An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Iomportalaithe Pluir, Driogairi, Iomportalaithe Cruithneachtan, Deighlealaithe I gCruithneachtain, Fasoiri Cruithneachtan, Muilneoiri Cruithneachtan Indiathaighe, Iomportalaithe Cruithneachtan Indiathaighe agus Deantoiri Abhar Beathadh Cumaiscthe do Chlaru agus Srianta Maidir le Gnothai Airithe do Bheith ar Siul.) Ar Aghaidh (CUID VI. Srian le Cruithneachtain Indiathaigh, Min Bhuidhe agus Meascan Mine Buidhe do Dhiol.)

7 1933

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933

CUID V.

Deolchairi ar Chruithneachtain Duthchais Inmheilte, agus Srian le Cruithneachtain Iomportalta do Dhiol agus le Cruithneachtain Duthchais Inmheilte d'Ath-Dhiol.

“An tAire” i gCuid V.

63. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Rialacháin fé Chuid V.

64. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Ciontaí fé Chuid V do chúiseamh.

65. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Saosúir dhíola (cruithneacht).

66. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is saosúr díola (cruithneacht) gach tréimhse acu so leanas i ngach bliain arbhair, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Lúnasa agus dar críoch an 15adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain arbhair sin;

(b) an tréimhse dar tosach an 15adh lá d'Eanar agus dar críoch an 15adh lá d'Abrán sa bhliain arbhair sin;

(c) an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Bhealtaine agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl sa bhliain arbhair sin.

Riail-phraghas cruithneachtan dúthchais inmheilte.

67. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh, fé réir forálacha an ailt seo, mar riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte in aghaidh na saosúr díola (cruithneacht) uile agus fé seach atá leagtha amach sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná an praghas an barraille atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh an tsaosúir dhíola (cruithneacht) san.

(2) Déanfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, a shocrú chun crícheanna na Coda so den Acht so alos gach saosúir dhíola (cruithneacht) (seachas na saosúir dhíola (cruithneacht) atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so) cad is praghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san isé an praghas an barraille socrófar leis an ordú san a bheidh, fé réir forálacha an ailt seo agus chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte alos gach saosúir dhíola (cruithneacht) le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus i gcás aon ordú den tsórt san do bhaint le dhá shaosúr dhíola (cruithneacht) no níos mó féadfar riail-phraghsanna deifriúla do shocrú alos saosúracha deifriúla díola (cruithneacht).

(3) Gach ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo is ar dháta nách déanaí ná dhá bhliain roimh thosach an tsaosúir dhíola (cruithneacht) le n-a mbainfe sé a déanfar é.

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon am roimh thosach saosúir dhíola (cruithneacht) no i rith an tsaosúir sin, le hordú fén bhfo-alt so, an riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte a socruítear leis na forálacha san roimhe seo den alt so no socrófar fútha, alos an tsaosúir dhíola (cruithneacht) san, do mhéadú, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san isé bheidh mar riail-phraghas an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte alos an tsaosúir dhíola (cruithneacht) le n-a mbainfidh an t-ordú san ná an riail-phraghas agus é méaduithe amhlaidh leis an ordú san.

(5) Gach ordú a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar d'ordú nua do dhéanamh.

Deimhnithe díola (cruithneacht dúthchais).

68. —(1) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) sa Chuid seo den Acht so) is gá do réir an ailt seo d'úsáid is sa bhfuirm seo leanas a bheidh sé:—

ACHT TORA TALMHAIOCHTA (ARBHAR), 1933 .

DEIMHNIU DIOLA (CRUITHNEACHT DUTHCHAIS).

CUID I.

Deimhním leis seo mar leanas:—

(a) gur dhíolas..............................................................................

barraillí cruithneachtan agus 20 cloch i ngach

barraille acu le....................................................................

