Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Airithe Custum.)

34 1932


Uimhir 34 de 1932.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (UIMH. 4), 1932.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[24adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

1. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 20adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar aon earra ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, liost d'earraí go ndeintear ráta an diúité sin a luaidhtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go mbeadh an earra is ionchurtha fén diúité sin sa liost san.

(3) I gcás ina ndeintear percentáiste do chur síos sa tríú colún no sa cheathrú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(4) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa chúigiú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear sa dara colún den Sceideal san ar earra ar bith, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar an earra san.

(5) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so ar earra ar bith d'íoc go cuibhe ar an earra san agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san, no ar aon earraí go dtaisbeánfar ina dtaobh gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna no do chur i mbanna-stóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(6) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearra ar bith is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so.

(7) Aon earra is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í, no

(b) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus ná raibh sí, le linn na hiomportála san, ionchurtha fé aon diúité custum, no

(c) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi ar í d'iomportáil amhlaidh agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(8) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(9) I gcás ina bhféadfaí earra d'áireamh mar earra is ionchurtha fé dhá cheann no níos mó de sna diúitéthe forchuirtear leis an alt so tuigfear gan an earra san do bheith ionchurtha ach fén gceann san amháin de sna diúitéthe sin gur ina thaobh a bheadh an méid diúité is mó iníoctha, agus dá réir sin ní bheidh an earra san ionchurtha ach fén diúité sin amháin.

Na diúitéthe sa Dara Sceideal d'fhorchur.

2. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Dara Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar aon earra ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, liost d'earraí go ndeintear ráta an diúité luaidhtear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh na hearra san sa dara colún den Sceideal san do chur i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go mbeadh an earra san sa liost san.

(3) I gcás ina ndeintear percentáiste do chur síos sa tríú colún no sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité de mhéid is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(4) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa chúigiú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear sa dara colún den Sceideal san ar earra ar bith, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar an earra san.

(5) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, gach earra no aon earra (nách earraí go bhfuil ina dtaobh, sa chúigiú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, comhacht chun ceadúnaisí do thabhairt amach chun iad d'iomportáil) is ionchurtha fé aon diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ar an gcéanna agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(6) I gcás ina bhféadfaí earra d'áireamh mar earra is ionchurtha fé dhá cheann no níos mó de sna diúitéthe forchuirtear leis an alt so tuigfear gan an earra san do bheith ionchurtha ach fén gceann san amháin de sna diúitéthe sin gur ina thaobh a bheadh an méid diúité is mó iníoctha, agus dá réir sin ní bheidh an earra san ionchurtha ach fén diúité sin amháin.

Diúité ar ghréisc bhealála.

3. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar an ngréisc bhealála uile a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Mhí na Samhna, 1932, no dá éis sin, diúité custum de mhéid is có-ionann le triocha a seacht go leith per cent. de luach na hearra.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Má bhíonn aon ghréisc bhealála ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí, déanta no ullamhuithe, a hiomportálfar agus más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim gur meascáin no cumaisc de ghréisceanna bealála is mó atá sna hearraí sin no go bhfuilid oiriúnach chun iad d'úsáid no go bhfuiltear ar aigne iad d'úsáid in ionad gréisce bealála no chun gréisce bealála do bhaint asta ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an ngréisc bhealála bheidh sna hearraí sin, agus éileofar diúité ar na hearraí sin do réir an Customs Tariff Act, 1876.

(4) Má bhíonn aon ghréisc bhealála ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí, déanta no ullamhuithe, a hiomportálfar agus más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nách meascáin ná cumaisc de ghréisceanna bealála is mó atá sna hearraí sin agus ná fuilid oiriúnach chun iad d'úsáid ná ná fuiltear ar aigne iad d'úsáid in ionad gréisce bealála ná chun gréisce bealála do bhaint asta ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm ag an Customs Tariff Act, 1876, ná ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an ngréisc bhealála bheidh sna hearraí sin.

