|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Iocaiochtai as Earrai Ceannaiochta D'Iompar.) |
ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Gnothai Iompair Earrai Ceannaiochta de Bhothar do Rialail. | |
[EN] |
Líomatáistí eiscithe. |
8. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so is líomatáiste eiscithe gach líomatáiste fé leith acu so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de chúig mhíle dhéag agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Bhaile Atha Cliath ; | |
[EN] | (b) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de chúig mhíle dhéag agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Chorcaighe ; | |
[EN] | (c) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Luimnigh ; | |
[EN] | (d) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Phortláirge ; | |
[EN] | (e) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist mbaile Bhéal Atha an Fheadha ; | |
[EN] | (f) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Dhroichead Atha ; | |
[EN] | (g) an líomatáiste (ach amháin an méid de atá i dTuaisceart Éireann) laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Dhún Dealgan ; | |
[EN] | (h) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile na Gaillimhe ; | |
[EN] | (i) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Shligigh ; | |
[EN] | (j) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Thráighlí ; | |
[EN] | (k) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Chathair na Mart ; | |
[EN] | (l) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Loch Garman. | |
[EN] | (2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh deimhniú thabharfaidh le tuiscint é bheith sighnithe agus curtha amach ag oifigeach den tSuirbhéireacht Ordonáis agus é bheith ag deimhniú an fhaid, ar n-a thomhas i líne dhírigh ar chlár chothrománach, idir an phríomh-oifig phuist in aon chathair no baile áirithe agus aon áit áirithe, beidh san ina fhianaise dho-chlaoidhte (gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach san é) ar an bhfad san. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt seo sí is príomh-oifig phuist in aon chathair no baile ná an oifig phuist gurb í is príomh-oifig no aonoifig phuist sa chathair no sa bhaile sin an lá ceaptha. | |
[EN] |
Cosc ar ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl ag daoine neacheadúnuithe. |
9. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis ní bheidh sé dleathach d'éinne, i gcúrsa gnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar a bheidh ar siúl aige, earraí ceannaíochta d'iompar in aon líomatáiste i Saorstát Éireann— |
[EN] | (a) maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas earraí ceannaíochta san Acht so) ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so á údarú dho gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige sa líomatáiste sin agus maran fén gceadúnas san agus dá réir a bheidh an gnó san ar siúl, no | |
[EN] | (b) maran líomatáiste eiscithe an líomatáiste sin agus mara ndeinidh an duine sin gan earraí ceannaíochta d'iompar i gcúrsa an ghnótha san iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ach sa líomatáiste sin no sa líomatáiste sin agus i líomatáistí eiscithe eile. | |
[EN] | (2) Gach duine go mbeidh gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar siúl aige contrárdha don alt so béidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta. | |
[EN] | (3) Beidh deimhniú thabharfaidh le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire agus é bheith á dheimhniú ná raibh duine áirithe, lá no laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, ina shealbhóir ar cheadúnas earraí ceannaíochta á údarú dho gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige alos saghais áirithe earraí ceannaíochta laistigh de líomatáiste áirithe, beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine thugann le tuiscint a lámh do bheith leis an deimhniú san no gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar pé nithe acu san adubhradh a tugtar le tuiscint do bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis. | |
[EN] |
Stáisiúin chun plátaí feithicle do thabhairt amach. |
10. —Tar éis don Aire dul i gcomhairle le Coimisinéir an Ghárda Síochána féadfaidh o am go ham, le hordú, pé stáisiúin Ghárda Síochána agus pé méid acu is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina stáisiúin chun plátaí feithicle do thabhairt amach chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus beidh gach stáisiún Gárda Síochána ceapfar amhlaidh ina stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach chun crícheanna na Coda so den Acht so. |
[EN] |
Iarrataisí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta. |
11. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas agus cuirfear chun an Aire é sa tslí orduithe; | |
