Ar Aghaidh (SCEIDEAL. RATAI NA SUIMEANNA BAINFEAR DE THUARASTAIL.)

16 1934


Uimhir 16 de 1934.


ACHT SEIRBHÍSÍ ÁITIÚLA (FEARACHAS SEALADACH), 1934.


ACHT CHUN A SHOCRÚ GO mBAINFEAR SUIMEANNA DE LUACH SAOTHAIR IS INÍOCTHA, I RITH NA BLIANA AIRGEADAIS ÁITIÚLA DAR TOSACH AN 1adh LÁ D'ABRÁN, 1934, LE DAOINE AR FOSTÚ AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS DE SCALAI ÁIRITHE COSTAISÍ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE AGUS GO SONNRÁCH CHUN AN ACHTA SHEIRBHÍSÍ PUIBLÍ (FEARACHAS SEALADACH), 1933, DO LEASÚ.

[11adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Seirbhísí Áitiúla (Fearachas Sealadach), 1934 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) Chun crícheanna an Achta so is údarás áitiúil gach cólucht agus duine fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge no bhailecheanntair, bord caomhnóirí, coimisinéirí baile, agus údarás sláintíochta puirt, agus

(b) duine ar n-a cheapadh le reacht no fé chun feidhmeanna no aon cheann d'fheidhmeanna aon chomhairle, bhúird, no choimisinéirí den tsórt san d'fheidhmiú, agus

(c) coiste no có-choiste no bord no có-bhord (pe'ca inchorpruithe dho no nách eadh) d'aon cheann no níos mó, no ar n-a cheapadh ag aon cheann no níos mó, de sna comhairlí, de sna búird, de sna coimisinéirí, de sna húdaráis, no de sna daoine sin, agus

(d) coiste freastail scoile, coiste oideachais ghairme beatha, agus coiste talmhaíochta.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire”—

(a) maidir le coiste talmhaíochta, an tAire Talmhaíochta, agus

(b) maidir le coiste freastail scoile no le coiste oideachais ghairme beatha, an tAire Oideachais, agus

(c) maidir le haon údarás áitiúil eile, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(3) San Acht so—

cialluíonn an focal “oifigeach” duine ar bith i bhfostaíocht údaráis áitiúla seachas dochtúir oifigiúil i bhfostaíocht den tsórt san;

léireofar an focal “fostaíocht” mar fhocal fholuíonn tógaint i gcóir fostaíochta agus cur in áirithe;

foluíonn an focal “ráta” percentáiste;

cialluíonn an abairt “an bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann” an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1adh Abrán, 1934.

Míniú ar “tuarastal.”

3. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “tuarastal” tuarastal alos fostaíochta ag údarás áitiúil agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir) foluíonn sé gach tuarastal, íocaíocht, págh, coimisiún, táille agus luach saothair eile alos na fostaíochta san, pe'ca fé reacht, ordú no rialachán no ar shlí eile ar bith atáid socair no a híoctar iad, agus pe'ca tré thagairt do thréimhse aimsire no tré thagairt don obair a deintear a háirmhítear iad, no ar fhoras ar bith eile, agus foluíonn sé, freisin, liúntaisí agus sochair (pe'ca deintear iad d'íoc in airgead no iad do thabhairt i slí eile seachas in airgead) is cuid den luach saothair alos na fostaíochta san, ach ní fholuíonn sé aon íocaíocht acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) íocaíochtaí tugtar mar liúntas le haghaidh costaisí áirithe no in aisíoc costaisí áirithe fé n-a dtéightear;

(b) íocaíochtaí (pe'ca ar leithligh no ina gcuid de luach saothair eile dhóibh) ná tugtar no a tuigtear fén alt so ná tugtar ach i bhfuirm liúntais i gcóir fearais riachtanaigh no mar chabhair chuige sin;

(c) íocaíochtaí ar n-a dtabhairt ag Roinn Stáit no thar a ceann;

