An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Diuite ar Bhroga agus ar Bhroga Isle.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

Forálacha Speisialta

1

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid mar choimeádáin do pháipéar no do shreangán in úsáid agus fós compáirteanna d'earraí den tsórt san.

50%

--

2

Fearaistí (pe'ca folamh no lán dóibh ar iad d'iomportáil) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid chun teinte do mhúchadh le haon fhliuchán (seachas uisce), púdar no aon tsubsaint eile, ach gan aon fhearaistí den tsórt san d'áireamh atá déanta ar fad no nách mór ar fad de phrás, de chré-umha, de ghunna-mhiotal, de chopar, no d'aon dá cheann no níos mo de sna miotail sin le chéile.

40%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

3

Gréasanna comhrann déanta de mhiotal.

66⅔%

--

4

Coirí agus suileandair agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de chopar agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid i gcórais uisce te i dtithe, i dtithe ósta, i bhfundúireachtaí agus in áiteacha eile gur chun comhnuithe ionta is mó atáid ceaptha, ach gan coirí d'áireamh is páirt dílis de shorn no de ghráta le linn a n-iomportála.

25%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

5

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad d'iarann oibrithe ghalbhánuithe no de chruaidh ghalbhánuithe, sé sin le rá:—

30%

--

(a) áruistí tighe no tighis cuasacha;

(b) guitéirí, píopaí, agus caipíní mullaigh gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncium gur chun uisce fearthanna do bhreith chun siúil do prímhbheartuíodh iad;

(c) buicéadaí, cannaí, agus páil;

(d) potaí uiscithe;

(e) cistí no boscaí i gcóir deannaigh, luaithrigh no salachair;

(f) earraí gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun iad d'úsáid chun bia no uisce do thabhairt d'ainmhithe no d'éanlaithe do prímhbheartuíodh iad;

(g) cistí stórála.

6

Earraí d'iarann teilgthe de sna saghsanna so leanas, sé sin le rá:—

25%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncium is ceart.

(a) píopaí agus guitéirí a húsáidtear lasmuich i gcóir uisce agus salachair, agus ceangail dóibh;

(b) tromáin saise;

(c) earraí gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncium gur chun iad d'úsáid chun bia no uisce do thabhairt d'ainmhithe no d'éanlaithe do prímhbheartuíodh iad;

(d) stuic do chrinlíní agus do shuidheacháin;

(e) clúdaigh agus frámaí do phuill i dtalamh;

(f) clúdaigh hídrant agus comhlan;

(g) trapanna linntéara;

(h) grátaí do phíopaí no do thrapanna camra;

(i) rothaí seachas rothaí tarraicire no leantóra agus seachas rothaí atá, le linn iad d'iomportáil, ina bpáirt d'fheithicil, de mheaisín no d'earra eile iomlán:

(j) cuaillí lampa agus sráide;

(k) múnlanna agus compáirteanna de mhúnlanna d'iarann teilgthe;

(l) barraí teine;

(m) gléasanna spártha guail, agus íochtair bhréige do ghrátaí, do shoirn agus do theinteáin;

(n) boscaí coca choisc;

(o) plátaí urláir;

(p) tochaird agus bollaird agus compáirteanna de thochaird d'iarann teilgthe;

(q) búird agus stuic bhúird, agus compáirteanna de bhúird agus de stuic bhúird d'iarann teilgthe;

(r) polla-chruidhte;

(s) píopaí deataigh, piopaí aeriúcháin, agus píopaí eile dá samhail sin;

(t) caidéil uisce a hoibrítear le láimh, agus compáirteanna de chaidéil uisce d'iarann teilgthe a hoibrítear le láimh;

(u) cásála d'fhuaráin sráide agus compáirteanna de chásala d'iarann teilgthe d'fhuaráin sráide.

7

(a) Plátaí miotail (agus leitreacha agus uimhreacha no ceachtar aca péinteálta ortha no greamuithe dhíobh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid mar eolasáin no mar chomharthaí aitheantais is gá do réir dlí d'iompar ar shaghsanna áirithe feithiclí bóthair inneall-ghluaiste.

331/3%

--

(b) Plátaí miotail is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid (tar éis leitreacha agus uimhreacha no ceachtar aca do phéinteáil ortha no do ghreamú dhíobh) mar eolasáin no mar chomharthaí aitheantais den tsaghas adubhradh.

