53 1933


Uimhir 53 de 1933.


ACHT CHUN IASCAIGH MHARA DO CHAOMHNADH, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN IASCAIGH MHARA SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHAOMHNADH. [16adh Mí na Nodlag, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh;

foluíonn an focal “iasc” iasc sliogáin ach ní fholuíonn sé bradáin ná eascoin fíor-uisce;

cialluíonn an abairt “iascaireacht mhara” iascaireacht do dhéanamh no iasc do thógaint in uiscí taoide;

cialluíonn an abairt “bád iascaireachta mara” aon long, bád no árthach eile de shaghas ar bith a húsáidtear i gcóir iascaireachta mara;

nuair a húsáidtear an abairt “an máistir” maidir le bád iascaireachta mara cialluíonn sí an máistir, an scibire no an duine eile bheidh i bhfeighil an bháid sin de thurus na huaire;

foluíonn an abairt “gléas iascaireachta” aon líon, dol, dorugha no fearas eile de shaghas ar bith a húsáidtear no is féidir d'úsáid chun breith ar iasc, agus aon rópa, téad tarraicthe, cuaille no rud eile de shaghas ar bith ar n-a cheangal den líon, den dol, den dorugha no den fhearas eile sin no is féidir d'úsáid leis an gcéanna.

(2) Is bád iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann chun crícheanna an Achta so gach bád acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) bád iascaireachta mara ar n-a chlárú i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933,

(b) aon bhád iascaireachta mara go bhfuil a únaer no, i gcás níos mó ná únaer amháin do bheith ann, a únaer bainistí ina chomhnaí i Saorstát Éireann no gur i Saorstát Éireann atá a phríomh-áit ghnótha aige.

Achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann.

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann” an chuid sin den fhairrge gur laistigh di atá an t-aon-cheart iascaireachta ag saoránaigh de Shaorstát Éireann do réir dlí eadarnáisiúnta, agus i gcás teoranta na coda san do bheith leagtha amach i dtéarmaí aon chonvensiúin, connartha no socruithe ar n-a dhéanamh idir Saorstát Éireann agus aon Stát eile agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire foluíonn an abairt sin, maidir le báid iascaireachta mara agus géilliúnaigh an Stáit sin, an chuid sin go leagtar amach a teoranta amhlaidh.

Srian le báid iascaireachta mara do theacht isteach in achar aon-chirt iascaigh.

3. —(1) Ní beidh sé dleathach d'aon bhád iascaireachta mara, nách bád iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann, teacht isteach in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann ach amháin—

(a) chun críche ar n-a ceadú ag dlí eadarnáisiúnta; no

(b) chun críche ar n-a ceadú ag aon chonvensiún, connradh, no socrú bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire idir Saorstát Éireann agus an tír gur léi an bád san; no

(c) chun aon chríche eile is críoch dhleathach.

(2) Má thagann aon bhád iascaireachta mara, nách bád iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann, isteach in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann chun aon chríche dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) fágfaidh an bád san an t-achar san an túisce bheidh an chríoch san cólíonta;

(b) éinne bheidh ar bord an bháid sin ní dhéanfaidh iascaireacht ná ní thabharfaidh fé iascaireacht do dhéanamh le linn don bhád san bheith san achar san;

(c) cólíonfar go cuibhe aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh maidir le dea-riar do bheith idir báid iascaireachta mara, nách báid iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann, a bheidh de thurus na huaire in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann, agus idir na daoine bheidh ar bord na mbád san.

(4) Más rud é—

(a) go dtiocfaidh aon bhád iascaireachta mara, nách bád iascaireachta mara de chuid Shaorstáit Éireann, isteach in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann contrárdha d'fho-alt (1) den alt so, no

(b) tar éis d'aon bhád iascaireachta mara den tsórt san teacht isteach go dleathach in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann, go dtárlóidh sárú maidir leis an mbád san (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar aon cheann d'fhorálacha fo-ailt (2) den alt so,

beidh máistir an bháid sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air má sé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, agus i gceachtar cás féadfaidh an Chúirt freisin aon iasc a gheobhfar sa bhád san maraon le haon ghléas iascaireachta bheidh inti do gheallbhruideadh.