(d) íocaíochtaí, i bhfuirm táillí no luach saothair eile, ar n-a n-íoc do réir ailt 17 d'Acht na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927) ;

(e) íocaíochtaí ag oifigeach clárathachta mar chuid de sna costaisí clárathachta dá dtagartar in alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 );

(f) íocaíochtaí, i bhfuirm táillí no luach saothair eile, ar n-a n-íoc le hoifigeach d'údarás áitiúil agus gur gá don oifigeach san do réir reachta no connartha a méideanna do thabhairt don údarás áitiúil ag á bhfuil an t-oifigeach san ar fostú;

(g) íocaíochtaí, i bhfuirm táillí, is iníoctha le clárathóirí beireataisí, básanna agus póstaíocha fé alt 54 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, agus fé alt 21 den Registration of Marriages Act (Ireland) 1863; agus

(h) íocaíochtaí, i bhfuirm táillí no luach saothair eile, is iníoctha le clárathóirí stoc no urrús eile ar n-a dtabhairt amach ag údaráis áitiúla.

(2) Má dheineann oifigeach ar bith, seachas oifigeach ar n-a fhostú chun dualgaisí ócáideacha do chólíonadh, fearas is gá chun a dhualgaisí do chólíonadh mar oifigeach den tsórt san do cheannnach sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann, fearas ná deirtear aon liúntas do bheith á thabhairt do chun é do cheannach, féadfaidh an tAire ar iarratas an oifigigh sin, más ceart san dar leis, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cion áirithe de thuarastal an oifigigh sin, no de thuarastal gach oifigigh den aicme le n-a mbaineann an t-oifigeach san, á íoc chun an fhearais sin do cheannach, agus, pé uair a dhearbhóidh an tAire amhlaidh, tuigfear an cion san den tuarastal san do bheith ina íocaíochtaí ar n-a dtabhairt i bhfuirm liúntais i gcóir fearais riachtanaigh no mar chabhair chuige sin.

(3) Má bhíonn duine i seilbh dhá oifig no níos mó gur gá do réir an Achta so suimeanna do bhaint de sna tuarastail a ghabhann leo tuigfear, maidir leis na suimeanna san do bhaint díobh, gurb é is tuarastal an duine sin ná méid iomlán tuarastal fé seach na n-oifigí sin agus bainfear den méid iomlán san pé suim dob' oiriúnach a bhaint de dá mb'é tuarastal aon oifige amháin é.

(4) Má thárlann do dhuine, atá ag fáil tuarastail gur gá do réir an Achta so suim do bhaint de, luach saothair speisialta (i dteanta a ghnáth-thuarastail) do thuilleamh agus é do theacht chun bheith i dteideal san d'íoc leis i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann alos seirbhísí do thabhairt d'údarás áitiúil i rith na bliana san no aon choda dhi tuigfear gurb é is ráta bliantúil a thuarastail chun crícheanna an Achta so ná iomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) ráta bliantúil a ghnáth-thuarastail, agus

(b) méid iomlán an luach saothair speisialta san a bheidh tuillte aige agus iníoctha leis sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann.

Suimeanna do bhaint de thuarastail oifigeach.

4. —(1) Gach tuarastal a thuillfidh oifigeach agus is iníoctha leis, i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann, alos fostaíochta ag údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil a bheidh ag íoc an tuarastail sin suim do bhaint den chéanna a háirmheofar do réir an Achta so.

(2) An tsuim a bainfear de thuarastal dhuine ar bith fén Acht so déanfar, sa mhéid gur féidir é, í do bhaint go rátúil de gach íocaíocht den tuarastal san a híocfar sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann agus tar éis an Achta so do rith, ach suimeanna a bheadh le baint d'aon tuarastal fén alt so sa chuid sin den bhliain sin atá imithe roimh an Acht so do rith (i gcás an Achta so do bheith i bhfeidhm an uair sin) bainfear iad den chéad íocaíocht no íocaíochtaí eile den tuarastal san (fé mar is gá sa chás) a híocfar tar éis an Achta so do rith, ach san i slí ná bainfear amhlaidh d'aon íocaíocht áirithe den tsórt san níos mó ná caoga per cent. den íocaíocht san.