(c) Leitreacha agus uimhreacha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do ghreamú de sna plátaí miotail den tsaghas a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo.

8

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de shreang iarainn no de shreang chruaidhe no de shreang iarainn agus de shreang chruaidhe le chéile agus compáirteanna (agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de shreang iarainn no de shreang chruaidhe no de shreang iarainn agus de shreang chruaidhe le chéile) d'earraí den tsórt san, sé sin le rá:—

331/3%

--

(a) gárdaí;

(b) boscaodaí;

(c) gaistí;

(d) mataí;

(e) racaí;

(f) boscaí;

(g) tráidirí;

(h) ladair;

(i) obair gháirdín no roilge;

(j) cáistí;

(k) frámaí;

(l) greilleacha;

(m) corc-tharraicirí;

(n) féasracha;

(o) coipirí;

(p) scáileáin;

(q) trodáin;

(r) figheacháin, líonra, agus fálacht ach gan líonra go mogaill sé-uilleacha d'áireamh.

9

Rámhainní agus sluaiste le haghaidh lámh-oibre (seachas rámhainní agus sluaiste go mbas sreinge no adhmaid ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, oiriúnach ach chun iad d'úsáid i gcúrsaí tighis laistigh), agus fós compáirteanna (pé'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) de rámhainní agus de shluaiste den tsórt san.

50%

An diúité luaidhtear ag an Uimhir Thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag Uimhir Thagartha 4 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

10

Cruidhte capall déanta d'iarann no de chruaidh ar fad no nách mór ar tad.

50%

An diúité luaidhtear ag an Uimhir Thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag Uimhir Thagartha 2 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

11

Criathra, roithleáin, agus sciatha roithlithe déanta de mhiotal no d'adhmad no de mhiotal agus d'adhmad le chéile, agus fós compáirteanna (pé'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) de chriathra, de roithleáin agus de sciatha roithlithe den tsórt san.

331/3%

--

12

(a) Earra ar bith is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is dí-ghalrán, cuilnimh, mílnimh, cnuimhnimh no múiscnimh.

(b) Earra ar bith is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is uinnimeint no ío seachas geilé petroleum.

20%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ní déanfar é d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nár mhór do ghnáth í chur fé aon oibriú ullamhúcháin (seachas uisce do chur léi) sara n-úsáidfí í mar dhíghalrán, cuilnimh, cnuimhnimh, mílnimh, no múiscnimh.

13

Priontaí grianghrafacha do clóbhuaileadh díreach o scannán ghrianghrafach no o phláta ghrianghrafach, ar a n-áirmhítear sleamhnáin de gach saghas le húsáid i lóchrainn draoidheachta ach gan priontaí grianghrafacha d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim bhaineann le cúrsaí teicniciúla no le cúrsaí eolaíochta.

331/3%

--

14

Déid - chíoracha iomlána d'abhar ar bith, agus fós fothaí (déanta ar fad no nách mór ar fad de mhiotal) do dhéid-chíoracha.

25%

--

15

(a) Raicéidí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid in imirt tennis, tennis faithche, badminton, raicéad, no cluichí eile dá samhail in aon cheann no cinn de sna cluichí sin agus iomlán gach ceann acu no cuid mhaith de déanta dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) Cleatha no bataí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid in imirt gholf agus iomlán gach ceann acu no cuid mhaith de déanta dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

16

(a) Aon cheann de sna hearraí seo leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar no de chroiceann no de leathar bhréige no de chroiceann bhréige no atá déanta d'aon dá cheann no níos mó de sna substaintí sin no go bhfuil a chumhdach, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta ar fad no nách mór ar fad d'aon tsubstaint no d'aon dá shubstaint no níos mó den tsórt san adubhradh, sé sin le rá:—

20%

--

(i) sparáin, púitsí, tiachóga, leabhair phóca agus cárta-chásanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do bheith ar iompar ag daoine, agus

(ii) líontáin no lámh-mhálaí ban is dóich leis na Coimisinéirí Ioncium atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do bheith ar iompar ag daoine no á gcaitheamh acu mar bheadh pócaí chun earraí i gcóir gnáth-úsáide pearsanta d'iompar ionta.

(b) Málai airgid atá déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar no de chroiceann no de leathar agus de chroiceann le chéile agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do bheith á gcaitheamh ag daoine.

