An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Congnamh Diomhaointis.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.)

46 1933

ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933

CUID IV.

Foralacha Airgeadais.

Costaisí.

24. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an congnamh díomhaointis uile bheidh iníoctha fén Acht so.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas eile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Iocaíochtaí don Aire amach as an gCiste Díomhaointis.

25. —Déanfar, i ngach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1934, suim de £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) d'aistriú chun an Aire amach as an gCiste Díomhaointis atá bunuithe agus á choinneáil suas fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, fé mar atáid san leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Údaráis áitiúla d'íoc suimeanna leis an Aire.

26. —(1) Íocfar leis an Aire gach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1934, i pé slí ordóidh an tAire, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) íocfaidh comhairle gach contae-bhuirge agus comhairle buirge Dhún Laoghaire suim a bheidh có-ionann le méid ráta scillinge agus reul an púnt ar luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin no buirge Dhún Laoghaire, do réir mar bheidh, i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin;

(b) íocfaidh comhairle gach baile-líomatáiste (seachas bailelíomatáiste is contae-bhuirg no is buirg Dhún Laoghaire) suim a bheidh có-ionann le méid ráta naoi bpingne an púnt ar luach ionrátuithe an bhaile-líomatáiste sin i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach comhairle ag á mbeidh airgead iníoctha leis an Aire fén alt so i mbliain airgeadais an t-airgead san d'íoc leis an Aire ina cheithre tráth-choda cothroma, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhómhair, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, agus an 31adh lá de Mhárta an bhliain sin.

(3) Déanfar aon airgead a bheidh iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so do chruinniú tríd an ráta cathardha, i gcás comhairle contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus comhairle buirge Dhún Laoghaire, ach mar ítim ar leithligh den ráta san, no tríd an ráta dealbhais, i gcás aon chomhairle eile, ach mar ítim ar leithligh den ráta san.

(4) I gcás aon tsuime airgid do bheith iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so, féadfar, mara n-íocfaidh an chomhairle sin an t-airgead san, méid an airgid sin do bhaint de shuimeanna is iníoctha go díreach no go nea-dhíreach leis an gcomhairle sin amach as Cuntas an Chánachais Áitiúla (Éirinn), agus an méid sin d'íoc leis an Aire i nglanadh na suime sin.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe”—

(a) maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear an luacháil sin do bheith laigheaduithe tré alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa chontae-bhuirg sin is ionrátuithe chun an ráta chathardha;

(b) maidir le buirg Dhún Laoghaire, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear an luacháil sin do bheith laigheaduithe tríd an alt san 69, atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa bhuirg sin is ionrátuithe chun an ráta chathardha;

(c) maidir le haon bhaile-líomatáiste eile, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa líomatáiste sin is ionrátuithe chun an ráta dhealbhais.

Airgead a haistreofar chun an Aire no a híocfar leis do chur chun críche.

27. —Aon airgead a haistreofar chun an Aire no a híocfar leis fén dá alt deiridh sin roimhe seo déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.