18 1934


Uimhir 18 de 1934.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM), 1934.


ACHT CHUN RÁTA AN DIÚITÉ CHUSTUM AR IM DO MHÉADÚ AGUS CHUN SOCRÚ EILE I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [18adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An diúité ar im d'atharú.

1. —Déanfar an diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 ( Uimh. 14 de 1931 ), d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc, ar an im go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Abrán, 1934, no dá éis sin, do réir ocht bpingne an púnt in ionad an ráta luaidhtear san alt san.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so i dteanta na nAchtanna Custum.