(3) Gach suim a bainfear fén Acht so d'airgead ar bith is iníoctha le hoifigeach i bhfuirm tuarastail déanfar í do chur chun na gcrícheanna céanna chun a gcuirtear an ciste gur amach as a híoctar an t-airgead san leis an oifigeach san.

Suimeanna do bhaint de thuarastail oifigeach is oifigigh do níos mó ná údarás áitiúil amháin.

5. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach oifigeach í seilbh oifigí fé níos mó ná údarás áitiúil amháin, sé sin le rá:—

(a) chun na suime bheidh le baint fén Acht so de thuarastal an oifigigh sin d'áireamh tuigfear gurb é is tuarastal an oifigigh sin ná méid iomlán na dtuarastal a bheidh sé i dteideal d'fháil alos na n-oifigí sin aige;

(b) tar éis na suime sin a bheidh le baint de thuarastal d'áireamh do réir na fo-mhíre sin roimhe seo den alt so déanfar í do roinnt i leith na dtuarastal san uile agus fé seach a bheidh á bhfáil ag an oifigeach san de bhuadh na n-oifigí sin aige do réir méideanna fé seach na dtuarastal san agus, an méid a roinnfear i leith aon tuarastail den tsórt san amhlaidh, isé sin a bainfear, chun críche an Achta so, den tuarastal san;

(c) an tsuim a bheidh le baint fén Acht so d'aon cheann de thuarastail sin an oifigigh sin isé an t-údarás áitiúil a bheidh ag íoc an tuarastail sin a bhainfidh den chéanna í, ach i gcás aon tuarastail den tsórt san do bheith á íoc, i bpáirt no go hiomlán, i slí seachas in airgead féadfaidh an tAire a ordú gurb iad a bhainfidh an tsuim sin uile no aon chuid áirithe den tsuim sin de thuarastal, in ionad an údaráis áitiúla bheidh ag íoc an tuarastail sin dá bhaint amhlaidh, ná údarás áitiúil áirithe eile no údaráis áitiúla áirithe eile bheidh ag íoc tuarastail leis an oifigeach san, i bpáirt no go hiomlán, in airgead agus, má bhíonn níos mó ná údarás áitiúil amháin den tsórt san ann, go ndéanfar an bhaint sin do réir chionúireachtaí áirithe, agus pé uair a bhéarfaidh an tAire aon ordú den tsórt san uaidh déanfaidh an t-údarás áitiúil no na húdaráis áitiúla le n-a mbaineann an t-ordú san do chólíonadh agus, gach suim a bainfear de thuarastal do réir an orduithe sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil a bhainfidh an tsuim sin de thuarastal í d'íoc leis an údarás áitiúil dar ghá do réir an Achta so an tsuim sin do bhaint de thuarastal dá mba ná tabharfaí an t-ordú san.

Na suimeanna bheidh le baint de thuarastail d'áireamh.

6. —(1) An tsuim a bheidh le baint fén Acht so de thuarastal oifigigh áirmheofar í sa tslí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás iomlán an tuarastail sin do bheith ina luach saothair ion-atharuithe, áirmheofar í fé Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir an ráta is infheidhmithe, sa Chuid sin, maidir le méid an tuarastail sin;

(b) i gcás gan aon pháirt den tuarastal san do bheith ina luach saothair ion-atharuithe, áirmheofar í fé Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir an ráta is infheidhmithe, fén gCuid sin, maidir le méid an tuarastail sin;

(c) i gcás gan ach cion den tuarastal san do bheith ina luach saothair ion-atharuithe, áirmheofar í tré shuimiú do dhéanamh ar an dá shuim seo, eadhon—