Cosc ar mhodhanna áirithe trálaerachta.

4. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le fo-dhlithe, cosc do chur (amuich is amach no mara ndeintear do réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire do chur sna fo-dhlithe sin, pe'ca saghas coisc is rogha leis an Aire agus a luadhfar sna fo-dhlithe sin) le haon mhodh trálaerachta no saighncoireachta (ar a n-áirmhítear iascaireacht le haon tsaghas lín ar n-a tharrac fan grinnill na fairrge ag bád ar gluaiseacht no ag aon fhearas meicniúil i mbád ar ancoire) d'úsáid, in uiscí aon líomatáiste áirithe (is líomatáiste in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann), i mbád ar bith no i mbád ar bith de shaghas áirithe, fé mar a luadhfar sna fo-dhlithe sin, no ón gcéanna agus féadfar fo-dhlithe deifriúla do dhéanamh maidir le saghsanna deifriúla bád agus le modhanna deifriúla iascaireachta.

(2) Gach duine dhéanfaidh gníomh no thabharfaidh fé ghníomh do dhéanamh is sárú ar aon fho-dhlí bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad púnt do chur air má sé an chéad chionta fén alt so aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

(3) I gcás duine do chiontú i gcionta fén alt so déanfaidh an chúirt, i dteanta aon phionóis eile do ghearradh, a ordú go ngeallbhruidfear aon ghléas iascaireachta do húsáideadh no do tugadh fé n-a úsáid contrárdha don fho-dhlí gurbh é a shárú san an cionta san.

(4) I gcás—

(a) an tríú cionta, no aon chionta ina dhiaidh sin, fén alt so do dhéanamh sa bhád chéanna, pe'ca isé an duine céanna ciontófar gach tráth no nách é, agus

(b) an bád san do bheith, le linn an chionta san do dhéanamh, ar únaeracht no ar pháirt-únaeracht ag duine dob únaer no ba páirt-únaer ar an mbád san tráth na gciontaí roimhe sin do dhéanamh,

féadfaidh an chúirt, i dteanta pionóis no pionós ar bith eile do ghearradh fén alt so, a ordú an bád san do gheallbhruideadh.

(5) Beidh feidhm ag forálacha fo-alt (3), (4) agus (5) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), maidir le fo-dhlithe déanfar fén alt so.

(6) Ní léireofar éinní atá san alt so no bheidh in aon fho-dhlithe déanfar fén alt so mar ní dheineann deifir d'oibriú no chuireann teora le hoibriú aon fho-dhlithe ar n-a ndéanamh fén Steam Trawling (Ireland) Act, 1889.

Ciontaí eile maidir le báid iascaireachta mara.

5. —(1) I gcás—

(a) aon bhád iascaireachta mara le n-a mbaineann Cuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, d'fháil in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann gan na páipéirí oifigiúla tugadh amach do réir an Achta san alos an bháid sin do bheith ar bord aice, no

(b) aon bhád iascaireachta mara eile d'fháil in achar aonchirt iascaigh Shaorstáit Éireann gan páipéirí oifigiúla ag cur náisiúntachta an bháid sin in úil do bheith ar bord aice,

beidh máistir an bháid sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

(2) Má thagann aon bhád iascaireachta mara le n-a mbaineann Cuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, isteach in achar aonchirt iascaigh Shaorstáit Éireann gan í bheith fé leitreacha agus fé uimhir do réir rialachán a bhaineann le báid iascaireachta mara do leitriú agus d'uimhriú agus a bheidh déanta fén Acht san agus is infheidhmithe maidir leis an mbád san, beidh máistir an bháid iascaireachta mara san ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