[EN] | (b) luadhfar i ngach iarratas— | |
[EN] | (i) an líomatáiste no na líomatáistí ina mbeidh an t-iarratasóir ar aigne gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige ; | |
[EN] | (ii) an saghas no na saghsanna earraí ceannaíochta a bheidh an t-iarratasóir ar aigne d'iompar ; | |
[EN] | (iii) an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach inar mian leis an iarratasóir, má géilltear dá iarratas, plátaí feithicle do bheith ar fáil le tabhairt amach do ; | |
[EN] | (iv) pé mion-innste eile bheidh orduithe. | |
[EN] | (2) Más iomparthóir atá ann cheana an t-iarratasóir ar cheadúnas earraí ceannaíochta, luadhfar ina iarratas má deintear é roimh an lá cheaptha, i dteanta na nithe ceangaltar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do luadh ann— | |
[EN] | (a) an gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar gur mar gheall air adeir an t-iarratasóir gur iomparthóir atá ann cheana é ; | |
[EN] | (b) an méid feithiclí inneall-ghluaiste is laraithe no tarraicirí, agus iad aicmithe amhlaidh san iarratas san, a bhí ar aon dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta cinnteach san Acht so) idir an ladh lá d'Iúl, 1932, agus an 8adh lá d'Fheabhra, 1933, ar n-a roghadh ag an iarratasóir, do réir na gcoinníollacha so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha i gcóir cáilíochta san Acht so), sé sin le rá— | |
[EN] | (i) a bhí ceadúnuithe go cuibhe i Saorstát Éireann fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin ; | |
[EN] | (ii) a bhí in úsáid no ar fáil chun críche an ghnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar san; agus | |
[EN] | (c) mion-innste (ar a n-áirmhítear an mheáchaint gan ualach) i dtaobh gach feithicle inneall-ghluaiste acu san. | |
[EN] | (3) Cuirfear chun an Aire i dteanta gach iarratais a déanfar de réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo na leabhair chlárathachta bhaineann leis na feithiclí inneall-ghluaiste go ndeintear mioninnste ina dtaobh do luadh san iarratas san. | |
[EN] | (4) Gach éinne iarrfaidh ceadúnas earraí ceannaíochta déanfaidh, ar an Aire do cheangal san air, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas fíre cuirfear in iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta no cuirfear mar fhreagra chun an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófar an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfíor a bheidh ann. | |
[EN] | (6) Má theipeann ar éinne aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin, diúltadh do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do ceangladh amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt. | |
[EN] |
Ceadúnaisí earraí ceannaíochta do dheonadh. |
12. —(1) Fé réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo deonfaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta do gach cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar a iarrfaidh an ceadúnas san air am ar bith do réir an ailt sin. |
[EN] | (2) Fé réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo deonfaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta do gach iomparthóir atá ann cheana a iarrfaidh an ceadúnas san air roimh an lá cheaptha do réir an ailt sin. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh d'aon chuideachtain loingseoireachta iarrfaidh an ceadúnas san air tar éis an lae cheaptha do réir an ailt sin. | |
[EN] | (4) Má dheineann duine seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar a iarraidh do réir an ailt deiridh sin roimhe seo tar éis an lae cheaptha go ndeonfaí ceadúnas earraí ceannaíochta dho chun gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige maidir le saghas áirithe no le saghsanna áirithe earraí ceannaíochta i líomatáiste áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) má bhíonn an tAire sásta nách leor na saoráidí iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá sa líomatáiste sin cheana iarrfaidh ar pé cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar a roghfa sé leorshaoráidí iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do chur ar fáil sa líomatáiste sin laistigh de pé am a shocróidh sé ; | |
[EN] | (b) mara ndeinidh an chuideachta údaruithe sin chun earraí ceannaíochta d'iompar, laistigh den am san, saoráidí iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do chur ar fáil is leor, dar leis an Aire, don líomatáiste sin, féadfaidh an tAire, más dóich leis go raghadh sé chun leasa na puiblíochta san do dhéanamh, an ceadúnas san do dheonadh don duine sin. | |
[EN] | (5) Ní dhéanfaidh an tAire am ar bith ceadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh d'éinne nách duine go gceangaltar ar an Aire no go n-údaruítear do leis an alt so ceadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh dho. | |
