1
|
Ar gach cabhail cháirr ghaile, pe'ca ar leithligh a hiomportáltar í no i dteanta an chassis le n-a bhfuil sí le gabháil no ina páirt de chárr ghaile atá iomlán no beagnach iomlán.
|
Pé suim acu so leanas is mó i ngach cás fé leith, sé sin le rá, suim is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra no suim dachad púnt.
|
2
|
Ar na compáirteanna agus na gabhálais uile de chabhla cáirr ghaile is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá cóghabhtha le linn a n-iomportála.
|
Méid is cóionann le caoga per cent. de luach na hearra.
|
3
|
Ar na compáirteanna agus na gabhálais uile de chabhla cáirr ghaile do rinneadh d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile agus atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, neachóghabhtha le linn a n-iomportála agus gan bheith oiriúnach ach chun iad d'ionchorprú i gcabhail cháirr ghaile do bheadh ceaptha, déanta, agus beartuithe chun earraí d'iompar.
|
Méid is cóionann le caoga per cent. de luach na hearra.
|
4
|
Ar gach chassis cáirr ghaile, pe'ca ar leithligh a hiomportáltar é no i dteanta na cabhlach le n-a bhfuil sé le gabháil no ina pháirt de chárr ghaile atá iomlán no beagnach iomlán.
|
Méid is cóionann le deich per cent. de luach na hearra.
|
5
|
Ar na compáirteanna agus na gabhálais uile de chassis cháirr ghaile atá, le linn a n-iomportála, cóghabhtha, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ar shlí eile seachas tré tháthú, tré lionn-táthú no tré oibriú eile dá shamhail.
|
Méid is cóionann le deich per cent. de luach na hearra.
|