|
||||
|
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Srian le Cruithneachtain Indiathaigh, Min Bhuidhe agus Meascan Mine Buidhe do Dhiol. | |
[EN] |
“An tAire” i gCuid VI. |
77. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta. |
[EN] |
Rialacháin fé Chuid VI. |
78. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe. |
[EN] |
Ciontaí fé Chuid VI. do chúiseamh. |
79. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh. |
[EN] |
Srian le cruithneachtain Indiathaigh do dhíol. |
80. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe— |
[EN] | (a) más muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe é freisin, cruithneacht Indiathach do dhíol le duine ar bith; ná | |
[EN] | (b) i gcás ar bith eile, cruithneacht Indiathach do dhíol le duine ar bith seachas iomportálaí cláruithe eile cruithneachtan Indiathaighe no muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe no an tAire, | |
[EN] | maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh dho ag an Aire a díolfar an chruithneacht Indiathach san agus maran le duine go mbeidh an tAire tar éis ceadúnais chun cruithneachtan Indiathaighe do cheannach do dheonadh dho a díolfar amhlaidh í. | |
[EN] | (2) Ní bheidh sé dleathach do mhuilneoir chláruithe chruithneachtan Indiathaighe aon chruithneacht Indiathach do dhíol ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair. | |
[EN] | (4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] |
Srian le min bhuidhe do dhíol. |
81. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon mhin bhuidhe do dhíol maran rud é— |
[EN] | (a) go gcólíonfar na coinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) gur mar bhia do dhaoine bheidh an mhin bhuidhe sin á díol, agus | |
[EN] | (ii) gur i bpacáiste bheidh ceangailte sa tslí orduithe díolfar an mhin bhuidhe sin, agus | |
[EN] | (iii) nách mó ná an mheáchaint orduithe de mhin bhuidhe bheidh sa phacáiste sin no, i gcás gan aon mheáchaint do bheith orduithe de thurus na huaire, nách mó ná cloch di bheidh ann, no | |
[EN] | (b) i gcás muilneora cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol na mine buidhe sin ina mór-choda, gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire díolfar an mhin bhuidhe sin, no | |
[EN] | (c) gur cuid an mhin bhuidhe sin (eadhon, an tora iomlán as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt) de mheascán mine buidhe no d'abhar beathadh cumaiscthe ina bhfuil meascán mine buidhe. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair. | |
[EN] | (3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] |
Coinníollacha bhaineann le muilneoirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe do dhíol meascán mine buidhe. |
82. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta mara mbeidh an meascán mine buidhe sin do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an coirce bheidh ann (má bhíonn ann) do bheith, i gcás gan ordú fé fho-alt (3) den alt so do bheith i bhfeidhm an uair sin, i bhfuirm éigin acu so leanas, sé sin le rá, i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt no i bhfuirm an tortha iomláin as na heithní amháin de choirce do mheilt no, i gcás aon ordú den tsórt san do bheith i bhfeidhm an uair sin, sa bhfuirm is gá do réir an orduithe sin; | |
[EN] | (b) gan an méid coirce do réir mheáchainte a bheidh ann (má bhíonn ann) i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe den mheascán mhine buidhe sin; | |
[EN] | (c) i gcás gan aon choirce do bheith sa mheascán mhine buidhe sin no i gcás aon choirce i bhfuirm an tortha iomláin as coirce do mheilt do bheith ann, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe den mheascán mhine buidhe sin; | |
[EN] | (d) i gcás aon choirce i bhfuirm an tortha iomláin as na heithní amháin de choirce do mheilt do bheith sa mheascán mhine buidhe sin, gan a mbeidh ann do réir mheáchainte, den tora as cruithneachtain Indiathaigh do mheilt, do bheith níos mó ná an percentáiste orduithe oiriúnach den mheascán mhine buidhe sin. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an tAire ag déanamh rialachán i dtaobh an phercentáiste dá dtagartar i mír (d) den fho-alt deiridh sin roimhe seo mar phercentáiste orduithe, déanfaidh, tré fhéachaint don méid coirce bheidh i meascáin mhine buidhe le n-a mbaineann an mhír sin (d), na meascáin mhine buidhe sin do roinnt i pé saghsanna agus i pé méid saghsanna is dóich leis is ceart agus ordóidh percentáistí deifriúla maidir le saghsanna deifriúla agus an percentáiste a hordófar amhlaidh maidir le haon tsaghas acu san isé bheidh, chun crícheanna na míre sin (d), mar phercentáiste orduithe oiriúnach maidir le gach meascán mine buidhe den tsaghas san. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a chur mar cheangal aon choirce bheidh i meascán mine buidhe do bheith i bhfuirm an tortha iomláin as na heithní amháin de choirce do mheilt. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú ar bith do rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh. | |
[EN] | (5) Má dheineann aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe éinní contrárdha don alt so beidh an muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh meascán mine buidhe do dhíol. |
83. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon mheascán mine buidhe do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta, mara gcólíontar na coinníollacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an meascán mine buidhe sin do bheith i bpacáiste, agus | |
[EN] | (b) i gcás meáchainte an mheascáin mhine buidhe do bheith céad meáchaint no níos mó, mion-innste i dtaobh an phercentáiste do réir meáchainte de gach abhar fé leith a bheidh sa mheascán san do bheith ar an bpacáiste sin sa tslí orduithe. | |
[EN] | (2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. | |
[EN] |
Fliuchra agus snáithíní i meascán mine buidhe. |
84. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe ullamhóidh sé agus ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann do) d'fhliuchra do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta. |
[EN] | (2) Ní bheidh sé dleathach d'aon mhuilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe aon mheascán mine buidhe ullamhóidh sé agus ina mbeidh níos mó ná an percentáiste orduithe (más ann do) de shnáithíní do dhíol ná do thairiscint chun a dhíolta. | |
[EN] | (3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air. |