16 1935


Uimhir 16 de 1935.


ACHT CISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CISTE DO BHUNÚ, DO CHOTHABHÁIL, D'AIRGEADÚ, AGUS DO BHAINISTÍ MAR CHISTE AS A dTABHARFAR IASACHTAÍ AS AIRGEAD PUIBLÍ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA NO CHUN CRÍCHEANNA ÁITIÚLA AGUS IASACHTAÍ EILE DEN tSÓRT SAN AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[17adh Abrán, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “iasacht áitiúil” iasacht ar n-a tabhairt (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) as airgead puiblí chun aon chríche chun a bhféadfaí iasacht do thabhairt in Éirinn an 31adh lá de Mhárta, 1922, as an gciste do bunuíodh do réir ailt 7 den National Debt and Local Loans Act, 1887, no ar n-a tabhairt ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fé Acht den Oireachtas as airgead do sholáthruigh an tOireachtas no as airgead fé n-a n-urláimh agus is iontugtha ar iasacht no ar n-a tabhairt do réir Achta a rithfear tar éis an Achta so as ciste na n-iasachtaí áitiúla bunófar fén Acht so.

Am lá ceaptha.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Ciste na n-iasachtaí áitiúla do bhunú.

3. —(1) Bunóidh an tAire an lá ceaptha agus cothabhálfaidh as san amach fé n-a urláimh féin ciste (dá ngairmtear an ciste san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm ciste na n-iasachtaí áitiúla.

(2) An lá ceaptha cuirfear isteach sa chiste aon iarmhéid a bheidh gan tabhairt amach, d'airgead do sholáthruigh an tOireachtas i gcóir iasachtaí áitiúla, agus a bheidh an lá san ar láimh ag an Aire no ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éireann.

(3) An lá ceaptha agus dá éis cuirfear isteach sa chiste, i pé slí ordóidh an tAire o am go ham, gach suim a híocfar no is ionchurtha do réir dlí chun no mar chabhair chun glanta colna no úis aon iasachta áitiúla do tugadh no do bhéarfar aon uair roimh an Acht so do rith no dá éis no roimh an lá ceaptha no dá éis, seachas iasacht áitiúil a bheidh tugtha roimh an lá ceaptha agus a bheidh maithte no scriosta amach roimh an lá san.

(4) I gcás suim a cuirfear isteach sa chiste fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'íoc no do bheith ionchurtha chun no mar chabhair chun glanta aon cholna no úis a bheidh, le linn an churthaisteach san, slánuithe cheana féin as an gciste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh don Stát-Chiste roimh an lá ceaptha no don chiste tar éis an lae cheaptha déanfar an tsuim sin a cuirfear isteach sa chiste amhlaidh d'íoc láithreach amach as an gciste leis an gciste urraíochta san.

Airgead do thabhairt amach as an gciste.

4. —(1) An lá ceaptha agus dá éis is as an gciste déanfar gach tabhairt-amach airgid i gcóir iasachtaí áitiúla (ar a n-áirmhítear iasachtaí le n-a mbeidh aontuithe ach ná beidh tugtha roimh an lá ceaptha).

(2) Ní tabharfar aon airgead amach as an gciste maidir le hiasacht áitiúil ach amháin fé réim agus do réir Reachta Bhriotáinigh no Achta den Oireachtas údaruíonn iasacht den tsórt san do thabhairt.

(3) I rith na tréimhse dar tosach an lá ceaptha agus dar críoch pé lá ceapfar chuige sin ina dhiaidh seo le reacht, féadfar, maidir le hiasachtaí áitiúla, an t-airgead san uile is gá chun crícheanna na n-iasacht san do thabhairt amach as an gciste ach ní raghaidh iomlán an airgid do bhéarfar amach amhlaidh i rith na tréimhse sin thar suim cúig milleon púnt.

Iasachtaí d'fháil thar ceann an chiste agus roimh-íocanna do thabhairt don chiste.