(i) suim ar n-a déanamh amach tré feidhmiú do dhéanamh, maidir leis an gcion den tuarastal san atá ina luach saothair ion-atharuithe, ar an ráta no na rátaí atá i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do bheadh infheidhmithe dá mbeadh iomlán an tuarastail sin ina luach saothair ion-atharuithe, agus

(ii) suim ar n-a déanamh amach tré feidhmiú do dhéanamh, maidir leis an gcion den tuarastal san ná fuil ina luach saothair ion-atharuithe, ar an ráta no na rátaí atá i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do bheadh infheidhmithe maidir leis an gcion san dá mba ná beadh aon pháirt den tuarastal san ina luach saothair ion-atharuithe;

(d) i gcás na seirbhíse bhéarfaidh an t-oifigeach uaidh do bheith ina seirbhís ócáidigh, áirmheofar í fé Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Chun Coda I agus II fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'fheidhmiú fén alt so maidir le tuarastal aon oifigigh ná fuil ach páirt dá thuarastal ina luach saothair ion-atharuithe tuigfear gurb í an pháirt sin den tuarastal san an chéad pháirt den tuarastal san agus déanfar an focal “chéad” agus an focal “eile” sna Coda san den Sceideal san agus iad á bhfeidhmiú amhlaidh do léiriú dá réir sin.

(3) I gcás liúntas no sochar do bheirtear ar shlí eile seachas in airgead do bheith mar chuid den tuarastal dá mbeidh suim le baint fén Acht so, no i gcás táillí is iníoctha ag daoine seachas an t-údarás áitiúil fhostuíonn an duine bheidh ag fáil an tuarastail sin do bheith mar chuid den tuarastal san, no i gcás an liúntas no an sochar san agus na táillí sin do bheith mar chuid den tuarastal san, déanfar an tsuim a bheidh le baint fén Acht so den tuarastal san (cé go n-áirmheofar í ar iomlán an tuarastail sin) déanfar í do bhaint den chion den tuarastal san nách é an liúntas no an sochar san ná na táillí sin é agus den chion san amháin.

(4) I gcás gurb é bheidh i bpáirt de thuarastal oifigigh ná méid go ndeintear ina thaobh bonus, atharuíonn leis an gcostas maireachtana agus a háirmhítear do réir an mhéide sin, d'íoc leis an oifigeach san, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an méid sin agus an bonus san le chéile do bheith ina n-aon tsuim amháin agus beidh an aon tsuim amháin sin ina luach saothair ion-atharuithe chun crícheanna an ailt seo agus gairmtear di anso ina dhiaidh seo san alt so luach saothair is ion-atharuithe de bhíthin bonus.

(5) I gcás gurb é bheidh i bpáirt de thuarastal oifigigh ná luach saothair is ion-atharuithe de bhíthin bonus agus gurb é bheidh i bpáirt eile dhe ná liúntas no sochar do bheirtear ar shlí seachas in airgead, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an luach saothair sin is ion-atharuithe de bhíthin bonus agus luach an liúntais no an tsochair sin le chéile do bheith ina n-aon tsuim amháin agus beidh an aon tsuim amháin sin freisin ina luach saothair ion-atharuithe chun crícheanna an ailt seo.

(6) I gcás gurb é bheidh i bpáirt de thuarastal oifigigh ná liúntas no sochar do bheirtear ar shlí seachas in airgead agus ná beidh aon pháirt den tuarastal san ina luach saothair is ionatharuithe de bhíthin bonus, beidh luach an liúntais no an tsochair sin freisin ina luach saothair ion-atharuithe chun crícheanna an ailt seo.

An tsuim a bheidh le baint de thuarastal d'áireamh i gcás an ráta tuarastail d'atharú.

