|
||||
|
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Iomportalaithe Pluir, Driogairi, Iomportalaithe Cruithneachtan, Deighlealaithe I gCruithneachtain, Fasoiri Cruithneachtan, Muilneoiri Cruithneachtan Indiathaighe, Iomportalaithe Cruithneachtan Indiathaighe agus Deantoiri Abhar Beathadh Cumaiscthe do Chlaru agus Srianta Maidir le Gnothai Airithe do Bheith ar Siul. | |
[EN] |
Rialacháin fé Chuid IV. |
44. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ag an Aire sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ag an Aire Talmhaíochta. | |
[EN] |
Cláir a choimeádfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus an tAire Talmhaíochta. |
45. —(1) Cuirfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fé ndeár go gcoimeádfar— |
[EN] | (a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na n-iomportálaithe plúir; agus | |
[EN] | (b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na ndriogairí. | |
[EN] | (2) Cuirfidh an tAire Talmhaíochta fé ndeár go gcoimeádfar— | |
[EN] | (a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na n-iomportálaithe cruithneachtan; agus | |
[EN] | (b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain; agus | |
[EN] | (c) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na bhfásóirí cruithneachtan; agus | |
[EN] | (d) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe; agus | |
[EN] | (e) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe; agus | |
[EN] | (f) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe. | |
[EN] | (3) Cuirfear i ngach clár acu san na nithe ceangaltar leis an gCuid seo den Acht so do chur ann. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí do chlár sa Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí do chlár a bheidh á choimeád fén alt so. | |
[EN] |
An tAire ceart. |
46. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire ceart”— |
[EN] | (a) maidir le clár na n-iomportálaithe plúir agus le clár na ndriogairí agus le daoine bheidh cláruithe agus le háitreabhacha bheidh iontrálta sna cláir sin, an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus | |
[EN] | (b) maidir le haon chlár eile agus le daoine bheidh cláruithe agus le háitreabhacha bheidh iontrálta sa chlár san, an tAire Talmhaíochta. | |
[EN] |
Iarrataisí ar chlárú. |
47. —(1) Einne ’na mbíonn iomportáil phlúir no mhine cruithneachtan no iomportáil phlúir agus mhine cruithneachtan ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na n-iomportálaithe plúir alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige. |
[EN] | (2) Einne ’na mbíonn driogaireacht ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na ndriogairí alos aon áitreibh ’na bhfuil teideal aige do réir dlí an gnó san do bheith ar siúl aige ann. | |
[EN] | (3) Einne ’na mbíonn iomportáil chruithneachtan ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige. | |
[EN] | (4) Einne ’na mbíonn ceannach cruithneachtan dúthchais chun í d'ath-dhíol ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige. | |
[EN] | (5) Einne bheidh tar éis no ar aigne cruithneachtan do chur, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na bhfásóirí cruithneachtan alos aon áitreibh ina mbeidh sé tar éis no ar aigne cruithneachtan do chur. | |
[EN] | (6) Einne (dá ngairmtear muilneoir cruithneachtan Indiathaighe san alt so) ’na mbíonn meilt chruithneachtan Indiathaighe ina min bhuidhe ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige. | |
[EN] | (7) Einne ’na mbíonn iomportáil chruithneachtan Indiathaighe ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige. | |
[EN] | (8) Einne ’na mbíonn déanamh abhar beathadh cumaiscthe ar siúl aige no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige, féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe alos aon áitreibh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ’na mbeidh sé ar aigne é do bheith ar siúl aige. | |
[EN] | (9) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí fén alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) más mian le muilneoir cruithneachtan Indiathaighe go gclárófaí é alos dhá áitreibh no níos mó i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, déanfaidh iarratas ar leithligh ar chlárú do chur isteach alos gach áitreibh fé leith acu san; | |
[EN] | (b) más mian le duine go gclárófaí é i dhá gclár no níos mó déanfaidh iarratas ar leithligh ar chlárú do chur isteach alos gach cláir fé leith acu san; | |
[EN] | (c) beidh gach iarratas ar chlárú i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála, beidh sé sa bhfuirm ordóidh an tAire sin agus beidh ann na mion-innste ordóidh an tAire sin agus luadhfar ann an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh é do chlárú sa chlár san; | |
[EN] | (d) beidh gach iarratas ar chlárú i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an Aire Talmhaíochta, beidh sé sa bhfuirm ordóidh an tAire sin agus beidh ann na mion-innste ordóidh an tAire sin agus luadhfar ann an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh é do chlárú sa chlár san. | |
