Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

22 1933


Uimhir 22 de 1933.


ACHT SIOR-CHISTI (CLÁRÚ), 1933.


ACHT CHUN AN DLÍ I dTAOBH SÍORRAÍOCHTAÍ AGUS CARNÁLANNA DO LEASÚ SA MHÉID GO mBAINEANN SÉ LE CISTÍ ÁIRITHE SOCHAIR. [29adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe generálta.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnseail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an clárathóir” Clárathóir na gCara-Chumann i Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an focal “rialacha” ionstraim bhunuithe agus rialálta iontaobhaisí an chiste gur ina thaobh a húsáidtear an focal san;

foluíonn an focal “iontaobhas” iontaobhas ar bith do bheadh gan brí dá mba ná rithfí an tAcht so;

cialluíonn an abairt “lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire chun an Achta so do theacht i bhfeidhm;

cialluíonn an focal “iniúchóir” duine go sna cáilíochtaí is gá do bheith ag iniúchóir;

cialluíonn an focal “achtuaire” duine go sna cáilíochtaí is gá do bheith ag achtuaire.

Míníú ar shíor-chiste.

2. —San Acht so cialluíonn an focal “síor-chiste” ciste—

(a) ar n-a bhunú maidir le haon ghnó no le haon sreath gnóthaí bhíonn ar siúl i bpáirt no go hiomlán i Saorstát Éireann;

(b) ar n-a bhunú go príomhdha chun gach críche no chun aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) chun aois-liúntaisí do chur ar fáil do dhaoine, ar fostú sa ghnó san no sa tsreath gnóthaí sin, ar eirghe as an bhfostú san dóibh;

(ii) chun pinsean le linn baintreachais do chur ar fáil do bhaintreacha daoine do bhí ar fostú amhlaidh;

(iii) chun liúntaisí tréimhsiúla do chur ar fáil do chlainn no maidir le clainn daoine ar fostú amhlaidh;

(iv) chun a chur in áirithe go mbeidh suimeanna caipitiúla ar fáil ar dhaoine ar fostú amhlaidh d'fháil bháis; agus

(c) ar n-a rialáil le rialacha bheidh do réir na n-éilithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Clár do bhunú.

3. —(1) Déanfaidh an clárathóir, an lá ceaptha agus as san amach, clar de shíor-chistí ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Clár na Síor-Chistí (dá ngairmtear an clár san Acht so) do bhunú agus do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh an clár agus iontrálfar ann ainmneacha agus seolta iontaobhaithe gach ciste bheidh cláruithe ann, agus ainm rúnaí gach ciste den tsórt san, agus an seoladh ag á nglacfar có-fhreagarthas i dtaobh an chiste (dá ngairmtear seoladh an chiste san Acht so), agus fós pé mion-innste eile (más ann dóibh) a bheidh orduithe.

Síor-chistí do chlárú.

4. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe síor-chiste a iarraidh aon uair ar an gclárathóir sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an ciste sin do chlárú sa chlár.

(2) Pé uair a dhéanfaidh iontaobhaithe síor-chiste a iarraidh fén alt so an ciste sin do chlárú, bhéarfaid don chlárathóir, le linn an iarratais sin do dhéanamh, na mion-innste orduithe agus na scríbhinní orduithe, agus beidh ar na scríbhinní sin dhá chóip de rialacha an chiste sin.

(3) Ar an gclárathóir d'fháil iarratais fén alt so chun síorchiste do chlárú, déanfaidh, más deimhin leis an ciste sin do bheith ina shíor-chiste mar a mínítear san leis an Acht so, an ciste sin do chlárú sa chlár do réir an Achta so.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an clárathóir síor-chiste do chlárú do réir an ailt seo bhéarfaidh amach d'iontaobhaithe an chiste sin deimhniú á rá go ndearnadh agus ag luadh an dáta ar a ndearnadh an clárú san.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an clárathóir síor-chiste do chlárú do réir an ailt seo coimeádfaidh agus cuirfidh ar fíl cóip de rialacha an chiste sin agus ceanglóidh cóip eile de sna rialacha san den deimhniú do bhéarfaidh uaidh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(6) Gach síor-chiste clárófar sa chlár isé ainm do bhéarfar air, agus san Acht so isé gairmtear de, ná síor-chiste cláruithe.

Comhacht don chlárathóir forálacha chun dul ón riail in aghaidh síorraíochtaí do scriosadh amach.

5. —(1) Má bhíonn i rialacha aon tsíor-chiste go ndéanfar ina thaobh iarratas ar chlárú fén Acht so forálacha gurb é a n-aon-chuspóir, dar leis an gclárathóir, iontaobhaisí an chiste sin d'fhágaint gan baint do bheith leo ag an riail dlí i dtaobh síorraíochtaí, féadfaidh an clárathóir, ar iarratas iontaobhaithe an chiste sin, na forálacha san do scriosadh amach as na rialacha agus aon leasuithe eile do dhéanamh ortha is dóich leis do bheith ceart de dhruim na bhforálacha san do scriosadh amach.