..........................................................................................

as.......................................................................................

ar an..........................................lá de................................, agus

(b) gur i rith na bliana arbhair atá ann anois do baineadh

an chruithneacht san, agus gur thoradh í ar bharra

d'fhás ..................................................................................

ar thailte...............................................................................

i gcontae....................................................................., agus

(c) go raibh na tailte sin iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe díreach roimh thosach na bliana arbhair sin, agus

(d) go rabhas cláruithe sa chlár san alos an dtailte sin ar feadh na ráithe sin no gur mé is ionadaí pearsanta (no socrathóir) don duine do bhí cláruithe sa chlár san alos na dtailte sin ar feadh na ráithe sin no gur mé is sannaí na dtailte sin.

Sighniú an Díoltóra........................................................

Seoladh an Díoltóra.......................................................

Dáta : an...............................lá de...........................19........

CUID II.

Deimhním leis seo mar leanas:—

(a) gur cheannuíos..............................................................barraillí

cruithneachtan dúthchais inmheilte agus 20 cloch i

ngach barraille acu o............................................................

as........................................................................................

ar an...................................................................................

agus

(b) gur seachadadh an chruithneacht san dom go cuibhe, agus

(c) gurb é praghas d'íocas ar an gcruithneachtain sin ná...........................................an barraille 20 cloch, agus

(d) gur sealbhóir mé ar cheadúnas mhuilneoireachta ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht a luaidhtear thuas alos an mhuilinn atá suidhte i......................no go bhfuilim i dteideal, de bhuadh míre (b) no míre (c) d'fho-alt (1)

d'alt 19 den Acht a luaidhtear thuas, mar.............................

..........................................................................................

do......................................................................................

do bhí no atá ina shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht san alos

an mhuilinn atá suidhte i......................................................,

meilt chruithneachtan do bheith ar siúl agam sa mhuileann san, no go bhfuilim cláruithe i gclár na ndeighleálaithe i gcruithneachtain no go bhfuilim cláruithe i gclár na ndriogairí, agus

(e) go ndearnadh no go ndéanfar an chruithneacht san do thabhairt chun an áitreibh seo leanas no deighleáil

léi san áitreabh san...............................................................

...........................................................................................

Sighniú an Cheannuitheora.............................................

Seoladh an Cheannuitheora............................................

Dáta : an...............................lá so de.....................19........”

(2) Pé uair a déanfar, i rith aon tsaosúir dhíola (cruithneacht) i mbliain arbhair, aon chruithneacht dúthchais inmheilte do baineadh i rith na bliana arbhair sin agus do fásadh in áitreabh do bhí iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe díreach roimh thosach na bliana arbhair sin do dhíol le duine (dá ngairmtear an ceannuitheoir san alt so) is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta, is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, no is driogaire cláruithe agus gurb é duine dhíolfaidh an chruithneacht san (dá ngairmtear an díoltóir san alt so) ná an duine (dá ngairmtear an duine cláruithe san alt so) do bhí cláruithe amhlaidh alos an áitreibh sin ar feadh na ráithe sin no ionadaí pearsanta no socrathóir an duine chláruithe no an sannaí ón duine cláruithe no o ionadaí pearsanta an duine chláruithe ar an áitreabh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an díoltóir, ar é do sheachadadh na cruithneachtan san don cheannuitheoir, fuirm deimhnithe díola (cruithneacht dúthchais) do thabhairt don cheannuitheoir tar éis do na mion-innste a hiarrtar gCuid I den fhuirm sin agus a bhaineann leis an eadarghnó do chur isteach sa Chuid sin I agus an Chuid sin I do shighniú ag á bun,

(b) déanfaidh an ceannuitheoir, ar an bhfuirm sin d'fháil agus Cuid I di críochnuithe go cuibhe do réir na míre deiridh sin roimhe seo agus í sighnithe ag an díoltóir, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(i) cuirfidh isteach i gCuid II den fhuirm sin na mion-innste a hiarrtar sa Chuid sin II agus a bhaineann leis an eadarghnó san agus sighneoidh an Chuid sin II ag á bun, agus

(ii) cuirfidh an fhuirm sin chun an Aire láithreach, agus

(iii) seachadfaidh don díoltóir cóip di fé mar a bheidh sí críochnuithe ag an díoltóir agus ag an gceannuitheoir.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith no má bheireann faillí maidir le déanamh do réir forálacha an ailt seo no má chuireann sé, in aon deimhniú díola (cruithneacht dhúthchais), aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Mion-innste i dtaobh cruithneachtan dúthchais a cheannóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

69. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le Cuid VIII den Acht so, i rith aon tsaosúir dhíola (curithneacht) i mbliain arbhair, aon chruithneacht dúthchais inmheilte do cheannach do baineadh i rith na bliana san agus do fásadh in áitreabh do bhí iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan i rith na ráithe díreach roimh thosach na bliana san, bhéarfaidh an tAire sin don Aire Talmhaíochta, chó luath agus is féidir é tar éis gach ceannaigh den tsórt san, ráiteas ina luadhfar—

(a) ainm agus seoladh an díoltóra;

(b) an méid barraillí cruithneachtan do ceannuíodh;

(c) an praghas an barraille do híocadh ar an gcruithneachtain sin; agus

(d) an t-áitreabh in ar fásadh an chruithneacht san.

Meán-phraghas cruithneachtan dúthchais in aghaidh saosúr díola (cruithneacht) do chinneadh.

70. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach saosúir dhíola (cruithneacht) déanfaidh an tAire a chinneadh, o sna deimhnithe díola (cruithneacht dúthchais) a bhaineann leis an saosúr san agus do tugadh do fé fhorálacha na Coda so den Acht so, agus o sna ráitisí (más aon cheann é) a bhaineann leis an saosúr san agus do thug an tAire Tionnscail agus Tráchtála dho fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, cé méid an barraille do híocadh ar chruithneachtain dúthchais inmheilte do díoladh i rith an tsaosúir sin agus, chun crícheanna na Coda so den Acht so, isé an méid ar a gcinnfe sé a bheidh mar mheán-phraghas chinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais in aghaidh an tsaosúir sin.

(2) Chó luath agus beifear tar éis a chinneadh fén alt so cad is meán-phraghas cinnte ar chruithneachtain dúthchais in aghaidh aon tsaosúir dhíola (cruithneacht), cuirfidh an tAire fé ndeár mion-innste ina thaobh san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

Deolchaire ar chruithneachtain dúthchais inmheilte.

71. —(1) Más rud é, in aon tsaosúr díola (cruithneacht) de bhliain arbhair, go mbeidh an meán-phraghas cinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte in aghaidh an tsaosúir sin níos lugha ná an riail-phraghas an barraille in aghaidh an tsaosúir sin, ansan, gach duine a chruthóidh chun sástachta an Aire go ndearna sé sa tsaosúr san aon chruithneacht dúthchais inmheilte do baineadh i rith na bliana arbhair sin do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, le deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, le driogaire cláruithe no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála no, más sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta é, go ndearna sé sa tsaosúr san aon chruithneacht dúthchais do baineadh i rith na bliana arbhair sin agus do fásadh in áitreabh go raibh sé cláruithe ina thaobh i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe roimh thosach na bliana arbhair sin do mheilt ina plúr no ina min chruithneachtan, íocfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so (agus an t-alt so d'áireamh), leis an duine sin, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, alos gach barraille den chruithneachtain sin suim (dá ngairmtear deolchaire chruithneachtan san Acht so) is có-ionann leis an deifríocht idir an meán-phraghas cinnte sin an barraille agus an riail-phraghas san an barraille.

(2) Ní bheidh aon deolchaire chruithneachtan iníoctha alos aon chruithneachtan dúthchais inmheilte do díoladh i mbliain arbhair maran rud é—

(a) gur in áitreabh do bhí iontrálta i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe díreach roimh thosach na bliana arbhair sin do fásadh an chruithneacht san; agus

(b) gurb é do dhíol an chruithneacht san ná—

(i) an duine do bhí cláruithe amhlaidh ar feadh na ráithe sin alos an áitreibh sin, no

(ii) ionadaí pearsanta no socrathóir an duine sin, no

(iii) an sannaí ón duine sin ar an áitreabh san.

An méid minimum agus an méid maximum cruithneachtan go bhféadfar deolchaire chruithneachtan d'íoc ina dtaobh.

72. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, o am go ham, a dhearbhú le hordú, más lugha an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte chuirfidh duine dá láimh in aon bhliain áirithe arbhair ná an méid minimum a bheidh socair maidir leis an mbliain sin leis an ordú san, ná beidh aon deolchaire chruithneachtan iníoctha alos aon choda den chruithneachtain sin, agus pé uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so maidir le bliain arbhair agus a bheidh sé i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, más lugha an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte chuirfidh duine dá láimh sa bhliain arbhair sin ná an méid minimum a bheidh socair leis an ordú san ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan alos aon choda den chruithneachtain sin.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, o am go ham, a dhearbhú le hordú, más mó an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte chuirfidh duine dá láimh in aon bhliain áirithe arbhair ná an méid maximum a bheidh socair leis an ordú san maidir leis an mbliain sin, ná beidh deolchaire cruithneachtan iníoctha ach alos na coda san den chruithneachtain sin nách mó ná an méid maximum san agus pé uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so maidir le bliain arbhair agus a bheidh sé i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más mó an méid cruithneachtan dúthchais inmheilte (dá ngairmtear barra na bliana sa bhfo-alt so) a chuirfidh duine dá láimh sa bhliain arbhair sin ná an méid maximum (dá ngairmtear an maximum sa bhfo-alt so) a bheidh socair leis an ordú san, ansan, i gcás deolchaire cruithneachtan do bheith iníoctha leis an duine sin, ní híocfar í ach alos na coda san de bharra na bliana nách mó ná an maximum;

(b) más i dhá saosúr dhíola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin a cuirfear barra na bliana de láimh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an méid de bharra na bliana ar a n-íocfar deolchaire chruithneachtan, i gcás san do bheith iníoctha leis an duine sin, agus maidir le ráta no rátaí na deolchaire sin, sé sin le rá:—

(i) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr den dá shaosúr dhíola (cruithneacht) san sa bhliain arbhair sin do bheith níos mó ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr díola (cruithneacht) san, ar an gcuid sin den bharra san nách mó ná an maximum agus ar an gcuid sin amháin, agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

(ii) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san do bheith có-ionann leis an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr san, ar an méid sin agus ar an méid sin amháin agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

(iii) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san do bheith níos lugha ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr díola (cruithneacht) san, ar an méid sin, agus íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an saosúr díola (cruithneacht) eile den bhliain arbhair sin, ar an gcuid sin agus ar an gcuid sin amháin de bharra na bliana cuirfear de láimh sa tsaosúr dhíola (cruithneacht) eile sin nách mó, i dteanta an méid de bharra na bliana bheidh curtha de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ná an maximum;

(c) más i dtrí saosúir dhíola (cruithneacht) na bliana arbhair sin a cuirfear barra na bliana de láimh, beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis an méid de bharra na bliana ar a n-íocfar deolchaire chruithneachtan, i gcás san do bheith iníoctha leis an duine sin, agus maidir le ráta no rátaí na deolchaire sin, sé sin le rá:—

(i) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin do bheith níos mó ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an gcéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ar an gcuid sin den bharra san nách mó ná an maximum agus ar an gcuid sin amháin, agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

(ii) i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) do bheith có-ionann leis an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an gcéad chaosúr dhíola (cruithneacht) san, ar an méid sin agus ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

(iii) i gcás gan an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, do bheith níos mó ná an maximum, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

I. íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an gcéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ar an méid sin, agus

II. íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an dara saosúr díola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin, ar an gcuid sin de bharra na bliana cuirfear de láimh sa dara saosúr díola (cruithneacht) san nách mó, i dteanta na coda de bharra na bliana bheidh curtha de láimh sa chéad shaosúr dhíola (cruithneacht) san, ná an maximum,

III. i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr agus sa dara saosúr díola (cruithneacht) san agus ar a mbeidh deolchaire iníoctha fé sna forálacha san roimhe seo den fho-mhír seo do bheith có-ionann leis an maximum no níos mó ná san, ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan ar an gcuid eile de bharra na bliana,

IV. i gcás an méid de bharra na bliana cuirfear de láimh sa chéad shaosúr agus sa dara saosúr díola (cruithneacht) san do bheith níos lugha ná an maximum, íocfar deolchaire chruithneachtan, do réir an ráta bhaineann leis an tríú saosúr díola (cruithneacht) den bhliain arbhair sin, ar an gcuid sin de bharra na bliana cuirfear de láimh sa tríú saosúr díola (cruithneacht) san nách mó, i dteanta na méideanna bheidh curtha de láimh sa chéad shaosúr agus sa dara saosúr díola (cruithneacht) san, ná an maximum.