[EN] | (10) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do bhuniarratas ar chlárú do léiriú mar thagairt d'iarratas ar chlárú ar n-a dhéanamh fén alt so. | |
[EN] |
Daoine do chlárú. |
48. —(1) Ar iarratas ar chlárú i gclár áirithe fén alt deiridh sin roimhe seo agus dá réir d'fháil do cuirfidh an tAire ceart, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, sa chlár san ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh a luaidhtear san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh clárú á iarraidh. |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí san Acht so d'iomportálaí chláruithe phlúir, do dhriogaire chláruithe, d'iomportálaí chláruithe chruithneachtan, do dheigleálaí chláruithe i gcruithneachtain, d'fhásóir chláruithe chruithneachtan, do mhuilneoir chláruithe chruithneachtan Indiathaighe, d'iomportálaí chláruithe chruithneachtan Indiathaighe agus do dhéantóir chláruithe abhar beathadh cumaiscthe do léiriú mar thagairtí do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na n-iomportálaithe plúir, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na ndriogairí, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na bhfásóirí cruithneachtan, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe, agus do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe, fé seach. | |
[EN] |
Forais chun díúltuithe do chlárú i gcláir áirithe. |
49. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir, diúltú don duine sin do chlárú más dóich leis, ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana féin, ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú. |
[EN] | (2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ní dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir, diúltú don duine sin do chlárú má bhí an duine sin bona fide ag iomportáil phlúir i rith aon choda den tréimhse cheaptha, mar ghníomhaire chun plúir do meileadh sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann d'iomportáil no mar dhuine ag á raibh plúr á iomportáil go díreach o aon tír eile seachas ón mBreatain Mhóir no o Thuaisceart Éireann, agus más ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dáta cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain, i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe no i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe, diúltú don duine sin do chlárú más dóich leis, ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana féin ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú. | |
[EN] | (4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ní dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan no i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh áirithe, diúltú don duine sin do chlárú más rud é— | |
[EN] | (a) i gcás duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan— | |
[EN] | (i) gur sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta alos an áitreibh sin an duine sin, no | |
[EN] | (ii) go raibh an duine sin bona fide ag iomportáil chruithneachtan i rith aon choda den tréimhse cheaptha, agus gur ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dáta cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú; agus | |
[EN] | (b) i gcás duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe, go raibh an duine sin bona fide ag iomportáil chruithneachtan Indiathaighe i rith aon choda den tréimhse cheaptha agus gur ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dtáa cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú. | |
[EN] | (5) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh áirithe, diúltú don duine sin do chlárú más dóich leis— | |
[EN] | (a) ná fuil an t-áitreabh san oiriúnach agus ná fuil leorfhearas ann chun crícheanna an ghnótha le n-a mbaineann an clár san, no | |
[EN] | (b) ná fuil an t-áitreabh san ná an fearas atá ann i dtreo mhaith, no | |
[EN] | (c) ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana féin, ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú. | |
[EN] | (6) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ní dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh áirithe, diúltú don duine sin do chlárú má bhí an duine sin bona fide ag meilt chruithneachtan Indiathaighe san áitreabh san i rith aon choda den tréimhse cheaptha, agus más ar dháta nách déanaí ná mí tar éis an dáta cheaptha a déanfar an t-iarratas ar chlárú. | |
[EN] | (7) San alt so cialluíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Eanar, 1929, agus dar chríoch an 19adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, agus cialluíonn an abairt “an dáta ceaptha” dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so. | |
[EN] |
Clárú alos áitreibh sa mbreis. |
