An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ospideal Fiabhrais Chorcaighe.)

44 1935

ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935

CUID II.

Tosach Feidhme Coda III den Acht so.

An Bárdas do chur scéime fé bhráid an Aire chun Ospidéil fhiabhrais nua do bhunú i gcathair Chorcaighe no in aice léi.

5. —(1) Féadfaidh an Bárdas, más oiriúnach leo é, scéim (dá ngairmtear an scéim san Acht so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire chun óspidéil fhiabhrais nua (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn) do thógáil agus do bhunú i gcathair Chorcaighe no in aice léi.

(2) Beidh sa scéim—

(a) tuairisc ar ionad bheartuithe an óspidéil,

(b) pleananna agus áireamhachtaí an óspidéil bheartuithe (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn), agus

(c) meastachán ar an méid a chosnóidh sé an scéim do thabhairt chun críche.

(3) Féadfaidh an tAire, ar an scéim d'fháil, an scéim do cheadú gan atharú no an scéim do cheadú go pé atharuithe is oiriúnach leis, no diúltú don scéim do cheadú.

(4) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), beidh ullamhú na scéime fén alt so ina fheidhm fhorcoimeádtha.

(5) Aon chostaisí fé n-a raghaidh an Bárdas fén alt so déanfaidh an Bárdas, i gcás gan Cuid III den Acht so do theacht i bhfeidhm, iad do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna ina ndeintear costaisí fé n-a dtéigheann an Bárdas i bhfeidhmiú na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc.

Tosach feidme Coda III den Acht so.

6. —(1) Más rud é, fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith—

(a) go gceadóidh an tAire an scéim fén alt deiridh sin roimhe seo, agus

(b) go dtabharfar, fé alt 25 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), don Bhárdas, chun sochair don óspidéal le n-a mbaineann an scéim, deontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal de mhéid nách lugha ná leath costais mheasta na scéime do thabhairt chun críche, mar a luaidhtear san sa scéim agus í ceaduithe amhlaidh, agus chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear i míreanna (a) (b) (c) agus (d) d'fho-alt (7) den alt san 25,

dearbhóidh an tAire le hordú go dtiocfaidh Cuid III den Acht so i ngníomh o dháta luadhfar san ordú san, agus ar bheith déanta don ordú san tiocfaidh an Chuid sin III i ngníomh ar an dáta luadhfar amhlaidh.

(2) Ní thiocfaidh Cuid III den Acht so i ngníomh ach amháin de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.