[EN] | (6) San Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana” ceadúnas earraí ceannaíochta ar n-a dheonadh d'iomparthóir atá ann cheana do réir fo-ailt (2) den alt so. | |
[EN] |
Riailmheáchaintí laraí agus riailmheáchaintí tarraicire d'iomparthóir atá ann cheana. |
13. —Sara ndeonaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta d'iomparthóir atá ann cheana do réir iarratais a déanfar roimh an lá cheaptha, déanfaidh— |
[EN] | (a) i gcás aon choda de sna feithiclí inneall-ghluaiste bheidh luaidhte san iarratas san do bheith ina laraithe bhí, dar leis an Aire, do réir na gcoinníollacha i gcóir cáilíochta ar an dáta cinnteach, déanfaidh meáchaint iomlán gan ualach na laraithe sin d'fháil amach agus an mheáchaint iomlán gan ualach a gheobhfar amach amhlaidh isí bheidh, chun crícheanna an Achta so, mar riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí fén gceadúnas san ; | |
[EN] | (b) i gcás aon choda de sna feithiclí inneall-ghluaiste bheidh luaidhte san iarratas san do bheith ina dtarraicirí bhí, dar leis an Aire, do réir na gcoinníollacha i gcóir cáilíochta ar an dáta cinnteach, déanfaidh meáchaint iomlán gan ualach na dtarraicirí sin d'fháil amach agus an mheáchaint iomlán gan ualach a gheobhfar amach amhlaidh isí bheidh, chun crícheanna an Achta so, mar riail-mheáchaint tarraicire don cheadúnaí fén gceadúnas san. | |
[EN] |
Oibriú ceadúnaisí earraí ceannaíochta. |
14. —(1) Gach ceadúnas earraí ceannaíochta deonfar do réir iarratais— |
[EN] | (a) déanfaidh agus déarfaidh a údarú don cheadúnaí fén gceadúnas san gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige alos na n-earraí ceannaíochta bheidh luaidhte san iarratas san laistigh den líomatáiste no de sna líomatáistí bheidh luaidhte san iarratas san, ach san fé réir forálacha an Achta so agus rialachán ar n-a ndéanamh fé agus fós fé réir na gcoinníollacha luadhfar sa cheadúnas san ; | |
[EN] | (b) luadhfaidh an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag á mbeidh plátaí feithicle ar fáil le tabhairt amach don cheadúnaí sin, agus sé stáisiún a luadhfar amhlaidh ná an stáisiún a bheidh luaidhte san iarratas san mar stáisiún gurb ann ba mhian leis an gceadúnaí sin plátaí feithicle do bheith ar fáil le tabhairt amach do ; | |
[EN] | (c) luadhfaidh an iomparthóir atá ann cheana an ceadúnaí sin no nách eadh. | |
[EN] | (2) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana a údarú don cheadúnaí fén gceadúnas san— | |
[EN] | (a) i gcás riail-mheáchaint laraí do bheith ann don cheadúnaí sin ach gan aon riail-mheáchaint tarraicire do bheith ann don cheadúnaí sin, an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl aige ach san le laraí no le laraithe nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riail-mheáchaint laraí sin ; | |
[EN] | (b) i gcás riail-mheáchaint tarraicire do bheith ann don cheadúnaí sin ach gan aon riail-mheáchaint laraí do bheith ann don cheadúnaí sin, an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl aige ach san le tarraicire no le tarraicirí nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riailmheáchaint tarraicire sin ; | |
[EN] | (c) i gcás riail-mheáchaint laraí do bheith ann don cheadúnaí sin agus fós riail-mheáchaint tarraicire do bheith ann don cheadúnaí sin, an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl aige ach san le laraí no le laraithe nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riail-mheáchaint laraí sin agus le tarraicire no le tarraicirí nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riailmheáchaint tarraicire sin no le laraí no laraithe den tsórt san no le tarraicire no tarraicirí den tsórt san. | |
[EN] | (3) Má deintear ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'aistriú fén Acht so go dtí cuideachta údaruithe chun carraí ceannaíochta d'iompar, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) scuirfidh fo-alt (2) den alt so d'éifeacht do bheith aige maidir leis an gceadúnas san, agus | |
[EN] | (b) déanfaidh an tAire, ar iarratas na cuideachtan san, an ceadúnas san do leasú dá réir sin. | |
[EN] |
Oblagáid ar cheadúnaithe earraí ceannaiochta do ghlacadh chun iad d'iompar. |
15. —(1) Gach ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta dá dtairgfear earraí ceannaíochta de shaghas a luaidhtear sa cheadúnas san chun iad d'iompar idir aon dá áit laistigh den líomatáiste luaidhtear sa cheadúnas san beidh sé d'oblagáid air na hearraí ceannaíochta san do ghlacadh chun iad d'iompar ar luach saothair réasúnta idir an dá áit sin. |
[EN] | (2) Má dheineann aon cheadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta diúltú don oblagáid a forchuirtear air leis an alt so do chólíonadh, beidh an ceadúnaí sin, mara gcuiridh ina luighe ar an gcúirt go raibh an diúltú san réasúnta sa chás áirithe sin, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar cheadúnaithe do thabhairt tosaíochta nea-chuibhe. |