(5) Déanfar, ar aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'easportáil as Saorstát Éireann no ar iad do chur ar bord luinge no i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge, ais-tarrac do lomháil de mhéid is có-ionann le méid an diúité sin a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim do híocadh alos na n-earraí sin.

(6) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le haon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

(7) Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í, no

(b) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í ach ná raibh sí, le linn na hiomportála san, ionchurtha fé aon diúité, no

(c) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus gur híocadh go cuibhe an diúité go léir do bhí ionchurtha uirthi ar í d'iomportáil amhlaidh agus nár lomháladh aon ais-tarrac ar í d'easportáil no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(8) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(9) San alt so cialluíonn an abairt “gréisc bhealála” aon eibliocht sholadach gurb é tá inti ná íleacha ionghallúnaithe i dteanta no in éamais íleacha híodrocarbóin, agus ina bhfuil abhar amháin ar a laighead a gallúnuíodh i bpáirt no go hiomlán le halcuilí no le créidheanna alcuileacha agus gurb é atá i gcúig déag per cent. ar a laighead do réir mheáchainte den mheascán ná íle nea-ghallúnaithe.

Diúité ar arán.

4. —(1) Eileofar, gearrfar agus íocfar ar an arán uile (le n-a n-áirmhítear brioscaí, buillíní, agus cácaí nea-mhilsithe) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 27adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, no dá éis sin, diúité custum de leath-phingin an púnt.

(2) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

An ráta diúité ar leathar ughma agus ar ughaim d'atharú.

5. —(1) Déanfar an diúité custum a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1931 ( Uimh. 39 de 1931 ), d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na hearraí uile is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 20adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, no dá éis sin, do réir méid is có-ionann le triocha a seacht go leith per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear san alt san 1.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin a forchuirtear leis an alt san 1, nuair a héileofar é do réir an ráta socruítear leis an alt so, ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go cuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

An ráta diúité ar bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta d'atharú.

6. —(1) Déanfar an diúité custum a forchuirtear le halt 7 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na hearraí seo leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 20adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, no dá éis sin, do réir na rátaí fé seach a luaidhtear anso ina dhiaidh seo in ionad na rátaí luaidhtear san alt san 7, sé sin le rá:—

(a) ar gach léine agus bóna agus ar gach cuid de léine no de bhóna agus ar gach cabhair do léine no do bhóna—do réir méid is có-ionann le ceathracha a cúig per cent. de luach na hearra;

(b) ar gach ciarsúir bhróidnithe agus ar gach cuid de chiarsúir agus ar gach cabhair do chiarsúir den tsórt san—do réir méid is có-ionann le nócha per cent. de luach na hearra;

(c) ar gach fo-éadach de shíoda (le n-a n-áirmhítear crepe-de-chine, síoda sníomhtha, agus síoda Seapánach) i gcóir ban, cailíní, no páistí agus ar gach cuid d'aon fho-éadach agus ar gach cabhair d'aon fho-éadach den tsórt san—do réir méid is có-ionann le nócha per cent. de luach na hearra.

(2) Bainfidh forálacha ailt 7 (ach amháin fo-alt (1) de) den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , mar a leasuítear san leis an Acht so, leis an diúité forchuirtear leis an alt san nuair a héileofar é do réir rátaí socruítear leis an alt so fé mar a bhainid leis an diúité sin nuair a héilítear é do réir rátaí socruítear leis an alt san 7.

Ráta an diúité ghluaisteáin d'atharú.