50. —(1) Féadfaidh éinne bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád fén gCuid seo den Acht so a iarraidh ar an Aire ceart é do chlárú sa chlár san alos áitreibh sa mbreis agus ar fháil an iarratais sin don Aire cheart déanfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, an duine sin do chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin sa mbreis. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ceart, maidir le duine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige alos áitreibh sa mbreis (nách áitreabh a bheidh i gceangal no teoranta le háitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh sa chlár san cheana féin) diúltú don duine sin do chlárú ar aon cheann de sna forais ar a mbeadh sé údaruithe dho, leis an alt deiridh sin roimhe seo, diúltú don duine sin do chlárú da mba bhun-iarratas ón duine sin ar chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin sa mbreis an t-iarratas san. | |
[EN] |
Táillí ar iarrataisí ar chlárú agus ar chlárú bhreise i gcláir na ndeighleálaithe i gcruithneachtain agus na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe. |
51. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo íocfaidh an t-iarratasóir táille phúint leis an Aire Talmhaíochta ar gach bun-iarratas ar chlárú i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain no i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, agus má iarrann an t-iarratasóir sin é do chlárú sa chlár san alos níos mó ná aon áitreabh amháin íocfaidh táille bhreise de phúnt in aghaidh gach áitreibh de bhreis ar aon áitreabh amháin. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo tuigfear iarratas ar chlárú alos áitreibh sa mbreis fén alt deiridh sin roimhe seo do bheith ina bhun-iarratas ar chlárú an iarratasóra. | |
[EN] | (3) Ní bheidh aon táille iníoctha fé fho-alt (1) den alt so ar bhun-iarratas ar chlárú i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh má bhí an t-iarratasóir bona fide ag meilt chruithneachtan Indiathaighe san áitreabh san i rith aon choda den tréimhse dar thosach an ladh lá d'Eanar, 1929, agus dar chríoch an 19adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, agus más ar dháta nách déanaí ná mí tar éis dáta tosach feidhme na Coda so den Acht so a déanfar an t-iarratas. | |
[EN] |
Ráiteas i dtaobh na bhforas ar a ndiúltófar do ghéilleadh d'iarratas. |
52. —Sara ndiúltóidh an tAire ceart do ghéilleadh d'iarratas ar chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád aige seirbheálfaidh tríd an bpost cláruithe ar an iarratasóir fógra á rá go bhfuil an tAire sin ar aigne diúltú do ghéilleadh don iarratas san agus ag luadh réasún an diúltuithe sin agus breithneoidh aon chúis a dhéanfaidh an t-iarratasóir do phlé leis laistigh de choicíos tar éis an fhógra san do sheirbheáil. |
[EN] |
Deimhnithe ar chlárú. |
53. —(1) Déanfaidh an tAire ceart, ar n-a iarraidh sin air d'éinne bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige agus ar an duine sin d'íoc táille scillinge leis an Aire sin, deimhniú ar an gclárú san do thabhairt amach don duine sin. |
[EN] | (2) Pé uair do bhéarfaidh an tAire ceart amach do dhuine bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á choimeád ag an Aire sin deimhniú ar an duine sin do bheith cláruithe amhlaidh agus a scuirfidh an duine sin de bheith cláruithe sa chlár san, ansan, an duine dar tugadh amach an deimhniú san déanfaidh laistigh de thrí lá no (i gcás an duine sin do bheith tar éis bháis) déanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin laistigh de mhí tar éis bháis an duine sin an deimhniú san ar chlárú do sheachadadh don Aire sin. | |
[EN] | (3) Má thárlann do dhuine ar bith go gceangaltar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo deimhniú ar chlárú do sheachadadh é do theip no é do thabhairt faillí maidir leis an seachadadh san do dhéanamh do réir an fho-ailt sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cúiseamh do dhéanamh i gcionta fén alt so maidir le deimhniú do thug an tAire sin amach fén alt so, agus féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cúiseamh do dhéanamh i gcionta fén alt so maidir le deimhniú do thug an tAire sin amach fén alt so. | |
[EN] |
An clárú d'atharú i gcás éaga no i gcás an ghnótha d'aistriú. |
54. —(1) I gcás duine ar bith d'éagadh a bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á choimeád, déanfaidh an tAire ceart, ar n-a iarraidh sin air d'ionadaí phearsanta an duine sin, ainm an ionadaí phearsanta san do chur sa chlár san in ionad ainm an duine sin. |
[EN] | (2) I gcás únaerachta aon ghnótha bheidh ar siúl in áitreabh a bheidh iontrálta in aon chlár d'aistriú chun duine eile déanfaidh an tAire ceart, ar n-a iarraidh sin air don duine sin, an iontráil a bheidh ar an áitreabh san sa chlár san do scriosadh amach agus an duine sin do chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin. | |
[EN] |
Cuntaisí chuirfidh daoine cláruithe (seachas fásóirí cruithneachtan) isteach. |
55. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dheanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) na cuntaisí bhéarfaidh iomportálaithe cláruithe plúir agus driogairí cláruithe dho; | |
[EN] | (b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin: | |