17

(a) Na torthaí seo leanas i sioróip a hiomportáltar i gcannaí no i stáin séaluithe, sé sin le rá, sugha talmhan, spiúnáin, daimsíní, plumaí, sugha craobh, sméara dubha, cuiríní, agus glas-phlumaí.

an lb. 4d.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille no aon tsacairín atá san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú, ach is diúité é in ionad gach diúité eile is inéilithe ar an earra.

(b) Gach toradh eile i sioróip a hiomportáltar i gcannaí no i stáin séaluithe.

an lb. 1d.

18

Cartúisí gráin líonta is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid i ngunnaí gráin.

331/3%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag Uimhir Thagartha 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san do ghearradh ná d'éileamh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

19

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is frámaí miotail no saiseanna miotail (pe'ca atá gloine no substaint dá shórt ionta le linn a n-iomportála no ná fuil) atá ceaptha, déanta, agus beartuithe i gcóir dóirse no fuinneoga no i gcóir páirteanna de dhóirse no i gcóir páirteanna d'fhuinneoga.

40%

Foluíonn an focal “fuinncoga,” san áit ina bhfuil sé sa dara colún ag an uimhir thagartha so, foirléaseanna, stoirm-chomhlaí agus fuinneoga pábhála.

20

Suaitheantaisí, buinn agus mór-bhuinn atá déanta ar fad no nách mór ar fad d'airgead, de chopar, de chré-umha, de phrás, de ghunna-mhiotal, de stán, de shionc no d'aluminium, no d'aon dá cheann no níos mó de sna miotail sin le chéile, go bhfeistisí no gan feistisí ceangailte dhíobh le linn a n-iompórtála, ach gan earraí d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid chun ball éadaigh agus córach gléasta pearsanta do dhéanamh.

331/3%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

21

(a) Earraí (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) d'aon tsaghas acu so leanas agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhar fhighte agus compáirteanna (déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhar fhighte) d'earraí den tsórt san, sé sin le rá:—

(i) éadaí cláir, scaróidí, agus gach saghas eile feistis bhúird;

(ii) tobháillí agus éadaí tighis;

(iii) tarpóil.

(b) Earraí (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) d'aon tsaghas acu so leanas agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de chadás, de línéadach, no d'abhar mheasctha, agus compáirteanna (déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhar fhighte) d'earraí den tsórt san, sé sin le rá:—

(i) braitlíní talmhan;

(ii) clúdaigh puible;

(iii) cnapsacanna;

(iv) lón-mhálaí;

(v) málaí codalta.

(c) Málaí agus sacanna (pe'ca déanta ar fad no go leathrannach dóibh) agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de chadás agus iad folamh le linn a n-iomportála agus fós compáirteanna (déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhar fhighte) de mhálaí agus de shacanna den tsórt san.

40%

Earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur i Saorstát Éireann do rinneadh an earra san agus gur chuige a heaspórtáladh as Saorstát Éireann í chun aon ní no nithe acu so do dhéanamh uirthi, eadhon, í dhéanamh díonach, í thuaradh, í dhathú, í phéinteáil, í chlóbhualadh no í chríochnú agus nár cuireadh í fé aon phróiseas eile déantóireachta faid a bhí sí lasmuich de Shaorstát Éireann amhlaidh.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

22

Gréasáin fhighte d'aon tsaghas aca so leanas nách lugha ná dhá órlach déag ar leithead, sé sin le rá:—

(a) gréasáin línéadaigh;

(b) gréasáin d'abhair mheasctha gan ionta ach dhá cheann no níos mó de sna habhair seo leanas, sé sin le rá: cadás, linéadach, cnáib, ráimí, iút, agus fionnadh (seachas móihéar agus rón camaill);

(c) abhar scaróidí cadáis;

(d) abhar tobháillí cadáis;

(e) gréasáin chadáis (seachas abhar scaróidí agus abhar tobháillí) nách éadtruime ná ceithre hunsaí go leith an tslat chearnach.

Ní háirmhítear na gréasáin seo leanas mar earraí d'aon tsaghas dá luaidhtear anso roimhe seo, sé sin le rá, gréasáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim,

(i) do rinneadh dionach no do clóbhuaileadh no do péinteáladh no do cuireadh fé aon dá cheann no gach ceann de sna próiseasaí sin, no

(ii) do rinneadh i slí go mbeidis cosúil le habhar plaincéadaí, no

(iii) is gréasáin terry no chenille, no is broicéad no bheilbhéidín, no scáil-éadach hollannach, no flainéidín, no fid bréige déanta de chadás, no

(iv) éadach piqué.