5. —(1) Chun airgid do thabhairt amach as an gciste maidir le hiasachtaí áitiúla, féadfaidh an tAire, fé mar is dóich leis agus nuair is dóich leis is ceart é, airgead d'fháil ar iasacht thar ceann an chiste agus, chun críche na hiasachta san, féadfaidh urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé rátaí úis agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile ar a gcinnfe sé agus féadfaidh an tAire tabhairt-amach d'urrúis den tsórt san do chódhlúthú le haon tabhairt-amach no le gach tabhairt-amach den tsamhail chéanna do rinneadh roimhe sin.

(2) Chun airgid do thabhairt amach as an gciste maidir le hiasachtaí áitiúla, féadfaidh an tAire, fé mar is dóich leis agus nuair is dóich leis is ceart é, roimh-íocanna do thabhairt don chiste as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis agus, chun na roimh-íocanna san do thabhairt, féadfaidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis do thabhairt amach is dóich leis is ceart.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile do gheobhfar ar iasacht fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús uile do bhéarfar amach fén bhfo-alt san chun críche na hiasachta san.

(4) Féadfar roimh-íocanna do thabhairt don chiste as aon Chiste Rialtais no airgead Rialtais mar a mínítear iad le halt 1 den Acht um Shuncáil Cheaduithe, 1933 ( Uimh. 34 de 1933 ), agus chun aon roimh-íoca den tsórt san do thabhairt féadfar gach suncáil no aon tsuncáil is cuid den chiste Rialtais no den airgead Rialtais sin no is ionann agus an céanna do dhíol no d'atharú ina airgead ar shlí eile.

(5) Is ar pé rátaí úis agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile ar a gcinnfidh an tAire do bhéarfar gach roimh-íoc don chiste fén alt so ach i gcás roimh-íoca as ciste Rialtais no airgead Rialtais go mbeidh a shuncáil fé urláimh aon Aire eile ní chinnfidh amhlaidh gan comhairle agus có-aontú idir é féin agus an tAire eile sin.

(6) Is ar an gciste bheidh muirear agus fós aisíoc no íoc colna agus úis an airgid uile do gheobhfar ar iasacht fén alt so thar ceann an chiste agus colna agus úis na n-urrús uile bunófar agus do bhéarfar amach fén alt so chun críche na hiasachta san agus na roimh-íocanna uile do bhéarfar don chiste fén alt so agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an ciste chun na críche sin, déanfar suim is leor chun an easnaimh do shlánú do roimh-íoc leis an gciste as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis.

(7) An t-airgead uile roimh-íocfar leis an gciste as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, aisíocfar leis an bPrímh-Chiste é as an gciste agus mara ndeintear agus sa mhéid ná déanfar an t-airgead san d'aisíoc amhlaidh aisíocfar é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Airgead a bheidh gan íoc maidir le hiasachtaí áitiúla.

6. —(1) Chó luath agus is féidir é dhéanamh go caothúil tar éis an lae cheaptha cinnfidh an tAire cadé an méid is có-ionann (fé réir forálacha an ailt seo) le luach iomlán na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) na suimeann uile do bhí dlite agus gan íoc an lá ceaptha (pe'ca bhíodar iníoctha an uair sin no le teacht chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin) maidir le hiasachtaí áitiúla do tugadh amach an 31adh lá de Mhárta, 1922, no roimhe sin, agus do tugadh amach amhlaidh as an gciste do bunuíodh do réir ailt 7 den National Debt and Local Loans Act, 1887, no do cuireadh isteach sa chiste sin do réir fo-ailt (2) den alt san 7 agus ná raibh aisíoctha ná maithte ná scriosta amach roimh an lá ceaptha, agus

(b) an t-airgead uile do sholáthruigh an tOireachtas agus go ndearnadh, roimh an lá ceaptha (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), iad do thabhairt amach as an Stát-Chiste agus do chur ar chur an Aire chun críche iasachtaí áitiúla, agus

(c) an t-ús uile is iníoctha fé fho-alt (2) d'alt 33 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus do bhí, ar an lá ceaptha, tagtha chun bheith iníoctha (agus an cion dlite de ghálaí do bhí ag teacht chun bheith dlite d'áireamh) agus gan íoc, ach gan áireamh do dhéanamh ar aon chuid den ús san is iníoctha tré shuim do chur ina coinnibh fé fho-alt (4) den alt san 33.

