|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935) | Ar Aghaidh (CUID II. Tosach Feidhme Coda III den Acht so.) |
ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Bárdas” Tiarna Méara, Seanóirí, agus Buirgéisigh Chorcaighe; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “comhairle na cathrach” comhairle chontacbhuirge Chorcaighe; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an ceanntar sláinte contae” ceanntar sláinte contae Chorcaighe Theas; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an bord sláinte” bord sláinte puiblí Chorcaighe Theas; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an có-cheanntar” an líomatáiste atá códhéanta den cheanntar shláinte chontae agus de sna bailecheanntair atá, i dteanta an cheanntair shláinte chontae, ina gcó-cheanntar do réir bhrí Achta 1927; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an sean-óspidéal fiabhrais” Ospidéal Fiabhrais agus Teach Eadarshláinte Chorcaighe; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an seana-choiste” có-choiste an tsean-óspidéil fhiabhrais; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an cólucht corpruithe” an cólucht corpruithe do bunuíodh fén Hospitals (Ireland) Act, 1818, agus ar a dtugtar Uachtarán agus Congantóirí an Ospidéil Fhiabhrais do Chorcaigh; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhárta. | |
[EN] |
Fiosrúcháin áitiúla. |
3. —(1) Sara ndeinidh an tAire aon chomhacht no dualgas a bronntar no cuirtear air leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh féadfaidh a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil do dhéanamh i dtaobh an ní is abhar don chomhacht san d'fheidhmiú no don dualgas san do chólíonadh. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-airtiogail (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar fén alt so. | |
[EN] |
Costaisí an Aire. |
4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so. |