331/3%

Chun crícheanna inghearrthachta an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, tuigfear gur gréasáin dhá thobháille no níos mo gan de cheangal eatorra ach na snátha innigh.

Earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur i Saorstát Éireann do rinneadh an earra san agus gur chuige a heasportáladh as Saorstát Éireann í chun aon ní no nithe acu so do dhéanamh uirthi, eadhon, í dhéanamh díonach, í thuaradh, í dhathú, í phéinteáil, í chlóbhualadh no í chriochnú, agus nár cuireadh í fé aon phróiseas eile déantóireachta faid a bhí sí lasmuich de Shaorstát Éireann amhlaidh. Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon ghréasán fighte do bheadh ionchurtha fén diúité luaidha tear ag an uimhir thagarthso mara mbeadh an fhoráil seo, go bhfuilid oiriúnach chun iad d'úsáid chun troscáin no feithiclí do ghréasadh no do chlúdach no chun leabhar do cheangal agus gur chuige sin amháin atáid beartuithe féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú na gréasáin fhighte sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha no féadfaid aon diúité den tsórt san d'aisíoc do híocadh le linn a n-iomportála.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

23

Earra ar bith is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fiar-fháithim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun í d'úsáid chun earraí d'abhar fhighte do dhéanamh no do dheisiú.

25%

--

24

Earraí (seachas uaiséirí copair) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is compáirteanna miotail de spréach-bhuaca.

An earra, 6d.

--

25

(a) Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceapa atá déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad agus atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid chun bróga no bróga ísle do dhéanamh no do dheisiú agus fós earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is compáirteanna (déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad) de cheapa den tsórt san.

(b) Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar chrainn, mar shínteoirí, no mar líontóirí do bhróga no do bhróga isle agus atá déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad no de cheliulóid no d'abhar dá samhail no de shnáithreach chó-dhlúite no d'abhar dá samhail agus fós earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is compáirteanna (déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad no d'abhar eile mar adubhradh) de chrainn, de shínteoirí no de líontóirí den tsórt san.

(c) Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'usáid mar phátrúin d'uachtair no do pháirteanna d'uachtair bhróg no bhróg iseal agus atá déanta ar fad no nách mór ar fad de mhiotal, de chárta-chlár no d'abhar dá shamhail.

40%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

26

Carbonáid sódium a hiompórtáltar i bhfuirm chriostalaigh.

An cmt. 2s. 0d.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

27

Cóir leapthan ach gan tochtaí, súsaí, cuilteanna líonta, clúdaigh chuilte nealíonta, cuilteanna cadáis, plaincéadaí cadáis ná cóir leapthan déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc d'áireamh.

40%

--

28

Súsaí, ar a n-áirmhítear súsaí no éadaí atá déanta ar fad no nách mór ar fad d'earraí fighte agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar chlúdaigh d'ainmhithe, ach gan súsaí d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar chlúdaigh urláir, agus fós gan súsaí déanta ar fad no nách mór ar fad de chadás d'áireamh.

40%

--

29

Eanlaithe tighis, turcaithe, géanna, agus lachain agus iad ina mbeathaidh.

An t-éan 21s. od.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 4 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

30

Anbhruithí de gach saghas, pé'ca ina bhfliuchán, ina solad no ina bpúdar no i bhfuirm ar bith eile dhóibh ach gan ullamhóidí d'áireamh gur sugha no úscradh, có-neartuithe go mór, is mó atá ionta dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

An cmt. 84s. od.

An diúité luaidhtearisg an uimhir thagartha so a diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 10 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dúl i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollaca is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

31

Mil, agus mil shaordha d'áireamh.

An lb. 1s. od.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

32

Ainmhithe de chineál na bó.

An ceann 60s. od.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollaca is oiriúnach leo d'fhorchur, aon ainmhithe is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

33

Croicne úra agus seithí úra d'ainmhí ar bith de chineál na bó agus coda de chroicne úra agus de sheithí úra den tsórt san.

An earra 10s. od.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

34

Earraí tighis no tighe is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá déanta de chré ar fad no nách mór ar fad agus do cuireadh fé oibriú gloiníochta ach gan áireamh do dhéanamh ar earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar dhaingneáin no mar fheistisí.

