|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Foralacha de dhruim Contae do roinnt ina Ceanntair Shlainte Chontae.) |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Contaethe do Roinnt ina dha gCeanntar Slainte Contae no nios mo. | |
[EN] |
Orduithe roinnte. |
5. —(1) Ar n-a iarraidh sin do chomhairle chontae uair ar bith (roimh an Acht so do rith no dá éis) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú roinnte san Acht so)— |
[EN] | (a) á dhearbhú go mbeidh, o thosach feidhme an orduithe sin, líon áirithe (nách lugha ná dhá cheann) de thuathcheanntair shláintíochta sa chontae sin, agus | |
[EN] | (b) ag luadh na coda den chontae sin a bheidh i ngach tuathcheanntar sláintíochta fé leith dhíobh san agus is ionann agus gach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith dhíobh agus, sa mhéid gur gá san, ag síneadh amach teorann gach tuath-cheanntair shláintíochta fé leith dhíobh, agus | |
[EN] | (c) ag ceapadh lae, nách luaithe ná trí mhí tar éis dáta an orduithe sin, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an orduithe sin. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh gach ordú roinnte i ngníomh an lá ceapfar leis an ordú san chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an chéanna. | |
[EN] |
Líon ball chomhairle contae d'atharú. |
6. —(1) Pé uair a bheidh ordú roinnte déanta ag an Aire féadfa sé, más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin do chomhairle na contae le n-a mbainfidh an t-ordú roinnte sin, líon ball na comhairle sin d'atharú, i pé slí is oiriúnach leis, le hordú déanfar tráth ar bith roimh an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe roinnte sin. |
[EN] | (2) Gan an tOireachtas do dhaingniú orduithe dhéanfaidh an tAire fén alt so tiocfaidh an t-ordú san i ngníomh nuair a déanfar an chéad toghadh bheidh ann tar éis an lae cheaptha do bhaill na comhairle le n-a mbainfidh an t-ordú san agus beidh éifeacht ag an ordú san as san amach. | |
[EN] |
Togh-líomatáistí contae d'atharú. |
7. —(1) Má bhíonn ordú roinnte déanta ag an Aire agus an scéal ar shlí no ar an dá shlí acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ceann no cinn de sna togh-líomatáistí contae sa chontae le n-a mbainfidh an t-ordú roinnte sin do bheith, ar dháta an orduithe sin, go leathrannach i gceann agus go leathrannach i gceann no i gcinn eile de sna tuathcheanntair shláintíochta nua bunófar leis an ordú san, agus | |
[EN] | (b) atharú do bheith déanta ag an Aire, fén gcomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht so, ar líon ball comhairle na contae sin, | |
[EN] | déanfaidh an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a dílsítear ann chuige sin le halt 1 den Local Government (Ireland) Act, 1919, an chontae sin do roinnt as an nua ina togh-líomatáistí contae agus déanfaidh an roinnt sin i slí go mbeidh iomlán gach toghlíomatáiste contae sa chontae sin laistigh de cheann éigin de sna tuath-cheanntair shláintíochta nua san. | |
[EN] | (2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire, do réir an ailt seo, contae do roinnt ina togh-líomatáistí contae ceapfa sé an líon de bhaill chomhairle na contae sin a bheidh le toghadh do gach toghlíomatáiste contae fé leith acu. | |
[EN] |
Eifeacht Orduithe roinnte. |
8. —Pé uair a bheidh ordú roinnte déanta ag an Aire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe sin agus dá éis, maidir leis an gcontae le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an méid den chontae sin is tuath-cheanntar sláintíochta ar dháta an orduithe sin scuirfe sé de bheith ina thuath-cheanntar sláintíochta; | |
[EN] | (b) bunófar sa chontae sin, de bhuadh an orduithe sin, an méid tuath-cheanntar sláintíochta bheidh luaidhte san ordú san, agus beidh i ngach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith acu san an chuid den chontae sin a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san; | |
[EN] | (c) isí comhairle na contae sin a bheidh mar údarás sláintíochta do gach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith dá mbunófar amhlaidh; | |
[EN] | (d) beidh gach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith acu san ina cheanntar shláinte chontae do réir bhrí na bPríomh-Achtanna agus bhéarfar mar ainm air “Ceanntar Sláinte . . .” (maraon le hainm na contae agus pé ainm aitheantais ordóidh an tAire); | |
[EN] | (e) fé réir forálacha an Achta so beidh feidhm agus éifeacht ag na Príomh-Achtanna i ngach tuath-cheanntar sláintíochta agus ceanntar sláinte contae den tsórt san agus maidir leo fé is dá mba le hordú déanfaí fé fho-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1925 a bunófaí an ceanntar san; | |
[EN] | (f) má bhíonn bord sláinte puiblí sa chontae sin agus don chontae sin ar dháta an orduithe sin scuirfear an bord san agus ní bheidh sé ann feasta. | |
[EN] |
Búird sláinte cheanntracha nua. |
9. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag Rialacha 1, 2, 6, 7 agus 8 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1925 maidir le bord sláinte ceanntair shláinte chontae a bunófar fén Acht so. |
[EN] | (2) Isé bheidh i mbord sláinte gach ceanntair shláinte chontae fé leith a bunófar fén Acht so— | |
[EN] | (a) an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe roinnte bhaineann leis an gcás agus d'éis an lae sin go dtí an chéad chruinniú cinn bliana, a comórfar tar éis dáta an orduithe roinnte sin, de chomhairle na contae ina mbeidh an ceanntar sláinte contae sin suidhte, ná pé baill agus pe méid ball ordóidh an chomhairle sin agus a thoghfaid as a mbaill féin, agus | |
[EN] | (b) ón gcéad chruinniú cinn bliana san agus dá éis, ná na baill den chomhairle sin a toghfar don togh-líomatáiste no do sna togh-líomatáistí contae bheidh sa cheanntar shláinte chontae sin. |