(3) Má theipeann ar aon bhád iascaireachta mara in achar aonchirt iascaigh Shaorstáit Éireann bheith do réir na bhforálacha, i dtaobh na soillsí atá le n'iompar agus le taisbeáint, atá sna rialacháin a bhaineann le hiombualadh ar muir do sheachaint agus do rinneadh fé alt 418 den Merchant Shipping Act, 1894, agus is infheidhmithe maidir leis an mbád san, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

(4) I gcás gníomh no faillí do bheith ina chionta fén alt so agus fós fén Merchant Shipping Act, 1894, féadfar neach déanta an chionta do chúiseamh agus do phionósú fén alt so no fén Merchant Shipping Act, 1894, ach ní féadfar é do phionósú dhá uair mar gheall ar an gcionta céanna.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Oifigigh Chaomhanta Iascaigh Mhara.

6. —Chun crícheanna an Achta so, is oifigeach caomhanta iascaigh mhara gach duine acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) gach oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire;

(b) gach ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann go n-údarás chuige sin ón Aire;

(c) gach ball den Ghárda Síochána;

(d) gach oifigeach Custum agus Máil go n-údarás chuige sin o sna Coimisinéirí Ioncuim;

(e) gach oifigeach don Aire Tionnscail agus Tráchtála go n-údarás chuige sin ón Aire.

Comhachta Oifigeach Caomhanta Iascaigh Mhara.

7. —(1) Féadfaidh gach oifigeach caomhanta iascaigh mhara, chun an Achta so no aon fho-dhlithe no rialachán a bheidh déanta fé do chur i bhfeidhm, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le haon bhád iascaireachta mara in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann agus (fé réir rialacha an Dlí Eadarnáisiúnta) maidir le haon bhád den tsórt san lasmuich den achar san, sé sin le rá :—

(a) féadfaidh a ordú an bád san do stopadh chun a haithinte no chun leigint do dul ar bord uirthi;

(b) féadfaidh dul ar bord an bháid sin;

(c) féadfaidh a cheangal ar únaer no ar mháistir no ar fhuirinn an bháid sin, no ar éinne acu san, aon deimhnithe clárathachta, ceadúnaisí, leabhair turuis, páipéiri, no scríbhinní eile, bhaineann leis an mbád san no leis an bhfuirinn no le haon bhall den fhuirinn, agus a bheidh i seilbh no fé chúram fé seach an únaera no an mháistir no éinne den fhuirinn sin, do thabhairt i láthair, agus féadfaidh aon deimhnithe, ceadúnaisí, leabhair turuis, no páipéirí den tsórt san no aon scríbhinní eile den tsórt san d'iniúchadh agus sleachta do thógaint asta no cóipeanna do dhéanamh díobh;

(d) féadfaidh a cheangal ar mháistir an bháid sin míniú do thabhairt uaidh i dtaobh an bháid sin agus i dtaobh na ndeimhnithe clárathachta, na gceadúnaisí, na leabhar turuis, na bpáipéirí no na scríbhinní eile sin;

(e) féadfaidh an bád san do chuardach;

(f) féadfaidh ainm agus seoladh duine ar bith ar bord an bháid sin d'éileamh agus do thógaint;

(g) má bhíonn amhrus aige go ndearna duine ar bith ar bord an bháid sin sárú ar fhorálacha an Achta so féadfaidh, gan gairm, barántas ná próiseas eile, an bád san agus na daoine uile ar bord an bháid sin do thógaint go dtí an port is comhgaraighe no is caothúla agus an bád san agus na daoine sin do choimeád fé choinneáil faid a bheidh na nithe is gá do réir an chéad ailt ina dhiaidh seo á ndéanamh aige;

(h) féadfaidh, chun comhachta ar bith dá mbronntar air le haon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so d'fheidhmiú, pé fórsa is dóich leis is gá d'úsáid agus go sonnrách, más rud é go n-ordóidh don bhád san sa tslí bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so stad agus ná déanfar do réir an orduithe sin uaidh no ná tabharfar áird air, féadfaidh, tar éis do a chur fé ndeár ar dtúis urchar do chaitheamh mar rabhadh, urchair do scaoileadh leis an mbád san no isteach inti.