16. —(1) Ní dhéanfaidh aon cheadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta, agus an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san ar siúl aige, aon tosaíocht ná aon bhuntáiste, nea-chuibhe no nea-réasúnta, do thabhairt d'aon duine, céird, tionnscal, ceanntar ná port áirithe ná i bhfabhar an chéanna, ná ní dhéanfaidh aon leathtrom ná ceataí, nea-chuibhe no nea-réasúnta, ar aon duine, céird, tionnscal, ceanntar ná port áirithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon duine, aon chólucht ionadathach trádálaithe, no aon chólucht daoine ionaduíonn ceárd no áit, féadfaidh, ar an scór go ndearna ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta sárú ar fhorálacha an ailt seo, ordú d'iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn á cheangal ar an gceadúnaí sin eirghe as an sárú san, agus air sin d'iarraidh féadfaidh an bínse bóthair iarainn, más deimhin leis gur thárla an sárú san, an t-ordú san do dhéanamh. | |
[EN] |
Coinníollacha ceadúnaisí earraí ceannaíochta. |
17. —Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta féadfaidh coinníollacha do chur leis fé mar is dóich leis is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san agus go sonnrách, agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo, coinníollacha maidir le gach ní no le héinní acu so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) págh agus coinníollacha fostaíochta na bhfostaithe bheidh ag oibriú na bhfeithiclí a húsáidfear chun crícheanna an ghnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar a bheidh ar siúl ag an gceadúnaí ; | |
[EN] | (b) có-aontuithe no socruithe dhéanfaidh an ceadúnaí i dtaobh an ghnótha san le daoine eile iompruíonn earraí ceannaíochta de bhóthar iarainn, de bhóthar, d'aer, no d'uisce do chur in úil don Aire agus an tAire dá gceadú ; | |
[EN] | (c) gan ach feithiclí rinneadh i bpáirt no go hiomlán i Saorstát Éireann d'úsáid no méid áirithe acu san d'úsáid agus coinneáil-i-dtreo na bhfeithiclí sin. | |
[EN] |
Coinníollacha ceadúnais earraí ceannaíochta do leasú i rith a ré. |
18. —(1) Féadfaidh an tAire uaidh féin i rith ré ceadúnais earraí ceannaíochta na coinníollacha ghabhann leis an gceadúnas san do leasú (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) ar pé slí is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Pé uair a bheidh an tAire chun leasú do dhéanamh, i bhfeidhmiú na comhachta bronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar na coinníollacha ghabhann le ceadúnas earraí ceannaíochta cuirfidh fé ndeár fógra do sheirbheáil ar an gceadúnaí ag luadh na gcoinníollacha leasuithe bheidh le gabháil leis an gceadúnas san, agus ar an bhfógra san do sheirbheáil geobhaidh na coinníollacha leasuithe sin leis an gceadúnas san. | |
[EN] |
Tosach feidhme agus ré ceadúnaisí earraí ceannaíochta. |
19. —(1) Luadhfar dáta a thosnuithe i ngach ceadúnas earraí ceannaíochta agus tosnóidh gach ceadúnas den tsórt san an dáta bheidh luaidhte amhlaidh. |
[EN] | (2) Leanfaidh gach ceadúnas earraí ceannaíochta i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar é roimhe sin fén Acht so agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht so) go ceann bliana o dháta a thosnuithe agus ragha sé in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén Acht so. | |
[EN] |
Iarratas ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta d'athnuachaint. |
20. —(1) Féadfaidh gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh ar dtúis é no de bhuadh athnuachainte air) féadfaidh, laistigh den aimsir orduithe agus le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint. |
[EN] | (2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh agus is sa tslí orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint agus beidh na mion-innste orduithe ann. | |
[EN] | (3) Gach éinne iarrfaidh fén alt so go ndéanfaí ceadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint déanfaidh, ar n-a cheangal san air don Aire, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas fíre cuirfear in iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint no cuirfear mar fhreagra chun an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófar an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfíor a bheidh ann. | |
[EN] | (5) Má theipeann ar éinne aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltú do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do ceangladh amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt. | |
[EN] |
Athnuachaintí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta do dheonadh. |
21. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú do ghéilleadh d'iarratas, ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint, ar scór no ar scóranna acu so leanas ach ní har aon scór eile, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn ré an cheadúnais no na hathnuachainte deiridh air, coinníoll no coinníollacha dá raibh ag gabháil leis an gceadúnas san do bhriseadh no faillí do thabhairt i gcoinníoll no i gcoinníollacha acu san d'fhorchoimeád no do chólíonadh ; | |
[EN] | (b) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn na ré sin, forálacha an Achta so no na rialachán do rinneadh fé do bhriseadh no faillí do thabhairt in iad do chólíonadh ; | |
[EN] | (c) ar an scór go ndearnadh, le linn na ré sin, an ceadúnaí fén gceadúnas san do chiontú i gcionta (pe'ca fén Acht so é no fé aon Acht eile) maidir leis an ngnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar le n-a mbaineann an ceadúnas san no maidir leis na feithiclí a húsáidtear ann. | |
[EN] | (2) Pé uair a dheonfaidh an tAire athnuachaint ar cheadúnas earraí ceannaíochta féadfaidh an tAire na coinníollacha ghabhann leis an gceadúnas san do leasú (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) ar pé slí is dóich leis is ceart. | |
[EN] |
Ré athnuachaintí ceadúnaisí earraí ceannaíochta. |
22. —Tosnóidh gach athnuachaint ar cheadúnas earraí ceannaíochta díreach ar dhul in éag don cheadúnas no don athnuachaint ar an gceadúnas (pe'ca aca é) gur athnuachaint air í agus leanfaidh i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar roimhe sin í fén Acht so agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht so) go ceann bliana o dháta a tosnuithe. |
[EN] |
Ceadúnas a bheidh ag cuideachtain loingseoireachta do dhul in éag. |
23. —Scuirfidh ceadúnas earraí ceannaíochta bheidh ag cuideachtain a bhí, ar dháta an deonta don chuideachtain sin no an aistrithe chúiche, ina cuideachtain loingseoireachta, scuirfidh de bheith i bhfeidhm ar an gcuideachtain sin do scur de bheith ina cuideachtain loingseoireachta. |
[EN] |
Ceadúnaisí earraí ceannaíochta do cheiliúradh. |
24. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas earraí ceannaíochta do cheiliúradh ar iarratas an té is ceadúnaí fé. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas earraí ceannaíochta do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi ar feadh pé tréimhse is dóich leis is ceart ar aon scór ar a n-údaruítear do leis an Acht so diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar an gceadúnas san d'athnuachaint. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas earraí ceannaíochta do cheiliúradh más deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an ceadúnas san. | |
[EN] |
Ceadúnaisí earraí ceannaíochta d'aistriú. |
25. —(1) Ní bheidh ceadúnas earraí ceannaíochta ionaistrithe, ag an gceadúnaí ná tré oibriú dlí, chun éinne eile. |
[EN] | (2) I gcás únaeracht ghnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar d'aistriú, pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí é, ón té is ceadúnaí fén gceadúnas earraí ceannaíochta bhaineann leis an ngnó san chun duine eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) maran cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar an ceadúnaí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (i) i gcás an duine sin do bheith ina chuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no ina ghaol don cheadúnaí sin, no i gcás an duine sin do theacht i dteideal an ghnótha san fé uachta no d'éamais uachta, déanfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile féadfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin más dóich leis gur ceart san do dhéanamh ; | |
[EN] | (b) más cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar an ceadúnaí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (i) i gcás an duine sin do bheith ina chuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar déanfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm. | |
[EN] | (3) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'aistriú fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann. | |
[EN] | (4) I gcás ceadúnas earraí ceannaíochta d'aistriú fén alt so tuigfear an ceadúnas san d'aistriú ar dháta aistrithe an ghnótha le n-a mbaineann an ceadúnas san. | |
[EN] | (5) Chun crícheanna an ailt seo beidh gach duine acu so leanas agus ní bheidh duine ar bith eile ina ghaol do cheadúnaí, sé sin le rá, fear céile an cheadúnaí sin, bean chéile an cheadúnaí sin, éinne is gaol fola, den chéad ghlúin no den dara glúin no den tríú glúin, don cheadúnaí sin, fear céile aon duine is gaol den tsórt san, agus bean chéile aon duine is gaol den tsórt san. | |
[EN] |
Ceadúnaí fe cheadúnas earraí ceannaíochta d'fháil bháis. |