(2) Nuair a bheidh an méid a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so á chinneadh aige fén bhfo-alt san ní áirmheoidh an tAire mar chuid de aon mhéid, d'iasacht áitiúil ar bith, is dóich leis an Aire nách féidir a bhaint amach.

(3) Díreach ar bheith críochnuithe don chinneadh atá le déanamh ag an Aire do réir na bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanfaidh an tAire agus bhéarfaidh amach deimhniú ag luadh an mhéide ar ar chinn sé nuair do rinne sé an cinneadh sin.

(4) Má chítear don Aire aon uair tar éis an deimhnithe luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roime seo den alt so do thabhairt amach go raibh an cinneadh dob abhar don deimhniú san earráideach de bhíthin earráide in aon áireamh no meas ar a raibh an cinneadh sin bunuithe féadfaidh an tAire an cinneadh sin do leasú agus sa chás san déanfaidh an tAire agus bhéarfaidh amach deimhniú nua ag ceiliúradh an deimhnithe céad-luaidhtear agus ag luadh an mhéide do cinneadh leis an gcinneadh sin agus é leasuithe amhlaidh.

(5) An méid a luadhfar sa deimhniú dhéanfaidh an tAire agus do bhéarfa sé amach fé sna fo-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gurb é deimhniú is déanaí den tsórt san de thurus na huaire é tuigfear gur roimh-íoc é do thug an tAire fén Acht so don chiste an lá ceaptha amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis chun airgid do thabhairt amach as an gciste maidir le hiasachtaí áitiúla.

(6) Gach deimhniú dhéanfaidh an tAire agus do bhéarfa sé amach fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil agus leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

(7) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so no déanfar fé dochar ná deifir do fhreagarthacht duine ar bith i gcolann agus ús iasachta no coda d'iasacht d'íoc gur dóich leis an Aire fén alt so nách féidir a bhaint amach agus gach colann no ús den tsórt san a bainfear amach íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí ordóidh an tAire.

Urrúis do bhunú agus do thabhairt amach thar ceann an chiste.

7. —(1) Chun aisíoctha aon roimh-íoca bheidh tugtha ag an Aire don chiste fén Acht so as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis no go bhforáltar leis an Acht so go dtuigfear é bheith tugtha ag an Aire amhlaidh féadfaidh an tAire urrúis do bhunú agus do thabhairt amach thar ceann an chiste ar pé rátaí úis agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile ar a gcinnfe sé agus féadfaidh an tAire tabhairt-amach de sna hurrúis sin do chódhlúthú le gach tabhairt-amach no le haon tabhairt-amach dá samhail a bheidh déanta cheana.

(2) Is ar an gciste bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús uile bhunóidh an tAire agus a bhéarfa sé amach fén alt so agus maran leor agus sa mhéid nách leor an ciste chun na críche sin déanfar suim is leor chun an easnaimh sin do shlánú do roimhíoc leis an gciste as bPrímh-Chiste no as a thora fáis.

(3) An t-airgead uile roimh-íocfar leis an gciste as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, aisíocfar leis an bPrimh-Chiste é as an gciste agus mara ndeintear agus sa mhéid ná déanfar an t-airgead san d'aisíoc amhlaidh aisíocfar é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) Féadfaidh an tAire, tré chó-aontú, ar pé téarmaí agus i pé slí is dóich leis is ceart (agus íocaíocht airgid as an gciste d'áireamh), aon urrúis a bunófar agus do bhéarfar amach fén alt so mhalairtiú ar aon urrúis go mbeidh muirear a seirbhíse ar an bPrímh-Chiste no ar aon fhiachas no airgead is ionghlanta no is iníoctha fé sna nActanna Capitail Thelefóin, 1924 go 1931, as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Cealófar na hurrúis uile do gheobhaidh an tAire i malairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus laigheadófar dá réir sin an leithreas bliantúil chun seirbhíse na tabhartha-amach gur cuid di na hurrúis sin agus cealófar na fiachaisí agus an t-airgead uile go dtabharfar urrúis amach mar mhalairt ortha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus scuirfidh an leithreas bliantúil chun seirbhíse an chéanna no laigheadófar é (pe'ca aca is gá sa chás).