7. —(1) Déanfar an diúité custum a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na hearraí seo leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis an Achta so do rith do réir na rátaí fé seach a luaidhtear anso ina dhiaidh seo in ionad na rátaí luaidhtear san alt san 11 no in aon achtachán leasúcháin den tsórt san roimhráite, sé sin le rá:—

(a) ar na coda uile de ghluaisteáin atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina gcoda d'innill ar n-a gcur le chéile fé mar a mínítear san le rialacháin ar n-a ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncuim, no ina gcoda de ghléas tiomarnaíochta ar n-a gcur le chéile fé mar a mínítear san amhlaidh, no ina gcoda de ghléas tiomána ar n-a gcur le chéile fé mar a mínítear san amhlaidh—do réir méid is có-ionann le cúig déag per cent. de luach na hearra;

(b) ar na coda uile de ghluaisteáin atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina ngléasanna fuartha, ina lampaí, no ina mótair tosnuithe agus a hiomportálfar ar leithligh—do réir méid is có-ionann le cúig déag per cent. de luach na hearra;

(c) ar na coda uile de ghluaisteáin atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina ndóirse miotail no ina gcreata cabhlach miotail no ina gcoda miotail de dhóirse no de chreata den tsórt san ar n-a gcur le chéile agus ná fuil péinteálta ná gréasta, ná feistithe le gloine ná le hadhmad, agus ná fuil oiriúnach ach amháin chun iad d'ionchorparú i gcabhail ghluaisteáin a bheidh ceaptha, déanta agus beartuithe chun seisir ar a mhéid, gan an tiomanaí d'áireamh, d'iompar (ar shlí eile seachas ar luach saothair)—do réir méid is có-ionann le ceathracha per cent. de luach na hearra.

(2) Ní déanfar an diúité custum a forchuirtear le halt san 11 den Acht Airgid, 1928 , mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra de sna hearraí seo leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis an Achta so do rith, sé sin le rá:—

(a) ar aon choda de chassis ghluaisteáin no ar aon chabhartha do chassis ghluaisteáin (seachas bluic innill, fearsaidí crangaide agus slata ceangail loinithe) ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, curtha le chéile ar shlí eile seachas tré tháthú, tré lionn-táthú no tré oibriú eile den tsaghas san;

(b) ar aon choda no ar aon chabhartha (seachas dóirse agus creata iomlána cabhlach) de chabhlacha gluaisteáin no dhóibh ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, curtha le chéile ná oiriúnach ach amháin chun iad d'ionchorparú i gcabhail ghluaisteáin no chun iad d'úsáid mar chabhair do chabhail ghluaisteáin a bheidh ceaptha, déanta agus beartuithe chun seisir ar a mhéid, gan an tiománaí d'áireamh, d'iompar (ar shlí eile seachas ar luach saothair).

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur gá do dhéantóir aon earraí is ionchurtha fé dhiúité do réir ráta socruítear leis an alt so d'iomportáil chun iad d'úsáid in oibriú déantóireachta i Saorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(4) San alt so tá an chiall chéanna leis an bhfocal “gluaisteán” atá leis i gCuid II den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , agus tá an chiall chéanna leis an abairt “cabhail ghluaisteáin” atá léi in alt 14 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ).

Saoirse ón diúité ar scannáin chinematografacha.

8. —(1) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon scannán cinematografach de 16 milliméadair no níos mó ar leithead, pe'ca scannán díor-chló no scannán claon-chló é, a hiomportáladh no a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, no dá éis sin (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) agus a bhí no bheidh, ar é d'iomportáil amhlaidh, ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 10 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), no fén diúité forchuirtear le halt 17 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 )—

(a) gur daoine gur i Saorstát Éireann a bhí a bpríomh-áit no a n-aon-áit ghnótha ba bhun leis an scannán san do thabhairt amach agus, le linn an scannáin sin do thabhairt amach, go raibh an té do thug amach é agus furmhór na n-aisteoirí bhí páirteach ina thabhairt amach ina náisiúnaigh de Shaorstát Éireann agus gnáth-chomhnaí ortha i Saorstát Éireann, no

(b) gur i Saorstát Éireann a rinneadh an scannán san do thabhairt amach ar fad no nách mór ar fad agus, le linn an scannáin sin do thabhairt amach, go raibh furmhór na n-aisteoirí bhí páirteach ina thabhairt amach ina náisiúnaigh de Shaorstát Éireann agus gnáth-chomhnaí ortha i Saorstát Éireann,

déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an scannán san d'iomportáil gan an diúité forchuirtear le pe'ca alt de sna hailt sin 10 agus 17 a bhaineann leis an gcás do bheith íoctha air, no aon diúité den tsaghas san a híocadh cheana d'aisíoc.

