|
||||
|
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Congnamh Airgid Alos Cruithneachtan a Meilfear i Muilte Intire. | |
[EN] |
“An tAire” i gCuid III. |
37. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála. |
[EN] |
Muilte Intíre. |
38. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is muileann intíre gach muileann, nách muileann atá suidhte laistigh de chúig mhíle on bpríomh-oifig phuist i gcontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe no Luimnigh. |
[EN] |
Na rátaí conganta airgid. |
39. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid, o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, le hordú (dá ngairmtear ordú um chongnamh airgid (ráta) sa Chuid seo den Acht so) a shocrú do réir mheáchainte, fé réir forálacha an ailt so, cadé an ráta conganta airgid a híocfar fén gCuid seo den Acht so alos cruithneachtan a meilfear in aon mhuileann áirithe intíre. |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú um chongnamh airgid (ráta) baint le níos mó ná aon mhuileann intíre amháin agus sa chás san féadfar leis an ordú san rátaí ar leith no rátaí deifriúla conganta airgid do shocrú maidir le cuid de sna muilte sin no maidir leo uile. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, le hordú (dá ngairmtear ordú atharúcháin sa Chuid seo den Acht so) fén bhfo-alt so, aon ordú um chongnamh airgid (ráta) do cheiliúradh no do leasú. | |
[EN] | (4) Ní raghaidh an ráta no na rátaí conganta airgid a socrófar le hordú fén alt so thar scilling in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear. | |
[EN] | (5) Déanfar gach ordú fén alt so do leagadh fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san. | |
[EN] |
Congnamh airgid alos cruithneachtan a meilfear i muilte intíre. |
40. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, congnamh airgid d'íoc, ar feadh pé tréimhse cheapfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so, alos na cruithneachtan uile (fé réir na dteorann (más aon cheann é) a forchuirtear fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) a meilfear i muileann intíre gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta agus ordú um chongnamh airgid (ráta) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do réir an ráta bheidh socair don mhuileann san leis an ordú san no leis an ordú san agus é leasuithe le hordú atharúcháin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh no do leasú. | |
[EN] | (3) Pé uair a déanfar ordú um chongnamh airgid (ráta) maidir le muileann intíre, féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, a dhearbhú le hordú fén bhfo-alt so, i gcás an méid cruithneachtan a meilfear sa mhuileann san i mbliain arbhair do bheith níos mó ná an méid (dá ngairmtear an maximum sa bhfo-alt so) a socruítear leis an ordú san, ná híocfar aon chongnamh airgid alos aon chruithneachtan a meilfear thar an maximum sa mhuileann san in aon bhliain arbhair agus pé uair a bheidh aon ordú den tsórt san i bhfeidhm maidir le muileann intíre agus a meilfear sa mhuileann san in aon bhliain arbhair cruithneacht thar an maximum a socruítear leis an ordú san, ní híocfar aon chongnamh airgid alos aon chruithneachtan a meilfear as mhuileann san sa bhliain arbhair sin thar an maximum a socruítear leis an ordú san maidir leis an muileann san. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh no do leasú. | |
[EN] | (5) Déanfar gach congnamh airgid a híocfar fén gCuid seo den Acht so alos aon chruithneachtan do meileadh i muileann intíre d'íoc leis an té ba shealbhóir ar an gceadúnas muilneoireachta maidir leis an muileann san nuair do meileadh an chruithneacht san, no le hionadaí pearsanta an duine sin no (más cólucht corpruithe é) le n-a shocruitheoir agus, in aon chás, déanfar é d'íoc pé tráth agus é d'áireamh ar pé slí agus alos pé caindíochtaí cruithneachtan a hordófar. | |
[EN] | (6) Is ar an Aire déanfar gach éileamh ar íocaíocht chongnaimh airgid fen gCuid seo den Acht so agus isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach éileamh den tsórt san agus beidh breith an Aire ar aon éileamh den tsórt san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi, ach féadfaidh an tAire í do cheiliúradh no do leasú aon uair toisc calaoise, cam-thuairisce no earráide. | |
[EN] | (7) Ní híocfar aon chongnamh airgid alos aon chruithneachtan a mheilfidh an tAire fé Chuid VIII den Acht so. | |
[EN] | (8) Déanfar gach ordú fé fho-alt (1) den alt so do leagadh fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san. | |
[EN] |
Congnamh airgid a híocfar thar an gceart do bhaint amach. |
41. —(1) Má gheibhtear amach aon uair go bhfuair éinne aon íocaíocht, i bhfuirm chongnaimh airgid fén gCuid seo den Acht so, agus gan teideal dleathach aige chúiche no chun coda dhi, féadfar meid na híocaíochta san no na coda san den íocaíocht san, pé méid é agus gan dochar d'aon fhreagarthacht choiriúil ina thaobh, do bhaint amach tré imeachta síbhialta, ar agra an Aire, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche. |
[EN] | (2) In aon imeachta fén alt so beidh deimhniú i scríbhinn, fé láimh an Aire, á rá go bhfuair duine íocaíocht de mhéid áirithe i bhfuirm chongnaimh airgid fén gCuid seo den Acht so agus ná raibh an duine sin i dteideal na híocaíochta san no coda áirithe dhi, beidh san ina fhianaise prima facie ar na cúrsaí sin mar a bheid ráite sa deimhniú san. | |
[EN] | (3) Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid. | |
[EN] |
Rialacháin fé Chuid III. |
42. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh le hordú, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe; | |
[EN] | (b) ag ordú na gcoinníollacha bheidh le cólíonadh, na gcó-aontuithe bheidh le déanamh, agus na fianaise bheidh le tabhairt uatha ag daoine bheidh ag éileamh congnaimh airgid no bheidh ar aigne congnamh airgid d'éileamh fén gCuid seo den Acht so chun a gcirt chun an chongnaimh airgid sin agus méid an chongnaimh airgid sin do chruthú. | |
[EN] |
Ráitisí bréagacha maidir le congnamh airgid. |
43. —(1) Má dheineann éinne, chun congnaimh airgid fén gCuid seo den Acht so d'fháil do féin no d'éinne eile, aon ráiteas no plé cúise i scríbhinn a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin agus, i gcás cóluchta chorpruithe, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir agus rúnaí don chólucht san, mara gcruthuighe sé ná raibh fhios aige ná ná féadfadh sé a fháil amach le dúthracht réasúnta go raibh an ráiteas bréagach no mí-threorach mar adubhradh no, más stiúrthóir, bainisteoir no rúnaí cóluchta chorpruithe dhéanfaidh an ráiteas san, mara gcruthuighe sé gur i gan fhios do no gan a chead do rinneadh an ráiteas no an plé cúise, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh. |