[EN] | (c) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) na cuntaisí bhéarfaidh iomportálaithe cláruithe cruithneachtan, deighleálaithe cláruithe i gcruithneachtain, muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaithe cláruithe cruithneachtan Indiathaighe agus déantóirí cláruithe abhar beathadh cumaiscthe dho; | |
[EN] | (b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin; | |
[EN] | (c) na fuimeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin. | |
[EN] | (3) Gach éinne ar a mbeidh ceangailte le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta dhéanfaidh iomportálaí cláruithe plúir no driogaire cláruithe fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta dhéanfaidh iomportálaí cláruithe cruithneachtan, deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] |
Cuntaisí o fhásóirí cláruithe cruithneachtan. |
56. —(1) Déanfaidh gach fásóir cláruithe cruithneachtan, ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá d'Abrán no nách déanaí ná pé dáta is luatha ná san (más aon cheann é) a bheidh orduithe ag an Aire Talmhaíochta sa bhliain 1933, agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuntas do chur chun an Aire sin ar an achar do chuir sé fé chruithneachtain ón ladh lá de Lúnasa díreach roimhe sin, agus is sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire sin a bheidh gach ráiteas den tsórt san agus beidh ann na mion-innste bheidh orduithe ag an Aire sin. |
[EN] | (2) I dteanta na ráiteas is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo, déanfaidh gach fásóir cláruithe cruithneachtan, ar an Aire Talmhaíochta dá sheirbheáil le fógra, cuntas do chur chun an Aire sin, laistigh de dheich lá tar éis na seirbheála san, agus pé mioninnste ann a bheidh luaidhte sa bhfógra san i dtaobh aon chruithneachtan do chuir sé. | |
[EN] | (3) Má theipeann ar aon fhásóir cláruithe cruithneachtan déanamh do réir forálacha an ailt seo no má chuireann sé, in aon chuntas ar n-a dhéanamh fén alt so, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an fásóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] | (5) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige. | |
[EN] |
Breacacháin a coimeádfar in áitreabh cláruithe. |
57. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe i gclár na n-iomportálaithe plúir no i gclár na ndriogairí alos áitreibh ar bith na breacacháin seo leanas do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha agus iad sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) más i gclár na n-iomportálaithe plúir a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh an phlúir chruithneachtan agus na mine cruithneachtan go léir do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den phlúr agus den mhin sin do cuireadh de láimh; no | |
[EN] | (b) más i gclár na ndriogairí bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan dúthchais inmheilte go léir do cheannuigh sé agus do tugadh chun an áitreibh sin agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do cuireadh de láimh; | |
[EN] | agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na n-iomportáil, na gceannach no na gcur-de-láimh sin, na mioninnste ina dtaobh san a bheidh orduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála d'iontráil no a chur fé ndeár iad d'iontráil sna breacacháin sin. | |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain, i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe, i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe, no i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe alos áitreibh ar bith na breacacháin seo leanas do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha agus iad sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire Talmhaíochta, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) más i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan iomportálta go léir do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do cuireadh de láimh; no | |
[EN] | (b) más i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan dúthchais inmheilte go léir do cheannaigh sé agus do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do cuireadh de láimh; no | |
[EN] | (c) más i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na gcruithneachtan Indiathaighe go léir agus an arbhair dhúthchais go léir do tugadh chun an áitreibh sin, i dtaobh na gcaindíocht den chruithneachtain Indiathaigh agus den arbhar dhúthchais sin do meileadh ina meascán mine buidhe san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den mheascán mhine buidhe sin do cuireadh de láimh; no | |
[EN] | (d) más i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na cruithneachtan Indiathaighe go léir do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh san áitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain Indiathaigh sin do cuireadh de láimh no | |
[EN] | (e) más i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na mbun-abhar go léir do húsáideadh chun abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh, i dtaobh na n-abhar beathadh cumaiscthe go léir do rinneadh san aitreabh san agus i dtaobh gach caindíochta de sna habhair bheathadh san do cuireadh de láimh; | |