(6) Is leor barántas ón Aire mar údarás do Bhanc na hÉireann chun pé aistrithe agus nithe eile do dhéanamh is gá dhóibh a dhéanamh chun éifeachta do thabhairt d'aon mhalairtiú ar a gcó-aontófar fén alt so.

Cuntaisí an chiste.

8. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár cuntaisí, i pé fuirm is dóich leis o am go ham is ceart, do choimeád maidir leis an gciste.

(2) Sna cuntaisí coimeádfar do réir an ailt seo déanfar idirdhealú idir fáltaisí agus caiteachas alos caipitail an chiste agus fáltaisí agus caiteachas alos ioncuim in chiste.

(3) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ach fé réir na bhforálacha eile den Acht so, féadfar aon airgead a bheidh de thurus na huaire i gcreidiúint do chuntas an chiste do chur chun aon tsuimeanna d'íoc a bheidh de mhuirear ar an gciste no chun aon íocaíochtaí no tabhartha-amach do dhéanamh a bheidh le déanamh as an gciste.

(4) Fé cheann bliana tar éis gach bliana de bhlianta cuntais an chiste déanfar na cuntaisí do coimeádadh do réir an ailt seo in aghaidh na bliana san do chur fé bhráid an Ard-Scrúdóra chun iad d'iniúchadh agus iniúchfaidh an tArd-Scrúdóir iad i dtráth agus ar iad do bheith iniúchta amhlaidh leagfar iad, maraon le tuarasgabháil an Ard-Scrúdóra, fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir san do dhéanamh go caothúil tar éis an iniúchta san do chríochnú.

Caipital an chiste.

9. —(1) Na suimeanna uile a híocfar leis an gciste chun aisíoctha no ar cuntas aisíoctha colna aon iasachta áitiúla cuirfear iad le caipital agus i gcreidiúint do chaipital an chiste agus áirmheofar iad agus deighleálfar leo mar chiste fhiachlaigheaduithe chun fuascailte urrús a bheidh tugtha amach fén Acht so thar ceann an chiste.

(2) Cuirfear ar chaipital an chiste muirear agus íoc pé cion ordóidh an tAire o am go ham de chostaisí fé n-a raghaidh an tAire ag tabhairt amach no maidir le tabhairt-amach urrús fén Acht so thar ceann an chiste.

Ioncum an chiste.

10. —(1) Na suimeanna uile a híocfar leis an gciste alos an úis ar aon iasacht áitiúil no mar dhíbhinn no ús ar shuncála bheidh ar seilbh ag an gciste cuirfear iad le hioncum agus i gcreidiúint d'ioncum an chiste.

(2) Is ar ioncum an chiste bheidh muirear agus íoc na ndíbhinní agus an úis uile ar urrúis do bhéarfar amach fén Acht so thar ceann an chiste agus an úis uile ar airgead do gheobhfar ar iasacht fén Acht so thar ceann an chiste agus más as an bPrímh-Chiste a céad-íocfar aon díbhinn no ús den tsórt san is ar ioncum an chiste bheidh muirear agus íoc gach suime a híocfar as an gciste leis an bPrímh-Chiste alos na díbhinne no an úis sin.

(3) Cuirfear ar ioncum an chiste muirear agus íoc pé cion ordóidh an tAire o am go ham de chostaisí fé n-a raghaidh an tAire ag tabhairt amach no maidir le tabhairt-amach urrús fén Acht so thar ceann an chiste.

An ciste do shuncáil.