(3) Ní léireofar éinní san alt so mar ní choisceann orduithe maidir leis an mbliain arbhair chéanna do dhéanamh fé fho-ailt (1) agus (2) den alt so.

(4) Gach ordú déanfar fén alt so maidir le bliain arbhair déanfar é ar dháta nách déanaí ná bliain roimh thosach na bliana arbhair sin.

(5) San alt so déanfar an abairt “chuirfidh de láimh” do léiriú mar abairt is ionann agus an abairt “dhíolfaidh no mheilfidh ina plúr,” agus is dá réir sin a léireofar na habairtí “cuirfear de láimh” agus “bheidh curtha de láimh.”

(6) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Deolchairí a híocfar thar an gceart do bhaint amach.

73. —(1) Má gheibhtear amach aon uair go bhfuair éinne aon íocaíocht i bhfuirm deolchaire fén gCuid seo den Acht so, agus gan teideal dleathach aige chúiche no chun coda dhi, féadfar méid na híocaíochta san no na coda san den íocaíocht san, pé méid é agus gan dochar d'aon fhreagarthacht choiriúil ina thaobh, do bhaint amach tré imeachta síbhialta, ar agra an Aire, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche.

(2) In aon imeachta fén alt so beidh deimhniú i scríbhinn, fé láimh an Aire, á rá go bhfuair duine íocaíocht de mhéid áirithe i bhfuirm deolchaire fén gCuid seo den Acht so agus ná raibh an duine sin i dteideal na híocaíochta san no coda áirithe dhi, beidh san ina fhianaise prima facie ar na cúrsaí sin mar a bheid ráite sa deimhniú san.

Ráitisí bréagacha maidir le deolchairí.

74. —Má dheineann éinne, chun deolchaire fén gCuid seo den Acht so d'fháil do féin no d'éinne eile, aon ráiteas no plé cúise i scríbhinn a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin agus i gcás cóluchta chorpruithe, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir agus rúnaí don chólucht san, mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige ná ná féadfadh sé a fháil amach le dúthracht réasúnta go raibh an ráiteas bréagach na mí-threorach mar adubhradh no, más stiúrthóir, bainisteoir no rúnaí cóluchta chorpruithe dhéanfaidh an ráiteas san, mara gcruthuighe sé gur i gan fhios do no gan a chead do rinneadh an ráiteas no an plé cúise, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Srian le cruithneachtain iomportálta do dhíol.

75. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon iomportálaí cláruithe cruithneachtan aon chruithneacht iomportálta do dhíol maran rud é—

(a) gur le hiomportálaí cláruithe eile cruithneachtan, le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála díolfar an chruithneacht san, no

(b) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire díolfar an chruithneacht san.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Srian le cruithneachtain dúthchais inmheilte d'ath-dhíol.

76. —(1) Má díoltar aon chruithneacht dúthchais inmheilte an 1adh lá de Lúnasa, 1933, no dá éis sin agus má deintear amach deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) i dtaobh na cruithneachtan san, ní bheidh sé dleathach do cheannuitheoir na cruithneachtan san ná d'éinne cheannóidh uaidh-sean ina dhiaidh sin í an chruithneacht san do dhíol mara ndeintear an chruithneacht san—

(a) do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, le deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, le driogaire cláruithe, no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, no

(b) do dhíol fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire, no

(c) do dhíol fé rialacháin agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh aon uair.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á údarú cruithneacht dúthchais inmheilte gur léi a bhaineann deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) do dhíol le daoine bheidh chun na cruithneachtan san d'úsáid mar shíol agus ag ordú na gcoinníoll (ar a n-áirmhítear teoranta maidir le caindíocht) gur fútha a féadfar an chruithneacht san do dhíol no do chur de láimh.

(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.