[EN] | agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon iomportáil, ceannach, meilt, déanamh, no cur-de-láimh den tsórt san do chríochnú, na mion-innste ina dtaobh san a bheidh orduithe ag an Aire Talmhaíochta d'iontráil no a chur fé ndeár iad d'iontráil sna breacacháin sin. | |
[EN] | (3) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo, féadfaidh aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála, más iomportálaí cláruithe plúir no driogaire cláruithe bheidh ag coimeád an bhreacacháin sin, no féadfaidh aon chigire don Aire Talmhaíochta, más iomportálaí cláruithe cruithneachtan, deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe bheidh ag coimeád an bhreacacháin sin, féadfaidh an breacachán san d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as. | |
[EN] | (4) Má thárlann d'éinne dhlighfidh fén alt so breacachán do choimeád alos áitreibh ar bith— | |
[EN] | (a) go dteipfidh air an breacachán san is gá do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád san áit cheaptha, no | |
[EN] | (b) go dteipfidh air iontráil ar bith do chur no a chur fé ndeár í do chur, laistigh den am a socruítear leis an alt so, sa bhreacachán san, is gá do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, no | |
[EN] | (c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, is gá dho do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no | |
[EN] | (d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa breacachán san, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] | (5) Chun crícheanna an ailt seo— | |
[EN] | (a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus | |
[EN] | (b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no aon scríbhinn eile, d'iarr cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áit cheaptha ar éinne bhí ar fostú ag an duine sin; agus | |
[EN] | (c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, iarrfaidh cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áit cheaptha thárlóidh san agus má sé duine dá dtárlóidh ná duine ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no ar ar theip amhlaidh; agus | |
[EN] | (d) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le haon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár na ndriogairí no i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe no i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe— | |
[EN] | (i) i gcás an obair oifige bhaineann leis an áitreabh san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an áitreibh sin ach nách cuid den áitreabh san, an fhoirgint sin, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, an áit san áitreabh san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl; agus | |
[EN] | (e) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le haon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár na n-iomportálaithe plúir, i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan, i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain no i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe— | |
[EN] | (i) i gcás an áitreibh sin do bheith á úsáid chun plúir, cruithneachtan no cruithneachtan Indiathaighe (pe'ca aca é) do stóráil ann— | |
[EN] | I. i gcás an obair oifige bhaineann leis an áitreabh san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an áitreibh sin ach nách cuid den áitreabh san, an fhoirgint sin, agus | |
[EN] | II. in aon chás eile, an áit san áitreabh san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl, agus | |
[EN] | (ii) i gcás gan ach oifigí do bheith san áitreabh san, an t-áitreabh san; agus | |
[EN] | (f) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”— | |
[EN] | (i) maidir le haon lá (nách Domhnach ná lá saoire bainc, ná lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar), aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha, agus | |
[EN] | (ii) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a haon a chlog um thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh más iomportálaí cláruithe plúir no driogaire cláruithe dhéanfaidh an cionta san. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh más iomportálaí cláruithe cruithneachtan, deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe dhéanfaidh an cionta san. | |
[EN] |
Cláir do bheith i gcoimeád agus a mbeidh ionta do bheith ina fhianaise. |
58. —(1) Maidir leis na cláir— |
[EN] | (a) tuigfear iad do bheith sa choimeád cheart nuair a bheid i gcoimeád ag an Aire ceart no ag aon oifigeach don Aire sin go n-údarás chuige sin ón Aire sin; agus fós, | |
[EN] | (b) beid ionghlactha mar fhianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar iad do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart. | |
[EN] | (2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil i gclár ar bith do thabhairt in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé shéala an Aire chirt. | |
