An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Srian le Plur, Aran, Cruithneachtain, Min Bhuidhe agus Abhair Airithe Bheathadh d'Iomportail agus le hAbhair Airithe Bheathadh d'Easportail.) Ar Aghaidh (Cead Sceideal. Pionoisi Mar Gheall ar Chiontai Airithe.)

7 1933

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933

CUID VIII.

An Stat do Mheilt Chruithneachtan agus Bhleathaighe.

Mínithe maidir le Cuid VIII.

95. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “abhar muilinn phlúir” muileann gráin atá do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, eadhon—

(a) nách muileann é gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta de thurus na huaire, agus

(b) nách muileann cruithneachtan Indiathaighe é, agus

(c) gur muileann é atá, dar leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, oiriúnach chun cruithneachtan do mheilt ann;

cialluíonn an abairt “muileann cruithneachtan Indiathaighe díomhaoin” áitreabh ná fuil iontrálta i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe ach atá, dar leis an Aire Talmhaíochta, oiriúnach chun cruithneachtan Indiathaighe do mheilt ann.

Eolas d'fháil o únaerí abhar muilte plúir agus muilte cruithneachtan Indiathaighe díomhaoine.

96. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer aon abhair mhuilinn phlúir á cheangal ar an únaer sin na mion-innste i dtaobh an mhuilinn sin a luaidhtear sa bhfógra san do chur chuige laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer aon mhuilinn chruithneachtan Indiathaighe dhíomhaoin á cheangal ar an únaer sin na mion-innste i dtaobh an mhuilinn sin a luaidhtear sa bhfógra san do chur chuige laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

(3) Má dheineann duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltadh no má bheireann faillí maidir leis na mion-innste do thabhairt uaidh a ceangaltar air leis an bhfógra san do thabhairt uaidh, no má bheireann uaidh aon mhion-innste den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té chun a mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(5) Féadfaidh an tAire sheirbheálfaidh aon fhógra fén alt so no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so maidir leis an bhfógra san do chúiseamh.

Abhair mhuilte plúir agus muilte cruithneachtan Indiathaighe díomhaoine d'iniúchadh.

97. —(1) Féadfaidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála, ar fhógra mí ar a laighead i scríbhinn do thabhairt d'únaer abhair mhuilinn phlúir tré litir chláruithe do dhíriú chuige fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, dul isteach ar an talamh ina bhfuil an muileann san agus an muileann san d'iniúchadh.

(2) Féadfaidh cigire don Aire Talmhaíochta, ar fhógra mí ar a laighead i scríbhinn do thabhairt d'únaer muilinn chruithneachtan Indiathaighe dhíomhaoin tré litir chláruithe do dhíriú chuige fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, dul isteach ar an talamh ina bhfuil an muileann san agus an muileann san d'iniúchadh.

(3) Má chuireann éinne bac ar chigire ar bith agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so maidir le cigire don Aire sin do chúiseamh agus féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so maidir le cigire don Aire sin do chúiseamh.

Airí do thógaint muilte chúcha.

98. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith ina bhfuil abhar muilinn phlúir, agus fós gach ceart slí, ceart uisce no éasáid eile a húsáidtear agus a ghabhann leis sin, do thógaint chuige go héigeanta no tré chó-aontú.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith ina bhfuil muileann cruithneachtan Indiathaighe díomhaoin, agus fós gach ceart slí, ceart uisce no éasáid eile a húsáidtear agus a ghabhann leis sin, do thógaint chuige go héigeanta no tré chó-aontú.

(3) Déanfar, chun tailimh do thógaint fén alt so, Achtanna Clásanna na dTalmhan d'ionchorprú leis an Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar na forálacha bhaineann le talamh ná teastuíonn do dhíol agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, d'ionchorprú leis an Acht so, agus

(b) nuair a bheidh an tAcht so agus na hAchtanna ionchorpruithe á léiriú tuigfear gurb é an tAcht so an tAcht speisialta agus gurb é an tAire bheidh ag tógaint an tailimh sin bunuitheoir an ghnótha, agus

(c) an banna is gá do réir ailt 85 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, is fé shéala an Aire bheidh ag tógaint an tailimh sin a bheidh sé agus is leor é gan na hurraí luaidhtear san alt san do chur leis.