(2) Nuair a dhéanfaidh an clárathóir rialacha aon tsíor-chiste do leasú fén alt so, is fé réir na leasuithe déanfar ortha bheidh éifeacht ag na rialacha san ar bheith cláruithe don chiste.

Gan an riail in aghaidh síorraíochtaí do bhaint le síorchistí cláruithe.

6. —Ní bhainfidh an riail dlí atá ann i dtaobh síorraíochtaí, agus tuigfear nár bhain sí riamh, le hiontaobhaisí aon tsíorchiste chláruithe.

Atharuithe i rialacha do chlárú.

7. —(1) Pé uair a déanfar atharú i rialacha síor-chiste chláruithe, déanfaidh iontaobhaithe an chiste sin, laistigh den am orduithe tar éis an atharuithe sin do dhéanamh, a iarraidh ar an gclárathóir sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an t-atharú san do chlárú sa chlár.

(2) Pé uair a dhéanfaidh iontaobhaithe síor-chiste chláruithe a iarradh fén alt so atharú i rialacha an chiste sin do chlárú, bhéarfaid don chlárathóir, le linn an iarratais sin do dhéanamh, na mion-innste orduithe agus na scríbhinní orduithe.

(3) Ar an gclárathóir d'fháil iarratais fén alt so chun atharuithe i rialacha síor-chiste chláruithe do chlárú (pe'ca laistigh den am orduithe tar éis an atharuithe sin do dhéanamh a hiarrfar an clárú san no nách eadh) déanfaidh an clárathóir—

(a) más deimhin leis na rialacha san agus iad atharuithe amhlaidh do bheith do réir na n-éilithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an t-atharú san do chlárú sa chlár, no

(b) maran deimhin leis san do bheith amhlaidh, diúltadh do ghéilleadh don iarratas san.

(4) Ní bheidh aon atharú déanfar i rialacha síor-chiste chláruithe dleathach ná ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith aige mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar an t-atharú san do chlárú sa chlár, agus gach atharú den tsórt san a clárófar amhlaidh beidh éifeacht aige ar dháta an chláruithe sin agus ón dáta san amach.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an clárathóir atharú i rialacha síorchiste chláruithe do chlárú do réir an ailt seo, bhéarfaidh amach d'iontaobhaithe an chiste sin deimhniú á rá go ndearnadh agus ag luadh an dáta ar a ndearnadh an t-atharú san.

An clár do cheartú.

8. —(1) Pé uair, toise ní ar bith do thárlachtaint, a scuirfidh na mion-innste bheidh iontrálta sa chlár i dtaobh aon tsíor-chiste chláruithe de bheith do réir fíor an scéil déanfaidh iontaobhaithe an chiste sin a iarraidh ar an gclárathóir sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an clár do cheartú.

(2) Déanfar gach iarratas fén alt so laistigh den am orduithe tar éis lae thárlachtainte an ní is cúis leis an iarratas san, agus beidh sé fé láimh dhuine d'iontaobhaithe an chiste no fé láimh rúnaí an chiste le n-a mbaineann an t-iarratas san.

(3) Ar an gclárathóir d'fháil iarratais fén alt so chun an chláir do cheartú (pe'ca laistigh den am orduithe a hiarrfar an ceartú san no nách eadh) déanfaidh, ar bheith deimhnitheach d'fhíora an scéil, an clár do cheartú do réir an iarratais sin.

(4) Féadfaidh an clárathóir aon uair, gan aon iarratas fén Acht so, an clár do cheartú d'fhonn carráid do choigeartú no neachinnteacht do chur ar ceal.

Clárú do chur ar nea-mbrí ar dheireadh do chur le síorchiste.

9. —(1) Pé uair a cuirfear deireadh le síor-chiste cláruithe, déanfaidh iontaobhaithe an chiste sin, laistigh den am orduithe tar éis deireadh do chur leis, a iarraidh ar an gclárathóir clárú an chiste sin do chur ar nea-mbrí.

(2) Beidh i dteanta gach iarratais chun clárú síor-chiste do chur ar nea-mbrí fén alt so pé fianaise theastóidh ón gclárathóir á thaisbeáint gur cuireadh deireadh leis an gciste sin.

(3) Ar an gclárathóir d'fháil iarratais fén alt so déanfaidh, más deimhin leis deireadh do bheith curtha leis an gciste gur ina thaobh a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, clárú an chiste sin do chur ar nea-mbrí.

Cuntaisí cistí cláruithe agus tuarasgabhála ina dtaobh.

10. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe gach síor-chiste chláruithe a chur fé ndeár uair sa bhliain go n-ullamhófar cuntas airgid agus cuntas cothromuíochta an chiste agus go n-iniúchfaidh iniúchóir an céanna, agus déanfaidh na hiontaobhaithe sin freisin a chur fé ndeár, uair amháin ar a laighead gach cúig bliana, go scrúdóidh achtuaire staid airgeadais an chiste agus go dtabharfaidh tuarasgabháil ina taobh.

