hAchtanna san, alos créachta, do mholadh roimh an Acht so do rith ar an scór ná raibh an duine sin fé aon díth agus ar an scór san amháin, féadfaidh. laistigh de bhliain tar éis an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire méid an mholta san no an diúltú san (pe'ca aca é) d'athbhreithniú agus leis sin féadfaidh an tAire, más ceart san do dhéanamh dar leis. an scéal do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean chun é d'ath-bhreithniú agus féadfaidh, ar thuarasgabháil Bhúird na nArm-Phinsean, pé pinsean no aisce (más aon cheann é) do dheonadh a féadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarasgabháil sin ar an gcás do bhreithniú den chéad uair fé Achtanna 1923 agus 1927, fé réir na teorann gurb é am a thosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ná ar pe'ca dáta acu so leanas is déanaí, sé sin le rá, an 1adh lá d'Abrán. 1932, no an dáta a gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach do bheith mar dháta ar a raibh an díth gur ina taobh a deontar an pinsean san chó mór le fiche per cent. den chéad uair.

Deonadh pinsean fé Achtanna 1923 agus 1927 de bharr breithe deiridh d'ath-s rúdú.

24. —(1) Má deonadh pinsean de bharr breithe deiridh d'éinne fé Achtanna 1923 agus 1927, agus má dheineann an duine sin. aon tráth no tráthanna laistigh de dheich mbliana ón dáta ar ar deonadh an pinsean de bharr na breithe deiridh sin. cúis do phlé leis an Aire á chur i dtuiscint go bhfuil grád a dhíthe le linn na cúise sin do phlé, i gcás an phinsin sin do bheith á fháil ag an duine sin an tráth san, deich per cent. no níos mó thar grád na díthe bhí air cheana no, i gcás an phinsin sin do bheith ar fiunraoi an tráth san fén alt so, nách lugha é ná an minimum a bhaineann leis an gcás, agus má dheineann sé fianaise prima facie is dóich leis an Aire do bheith sásúil do chur isteach mar thaca leis an gcúis sin féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean an duine sin do chur fé ath-scrúdú dochtúra agus grád a dhíthe d'ath-mheas, agus ar an ath-mheas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an duine sin do bheith ag fáil an phinsin sin an tráth san, ansan—

(i) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur mó é grád a dhíthe ná grád na díthe bhí air cheana no gur lugha é ná grád na grád na díthe bhí air cheana ach nách lugha é ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire. más oiriúnach leis é, méid an phinsin sin do mhéadú no do laigheadú (do réir an ath-mheasta san) go dtí méid a bheidh oiriúnach fén Acht san do chás duine fé ghrád díthe bheidh ar có-réir leis an ngrád do hath-mheasadh amhlaidh. no

(ii) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an pinsean san do chur ar fiunraoi gan dochar, ámh, do cheart an duine sin chun cúise eile do phlé fén alt so laistigh den am a ceaptar leis an alt so; no

(b) i gcás pinsin an duine sin do bheith ar fiunraoi fén alt so an tráth san, ansan—

(i) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh nách lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an cur-ar-fiunraoi sin do chur ar ceal agus an pinsean do shocrú i dtreo gurb é bheidh ann ná méid a bheidh oiriúnach fén Acht san do chás duine fé ghrád díthe bheidh ar có-réir leis an ngrád do hath-mheasadh amhlaidh, no

(ii) má gheibhtear amach ar an ath-mheas san do dhéanamh gur lugha é grád a dhíthe ná an minimum a bhaineann leis an gcás, leanfaidh an pinsean san de bheith ar fiunraoi gan dochar, ámh, do cheart an duine sin chun cúise eile do phlé fén alt so laistigh den am a ceaptar leis an alt so.

(2) Gach méadú pinsin fén alt so agus gach cur ar ceal fén alt so maidir le híoc pinsin do bheith ar fiunraoi, raghaid in éifeacht o pé dáta (nách luaithe i gcás ar bith ná an 1adh lá d'Abrán, 1932) is ceart dar leis an Aire agus raghaidh gach laigheadú pinsin agus gach fiunraíocht phinsin fén alt so in éifeacht o pé dáta (nách luaithe ná dáta an ath-mheasta gur as a tháinig an laigheadú no an fhiunraíocht san) is ceart dar leis an Aire.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “minimum a bhaineann leis an gcás” 20 per cent. maidir le díth is ionchurtha i leith créachta agus 80 per cent. maidir le díth is ionchurtha i leith galair.

(4) Déanfar aon tagairtí atá san alt so do ghrád na díthe bhí cheana ar dhuine bheidh ag plé cúise fén alt so do léiriú mar thagairtí do ghrád na díthe gur tré thagairt do dhéanamh do do deonadh. de bharr breithe deiridh, méid an phinsin don duine sin no. má hath-mheasadh grád díthe an duine sin fén alt so. mar thagairtí do ghrád na díthe fé mar do hath-mheasadh amhlaidh é den uair dheireannach sarar pléidheadh an chúis sin.

