|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT AIRGID, 1934
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Diuitethe Bais. | |
[EN] |
Diúité báis i gcás blianachtaí áirithe. |
28. —I gcás duine ar bith (dá ngairmtear an duine marbh san alt so) do cheannach blianachta no leasa eile no dá chur san ar fáil, pe'ca ina aonar é no in éineacht no tré shocrú le duine ar bith eile, is amhlaidh a déanfar méid an leasa thairbhigh no an leasa eile bheidh ann ar éag an duine mhairbh, más ar dháta no tar éis dáta an Achta so do rith éagfaidh an duine marbh, d'fháil amach, chun crícheanna míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, gan áird do thabhairt ar aon leas feitheamhach, sa bhlianacht no sa leas san, do bhí ag an té thiocfaidh amhlaidh chun bheith i dteideal an leasa thairbhigh sin ar éag an duine mhairbh. |
[EN] |
Diúité estáit ar mhaoin go ndéanfar leasa teoranta inti d'aistriú chun cuideachtan. |
29. —(1) Chun ailt 26 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , mar a leasuítear san leis an Acht so, do léiriú agus d'fheidhmiú i gcás duine (dá ngairmtear an duine marbh san alt so) éagfaidh le linn an Achta so do rith no dá éis folóidh maoin a tuigtear, de bhuadh fo-ailt (1) den alt san 20 mar a leasuítear amhlaidh é agus chun crícheanna diúité estáit, do dhul chun duine eile ar éag an duine mhairbh, folóidh sí maoin a bheidh do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) go raibh ag an duine marbh sa mhaoin sin estát no leas do bhí le scur ar éag do, agus | |
[EN] | (b) go raibh ag duine eile sa mhaoin sin eastát no leas do bhí le heirghe no le teacht i seilbh ar éag an duine mhairbh agus le scur ar éag an duine eile sin no ar ní ar bith eile do thárlachtaint, agus | |
[EN] | (c) gur aistrigh an duine marbh agus an duine eile sin estát san no leas san an duine mhairbh agus estát san no leas san an duine eile sin (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, agus pe'ca go díreach no go neadhíreach é agus pe'ca tré eadarghnó amháin no níos mó é, agus pe'ca maidir leis an maoin sin uile é no maidir le cuid den mhaoin sin) chun cuideachtan no chun tairbhe cuideachtan le n-a mbaineann an t-alt san 26 agus é leasuithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (d) go bhfuil na míreanna uile agus fé seach, (a), (b), (c), agus (d) d'fho-alt 1 den alt san 26 agus é leasuithe amhlaidh, gan baint ag aon cheann acu leis an gcás agus cúrsaí mar atáid. | |
[EN] | (2) An méid sin d'fho-alt (4) d'alt 26 den Acht Airgid, 1931 , a chuireann mar cheangal ar chuideachtain an diúité no aon chuid le d'aisíoc leis an seiceadúir, ní bheidh feidhm aige i gcás ina dtuigfear, chun crícheanna diúité estáit agus de bhuadh an leathnuithe sin ar an alt san 26 a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus dá bhuadh san amháin, maoin do dhul chun duine ar éag do dhuine eile. | |
[EN] |
Alt 26 den Acht Airgid, 1931 , do leasú. |
30. —Déanfar alt 26 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), do leasú mar leanas i gcás duine d'éag ar dháta an Achta so do rith no dá éis agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) déanfar mír (c) d'fho-alt (1) den alt san do leasú tré n-a bhfuil ón bhfocal “tríd” go dtí an focal “aon,” agus an dá fhocal san d'áireamh, do scriosadh amach as an mír sin agus tré sna focail “tré bhlianacht do dheonadh don duine ná maireann dob inchríochnuithe ar fháil bháis don duine sin no de dhruim a bháis no tré dheonadh aon” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) déanfar fo-mhír (iii) de mhír (d) d'fho-alt (1) den alt san do leasú tré sna focail “ón gcuideachtain” do scriosadh amach as agus na focail “eiríonn as an aistriú no bhaineann in aon tslí leis an aistriú” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh. | |
[EN] |
Diúité léagáide ar léagáidí chun crícheanna déirciúla. |
31. —(1) Scuirfidh an dara provísó ghabhann le halt 38 den Stamp Duties (Ireland) Act, 1842, d'éifeacht do bheith aige maidir le léagáidí go dtiocfaidh an léagáideach chun beith ina dteideal chun tairbhe i seilbh ar éag duine no maidir le héag duine éagfaidh ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin. |
[EN] | (2) Chun crícheanna ailt 18 den Succession Duty Act, 1853, tuigfear, i gcás duine d'éag ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, go bhfoluíonn an abairt “Legacy Duty Acts,” sa chéad áit ina bhfuil sí san alt san, an tAcht so agus léireofar an t-alt san 18 agus beidh éifeacht aige dá réir sin. | |
[EN] |
Léagáidí agus comharbaisí chun crícheanna déirciúla. |
32. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun crícheanna déirciúla in Éirinn do cuireadh no a cuirfear iomlán léagáide do tugadh chun crícheanna déirciúla agus a thiocfaidh chun bheith ionchurtha chun na gcrícheanna san ar éag duine no maidir le héag duine éagfaidh tar éis an Achta so do rith, beidh an léagáid sin saor ar fad o dhiúité léagáide. |
[EN] | (2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun crícheanna déirciúla in Éirinn do cuireadh no a cuirfear cuid de léagáid do tugadh chun crícheanna déirciúla agus a thiocfaidh chun bheith ionchurtha chun na gcrícheanna san ar éag duine no maidir le héag duine éagfaidh tar éis an Achta so do rith, beidh an chuid sin den léagáid sin saor o dhiúité léagáide. | |
[EN] | (3) Aon chomharbas no cuid de chomharbas do bheadh saor fén alt so o dhiúité léagáide dá mba léagáid no cuid de léagáid é do bhéarfaí le huacht an roimh-shealbhadóra beidh sé saor o dhiúité chomharbais. | |
[EN] |
Alt 1 den Probate Duty Act, 1861, do leasú. |
33. —(1) Léireofar alt 1 den Probate Duty Act, 1861, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “where there shall be no notice of disputing the liability of such assessment” atá anois sa bhfo-alt san d'fhágaint ar lár. |
[EN] | (2) Na forálacha den alt san 1 den Probate Duty Act, 1861 (mar a leasuítear san leis an alt so), a bhaineann le diúité comharbais measta do bhaint amach bainfid le diúite léagáide measta do bhaint amach agus na forálacha den alt san 1 (mar a leasuítear san amhlaidh) a leathnuíonn imeachta, fé sna hAchtanna Diúité Léagáide chun cuntaisí do sheachadadh, i slí go mbainid le híoc an diúité bainfid le himeachta fén Succession Duty Act, 1853, chun cuntaisí do sheachadadh agus leathnóid imeachta den tsórt san ar an gcuma gcéanna. | |
[EN] | (3) O dháta an Achta so do rith tuigfear an t-alt so do bheith ina chuid den dlí agus den chleachtadh atá ann fé láthair agus a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 8 den Finance Act, 1894, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige agus beidh feidhm ag an alt so dá réir sin. |