Saoirse o dhiúité ar phlúr chruithneachtan agus ar mhin chruithneachtan.

9. —Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 3), 1932 ( Uimh. 22 de 1932 ), agus 'na dtaisbeánfar ina taobh, chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim, go bhfuiltear ar aigne gan í d'úsáid ach amháin mar gheall ar ghalar no mar chosc no mar leigheas ar ghalar, déanfar, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, í do leigint isteach gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi.

Aisíoc diúité d'údarú i gcásanna áirithe.

10. —Má bhíonn an tAire Airgid sásta, maidir le haon chonsighneacht bhagúin a hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Iúl, 1932, no dá éis sin—

(a) go raibh iomportálaí an bhagúin sin, le linn an bhagúin sin d'iomportáil, ina dhuine ar a raibh gnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no ina pháirtnéireacht no ina chuideachtain gur i Saorstát Éireann a bhí a haon-áit no a háiteanna uile gnótha, agus

(b) go ndearna an t-iomportálaí sin diúité custum d'íoc ar an mbagún san do réir an ráta socruítear le mír 3 den Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 1), 1932, agus

(c) go ndearna an t-iomportálaí sin an bagún san do cheannach agus íoc as roimh an 26adh lá d'Iúl, 1932,

féadfaidh an tAire sin, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íoc do dhéanamh leis an iomportálaí sin sa mhéid a bhí an diúité custum, d'íoc an t-iomportálaí sin mar adubhradh ar an mbagún san, de bhreis ar mhéid an diúité chustum a bheadh inéilithe agus iníoctha ar an mbagún san le linn é d'iomportáil amhlaidh dá mba ná déanfaí an tOrdú san.

Liúntas alos nicotín agus sugha tobac.

11. —(1) Fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, beidh liúntas, alos aon nicotín no sugha thobac a déanfar as tobac i Saorstát Éireann agus alos aon ullmhóide go n-úsáidfear aon nicotín no sugha tobac den tsórt san mar tháthchuid chun í do dhéanamh, iníoctha le heasportálaí an nicotín, an tsugha no na hullmhóide sin ar an gcéanna d'easportáil, liúntas do réir pé ráta (nách mó ná costas an nicotín, an tsugha, no na hullmhóide sin agus é méaduithe de dhruim sriantacht, éilithe, no coinníollacha ar n-a bhforchur, chun cosainte an ioncuim, ar dhéanamh no maidir le déanamh an nicotín no an tsugha san) ar a gcinnfidh an tAire Airgid o am go ham.

(2) Gach duine bheidh ag déanamh aon nicotín no sugha thobac as tobac i Saorstát Éireann, bhéarfa sé do sna Coimisinéirí Ioncuim, ar san d'éileamh air, gach eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil aige maidir leis an gcostas méaduithe de dhruim sriantacht, éilithe, no coinníollacha ar n-a bhforchur, chun cosainte an ioncuim, ar dhéanamh no maidir le déanamh an nicotín no an tsugha san.

(3) Einne go dteipfidh air déanamh do réir coinníll ar n-a fhorchur ag na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so no, air san d'éileamh air do sna Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, a bhéarfaidh do sna Coimisinéirí Ioncuim aon colas no éinní adeir sé is eolas agus a fhios aige san do bheith bréagach no mí-threorach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air.

Saoirse ghenerálta d'earraí ná hiomportálfar ach chun iad do thaisbeáint.