26. —(1) Pé uair a gheobhaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta bás beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) féadfar an gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar le n-a mbaineann an ceadúnas san do choimeád ar siúl fén gceadúnas san go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá—promháid uachta no leitreacha riaracháin estáit phearsanta an cheadúnaí sin do dheonadh, no an ceadúnas san do dhul in éag, no trí mhí do bheith caithte ón am do fuair an ceadúnaí sin bás ; | |
[EN] | (b) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, an gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar san do choimeád ar siúl go ceann sé mhí ón am do fuair an ceadúnaí sin bás no go dtí go raghaidh an ceadúnas san in éag, pé ní acu san is túisce thárlóidh ; | |
[EN] | (c) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin athnuachaint no aistriú (pe'ca aca is gá sa chás) ar an gceadúnas san chuige féin d'iarraidh ar an Aire, agus ar an iarratas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (i) más iarratas ar athnuachaint an t-iarratas san, féadfaidh an tAire diúltú do ghéilleadh don iarratas san ach ní fhéadfaidh déanamh amhlaidh ach ar scór no ar scóranna ar a n-údaródh an tAcht so dho diúltú do ghéilleadh don iarratas dá maireadh an ceadúnaí sin agus dá mb'é féin a dhéanfadh an t-iarratas, | |
[EN] | (ii) más iarratas ar aistriú an t-iarratas san, géillfidh an tAire don iarratas san. | |
[EN] |
Táillí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta do dheonadh, etc. |
27. —(1) Íocfar leis an Aire alos gach iarratais a déanfar fén gCuid seo den Acht so ar cheadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh, d'athnuachaint, no d'aistriú táille de pé méid a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, agus beidh íoc na táille sin (a coinneofar pe'ca géillfear don iarratas no ná géillfear) ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san. |
[EN] | (2) Féadfar táillí deifriúla d'ordú maidir le deonta, le hathnuachaintí agus le haistrithe, fé seach, a dhéanamh ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta, agus féadfaidh na táillí sin bheith de mhéid sheasmhach no de mhéid ar n-a dhéanamh amach do réir scála bheidh gráduithe do réir an líon feithiclí inneall-ghluaiste bheidh á úsáid ag an gceadúnaí, no do réir meáchainte iomláine gan ualach na bhfeithiclí sin, no ar shlí eile. | |
[EN] |
Cuntaisí agus tuairiscí o cheadúnaithe fé cheadúnaisí earraí ceannaíochta. |
28. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, a ordú cadiad na cuntaisí choimeádfaidh gach duine go mbeidh gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar siúl aige fé cheadúnas earraí ceannaíochta agus fós cadiad na ráitisí cuntas, na tuairiscí i dtaobh tráchta agus na tuairiscí eile do bhéarfaidh gach duine den tsórt san don Aire go tréimhsiúil agus cadiad na tráthanna agus na hócáidí ar a dtabharfar na tuairiscí sin do amhlaidh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, leis na coinníollacha cuirfear le ceadúnas earraí ceannaíochta, a cheangal ar an gceadúnaí fén gceadúnas san cuntaisí do choimeád no tuairiscí do thabhairt uaidh a bheidh deifriúil (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) leis na cuntaisí no leis na tuairiscí bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén Acht so agus má cuirtear aon choinníoll den tsórt san le ceadúnas earraí ceannaíochta is fé réir an choinníll sin a bheidh éifeacht ag na rialacháin sin maidir leis an gceadúnaí fén gceadúnas san. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire gach tuairisc no aon tuairisc do bhéarfar do fén alt so, agus fós staitistíocht a chuirfe sé le chéile o sna tuairiscí sin, d'fhoillsiú fé mar agus nuair is oiriúnach leis é. | |
[EN] | (4) Gach duine go dteipfidh air na cuntaisí do choimeád no na tuairiscí do thabhairt uaidh a ceanglófar air, le rialacháin a déanfar fén Acht so no le coinníoll a cuirfear le ceadúnas earraí ceannaíochta, a choimeád no a thabhairt uaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta. | |
[EN] |
Cláir a choimeádfaidh an tAire. |
29. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfar clár de sna ceadúnaisí uile earraí ceannaíochta deonfar fén gCuid seo den Acht so do bhunú agus do choimeád, agus beidh an clár san i pé fuirm agus beidh ann pé mion-innste ordóidh an tAire. |
[EN] | (2) Beidh an clár san le feiscint gach tráth réasúnta chun a iniúchta ag éinne ar íoc pé táille, nách mó ná scilling, a shocróidh an tAire o am go ham le ceadú an Aire Airgid. | |
[EN] | (3) Beidh duine ar bith i dteideal cóip d'aon iontráil sa chlár san d'fháil ón Aire ar íoc pé táille aiste, nách mo ná reul ar gach folio no cuid d'fholio de dhá fhocal sheachtód sa chóip sin, a shocróidh an tAire o am go ham le ceadú an Aire Airgid. | |