11. —(1) Na hiarmhéidí uile bheidh o am go ham i gcreidiúint do chaipital an chiste no d'ioncum an chiste agus nách gá láithreach chun íocaíochtaí do dhéanamh as an gciste féadfar iad do shuncáil fé mar is rogha leis an Aire, i ngach slí no in aon tslí acu so leanas, sé sin le rá, i gceannach urrús do bhéarfar amach fén Acht so thar ceann an chiste no i ndéanamh roimh-íocanna leis an Stát-Chiste ar creidiúint modh agus meán, no i mBillí Stát-Chiste no in aon tsuncáil a húdaruítear le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), chun airgid a bheidh i gcreidiúint do chuntas an Stát-Chiste do shuncáil inti.

(2) Airgead a bheidh ar fáil chun a shuncálta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so is ciste Rialtais é do réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 ( Uimh. 34 de 1933 ), agus beidh feidhm ag an Acht san maidir leis dá réir sin.

(3) Na suimeanna uile bheidh ar seilbh sa chiste o am go ham mar chiste fhiach-laigheaduithe féadfar iad do shuncáil fé mar is rogha leis an Aire, i ngach slí no in aon tslí acu so leanas, sé sin le rá, roimh-íocanna alos iasachtaí áitiúla, no i gceannach urrús do bhéarfar amach fén Acht so thar ceann an chiste, no i gceannach aon stuic, ciste no urrúis go n-údaruítear d'iontaobhaithe le halt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), cistí iontaobhais do shuncáil ann no i gceannach aon stuic, scaireanna no urrúis go mbeidh a gcolann agus a n-ús urruithe fé údarás reachtúil ag Rialtas Shaorstáit Éireann.

(4) Airgead a féadfar a shuncáil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so is ciste Rialtais é do réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 ( Uimh. 34 de 1933 ), agus beidh feidhm ag an Acht san maidir leis dá réir sin.

(5) Pé uair a déanfar airgead is cuid de chiste fhiach-laigheaduithe do shuncáil do réir an ailt seo i gceannach urrús do bhéarfar amach fén Acht so thar ceann an chiste cealófar láithreach na hurrúis a ceannófar amhlaidh.

(6) Pé uair a déanfar fén alt so no dá réir airgead do shuncáil i gceannach urrús (seachas urrúis is gá do réir an ailt seo do chealú), féadfaidh an tAire na hurrúis sin do dhíol pé uair is gá an t-airgead is ionann agus iad chun aon íocaíochta do dhéanamh agus féadfaidh an tAire fós o am go ham atharú do dhéanamh, fé mar is dóich leis is ceart, ar shuncáil aon airgid a bheidh suncálta amhlaidh agus, chun na críche sin, gach urrús no aon urrús ina mbeidh an t-airgead san suncálta do dhíol agus sochar an díola san d'ath-shuncáil in aon tslí a húdaruítear leis an alt so maidir leis an airgead san.

Us ar iasachtaí áitiúla nua agus a n-aisíoc.

12. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht eile is mar ordóidh an tAire, go generálta no in aon chás áirithe, a bheidh an ráta úis ar gach iasacht áitiúil do bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith agus fós modh agus tréimhse aisíoctha na hiasachta san.

(2) An ráta úis a shocróidh an tAire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ní foláir é bheith árd a dhóthain i ngach cás, do réir tuairime an Aire, chun na n-iasachtaí no na hiasachta le n-a mbainfidh an ráta san do thabhairt gan aon chaillteanas don chiste.

Atharú ar an ús ar iasachtaí áitiúla, sean agus nua, agus a n-aisíoc.

13. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht eile beidh sé dleathach don Aire atharú do dhéanamh, tré chó-aontú leis an té dhlighfidh de thurus na huaire íoc as seirbhís iasachta áitiúla (pe'ca tugadh roimh an Acht so do rith í no bhéarfar dá éis sin í) ar gach ní no ar éinní aca so leanas, sé sin le rá, an ráta úis a bheidh ar an iasacht san agus modh agus tréimhse aisíoctha na hiasachta san.

(2) Gach atharú déanfar fén alt so ar an ráta úis a bheidh ar iasacht áitiúil no ar mhodh no ar thréimhse aisíoctha na hiasachta san ní foláir é bheith de shaghas agus é dhéanamh i slí is dóich leis an Aire a chuirfidh in áirithe, chó fada agus is féidir é, ná tiocfaidh aon chaillteanas dá dheascaibh don chiste.

