An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS MÁIL), 1933) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Leasuithe ar Achtanna.)

52 1933

ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS MÁIL), 1933

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Custum Airithe.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

Forálacha Speisialta

1

Muil a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid ar rothair no ar rothair thrianacha (seachas rothair agus rothair thrianacha inneallghluaiste) agus a bheidh curtha le chéile no go mbeidh an chuid is mó de gach ceann acu curtha le chéile.

37½%

Beidh feidhm ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919. maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

2

Fo-bhuinn i gcóir bróga, bróga ísle agus cos-bheart eile.

30%

--

3

Cnapai bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, de leathar agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do chur lasmuich ar bhróga, ar bhróga ísle, no ar chos-bheart eile.

30%

--

4

Creasa agus abhar creasa bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid chun comhachta do sheoladh no sa tseoladh san.

20%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúite sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

5

Earraí go mbeidh neoinfheadáin feistithe ortha agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid mar fhógraí no mar fhógráin no chun crícheanna fógraíochta, agus fós neoinfheadáin iomlána bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'fheistiú ar earraí go mbeifear ar aigne aon úsáid den tsórt san roimhráite do dhéanamh díobh.

75%

Beidh feidhm ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag uimhir thagartha 15 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , d'éileamh ná do ghearradh ar earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

6

Tiormathóírí ina bhfliuchán chun a n-úsáidthe chun péint no líomhnáin d'ullamhú, agus is resinate miotalach no linoleate miotalach no oleate miotalach no aon tsubstaint den tsaghas chéanna no meascán de dhá shubstaint no níos mó acu san i mbiotáille geal, i dtuirpintín, in íle síl ruis no in abhar eile.

An gal. 7s. 6d.

Beidh feidhm ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919. maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Ní bheidh earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ionchurtha fé aon diúité eile custum ach amháin pé diúité a bheidh inéilithe alos na biotáille (más ann do) a bheidh san earra san.

Má bhíonn aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí ullmhuithe no déanta a hiomportálfar ní bheidh feidhm ag an Customs Tariff Act, 1876, ná ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an méid den earra san a bheidh sna hearraí sin.

7

Scáthanna lampaí go mbeidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, cuid mhaith dhíobh déanta d'abhar fighte, no de pháipéar, no de tháirgeadh cellulose, no de phár, no d'aon abhar den tsaghas san, no d'aon dá abhar no níos mó acu san le chéile agus fós coda (a bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'aon abhar den tsórt san no d'aon abhair den tsórt san curtha le chéile) de scáthanna lampaí.

331/3%

--

8

Earraí déanta is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is brící, bluic no leacacha do rinneadh i bpáirt no go hiomlán de stroighin Romhánach, de stroighin Phortland no d'aon stroighin eile chruadhann fé uisce agus nár cuireadh fé aon oibriú snastachta no líomhthachta.

50%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

9

Fleasca cumhaidh, crosanna agus samhaltáin eile den tsórt san ina mbeidh blátha agus duilleoga saordha no tiormuithe no ceachtar acu san agus fós gabhadáin i gcóir aon tsamhaltán den tsórt san agus fós coda de sna samhaltáin no de sna gabhadáin sin.

50%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur cheart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir colíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

10

Abhar clóbhuailte is ionchurtha fén diúité luaidhtear i mír (a) sa dara colún ag uimhir thagartha 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta ar fad no nách mór ar fad tré chló inaistrithe d'úsáid.

50%

Ní déanfar an diúité luaidhtear i mír (a) sa dara colún ag uimhir thagartha 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , d'éileamh ná do ghearradh ar earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.