(2) Má chuireann duine ar bith bac no cosc le haon oifigeach caomhanta iascaigh mhara agus eisean ag feidhmiú comhachta ar bith dá mbronntar ar an oifigeach san leis an alt so no má dheineann diúltadh no má thugann faillí maidir le cólíonadh aon éilimh a dhéanfaidh no aon orduithe bhéarfaidh an t-oifigeach san go dleathach, no maidir le freagra do thabhairt ar aon cheist a chuirfidh an t-oifigeach san go dleathach, do réir an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

(3) Ní déanfar aon aicsean ná aon imeachta dlí eile ar bith, síbhialta no coiriúil, do bhunú in aon chúirt i Saorstát Éireann maidir le héinní do dhéanamh a húdaruítear d'oifigeach caomhanta iascaigh mhara a dhéanamh fén alt so, pe'ca oifigeach caomhanta iascaigh mhara dhéanfaidh an ní sin no duine bheidh ag gníomhú fé orduithe oifigigh chaomhanta iascaigh mhara.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so.

Bád agus daoine do choimeád fé choinneáil faid a bheidh cúiseamh á bhunú.

8. —I gcás oifigeach caomhanta iascaigh mhara agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt deiridh sin roimhe seo do bheith tar éis báid ar bith agus na daoine ar bord an bháid sin do thógaint go dtí port déanfaidh, chó luath agus is féidir é, máistir an bháid sin agus éinne eile ar bord an bháid sin go bhfuiltear tar éis imeachta no chun imeachta mar gheall ar aon chionta fé aon alt den Acht so do bhunú ina aghaidh do thabhairt os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche no, mara mbíonn aon Bhreitheamh den tsórt san ar fáil láithreach, os cóir Feadhmannaigh Shíochána, agus ansan déanfaidh an Breitheamh no an Feadhmannach Síochána san (pe'ca aca é), más deimhin leis na himeachta san do bheith bunuithe no le bunú in aghaidh an mháistir no an duine eile sin, déanfaidh, tré ordú do dhíriú chun oifigigh no chun oifigeach caomhanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach no ar na hoifigigh sin an bád san agus gach duine ar bord an bháid sin do choimeád fé choinneáil ag port áirithe i Saorstát Éireann go dtí go mbeidh Breitheamh den Chúirt Dúithche tar éis breithe do thabhairt ar na himeachta san, agus déanfar an bád san agus na daoine sin do choimeád fé choinneáil dá réir sin.

Costaisí cúisimh.

9. —I gcás duine do chiontú i gcionta fé aon alt den Acht so, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin a ordú dho costaisí an chúisimh d'íoc.

Freagarthacht mháistir báid.

10. —I gcás duine ar bith ar bord báid iascaireachta mara do dhéanamh aon chionta fé aon alt den Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear máistir an bháid sin, maran é féin neach déanta an chionta san ach gan dochar d'fhreagarthacht neach a dhéanta, do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina aghaidh dá réir sin;

(b) má deintear máistir báid do chúiseamh amhlaidh sa chionta san do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith dho a chruthú—

(i) go ndearna sé dícheall cuibhe chun cosc do chur le déanamh na ngníomhartha adeirtear isiad an cionta ann; agus

(ii) nách é féin a rinne na gníomhartha adeirtear isiad an cionta san ann; agus

(iii) nách le n-a chead ná tré n-a fhaillí thoiliúil ná tré é dá scaoileadh thairis a rinneadh na gníomhartha san; agus

(iv) ar an gcionta do chur ina leith go dtug sé don duine do chur ina leith é gach eolas a bhí ar a chumas i dtaobh an duine do rinne na gníomhartha san.

Dlighinse na Cúirte Dúithche.

11. —Féadfaidh aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche cionta ar bith fé aon alt den Acht so d'éisteacht agus a bhreith ina thaobh do thabhairt.