7. —Chun na suime d'áireamh a bheidh le baint fén Acht so de thuarastal duine i bhfostaíocht leanúnaigh go n-atharófar a ráta tuarastail i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gach cuid den bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann go mbeidh ráta tuarastail an duine sin gan atharú le n-a linn do bheith ina tréimhse fostaíochta ar leithligh;

(b) an tsuim is ceart a bhaint fén Acht so de thuarastal alos gách tréimhse fostaíochta ar leithligh den tsórt san déanfar amach agus áirmheofar í fé is dá mbí an tréimhse fostaíochta san ar leithligh an t-aon tréimhse fostaíochta amháin do bhí ag an duine sin i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann;

(c) isí suim a bainfear fén Acht so de thuarastal an duine sin ná méid iomlán na suimeanna uile is fé seach is ionbhainte dhe ar n-a ndéanamh amach fén bhfo-mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so;

(d) beidh feidhm ag an alt so pe'ca bheidh fostaíocht leanúnach san an duine sin aige i rith iomláine na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann no ná beidh.

Faoiseamh alos suimeanna ar n-a mbaint de thuarastal fén Acht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 .

8. —Nuair a beifear ag áireamh na suime bheidh le baint fén Acht so de thuarastal oifigigh go ndearnadh no go ndéanfar suimeanna do bhaint dá thuarastal (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é no roimh thosach na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann no dá éis sin é) fé alt 12 den Acht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 ( Uimh. 37 de 1933 ), beidh an t-oifigeach san i dteideal creidiúna i gcoinnibh na suime sin alos na suimeanna san ar n-a mbaint dá thuarastal amhlaidh fén alt san 12 agus déanfar méid na suime sin a bheidh le baint dá thuarastal do laigheadú dá réir sin.

Suimeanna bainfear de thuarastail do choigeartú.

9. —Más rud é, tar éis na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann do bheith caithte, go bhfuighidh aon údarás áitiúil amach na suimeanna baineadh no do tuigeadh a baineadh fén Acht so an bhliain sin de thuarastal aon oifigigh ar fostú acu do bheith níos mó no níos lugha ná na suimeanna ba ghá do réir an Achta so a bhaint den tuarastal san, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin, roimh dheireadh na bliana 1935, méid na suimeanna san do baineadh de thuarastal do choigeartú tré aisíoc do dhéanamh leis an oifigeach san no tré shuim do bhaint den tuarastal is iníoctha leis an oifigeach san sa bhliain 1935 (fé mar is gá sa chás).

Cosaint do phinsin, etc.

10. —(1) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so deifir do mhéid an tuarastail gur tré thagairt do a háirmhítear méid aon chúitimh, aois-liúntais, pinsin, no aisce ná do mhéid an tuarastail gur tré thagairt do a deintear síntiúisí chun ciste phinsin no fé scéim aois-liúntais d'áireamh, agus dá réir sin ní déanfar suimeanna bainfear de thuarastal fén Acht so no dá bhuadh do chur san áireamh nuair a bheidh aon chúiteamh, liúntas, pinsean, aisce no síntiús den tsórt san á áireamh ná nuair a bheidh aon mheánacht is foras don áireamh san á déanamh amach.

(2) I gcás duine dar deonadh aois-liúntas no pinsean do bheith ag fáil tuarastail go mbaintear suim de fén Acht so is tré thagairt do mhéid iomlán an tuarastail sin a déanfar an méid den liúntas no den phinsean san is iníoctha d'áireamh, agus ní déanfar chun na críche sin an tsuim sin do chur san áireamh.

Connartha seirbhíse do bhuan-choimeád.

11. —Má deintear, fén Acht so, suim do bhaint de thuarastal a híoctar fé chonnradh seirbhíse ní oibreoidh san chun deireadh do chur leis an gconnradh san agus, in ainneoin na suime sin do bhaint den tuarastal san, leanfaidh an connradh san ar marthain ach san fé réir na hoblagáide no an chirt chun na suime sin do bhaint den tuarastal san agus fé réir na hoblagáide chun san d'fhulang.

Aighnis do shocrú.