An cmt. 30s. od.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir, le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

35

(a) Uirlisí agus fearaistí de sna saghsanna so leanas, sé sin le rá:—

25%

--

(i) speala;

(ii) corráin;

(iii) tor-thuaghanna no torchorráin;

(iv) billeoga;

(v) sceana féir.

(b) lanna no cinn d'aon cheann de sna hearraí luaidhtear i mír (a) anso roimhe seo.

36

Téadra, cáblaí, rópaí, agus sreangán de chnáib no d'abhair eile den tsórt san, ach gan sreangán ceangaltóra, abhras caighir, ná sais-téada trílsithe no cabla-chasta d'áireamh, agus fós gan aon earra d'áireamh is páirt d'earra eile le linn a hiomportála.

40%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt I den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus a lualdhtear ag uimhir thagartha 22 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar eis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pél coinníollacha is oiriúnach ieo d'fhorchur, aon earraí is onchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

37

Aon earra acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá déanta d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile agus a hiomportáltar ar shlí eile seachas mar pháirt d'earra eile, sé sin le rá:—

(a) Boltaí, docht-scrobhanna, agus scrobhanna go miotal-shnáth agus nách giorra ná órlach ná nách sia ná fiche órlach a lorga agus nách lugha ná trí ochtú d'órlach ná nách mó ná órlach go gceathrúin a dtras-líne, agus

(b) cnóite snáithte (seachas cnóite cluasacha) de mhéid agus go snáth d'oiriúnódh bolta, docht-scrobha, no scrobha go miotalshnáth de shaghas dá luaidhtear i mír (a) roimhe seo.

75%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad diúité ar bith eile is ionchurtha ar an earra

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh. féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

38

Annlainn agus tarsainn lachtacha no leathlachtacha ullamhuithe, gan úscradh feola, íleacha in-ithte ná fínéagra d'áireamh;

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille no sacairín atá san earra a húsáideadh chun í do dhéanamh no d'ullamhú ach beidh sé in ionad aon diúité eile do bheadh inéilithe alos na hearra seachas an diúité forchuirtear le hAlt 22 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ).

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(a) i gcás gur do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí d'iontráil ar iad d'iomportáil;

An lb. 1s. 6d.

(b) i gcás gur do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí d'iontráil ar iad d'iomportáil.

 

 

 

 

 

 

 

 

An gal. 13s. 4d.

39

Púdar cailce.

An cmt. 1s. od.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

40

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is earraí déanta agus atá déanta ar íad no nách mór ar íad d'aluminium, no de chómhiotal aluminium gur aluminium an táthchuid is mó atá ann, no d'aluminium agus de chó-mhiotal den tsórt san roimhráite le chéile.

50%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéiri Ioncuim is ceart.

41

Ile smeartha de bhunadh minearáil ar fad no nách mór ar fad agus a hiomportáltar i ngabhadán gan níos mó ná cúig galún triochad den íle sin ann le linn a iomportála.

An gal. 1s. od.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon íle is ionchurtha fén diúité forchuirtear le hAlt 7 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ).

42

Feadáin no piopaí hóise solúbtha agus iad clúduithe no daingnithe le sreang mhiotail, ach gan aon fheadáin ná píopaí den tsórt san atá déanta ar íad no nách mór ar fad de chúitsiúc d'áireamh.

50%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an importáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

43

Iasc de gach saghas (agus eochraí d'áireamh ach gan paist éisc d'áireamh) a hiomportáltar i mbuidéil, i gcrúiscíní, i gceaigeanna, i bpotaí, i gcannaí, no i stáin agus iad séaluithe—

--

(a) maran mó ná púnt meáchaint an gabhadán agus a bhfuil ann i dteanta a chéile;

Pingin ar gach gabhadán den tsórt san (agus bhfuil ann d'áireamh).

(b) más mó ná púnt meáchaint an gabhadán agus a mbeidh ann i dteanta a chéile.

Pingin an púnt no an chuid de phúnt meáchaint de gach gabhadán den tsórt san (agus a bhfuil ann d'áireamh).

44

Iasc leasuithe no deatuithe.

An lb. 2d.

--

45

Iasc dí-chnámhuithe agus coda d'iasc den tsórt san.

An lb. 3d.

--