41 1935


Uimhir 41 de 1935.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (ÚDARÁIS SCURTHA), 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA DO SCUIREADH ROIMHE SEO NO SCUIRFEAR INA DHIAIDH SEO FÉ ALT 72 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925 , AGUS GO SONNRÁCH MAIDIR LEIS NA hÚDARÁIS ÁITIÚLA SAN D'ATHBHUNÚ. [21adh Mí na Samhna, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

tá an brí céanna leis an abairt “údarás áitiúil” atá léi san Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “an príomh-alt” alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), mar a leasuítear san leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1927 (Uimh. 14 de 1927) , agus leis an Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931) ; tá an brí céanna leis an bhfocal “fo-chólucht” atá leis san Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931) .

Údaráis áitiúla do scuireadh roimh an Acht so do rith.

2. —(1) Más rud é—

(a) gur scuireadh údarás áitiúil breis agus trí bliana roimh an Acht so do rith le hordú do rinne an tAire fén bpríomh-alt, agus

(b) toisc réasúin ar bith, ná dearnadh aon toghachán do bhaill den údarás áitiúil sin do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt do chríochnú laistigh den tréimhse de thrí bliana luaidhtear sa bhfo-alt san, agus

(c) gur críochnuíodh toghachán do bhaill den údarás áitiúil sin tar éis na tréimhse sin de thrí bliana do bheith caithte agus roimh an Acht so do rith,

tuigfear an t-údarás áitiúil sin do leanúint de bheith ar scur de bhuadh an orduithe sin go dtí críochnú an toghacháin sin agus tuigfear, chun crícheanna an phríomh-ailt, gur do réir fo-ailt (5) den alt san do cuireadh an toghachán san ar siúl agus beidh feidhm agus éifeacht ag an bpríomh-alt agus tuigfear go raibh feidhm agus éifeacht aige dá réir sin.

(2) Más rud é—

(a) gur scuireadh údarás áitiúil roimh an Acht so do rith le hordú do rinne an tAire fén bpríomh-alt, agus

(b) roimh an Acht so do rith, go ndearna an tAire, do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt no do réir aon achtacháin eile, lá do cheapadh chun toghachán do bhaill den údarás áitiúil sin do chur ar siúl, agus

(c) sa toghachán do cuireadh ar siúl an lá do ceapadh amhlaidh, ná raibh aon iarrthóirí ainmnithe no gur lugha ná an quorum ag cruinnithe den údarás áitiúil sin an méid iarrthóirí do bhí ainmnithe,

tuigfear an t-údarás áitiúil sin do leanúint de bheith ar scur de bhuadh an orduithe sin go dtí am an Achta so do rith agus do bheith ar scur amhlaidh le linn an ama san agus leanfaidh an t-údarás áitiúil sin, tar éis an ama san, de bheith ar scur amhlaidh agus bainfidh an príomh-alt leo ach san gus an atharú go ndéanfar, le linn fo-alt (5) den alt san do chur i mbaint leis an údarás áitiúil sin, an tréimhse de thrí bliana luaidhtear sa bhfo-alt san d'áireamh ón lá san do cheap an tAire amhlaidh.

Ré an scurtha fén bpríomh-alt.

3. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach údarás áitiúil atá no tuigfear do réir an Achta so do bheith ar scur, le linn an Achta so do rith, de bhuadh orduithe do rinne an tAire fén bpríomh-alt agus maidir le gach údarás áitiúil a scuirfear, tar éis an Achta so do rith, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bpríomh-alt, sé sin le rá:—

(a) san alt so cialluíonn an abairt “baill nua-thoghtha an údaráis áitiúla san” na baill den údarás áitiúil sin do toghadh i dtoghachán críochnuithe do cuireadh ar siúl no tuigfear do réir an ailt seo do cuireadh ar siúl do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt;

(b) leanfaidh gach údarás áitiúil den tsórt san de bheith ar scur amhlaidh go teacht in oifig do bhaill nua-thoghtha an údaráis áitiúla san;

(c) scuirfidh an t-údarás áitiúil sin de bheith ar scur díreach ar theacht in oifig do bhaill nua-thoghtha an údaráis áitiúla san;

