|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Diuitethe Stampa.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Thosnuionn an iiadh Bealtaine, 1933.) |
ACHT AIRGID, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Generalta. | |
[EN] |
Cánacha agus diúitéthe do bhaint amach. |
44. —Féadfar gairm thionnscnaimh, fógra tairiscinte, gairm no próiseas eile (pe'ca tionnscnamhach no eadar-labharthach do) do bhéarfar amach as an Ard-Chúirt maidir le himeacht a bheidh beartuithe no bheidh ar feitheamh sa Chúirt sin chun aon chánach no diúité do bhaint amach a bheidh de thurus na huaire fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim no chun aon fhíneála, pionóis, no geallbhruide do bhaint amach fé n-a raghfar i dtaobh aon chánach no diúité den tsórt san, féadfar, le cead na hArd-Chúirte, san do sheirbheáil ar dhuine bheidh ina chomhnaí sa Bhreatain Mhóir i gcás 'na bhféadfaí agus pé uair 'na bhféadfaí, leis an gcead san, an próiseas san do sheirbheáil go dleathach ar an duine sin dá mba in áit eile (lasmuich de Shaorstát Éireann) seachas sa Bhreatain Mhóir do bheadh an duine sin ina chomhnaí. |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe. |
45. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoiminiséirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité forchuirtear leis an Acht so. |
[EN] |
Athghairm. |
46. —Athghairmtear leis seo alt 46 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ). |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme. |
47. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1933 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin. | |
[EN] | (3) Tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1933, agus beidh éifeacht aici an lá san agus ón lá san amach. |