[EN] | (3) Beidh deimhniú fé shéala an Aire chirt á rá go bhfuil duine ar bith a luaidhtear sa deimhniú san gan bheith cláruithe in aon chlár no cláir áirithe choimeádann an tAire sin, beidh san ina fhianaise prima facie in aon imeacht dlí ar na fíora deimhnítear amhlaidh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh éinne— | |
[EN] | (a) clár ar bith d'iniúchadh ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire ceart; | |
[EN] | (b) cóip, agus í deimhnithe mar chóip dhílis sa tslí luaidhtear anso roimhe seo, d'aon iontráil i gclár ar bith d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire ceart; | |
[EN] | (c) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá go bhfuil éinne áirithe gan bheith cláruithe i gceann de sna cláir sin a choimeádann an tAire Tionnscail agus Tráchtála, d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire sin; | |
[EN] | (d) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá go bhfuil éinne áirithe gan bheith cláruithe i gceann de sna cláir sin a choimeádann an tAire Talmhaíochta, d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire sin. | |
[EN] |
A mbeidh sna cláir, etc., d'fhoillsiú. |
59. —(1) Féadfaidh an tAire ceart foillsiú do dhéanamh, i pé slí is oiriúnach leis— |
[EN] | (a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige; agus | |
[EN] | (b) ar fhógra i dtaobh é do dhéanamh nea-mbríochainte no atharuithe ar chlárú éinne áirithe bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád aige. | |
[EN] | (2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire ceart o am go ham pé eolas staitistíochta (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as cuntaisí do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so), i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag daoine bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád aige, do bhailiú agus d'fhoillsiú is oiriúnach leis. | |
[EN] | (4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mioninnste sin gan cead i scríbhinn d'fháil ón duine sin no o dhílseánach an ghnótha no an chúraim sin. | |
[EN] |
Aitreabhacha cláruithe d'iniúchadh. |
60. —(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár ar bith (seachas clár na bhfásóirí cruithneachtan) no in áitreabh éinne bheidh tar éis a iarraidh go gclárófaí in aon chlár den tsórt san é alos an áitreibh sin, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) scrúdú do dhéanamh ar aon chruithneachtain (pe'ca cruithneacht iomportálta no cruithneacht dúthchais í), plúr, min chruithneachtan, cruithneacht Indiathach, min bhuidhe, arbhar dúthchais (seachas cruithneacht), turscar no criathracht cruithneachtan no arbhair eile, meascán mine buidhe, bun-abhair chun abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh no abhar beathadh cumaiscthe do gheobhfar san áitreabh san agus somplaí réasúnta do thógaint den chruithneachtain, den phlúr, den mhin chruithneachtan, den chruithneachtain Indiathaigh, den mhin bhuidhe, den arbhar dhúthchais (seachas cruithneacht), den turscar no den chriathracht chruithneachtan no arbhair eile sin no den mheascán mine buidhe sin, no den bhun-abhar san chun abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh no den abhar bheathadh chumaiscthe sin, agus | |
[EN] | (b) mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe i gclár na ndriogairí no mara mbeifear á iarraidh go gclárófaí é sa chlár san, an t-áitreabh san ar fad no aon chuid de agus an gléasra, na fearaistí agus na feistisí bheidh ann d'iniúchadh. | |
[EN] | (2) Beidh cigire ar bith i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár na bhfásóirí cruithneachtan agus an t-áitreabh san ar fad no aon chuid de no an barra cruithneachtan a bheidh ag fás no do fásadh ann no toradh an bharra san d'iniúchadh. | |
[EN] | (3) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh aon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (4) Má sé áit ina ndéanfar cionta fén alt so ná in áitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir no i gclár na ndriogairí féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir an cionta san do chúiseamh, agus má sé áit ina ndéanfar an cionta san ná in aon áitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár ar bith eile féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir an cionta san do chúiseamh. | |
[EN] | (5) San alt so cialluíonn an abairt “cigire”— | |
[EN] | (a) maidir le háitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár na n-iomportálaithe plúir no i gclár na ndriogairí, cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála, agus | |
[EN] | (b) maidir le háitreabh a bheidh iontrálta no go mbeifear á iarraidh go n-iontrálfaí é i gclár ar bith eile, cigire don Aire Talmhaíochta. | |
[EN] |
Clárú d'atharu no do chur ar nea-mbrí. |