(d) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (5) den phríomh-alt isé am a thárlóidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile an údaráis áitiúla san do dhílsiú fén bhfo-alt san sa chólucht a toghfar féin bhfo-alt san ná díreach ar theacht in oifig do bhaill nua-thoghtha an údaráis áitiúla san;

(e) tiocfaidh baill nua-thoghtha an údaráis áitiúla san in oifig an lá thiocfaidís in oifig do réir dlí dá mba thoghachán do cuirfí ar siúl ar shlí seachas do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt an toghachán in ar toghadh iad;

(f) más rud é, fé cheann na tréimhse de thrí bliana luaidhtear i bhfo-alt (5) den phríomh-alt, go gceapfar lá laistigh den tréimhse sin chun toghachán do réir an fho-ailt sin do chur ar siúl agus—

(i) go gcuirfear an toghachán san ar siúl an lá ceapfar amhlaidh ach go mbeidh sé, toisc réasúin ar bith, gan críochnú go dtí tar éis deireadh na tréimhse sin, no

(ii) go ndéanfar, toisc réasúin ar bith, an toghachán san do chur ar siúl lá ina dhiaidh sin (pe'ca roimh dheireadh na tréimhse sin no dá éis sin é) agus go gcríochnófar é tar éis deireadh na tréimhse sin,

ansan agus in aon chás den tsórt san tuigfear chun gach críche gur toghachán do cuireadh ar siúl do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt an toghachán san.

Toghachán in aisce do bhaill d'údarás áitiúil scurtha.

4. —(1) Pé uair, tar éis an Achta so do rith, a dhéanfaidh an tAire, do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt no do réir an fho-ailt sin mar a bheirtear feidhm do agus a hatharuítear é leis an alt so, lá do cheapadh chun toghachán do chur ar siúl do bhaill d'údarás áitiúil do scuireadh le hordú do rinne an tAire fén bpríomh-alt (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do scuireadh an t-údarás áitiúil sin amhlaidh) agus, le linn an ama bheidh iarrthóirí le hainmniú i gcóir an toghacháin sin, ná hainmneofar aon iarrthóirí no is lugha líon na n-iarrthóirí a hainmneofar ná an quorum do chruinnithe den údarás áitiúil sin, ní raghfar ar aghaidh leis an toghachán san, agus leanfaidh an t-údarás áitiúil sin de bheith ar scur de bhuadh an phríomh-ailt agus an orduithe fé a bhaineann leis an gcúrsa, agus leanfaidh an príomh-alt d'fheidhm do bheith aige maidir leis an údarás áitiúil sin ach san gus an atharú gur ón lá san do cheap an tAire chun an toghacháin sin do chur ar siúl a háirmheofar an tréimhse de thrí bliana luaidhtear i bhfo-alt (5) den phríomh-alt.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so maidir le haon údarás áitiúil áirithe chó minic agus a thárlóidh, maidir leis an údarás áitiúil sin, na cúrsaí luaidhtear sa bhfo-alt san.

Toghachán do bhaill d'údarás áitiúil scurtha i gcás nách leor an méid iarrthóirí a hainmneofar.

5. —Pé uair, tar éis an Achta so do rith, a cuirfear toghachán ar siúl do bhaill d'údarás áitiúil do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do scuireadh an t-údarás áitiúil sin) agus is lugha líon na n-iarrthóirí a hainmneofar sa toghachán san ná an lán-líon de bhaill a bheidh le toghadh sa toghachán san ach nách lugha é ná an quorum do chruinnithe den údarás áitiúil sin, beidh an t-údarás áitiúil sin có-dhéanta go dleathach de bhuadh an toghacháin sin d'ainneoin na bhfolúntas a bheidh ina bhallraíocht de bhíthin an casnaimh sin ar an líon de bhaill do toghadh sa toghachán san, agus líonfar na folúntaisí sin sa tslí in ar gá do réir dlí foth-fholúntaisí i mballraíocht an údaráis áitiúla san do líonadh.

Dáta críochnuithe toghacháin.