12. —(1) Isé bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist, agus aighneas eireoidh i dtaobh duine do bheith ina oifigeach do réir bhrí an Achta so no gan a bheith no i dtaobh méid tuarastail aon oifigigh chun crícheanna an Achta so no i dtaobh méid na suime bheidh le baint fén Acht so d'aon tuarastal den tsórt san agus, i gcás an tuarastail sin do bheith á íoc ag níos mó ná údarás áitiúil amháin, i dtaobh méid na suime bheidh le baint den tuarastal san fén Acht so ag gach údarás áitiúil fé leith den tsórt san, isé bhéarfaidh breith ortha san ná an tAire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin ortha.

(2) Féadfaidh iniúchóir, ar n-a cheapadh go cuibhe chun cuntaisí údaráis áitiúla d'iniúchadh, féadfaidh, le linn aon iniúchta bheidh á dhéanamh aige ar chuntaisí an údaráis áitiúla san, aon cheist den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do tharrac anuas i dtaobh aon íocaíochta bheidh sna cuntaisí sin mar íoc i dtuarastal aon oifigigh don údarás áitiúil sin, agus isé bhéarfaidh breith ar gach ceist den tsórt san a tarraiceofar anuas amhlaidh ná an tAire agus san fén alt so agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

Srian le tuarastal do mhéadú.

13. —Ní bheidh éifeacht ag aon rún, ar n-a rith ag údarás áitiúil chun tuarastail oifigigh don údarás áitiúil sin do mhéadú alos na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann, ní bheidh éifeacht aige tar éis an Achta so do rith mara dtoilighidh an tAire leis an méadú san.

Laigheadú ar thuarastal duine ar n-a cheapadh chun dualgaisí údaráis áitiúla do chólíonadh.

14. —I gcás inar shocruigh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, roimh an Acht so do rith, luach saothair éinne do ceapadh fé fho-alt (3) d'alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), chun dualgaisí údaráis áitiúla do chólíonadh, déanfaidh an tAire sin agus tugtar comhacht do leis seo chun go ndéanfaidh, in aghaidh agus alos na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann, pé atharú (más ann do) ar an luach saothair sin is dóich leis a chuirfidh in áirithe go laigheadófar an tsuim a thuillfidh an duine sin agus a bheidh iníoctha leis mar luach saothair den tsórt san sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann, go laigheadófar san pé méid is dóich leis an Aire sin is ceart ag féachaint do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fén Acht so agus do chúrsaí eile an cháis.

Laigheadú ar chostaisí maidir le dréachtliostaí de choisteoirí.

15. —Déanfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus tugtar comhacht do leis seo chun go ndéanfaidh, i dtaobh agus alos na ndréacht-liostaí de dhaoine d'ullmhú a bheidh cáilithe an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1934, chun fónaimh mar choisteoirí agus a bheidh ionghlaoite chun fónaimh amhlaidh, pé atharú ar n-a scálaí atá i bhfeidhm fé fho-alt (3) d'alt 17 d'Acht na nGiúirithe, 1927 ( Uimh. 23 de 1927 ), is dóich leis a chuirfidh in áirithe go laigheadófar na suimeanna is iníoctha le héinne do réir na scálaí sin, alos na ndréacht-liostaí sin d'ullamhú, go laigheadófar san pé méid is dóich leis an Aire sin is ceart ag féachaint do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fén Acht so agus do chúrsaí eile an cháis.

Laigheadú ar chostaisí clárathachta.

16. —Déanfaidh an tAire Airgid agus tugtar comhacht do leis seo chun go ndéanfaidh, i dtaobh agus alos na gcostaisí clárathachta fé n-a raghfar maidir leis an gclár de thoghthóirí d'ullmhú thiocfaidh i bhfeidhm an 1adh lá de Mheitheamh, 1935, pé atharú ar scála na gcostaisí clárathachta do chuir sé le chéile fé fho-alt (3) d'alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), is dóich leis a chuirfidh in áirithe go laigheadófar na suimeanna is iníoctha le héinne do réir an scála san, alos na gcostaisí sin, go laigheadófar san pé méid is dóich leis an Aire sir is ceart ag féachaint do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fén Acht so agus do chúrsaí eile an cháis.