(2) Déanfaidh rúnaí an chiste cóip de gach cuntas airgid agus de gach cuntas cothromuíochta agus de gach tuarasgabháil a hullamhófar no do bhéarfar fén alt so, agus an céanna sighnithe ag an iniúchóir no ag an achtuaire (do réir mar bheidh) agus ag an rúnaí sin, do chur chun an chlárathóra laistigh de bhliain o dheireadh na tréimhse le n-a mbaineann.

Tuarasgabhála ón gclárathóir.

11. —(1) Déanfaidh an clárathóir tuarasgabháil ghenerálta ar a imeachta fén Acht so do thabhairt don Aire gach bliain, agus leagfar gach tuarasgabháil den tsórt san fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis don Aire í d'fháil.

(2) Ní bheidh in aon tuarasgabháil do bhéarfar fén alt so ná ní nochtfar inti aon eolas a bheidh sa chuntas airgid, sa chuntas cothromuíochta no sa tuarasgabháil a hullamhófar no do bhéarfar maidir le haon chiste áirithe.

Comhachta breise don chlárathóir.

12. —(1) Féadfaidh an clárathóir a cheangal ar éinne d'iontaobhaithe no ar rúnaí aon tsíor-chiste chláruithe no aon tsíor-chiste go mbeifear á iarraidh fén Acht so é do chlárú eolas no míniú ar bith do thabhairt uaidh, tré ráiteas reachtúil no ar shlí eile, is gá chun comhacht agus dualgas an chlárathóra fén Acht so d'fheidhmiú agus do chólíonadh go cuibhe.

(2) I gcás iontaobhaithe síor-chiste chláruithe do dhéanamh aon tsárú iontaoibhe de bhíthin iad do dhéanamh suncála neamhúdaruithe no de bhíthin iad do dhéanamh sárú ar aon riail den chiste sin a bheidh do réir na n-éilithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh ag an gclárathóir na leigheasanna ceanainn céanna i dtaobh an tsárú iontaoibhe sin do bheadh aige dá mba dhuine go leas chun tairbhe sa chiste sin é.

Deimhnithe an chlárathóra.

13. —Beidh gach deimhniú do bhéarfaidh an clárathóir amach do réir an Achta so séaluithe le n-a shéala oifigiúil, agus gach scríbhinn a thugann le tuisgint í bheith séaluithe amhlaidh agus í bheith ina deimhniú ar n-a tabhairt amach amhlaidh glacfar léi mar fhianaise agus tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, í bheith séaluithe agus ar n-a tabhairt amach amhlaidh, agus (mara gcruthuítear ná dearnadh í do shéalú agus do thabhairt amach amhlaidh) beidh sí ina fianaise dho-chlaoidhte ar na fíora bheidh luaidhte inti do réir an Achta so.

Ciontaí.

14. —(1) Más rud é, maidir le haon tsíor-chiste cláruithe, go dtabharfar faillí i ndéanamh do réir aon cheann d'éilithe an Achta so bhaineann le ní ar bith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuntaisí agus tuarasgabhála;

(b) iarrataisí do dhéanamh á iarraidh go ndéanfaí atharuithe sna rialacha do chlárú;

(c) iarrataisí do dhéanamh á iarraidh go leasófaí an clár;

(d) fógra do chur chun an chlárathóra i dtaobh deireadh do chur leis an gciste sin;

beidh gach duine d'iontaobhaithe an chiste sin agus fós rúnaí an chiste sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(2) I gcás duine ar bith, ar a n-éileoidh an clárathóir fén Acht so aon eolas no míniú do thabhairt uaidh d'fhéadfadh sé le dícheall cuibhe do thabhairt uaidh, do thabhairt faillí i ndéanamh do réir an éilimh sin laistigh de cheithre lá déag tar éis fógra i scríbhinn ina thaobh do sheachadadh dho, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(3) Duine ar bith bheidh ciontach i gcionta fé cheachtar fo-alt acu san roimhe seo den alt so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach seachtaine leanfar den chionta.

(4) Beidh sé ina chosnamh mhaith ar aon imeachta in aghaidh duine ar bith fé fho-alt (1) den alt so a chruthú gur gan toiliú an duine sin agus gan é dá scaoileadh thairis do thárla an fhaillí gur ina taobh a bheidh na himeachta san á mbunú agus nár chuidigh aon neamh-áird o thaobh an duine sin leis an bhfaillí sin.

Rialacháin.

15. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á ordú, le toiliú an Aire Airgid, cad iad na táillí (más ann dóibh) a híocfar leis an gclárathóir alos gach ní no einní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) síor-chistí do chlárú;

(b) atharuithe i rialacha síor-chistí cláruithe do chlárú;

(c) ceartúcháin do dhéanamh sa chlár ar iarratas iontaobhaithe síor-chistí cláruithe;

(d) nea-mbríochaintí do dhéanamh ar chlárú síor-chistí cláruithe;

(e) an clárathóir do thabhairt deimhnithe amach;

agus íocfar leis an gclárathóir alos gach ní den tsórt san pé táillí a hordófar amhlaidh.

(3) Déanfar na táillí uile do gheobhaidh an clárathóir fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Aire.