61. —(1) Féadfaidh an tAire ceart aon uair clárú éinne i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige d'atharú ar iarratas an duine sin no, más éinne amháin an duine sin, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an tsocrathóra. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire ceart clárú éinne i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige do chur ar nea-mbrí ar iarratas an duine sin no, más éinne amháin an duine sin, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an tsocrathóra. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire ceart aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige d'atharú in aon tslí ’na bhfeicfear do an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire ceart aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige do chur ar nea-mbrí más rud é— | |
[EN] | (a) gur deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an clárú; no | |
[EN] | (b) go mbeidh an té bheidh cláruithe sa chlár san tar éis scur den ghnó gur ina thaobh a cláruíodh é amhlaidh; no | |
[EN] | (c) gur thárla don té bheidh cláruithe sa chlár san, más duine amháin é, é d'fháil bháis, no, más cólucht corpruithe é, é do scur agus ná ndearnadh, laistigh de ráithe tar éis an bháis no an scuir sin, éinne eile do chlárú in ionad an duine chláruithe bheidh tar éis bháis no scurtha amhlaidh; no | |
[EN] | (d) gur tugadh de bhreith ar an té bheidh cláruithe sa chlár san gur duine gnó-bhriste é; no | |
[EN] | (e) go ndearnadh an té bheidh cláruithe sa chlár san do chiontú i gcionta fén Acht so. | |
[EN] | (5) Sara ndeinidh an tAire ceart atharú no nea-mbríochaint (ar aon tslí seachas do réir iarratais chuige sin fén alt so) ar chlárú duine ar bith, bhéarfa sé fógra mí ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí pearsanta (más ann do) no dá shocrathóir (pe'ca aca é) á rá go bhfuil sé chun an chláruithe sin d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh agus cadiad na fáthanna atá aige leis sin, agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní dhéanfaidh an tAire sin an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí go dtéighidh an fógra san in éag; agus | |
[EN] | (b) má dheineann an duine dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé sara dtéighidh an fógra san in éag, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) breithneoidh an tAire sin an chúis sin, agus | |
[EN] | (ii) mara geinnidh an tAire sin, de bharr an bhreithnithe sin, gan an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí, déanfaidh, i gcás an duine sin dá iarraidh sara dtéighidh an fógra san in éag go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil, no féadfaidh, in aon chás eile más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus | |
[EN] | (iii) má chuireann an tAire sin fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní dhéanfaidh an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san. | |
[EN] | (6) Féadfar fógra i dtaobh an Aire ceart do bheith chun cláruithe do chur ar nea-mbrí no d'atharú do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige. | |
[EN] |
Toirmeasc ar cheannach cruithneachtan dúthchais chun a hath-dhíolta, ar mheilt chruithneachtan Indiathaighe, agus ar dhéanamh abhar beathadh cumaiscthe do bheith ar siúl ag daoine ná beidh cláruithe. |
62. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ceannach cruithneachtan dúthchais chun a hath-dhíolta do bheith ar siúl aige maran rud é— |
[EN] | (a) gur deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain an duine sin, agus | |
[EN] | (b) gur in áitreabh ’na mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain a bheidh an gnó san ar siúl. | |
[EN] | (2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith cruithneacht Indiathach do mheilt maran rud é— | |
[EN] | (a) (i) gur muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe an duine sin, agus | |
[EN] | (ii) gur in áitreabh ’na mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe meilfear an chruithneacht Indiathach san; no | |
[EN] | (b) gurb é an tAire Talmhaíochta an duine sin; no | |
[EN] | (c) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so meilfear an chruithneacht Indiathach san. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadúnas, a údarú d'éinne nách muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, cruithneacht Indiathach do mheilt, in aon áitreabh a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart. | |
[EN] | (4) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh cumaiscthe do dhéanamh maran rud é— | |
[EN] | (a) gur déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe an duine sin; agus | |
[EN] | (b) go ndeintear an t-abhar beathadh cumaiscthe sin— | |
[EN] | (i) fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire Talmhaíochta fén alt so, agus | |
[EN] | (ii) in áitreabh ’na mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ceadúnas do dheonadh d'aon déantóir cláruithe abhar beathadh cumaiscthe á údarú dho, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire Talmhaíochta d'fhorchur, aon abhar beathadh cumaiscthe áirithe do dhéanamh gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart. | |
[EN] | (6) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] | (8) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann deifir d'oibriú an Achta chun Déantúisí do Rialú, 1932 ( Uimh. 21 de 1932 ). |