Oifigigh do thabhairt eolais uatha.

17. —(1) Má bhí oifigeach (seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin) d'aon údarás áitiúil i seilbh oifigí, an 1adh lá d'Abrán, 1934, fé níos mó ná údarás áitiúil amháin, bhéarfaidh, ar dháta nách déanaí ná coicíos tar éis an Achta so do rith, don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin do gach údarás áitiúil fé leith ag á raibh sé ar fostú amhlaidh, mion-innste i scríbhinn i dtaobh cineáil a fhostaíochta fé gach údarás áitiúil fé leith de sna húdaráis áitiúla eile ag á raibh sé ar fostú amhlaidh agus i dtaobh an tuarastail do bhí no atá sé i dteideal d'fháil ón gcéanna.

(2) I gcás oifigigh (seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin) d'aon údarás áitiúil do theacht aon tráth sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann chun bheith ar fostú ag aon údarás áitiúil eile (pe'ca oifigeach don údarás áitiúil a céad-luaidhtear é freisin an tráth san no nách eadh) bhéarfaidh, laistigh de cheithre lá déag tar éis an Achta so do rith no tar éis é do theacht chun bheith ar fostú amhlaidh, pe'ca tráth aca san is déanaí, bhéarfaidh don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin do gach údarás áitiúil ag á bhfuil no ag á raibh sé ar fostú an 1adh lá d'Abrán, 1934, no dá éis sin, mion-innste i scríbhinn i dtaobh cineáil a fhostaíochta fé gach údarás áitiúil fé leith de sna húdaráis áitiúla eile ag á bhfuil no ag á raibh sé ar fostú amhlaidh agus i dtaobh an tuarastail atá no do bhí sé i dteideal d'fháil ón gcéanna.

(3) Más rud é, i gcás oifigigh le n-a mbaineann ceachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, go dtiocfaidh aon atharú, tar éis an Achta so do rith agus roimh dheireadh na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann, ar chineál a fhostaíochta fé aon údarás áitiúil ag á mbeidh sé ar fostú no ar mhéid an tuarastail a bheidh sé i dteideal d'fháil ón gcéanna, bhéarfaidh an t-oifigeach san, ar dháta nách déanaí ná coicíos tar éis an atharuithe sin do theacht in éifeacht, don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin do gach údarás áitiúil fé leith de sna húdaráis áitiúla eile ag á mbeidh sé ar fostú mion-innste i scríbhinn i dtaobh an atharuithe sin.

(4) I gcás oifigigh (seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin) d'aon údarás áitiúil d'fháil aon cheana dá thuarastal i bhfuirm táillí no luach saothair eile nách údarás áitiúil a íocann san leis bhéarfaidh an t-oifigeach san, laistigh de cheithre lá déag tar éis an Achta so do rith, don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin do gach údarás áitiúil ag á mbeidh sé ar fostú, meastachán i scríbhinn i dtaobh an mhéide is dócha bheidh na táillí sin no an luach saothair eile sin a bheidh le fáil aige i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann, agus bhéarfaidh freisin, laistigh de cheithre lá déag tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1935, do gach príomh-oifigeach feidhmiúcháin den tsórt san cuntas i scríbhinn i dtaobh na dtáillí sin no an luach saothair eile sin do fuair sé i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann.

(5) Má dhiúltuíonn aon oifigeach no má thugann faillí thoiliúil maidir le haon ghníomh do dhéanamh no aon dualgas do chólíonadh go bhfuil sé d'oblagáid air de bhuadh an ailt seo é do dhéanamh no do chólíonadh féadfaidh an tAire an t-oifigeach san do chur as a oifig i bhfostaíocht aon údaráis áitiúla no i bhfostaíocht gach údaráis áitiúla agus tuigfear gur cur-as-oifig mar gheall ar mhí-iompar an cur-as-oifig sin

(6) Má thárlann d'oifigeach, agus é ag tabhairt mion-innste i scríbhinn no meastacháin i scríbhinn do réir an ailt seo, aon mhion-innste no meastachán den tsórt san do thabhairt uaidh bheidh, go bhfios do, bréagach no mí-threorach i bponc táchtach, beidh an t-oifigeach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós an tAire dá chur, mar gheall ar mhí-iompar, as a oifig i bhfostaíocht aon údaráis áitiúla no i bhfostaíocht gach údaráis áitiúla.