[EN] | (4) Déanfar gach táille is iníoctha fén alt so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid. | |
[EN] |
Plátaí feithicle do thabhairt amach. |
30. —(1) An té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta féadfaidh, ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach a luaidhtear ina cheadúnas, a iarraidh ar Ard-Cheannphort an Ghárda Síochána gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin atá an stáisiún san pláta feithicle do thabhairt amach alos aon fheithicle inneall-ghluaiste atá sé ar aigne d'úsáid chun críche an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar súil. |
[EN] | (2) Ar Ard-Cheannphort den Ghárda Síochána d'fháil iarratais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an tArd-Cheannphort san, fé réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, pláta feithicle do thabhairt amach don iarratasóir alos na feithicle sin. | |
[EN] | (3) I gcás pláta feithicle, bhéarfar amach don té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta alos feithicle inneall-ghluaiste áirithe, i gcás san do chailliúint, do dhíthiú, no do bhriseadh no agha-lot chó mór san do dhul air de dhruim caithimh no díobhála go mbeidh gach ceann no aon cheann de sna marcanna ceangaltar, leis an alt so, do bheith air scriosta dhe no do-léighte, ansan, an té is ceadúnaí fén gceadúnas san féadfaidh, ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ar tugadh amach an pláta feithicle sin, a iarraidh ar Ard-Cheannphort an Ghárda Síochána gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin atá an stáisiún san pláta nua feithicle do thabhairt amach alos na feithicle sin, agus leis sin déanfaidh an tArd-Cheannphort san, más deimhin leis an pláta feithicle sin a céad-luaidhtear do bheith caillte, díthithe no briste no agha-lot do bheith imithe air amhlaidh, agus ar an bpláta feithicle sin (maran caillte no díthithe dho) do sheachadadh dho, déanfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, pláta nua feithicle agus marcanna air den tsaghas chéanna bhí ar an bpláta feithicle sin a céad-luaidhtear do thabhairt amach don iarratasóir. | |
[EN] | (4) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so ar phláta feithicle alos feithicle inneall-ghluaiste áirithe agus beidh ina theanta an leabhar clárathachta bhaineann leis an bhfeithicil sin. | |
[EN] | (5) Ní thabharfaidh Ard-Cheannphort pláta feithicle amach alos aon fheithicle inneall-ghluaiste maran deimhin leis an fheithicil sin do bheith ceadúnaithe go cuibhe fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (6) Íocfar , alos gach iarratais a déanfar ar phláta feithicle fén alt so, leis an Ard-Cheannphort den Ghárda Síochána chun a ndéanfar an t-iarratas san táille de pé méid a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid agus tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, agus beidh íoc na táille sin (a coinneofar pe'ca géillfear don iarratas no ná géillfear) ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san. | |
[EN] | (7) Gach pláta feithicle do bhéarfar amach fén alt so is de mhiotal a bheidh sé déanta agus beidh sé do réir an phátrúin orduithe agus beidh na marcanna orduithe air. | |
[EN] |
Srian le plátaí feithicle do thabhairt amach. |
31. —(1) I gcás an té (seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar) is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'iarraidh pláta feithicle do thabhairt amach alos laraí, ní tabharfar amach an pláta san— |
[EN] | (a) más rud é ná fuil aon riail-mheáchaint laraí ann don cheadúnaí sin, ná | |
[EN] | (b) más rud é go bhfuil riail-mheáchaint laraí ann don cheadunaí sin, agus— | |
[EN] | (i) gur mó meáchaint gan ualach an tarraicire sin ná an riail-mheáchaint tarraicire sin, no | |
[EN] | (ii) gurb é thiocfadh as an tabhairt-amach san, dá ndeintí é, ná gur mhó le chéile meáchaintí gan ualach na laraithe gur ina dtaobh a bheadh plátaí feithicle tugtha amach don cheadúnaí sin ná an riail-mheáchaint laraí sin. | |
[EN] | (2) I gcás an té (seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar) is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'iarraidh pláta feithicle do thabhairt amach alos tarraicire, ní tabharfar amach an pláta san— | |
[EN] | (a) más rud é ná fuil aon riail-mheáchaint tarraicire ann don cheadúnaí sin, no | |
[EN] | (b) más rud é go bhfuil riail-mheáchaint tarraicire ann don cheadúnaí sin, agus— | |
[EN] | (i) gur mó meáchaint gan ualach an tarraicire sin ná an riail-mheáchaint tarraicire sin, no | |
[EN] | (ii) gurb é thiocfadh as an tabhairt-amach san, dá ndeintí é, ná gur mhó le chéile meáchaintí gan ualach na dtarraicirí gur ina dtaobh a bheadh plátaí feithicle tugtha amach don cheadúnaí sin ná an riail-mheáchaint tarraicire sin. | |