Bád do choimeád fé choinneáil go ndéanfar athchomharc i gcoinnibh ciontuithe do bhreithniú.

12. —(1) I gcás Breitheamh den Chúirt Dúithche do chiontú duine i gcionta fé aon alt den Acht so agus do ghearradh íoca aon fhíneála air, agus an bád le n-a mbaineann an duine sin do choimeád fé choinneáil fe sna forálacha den Acht so bhaineann le bád agus le daoine do choimeád fé choinneáil faid a bheadh cúiseamh á bhunú, déanfaidh an Breitheamh san, tré ordú do dhíriú chun oifigigh no oifigeach caomhanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach no ar na hoifigigh sin, i gcás athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an chiontuithe sin, an bád san do choimeád fé choinneáil ag port áirithe i Saorstát Éireann tamall eile go dtí go mbeidh breith tugtha ar an athchomharc san, agus déanfar, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, an bád san do choimeád fé choinneáil dá réir sin.

(2) I gcás ordú do dháanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo á cheangal bád ar bith do choimeád fé choinneáil go dtí go mbeidh breith tugtha ar athchomharc i gcoinnibh ciontuithe féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, má tugtar urraíocht, a bheidh sásúil dar leis an mBreitheamh san, go ndéanfar, i gcás an chiontuithe sin do dhaingniú ar an athchomharc san, íoc i suim a shocróidh an Breitheamh san agus is leor chun méid na fíneála do ghlanadh maraon leis na costaisí (más ann dóibh) a moladh ar an gciontú san agus costaisí an chúisitheora ar an athchomharc san, féadfaidh a ordú an bád san do scaoileadh, agus scaoilfear an bád san dá réir sin.

Fíneála do bhaint amach.

13. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh fíneála, alos cionta fe aon alt den Acht so, agus na gcostaisí (más ann dóibh), a bheidh le n'íoc ag an té ciontófar sa chionta san, do bhaint amach, sé sin le rá:—

(a) socróidh an chúirt an t-am gur laistigh de bheidh an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) le n'íoc;

(b) i gcás an bháid le n-a mbaineann an duine sin do bheith á choimeád fé choinneáil fén Acht so le linn na n-imeacht mar gheall ar an gcionta san d'éisteacht, déanfaidh an chúirt, tré ordú do dhíriú chun oifigigh no oifigeach caomhanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach no ar na hoifigigh sin an bád san do choimeád fé choinneáil ag port áirithe i Saorstát Éireann tamall eile go dtí go ndéanfar an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) d'íoc, agus coimeádfar an bád san fé choinneáil dá réir sin;

(c) mara ndeintear an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) d'íoc laistigh den am san, féadfar an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) do bhaint amach tríd an mbád san do ghabháil agus do dhíol;

(d) ní choiscfidh éinní sna míreanna san roimhe seo an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) do bhaint den duine sin tré ghnáth-oibriú dlí.

Bád, gléas iascaigh agus iasc a geallbhruidfear do chur de láimh.

14. —(1) I gcás cúirte do gheallbhruideadh aon bháid, gléis iascaigh no éisc fén Acht so, déanfaidh an tAire an bád, an gléas iascaigh, no an t-iasc san do chur de láimh i pé slí is oiriúnach leis.

(2) Aon airgead a gheobhfar as aon bhád, gléas iascaigh, no iasc do chur de láimh fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

An Trawling in Prohibited Areas Prevention Act, 1909, d'oiriúnú.

15. —Déanfar tagairtí san Trawling in Prohibited Areas Prevention Act, 1909, don Ríocht Aontuithe do léiriú mar thagairtí do Shaorstát Éireann agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Ciontaí do chúiseamh.

16. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta ar bith fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

17. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

18. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

An Fishery (Ireland) Act, 1888, d'athghairm.

19. —Athghairmtear leis seo an Fishery (Ireland) Act, 1888.

Gearr-theideal agus luadh.

20. —(1) Féadfar an tAcht chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1933, do ghairm den Acht so agus de sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, le chéile.