Dualgas príomhoifigigh fheidhmiúcháin.

18. —(1) Déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin do gach údarás áitiúil ráiteas a chur fé bhráid an údaráis áitiúla san alos gach oifigigh (nách ceárdaí, oibritheoir oilte ná duine fé phágh chun fó-dhíúitéthe no gnáth-oibre agus chuige sin amháin do dhéanamh agus is duine ná bíonn ar fostú ach go hócáideach) ar fostú ag an údarás áitiúil sin i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann no i rith aon choda dhi sin, ráiteas ina dtaisbeánfar méid measta an tuarastail is iníoctha leis an oifigeach san i rith na bliana airgeadais áitiúla atá anois ann agus méid measta na suime bheidh le baint fén Acht so den tuarastal san agus, i gcás ina n-oiriúnuíonn san, méid measta an cheana den tsuim sin a bheidh le baint ag an údarás áitiúil sin den tuarastal san agus déanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin an ráiteas san do chur fé bhráid amhlaidh ar dháta nách déanaí ná coicíos tar éis an Achta so do rith no tar éis don oifigeach le n-a mbaineann an ráiteas san teacht i bhfostaíocht an údaráis áitiúla san, pe'ca trath aca san is déanaí.

(2) I gcás duine do bheith tráth ar bith sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann ina oifigeach do níos mó ná údarás áitiúil amháin féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin d'aon údarás áitiúil den tsórt san, féadfaidh, aon tráth no tráthanna roimh an 1adh lá d'Eanar, 1936, a iarraidh ar an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin d'aon údarás áitiúil eile den tsórt san mion-innste i scríbhinn do thabhairt do i dtaobh méide agus cineáil an tuarastail a bheidh an duine sin i dteideal d'fháil sa bhliain airgeadais áitiúil atá anois ann de bhuadh oifige fén údarás áitiúil eile sin, agus gach príomh-oifigeach feidhmiúcháin d'údarás áitiúil ar a ndéanfar iarratas fén bhfo-alt so déanfaidh do réir an iarratais sin.

(3) Má dhiúltuíonn aon phríomh-oifigeach feidhmiúcháin no má thugann faillí thoiliúil maidir le haon ghníomh do dhéanamh no aon dualgas do chólíonadh go bhfuil sé d'oblagáid air de bhuadh an ailt seo é do dhéanamh no do chólíonadh féadfaidh an tAire an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin do chur as a oifig agus tuigfear gur cur-as-oifig mar gheall ar mhí-iompar an cur-asoifig sin.

(4) Má dheineann aon phríomh-oifigeach feidhmiúcháin, agus é ag cur ráitis fé bhráid údaráis áitiúla no ag tabhairt mion-innste uaidh do réir an ailt seo, aon ráiteas den tsórt san do chur fé bhráid an údaráis áitiúla san no aon mhion-innste den tsórt san do thabhairt uaidh a bheidh, go bhfios do, bréagach no mí-threorach i bponc táchtach, beidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós é do chur as a oifig mar gheall ar mhí-iompar.

An tAcht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 , do leasú.

19. —Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 ( Uimh. 37 de 1933 ), do leasú mar leanas, agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no chun suimeanna do bhaint” do chur isteach sa bhfo-alt san díreach i ndiaidh na bhfocal “tar éis suimeanna do bhaint,” agus

(b) tré sna focail “sa bhliain airgeadais atá anois ann” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na figiúirí “sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1934,” do chur isteach ina n-ionad san.