[EN] | (3) Pé uair a dhéanfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana pláta feithicle do tugadh amach don cheadúnaí sin do thabhairt suas ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ar tugadh amach é tuigfear chun crícheanna an ailt seo gan an pláta feithicle sin do bheith tugtha amach a thuilleadh don cheadúnaí sin. | |
[EN] |
Plátaí feithicle do sheachadadh don Ghárda Síochána i gcásanna áirithe. |
32. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) feithicle gur tugadh amach pláta feithicle ina taobh do dhíol no í do scur de bheith ceadúnaithe go cuibhe fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, no | |
[EN] | (b) únaera feithicle gur tugadh amach pláta feithicle ina taobh do scur de bheith i dteideal do réir dlí gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige, | |
[EN] | déanfaidh únaer na feithicle sin laistigh de thrí lá tar éis an díola no an scurtha san an pláta feithicle sin do sheachadadh do bhall den Ghárda Síochána ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ar tugadh amach an pláta feithicle sin. | |
[EN] | (2) Má dheineann duine ar bith teip no má thugann sé faillí maidir le déanamh do réir an ailt seo beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san. | |
[EN] |
Plátaí feithicle d'úsáid go calaoiseach. |
33. —Má deintear aon phláta feithicle bhéarfar amach alos feithicle inneall-ghluaiste áirithe do ghreamú d'aon fheithicil inneall-ghluaiste eile, beidh únaer na feithicle inneall-ghluaiste sin a céad-luaidhtear agus fós únaer na feithicle inneall-ghluaiste eile sin (marab eisean únaer na feithicle inneall-ghluaiste sin a céadluaidhtear) beidh gach duine fé leith acu ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air. |
[EN] |
E do bheith mar oblagáid pláta feithicle do bheith ar fheithiclí bheidh ag iompar earraí ceannaíochta. |
34. —(1) An pláta feithicle bhéarfar amach fén gCuid seo den Acht so alos feithicle inneall-ghluaiste déanfar é do ghreamú den fheithicil sin san áit agus sa tslí orduithe agus beidh sé greamuithe mar sin i gcomhnaí nuair a bheidh an fheithicil sin á húsáid i gcóir iompair earraí ceannaíochta de bhóthar. |
[EN] | (2) Má húsáidtear aon fheithicil inneall-ghluaiste i gcóir iompair earraí ceannaíochta de bhóthar gan pláta feithicle tugadh amach fén gCuid seo den Acht so alos na feithicle sin do bheith greamuithe dhi san áit agus sa tslí orduithe, no go bpláta feithicle den tsórt san ach agha-lot chó mór san imithe air de dhruim caithimh no díobhála go mbeidh na marcanna ceangaltar, leis an Acht so, do bheith air scriosta dhe no do-léighte, beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin, beidh gach duine fé leith acu ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air. | |
[EN] |
Feithiclí bheidh ag iompar earraí ceannaíochta d'iniúchadh. |
35. —(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána, aon uair agus in aon áit, laraí no tarraicire ar bith d'iniúchadh agus do scrúdú agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) dul isteach in aon áit ina mbeidh an laraí no an tarraicire sin ; | |
[EN] | (b) i gcás an laraí no an tarraicire sin do bheith ag gluaiseacht, a cheangal air stad ; | |
[EN] | (c) a cheangal ar thiománaí an laraí no an tarraicire sin é thiomáint láithreach go dtí áit chaothúil a thaisbeánfaidh an ball san chun é d'iniúchadh agus do scrúdú amhlaidh. | |
[EN] | (2) Gach duine— | |
[EN] | (a) a choiscfidh ball den Ghárda Síochána no a cuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú aon chomhachta bronntar leis an alt so, no | |
[EN] | (b) is tiománaí laraí no tarraicire bheidh ag gluaiseacht, agus go dteipfidh air é stop nuair a cheanglóidh ball den Ghárda Síochána air fén alt so san do dhéanamh, no | |
[EN] | (c) is tiománaí laraí no tarraicire agus go dteipfidh air déanamh do réir mar a cheanglóidh ball den Ghárda Síochána air fén alt so maidir leis an laraí no leis an tarraicire sin, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar chonnartha chun earraí ceannaíochta d'iompar do dhéanamh le duine neacheadúnaithe. |
36. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis ní bheidh sé dleathach d'éinne có-aontú do dhéanamh chun duine ar bith eile d'iompar earraí ceannaíochta ar luach saothair maran ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta an duine eile sin no maran laistigh de líomatáiste eiscithe agus sa líomatáiste sin amháin a bheidh na hearraí ceannaíochta san le hiompar. |
[EN] | (2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air. | |
[EN] |
An Public Roads (Ireland) Act, 1911, do leasú. |
37. —Ní luighfidh aon aicsean fé fho-alt (1) d'alt 1 den Public Roads (Ireland) Act, 1911, i gcoinnibh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta alos damáiste ar bith a déanfar do bhóthar phuiblí de dhruim an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl ag an gceadúnaí sin. |