Sócmhainní an chiste do scriosadh amach.

14. —(1) Ní déanfar aon chuid de cholainn aon iasachta áitiúla ná den ús uirthi do scriosadh amach as sócmhainní an chiste ach amháin do réir orduithe shoiléir chuige sin in Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an Achta so do rith.

(2) Má deintear aon chuid de cholainn iasachta áitiúla do scriosadh amach as sócmhainní an chiste déanfar an méid a scriosfar amach amhlaidh do chúiteamh agus d'íoc láithreach leis an gciste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Ní dhéanfaidh scriosadh-amach aon choda de cholainn iasachta áitiúla no den ús uirthi dochar ná deifir do fhreagarthacht dhuine ar bith in íoc na colna no an úis a scriosfar amach amhlaidh no in íoc aon úis phionósaigh a bheidh iníoctha maidir leis an gcéanna agus aon airgead do gheobhfar no bainfear amach ina dhiaidh sin maidir leis an gcolainn no leis an ús san íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire.

Us pionósach.

15. —(1) Ní bhaineann an t-alt so ach leis na hiasachtaí áitiúla so leanas, sé sin le rá:—

(a) iasachtaí áitiúla bheidh tugtha roimh an lá ceaptha agus le n-a mbainfidh alt 5 den Public Works Loans Act, 1897, díreach roimh an lá ceaptha, agus

(b) iasachtaí áitiúla bheidh tugtha fé sna hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 go 1924, roimh an lá ceaptha agus le n-a mbainfidh alt 16 den Drainage Maintenance Act, 1866, díreach roimh an lá ceaptha. agus

(c) na hiasachtaí áitiúla uile do bhéarfar an lá ceaptha no dá éis.

(2) Má thárlann, maidir le haon tsuim a thiocfaidh chun bheith dlite o éinne don chiste agus iníoctha aige leis an lá ceaptha no dá éis ar scór colna iasachta áitiúla le n-a mbaineann an t-alt so no ar scór an úis ar an iasacht san no go leathrannach ar scór na colna san agus go leathrannach ar scór an úis sin, ná híocfar í an t-aonú lá triochad no roimh an aonú lá triochad tar éis an lae thiocfaidh an tsuim sin chun bheith iníoctha, ansan, an té dhlighfidh an tsuim sin d'íoc a bheidh gan íoc amhlaidh íocfa sé ús (dá ngairmtear ús pionósach san Acht so) ar an suim sin do réir cúig per cent. sa bhliain ón lá thiocfaidh an tsuim sin chun bheith iníoctha go dtí go n-íocfar an tsuim sin.

(3) Beidh ús pionósach iníoctha agus ionbhainte amach ar gach slí díreach mar a bheidh an tsuim sin iníoctha agus ionbhainte amach 'na mbeidh an t-ús pionósach san inéilithe maidir léi fén alt so.

(4) Na suimeanna uile a híocfar no a bainfear amach ar scór úis phionósaigh íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad ar pé slí ordóidh an tAire.

(5) Má bhíonn aon ús pionósach iníoctha maidir le hiasacht áitiúil, ansan, an t-airgead uile a híocfar leis an gciste no chun tairbhe don chiste ón té no thar ceann an té dhlighfidh an t-ús pionósach san d'íoc, tuigfear ina thaobh (d'ainneoin aon orduithe contrárdha dho san ón duine sin no thar a cheann) gur chun no mar chabhair chun an úis phionósaigh sin do ghlanadh bheidh sé á íoc ach, más mó an t-airgead san ná méid an úis phionósaigh sin, ní tuigfear san ach i dtaobh pé méid de is gá chun an úis phionósaigh sin do ghlanadh.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 16 den Drainage Maintenance Act, 1866, maidir le haon tsuim den tsórt a luaidhtear san alt san agus a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha an lá ceaptha no dá éis.

(7) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 5 den Public Works Loans Act, 1897, maidir le haon tsuim den tsórt a luaidhtear san alt san agus a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha an lá ceaptha no dá éis.