6. —Chun crícheanna an phríomh-ailt agus chun crícheanna an Achta so tuigfear toghachán do bhaill d'údarás áitiúil do bheith críochnuithe nuair a dhearbhóidh an ceann cóimhrimh sa toghachán san na daoine do toghadh sa toghachán san do bheith toghtha amhlaidh agus ní roimhe sin.

Orduithe fén bpríomh-alt do leanúint i bhfeidhm.

7. —Má deintear údarás áitiúil do scuireadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bpríomh-alt do choimeád ar scur, tríd an Acht so no tré oibriú forála atá san Acht so, tar éis an lae do scuirfeadh sé de bheith ar scur dá mba ná rithfí an tAcht so, ansan, gach ordú dhéanfaidh an tAire fén bpríomh-alt, faid a bheidh an t-údarás áitiúil sin ar scur amhlaidh, i dtaobh an údaráis áitiúla san no i dtaobh fo-chóluchta fén údarás áitiúil sin leanfaidh, fé réir aon leasuithe no ceiliúrtha déanfar go dleathach ar an ordú san, de bhaint leis an údarás áitiúil sin faid a leanfaidh san de bheith ar scur amhlaidh, ach san gus na hatharuithe sin is gá sa chás.

Achuinge thoghacháin ar dhiúltú d'ainmniúchán.

8. —Más rud é, tar éis an Achta so do rith, go gceapfar an dáta chun toghachán do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt do chur ar siúl ach ná raghfar ar aghaidh leis an toghachán san toisc an chinn chóimhrimh do chinneadh ar dhiúltú d'ainmniúchán iarrthóra no d'ainmniúcháin iarrthóirí sa toghachán san do ghlacadh, féadfar cur i gcoinnibh an chinnte sin an chinn chóimhrimh i dtaobh an ainmniúcháin sin no aon cheann de sna hainmniúcháin sin (do réir mar bheidh) le hachuinge thoghacháin.

Socrú i dtaobh nithe de dhruim achuinge toghacháin.

9. —Más rud é go ndéanfar toghachán do bhaill d'údarás áitiúil do chur ar siúl agus do chríochnú do réir fo-ailt (5) den phríomhalt tar éis an Achta so do rith, agus ina dhiaidh sin go ndearbhóidh an Chúirt a thriailfidh achuinge thoghacháin maidir leis an toghachán san go raibh an toghachán san gan brí no go ndéanfaidh ordú 'na mbeidh an lán-líon de dhaoine do toghadh go dleathach sa toghachán san níos lugha dá bhuadh ná an quorum ag cruinnithe den údarás áitiúil sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna an Achta so (ach amháin an t-alt so) tuigfear nár críochnuíodh an toghachán san agus bainfidh an tAcht so (ach amháin mar adubhradh) leis an gcás dá réir sin;

(b) gach gníomh dá ndearna na daoine a dearbhuíodh a bheith toghtha sa toghachán san agus do rinneadh i rith na tréimhse idir an toghachán san do chríochnú agus breith do thabhairt ar an achuinge thoghacháin sin agus gur thuigthe gur ghníomh do rinne an t-údarás áitiúil sin é beidh sé chó dleathach agus chó héifeachtúil agus do bheadh sé dá mba rud é go dtoghfaí na daoine sin uile go dleathach agus go mbeidís cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin;

(c) chó luath agus is féidir é tar éis na breithe do thabhairt ar an achuinge thoghacháin sin cuirfidh an tAire fé ndeár toghachán nua do bhaill den údarás áitiúil sin do chur ar siúl do réir fo-ailt (5) den phríomh-alt agus beidh feidhm ag an bhfo-alt san fé is dá mba laistigh den tréimhse de thrí bliana ceaptar leis do cuirfí an toghachán nua san ar siúl.

Fianaise ar ainmniúcháin.

10. —Chun crícheanna an Achta so beidh deimhniú fé láimh an chinn chóimhrimh i dtoghachán do bhaill d'údarás áitiúil, á rá cé méid daoine do hainmníodh go cuibhe i gcóir an toghacháin sin, ina fhianaise dho-chlaoidhte ar an méid daoine do hainmníodh amhlaidh.

Gearr-theideal.

11. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1935 do ghairm den Acht so.