12. —Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann agus a bheidh, ar í d'iomportáil amhlaidh, ionchurtha fé aon diúité custum ar n-a fhorchur leis an achtachán so no le haon achtachán eile (roimhe seo no ina dhiaidh seo), ná fuil an earra san á hiomportáil amhlaidh ach amháin chun críche comórtais, taisbeántais, léirithe, no deismireachta éigin no chun críche éigin eile den tsórt san agus ná fuiltear ar aigne an earra san do dhíol ná do thairisgint chun a díolta i Saorstát Éireann agus go bhfuiltear ar aigne í d'easportáil ar an gcrích sin do bheith cólíonta, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san a híocadh ar an iomportáil sin d'aisíoc.

Forálacha áirithe den Acht Airgid, 1932 , do leasú no deireadh do chur leo.

13. —Déanfar agus deintear leis seo na forálacha uile agus fé seach den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú no deireadh do chur leo (pe'ca aca é) sa tslí luaidhtear sa tríú colún agus go n-éifeacht mar a luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal san os coinne luaidhte gach forála fé leith acu san sa dara colún san, agus léireofar an tAcht Airgid, 1932 , adubhradh agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Forálacha áirithe den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , do leasú no deireadh do chur leo.

14. —Déanfar agus deintear leis seo na forálacha uile agus fé seach den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) , a luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú no deireadh do chur leo (pe'ca aca é) sa tslí luaidhtear sa tríú colún agus go n-éifeacht mar a luaidhtear sa cheathrú colún den Cheathrú Sceideal san os coinne luaidhte gach forála fé leith acu san sa dara colún san, agus léireofar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , adubhradh agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Ceadúnaisí iomportála do bhuanú.

15. —In aon chás—

(a) ina ndeintear diúité custum (dá ngairmtear an diúité nua san alt so) d'fhorchur leis an Acht so ar earraí de shaghas áirithe, agus

(b) ina mbronntar comhacht leis an Acht so ar dhuine ar bith chun ceadúnaisí do thabhairt amach chun earraí den tsaghas san d'iomportáil gan an diúité nua do bheith íoctha ortha, agus

(c) díreach roimh theacht i bhfeidhm, de bhuadh an Achta um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , don diúité nua, ina raibh earraí den tsaghas san ionchurtha fé dhiúité chustum (dá ngairmtear an seana-dhiúité san Acht so) is cuma conus a forchuireadh é, agus

(d) díreach roimh an teacht i bhfeidhm sin, ina raibh comhacht dílsithe i nduine éigin chun ceadúnaisí do thabhairt amach chun earraí den tsaghas san d'iomportáil gan an seana-dhiúité do bheith íoctha ortha, agus

(e) inar tugadh amach ceadúnaisí (dá ngairmtear seanacheadúnaisí san alt so) fén gcomhacht is déanaí luadhadh roimh an teacht i bhfeidhm sin agus ina rabhadar san gan bheith ceiliúrtha, gan dul in eug, ná gan bheith caithte le linn an teachta i bhfeidhm sin,

ansan agus i ngach cás den tsórt san leanfaidh gach seanacheadúnas den tsórt san i bhfeidhm do réir a théarmaí ach an diúité nua do chur ann in ionad an tseana-dhiúité agus fé réir a cheiliúrtha uair ar bith ag an té ag a mbeidh comhacht chun ceadúnaisí do thabhairt amach alos an diúité nua.

Luach earraí do dhéanamh amach.

16. —Tuigfear gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an Achta so ná an praghas do bhéarfadh iomportálaí ar an earra san dá ndeintí an earra san do sheachadadh fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, iseadh a híocfar diúité.

Pionós mar gheall ar choinníollacha do shárú.

17. —Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll ar n-a fhorchur ag na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós caogad púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar na hearraí uile is ionchurtha fé dhiúité agus gur ina dtaobh do rinneadh an ní sin do gheallbhruideadh.

Cúram agus bainistí na ndiúitéthe.

18. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

19. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.