Airgead a bheidh dlite don chiste do bhaint as iasachtaí áitiúla, etc.

16. —(1) Má bhíonn aon tsuim (agus suim is ús pionósach i bpáirt no go hiomlán d'áireamh) dlite o údarás áitiúil don chiste agus iníoctha acu leis féadfar méid na suime sin do bhaint as aon airgead is iníoctha ag aon Aire leis an údarás áitiúil sin chun críche ar bith ach i gcás airgid is iníoctha amach as cuntas an chánachais áitiúla (Éire) is fé réir éilithe an chiste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do sna héilithe sin a déanfar an as-bhaint sin.

(2) Gach méid a has-bhainfear fén alt so íocfar isteach sa chiste agus cuirfear chun creidiúna i gcuntaisí an chiste é mar íocaíocht ón údarás áitiúil gur as a gcuid airgid a bainfear an méid sin amhlaidh más rud é no sa mhéid gur alos airgid a bheidh dlite ar shlí eile seachas ar scór úis phionósaigh a has-bhainfear amhlaidh é, agus más rud é no sa mhéid gur alos airgid a bheidh dlite ar scor úis phionósaigh a has-bhainfear amhlaidh é íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire.

Rialacháin.

17. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a cheangal go n-íocfar táillí ar iarrataisí ar iasachtaí áitiúla agus chun méid na dtáillí sin do cheapadh agus chun a cheapadh cé hiad na daoine íocfaidh na táillí sin agus cathain agus conus a híocfar iad;

(b) chun a shocrú go n-íocfaidh lucht faighte iasachtaí áitiúla roimh-chostaisí na n-iasachtaí sin do thabhairt amach, chun a ordú conus do gheobhfar amach méid na gcostaisí sin agus chun am agus slí a n-íoctha do cheapadh;

(c) chun a údarú go ndéanfar táillí agus costaisí den tsórt san roimhráite is iníoctha alos iasachta áitiúla do bhaint as an gcéad thabhairt-amach ar scór na hiasachta san;

(d) chun a údarú go lomhálfar lascaine ar iasacht áitiúil d'aisíoc roimh an am a bheidh sí ion-aisíoctha go dleathach agus chun modh áirmhithe méide na lascaine sin d'ordú agus fós slí lomhálta na lascaine sin agus áirmhítear leis sin a lomháil tré chuid de cholainn na hiasachta áitiúla san do mhaitheamh;

(e) chun a údarú go n-éileofar prémium ar iasacht áitiúil d'aisíoc roimh an am a bheidh sí ion-aisíoctha go dleathach agus chun modh áirmhithe an phrémium san d'ordú agus fós am agus slí a íoctha;

(f) chun éinní no aon rud d'ordú is gá no is ceart chun an chiste do bhainistí go cuibhe do réir an Achta so.

(2) Gach táille agus costas a híocfar do réir rialachán a déanfar fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad ar pé slí ordóidh an tAire.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí no costaisí is iníoctha do réir rialachán a déanfar fén alt so.

(4) Gach rialachán a déanfar fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil agus leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é go caothúil tar éis a dhéanta.

Costaisí.

18. —(1) An méid a bheidh de bhreis ag na costaisí fé n-a raghaidh an tAire in aon bhliain airgeadais, ag bainistí no maidir le bainistí an chiste (agus iniúchadh cuntaisí an chiste agus tabhairt-amach agus bainistí urrús do bhéarfar amach fén Acht so thar ceann an chiste d'áireamh), ar an méid iomlán do gheobhaidh an tAire an bhliain airgeadais sin mar tháillí, mar roimh-chostaisí agus mar ús phionósach a híocfar do réir an Achta so féadfaidh an tAire, sa mhéid a shocróidh an tAire, é bhaint den chiste.

(2) An t-airgead uile bhainfidh an tAire den chiste fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire.

Athghairm.

19. —Deintear leis seo alt 33 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), d'athghairm ón lá ceaptha amach.

Gearr-theideal.

20. —Féadfar Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , do ghairm den Acht so.