Alt 14 d'Acht 1927 do leasú.

25. —(1) In ainneoin éinní atá i mír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927 ní dheonfaidh an tAire, ar éinne le n-a mbaineann an fo-alt san de bhuadh míre (e) den fho-alt san ná mar gheall ar éinne den tsórt san d'fháil bháis, ní dheonfaidh do bhaintrigh an duine sin ná d'aon duine cloinne leis an duine sin aon liúntas, ná aon aisce ar bhaintrigh do phósadh ath-uair. díobh san a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 maidir le baintreacha agus le cloinn, maran rud é, i gcás baintrighe an duine sin, go raibh sí pósta leis an duine sin roimh é do scur as na fórsaí no, i gcás cloinne an duine sin, gur clann iad do rugadh do lanmhain a pósadh roimh an duine sin do scur as na fórsaí.

(2) Ní déanfar, tar éis an Achta so do rith, aon liúntas ná aisce do dheonadh fé fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927 do bhaintrigh ná do dhuine cloinne oifigigh maran roimh an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1924, do phós an bhaintreach san an t-oifigeach san.

Alt 18 d'Acht 1927 do leasú.

26. —Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 18 d'Acht 1927 agus ina n-ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) gach iarratas a dhéanfaidh duine do scuireadh as na fórsaí (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) ar phinsean créachta no aisce do dheonadh fé Acht 1923 mar a leasuítear san le hAcht 1927 no fé Acht 1927 mar gheall ar chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse is laistigh de bhliain tar éis an lae ar a bhfuarthas an chréacht san no tar éis lae an Achta so do rith, pe'ca lá acu san is déanaí, a déanfar é;

(b) gach iarratas ar phinsean mí-ábaltachta do dheonadh fé Acht 1927 is laistigh de bhliain tar éis lae an Achta so do rith a déanfar é.

Teora ama i gcóir iarratais ar liúntaisí agus ar aiscí fé Acht 1927 o bhaintreacha, o chloinn agus o chúram dhaoine áirithe.

27. —(1) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis níos mó ná bliain tar éis lae an Achta so do rith, agus

(b) gur galar is trúig le bás an duine sin, agus

(c) gan an duine sin do bheith, díreach roimh a bhás, ag fáil pinsin mhí-ábaltachta fé Acht 1927 alos an ghalair sin, agus

(d) ná dearna an duine sin, laistigh de bhliain tar éis lae an Achta so do rith, pinsean mí-ábaltachta alos an ghalair sin d'iarraidh go cuibhe,

ní breithneofar aon éileamh, alos báis an duine sin, a dhéanfaidh baintreach no aon duine de chloinn no de chúram an duine sin ar liúntas no aisce fé Acht 1927.

(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú fo-ailt (5) d'alt 18 d'Acht 1927.

An Séú Sceideal agus an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 do leasú.

28. —(1) Deintear leis seo an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “singil” do chur isteach in alt 3 de Chuid I den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(b) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 5 (c) den Chuid sin I in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(c) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 6 den Chuid sin I i ndiaidh an fhocail “driofúr”; agus

(d) tré sna focail “atá singil” do chur isteach in alt 2 do Chuid II den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “inghean”; agus

(e) tré sna focail “atá ina bhuan-bhreoiteachán no driofúr shingil atá ina buan-bhreoiteachán” do chur isteach in alt 4 (c) den Chuid sin II in ionad na bhfocal “no driofúr atá ina bhuan-bhreoiteachán”; agus

(f) tríd an bhfocal “shingil” do chur isteach in alt 5 den Chuid sin II i ndiaidh an fhocail “driofúr.”

(2) Deintear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 do leasú mar leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “atá i gcás mac fé bhun 18 mbliana agus atá i gcás inghean gan pósadh agus” do chur isteach in alt 3 de Chuid I den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “clann”; agus

(b) tré sna focail “atá i gcás mac fé bhun 18 mbliana agus atá i gcás inghean gan pósadh agus” do chur isteach in alt 2 de Chuid II den Sceideal san i ndiaidh an fhocail “clann.”

(3) Má chítear don Aire, maidir le mnaoi dar deonadh liúntas fé alt 3 no alt 5 (a) no alt 5 (c) no alt 6 de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 mar a leasuítear san leis an alt so no fé alt 2 no alt 4 (a) no alt 4 (c) no alt 5 de Chuid II den Sceideal san no fé alt 3 de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 mar a leasuítear san leis an alt so no fé alt 2 de Chuid II den Sceideal san, gur phós an bhean san o thosnuigh an liúntas san ar bheith iníoctha, no má chítear don Aire, maidir le duine dar deonadh liúntas fé alt 5 (c) de Chuid I den Sceideal san no fé alt 4 (c) de Chuid II den Sceideal san, nách breoiteachán an duine sin feasta, féadfaidh an tAire an liúntas san d'ath-bhreithniú agus, más oiriúnach leis é, an liúntas san do laigheadú no deireadh do chur leis.