(4) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an praghas no an cúiteamh a bheidh iníoctha ar thalamh do thógaint fén alt so agus na costaisí fé n-a raghaidh an tAire bheidh ag tógaint an tailimh sin i dtaobh na tógainte sin.

(5) Ní déanfar talamh a bheidh fé bhlianacht thalamhcheannaigh no is abhar do chó-aontú talamh-cheannaigh no bheidh dílsithe no á dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann do thógaint fén alt so gan toiliú Choimisiúin Talmhan na hÉireann.

An tAire Tionnscail agus Tráchtála do mheilt chruithneachtan.

99. —Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála meilt chruithneachtan do bheith ar siúl aige ar thalamh ar bith a thógfaidh fén alt deiridh sin roimhe seo, agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gléasra, meaisínteacht agus fearaistí do cheannach;

(b) cruithneacht do cheannach;

(c) cruithneacht d'iomportáil;

(d) tora aon chruithneachtan a meilfear in aon mhuileann ar an talamh san do dhíol;

(e) daoine d'fhostú chun conganta do thabhairt chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl;

(f) connartha do dhéanamh;

(g) gach gníomh agus gach ní eile do dhéanamh is dóich leis is gá chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl mar ghnó tráchtála.

An tAire Talmhaíochta do mheilt bhleathaighe.

100. —Féadfaidh an tAire Talmhaíochta meilt bhleathaighe do bheith ar siúl aige ar thalamh ar bith a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gléasra, meaisínteacht agus fearaistí do cheannach;

(b) cruithneacht Indiathach agus arbhar dúthchais do cheannach;

(c) cruithneacht Indiathach d'iomportáil;

(d) tora aon chruithneachtan Indiathaighe no aon tsaghsanna eile arbhair a meilfear in aon mhuileann ar an talamh san do dhíol;

(e) daoine d'fhostú chun conganta do thabhairt chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl;

(f) connartha do dhéanamh;

(g) gach gníomh agus gach ní eile do dhéanamh is dóich leis is gá chun gnótha na meilte sin do bheith ar siúl mar ghnó tráchtála.

Na hAirí do dhíol muilte agus gnóthaí.

101. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaíochta (pe'ca aca é), le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so, agus fós dea-thoil agus stoc trádála agus sócmhainní eile gnótha ar bith a bheidh ar siúl aige ar an talamh san do réir na Coda so den Acht so, do dhíol ar pé praghas is dóich leis is ceart.

(2) Déanfar aon airgead do gheobhfar de bharr díola fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Cuntaisí agus iniúchadh.

102. —(1) Déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaíochta (pe'ca aca é) a chur fé ndeár go gcoimeádfar i pé fuirm le n-a n-aontóidh an tAire Airgid, maidir le gach gnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar an airgead uile gheobhaidh no chaithfidh, agus le n-a n-áirmhítear cuntas caipitail, cuntas ioncuim, cuntas sochair agus dochair agus cuntas cothromuíochta.

(2) Déanfar cuntaisí an Aire Tionnscail agus Tráchtála no an Aire Talmhaíochta (pe'ca aca é) maidir le gach gnó bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so d'iniúchadh agus tuarasgabháil do thabhairt ina dtaobh i ndeireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta an ghnótha san agus isé dhéanfaidh san ná iniúchóir a bheidh cáilithe go cuibhe agus a cheapfaidh an tAire sin go bliantúil le toiliú an Aire Airgid, agus beidh táillí an iniúchóra san agus costaisí an iniúchóra san go generálta ina gcuid de sna costaisí bhaineann leis an ngnó san do bheith ar siúl.

(3) Ar chríochnú iniúchadh fén alt so ar chuntaisí Aire ’na mbeidh aon ghnó ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so, cuirfidh an tAire sin fé ndeár cóip den chuntas chothromuíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheidh glactha ag an iniúchóir leo agus fós cóip de thuarasgabháil an iniúchóra do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Brabús agus caillteanas.

103. —(1) Déanfar gach brabús a thiocfaidh as aon ghnó do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(2) Déanfar gach caillteanas fé n-a raghfar de dhruim aon ghnótha do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Costaisí fé Chuid VIII.

104. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar de dhruim aon ghnótha do bheith ar siúl fén gCuid seo den Acht so.