|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936) | Ar Aghaidh (CUID II. Coinniollacha maidir le Tasc-Obair, le hAicmi Airithe Daoine d'Fhostu agus le Saoire Bhliantuil.) |
ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
[EN] | cialluíonn an focal “cigire” duine is cigire de thurus na huaire chun críche na Factory and Workshop Acts, 1901 to 1920; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “gnó tionnscail” gnó ina mbíonn obair thionnscail ar siúl i bhfuirm thrádála no chun sochair d'fháil aisti no chun aon tseirbhís phuiblí do chur ar fáil no ina mbíonn obair thionnscail ar siúl ag údarás áitiúil no ag cólucht puiblí eile i bhfeidhmiú no i gcólíonadh comhacht no dualgas reachtúil; | |
[EN] | cialluíonn an focal “oibrí” duine, seachas oibrí lasmuich, a dheineann obair thionnscail ar thuarastal no ar phágh, no chun aon cheárd no gairm bheatha d'fhoghluim; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “oibrí lasmuich” duine a dheineann ar thuarastal no ar phágh, obair thionnscail sa bhaile, no in áit éigin eile ná bíonn fé stiúradh ná fé bhainistí a fhostóra, ar earraí, thugann an fostóir sin amach no cuirtear ar fáil ar chostas an fhostóra san, chun iad do sheachadadh, tar éis na hoibre tionnscail sin do dhéanamh, don fhostóir sin no do dhuine éigin eile ainmníonn an fostóir sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “oibrí fásta” oibrí ná fuil fé bhun ocht mblian déag d'aois; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “duine óg” oibrí atá fé bhun ocht mblian déag agus os cionn cheithre mblian déag d'aois; | |
[EN] | cialluíonn an focal “bean” bean ná fuil fé bhun ocht mblian déag d'aois; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ionadaithe d'fhostóirí” an comhlachas san no na comhlachaisí uile sin d'fhostóirí atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna fostóirí gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt no, i gcás gan aon chomhlachas den tsórt san do bheith ann dar leis an Aire, daoine atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna fostóirí sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ionadaithe d'oibrithe” an comhlachas san no na comhlachaisí uile sin d'oibrithe atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna hoibrithe gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt no, i gcás gan aon chomhlachas den tsórt san do bheith ann dar leis an Aire, daoine atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna hoibrithe sin; | |
[EN] | cialluíonn an focal “gearr-lá” an lá is gearr-lá de thurus na huaire d'aon ghnó tionnscail chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “gnáth-lá oibre” aon lá nách gearr-lá, Domhnach, ná lá saoire puiblí; | |
[EN] | foluíonn an focal “áitreabh” foirgintí de gach saghas, agus foluíonn freisin talamh gan foirgint ar bith air, pe'ca bhíonn an talamh san á úsáid maidir le foirgint no ná bíonn; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so. | |
[EN] |
Obair thionnscail. |
3. —(1) San Acht so ní fholuíonn an abairt “obair thionnscail” obair thalmhaíochta, thráchtála ná thighis ná mianadóireacht ná daoine no earraí d'iompar, ach fé réir na teorann san foluíonn an abairt sin gach saghas oibre tionnscail agus go háirithe obair thionnscail a deintear i gcóir no i dtaobh aon ghnímh acu so leanas, se sin le rá:— |
[EN] | (a) aon earra do dhéanamh, d'atharú, do ghlanadh, do dheisiú, d'ornáidiú, do chríochnú, do chur in oiriúint chun a díolta, do thástáil, do ghrádáil, do phacáil, do bhriseadh suas, do léir-scriosadh no do chur i bhfuirm eile; | |
[EN] | (b) aon ainmhí no éan do mharbhadh; | |
[EN] | (c) aon bhóthar iarainn, trambhealach, cuan, duga, piara, canáil, slí uisce intíre, bóthar, tunal, droichead, uiscrian, camra, dréin, tobar, píopa, gnó leictreachais, obair gheasa, obair uisce, monarcha, no obair eile dhéanmhais do dhéanamh, d'athdhéanamh, do chothabháil, do dheisiú, d'atharú no do léir-scriosadh, no fothaí do chur síos no do thógaint chun siúil, no aon láithreán i gcóir aon déanmhais den tsórt san do leagadh amach no do ghlanadh; | |
[EN] | (d) aon ghléas telegrafach no telefónach do chur suas, no aon ghléas den tsórt san a bhíonn curtha suas do chothabháil, d'atharú no do dheisiú; | |
[EN] | (e) leictreachas no fuirmeacha eile comhachta do gheiniúint, d'atharú, do tharchur, do roinnt no do rialú; | |
[EN] | (f) geas do tháirgeadh agus do roinnt; | |
[EN] | (g) uisce do thaisciú agus do roinnt; | |
[EN] | (h) camracht do chur de láimh; | |
[EN] | (i) coiréaladóireacht, pé doimhneas a bheidh sa choiréal; | |
[EN] | (j) aon fhoirgint do dhéanamh, d'athdhéanamh, do chothabháil, do dheisiú, d'atharú, d'fheistiú, do dhathú, do mhaisiú no do léir-scriosadh, no fothaí do dhéanamh, do chur síos no do thógaint chun siúil, no an láithreán ar a mbeidh aon fhoirgint le tógáil do leagadh amach no do ghlanadh; | |
[EN] | (k) loingeas do dhéanamh no d'athdhéanamh, do dheisiú, do ghléasadh no d'athghléasadh no do léir-scriosadh; | |
[EN] | (l) clocha, slinn no gaineamh do thógaint as an talamh chun críche seachas críche mianaigh; | |
[EN] | (m) clódóireacht agus gach modh eile (seachas scríbhneoireacht agus cló-scríobhadh) chun focail, figiúirí, pictiúirí no patrúin do chur síos no do mhacsamhlú; | |
[EN] | (n) aon áit ina mbíonn obair thionnscail ar siúl do ghlanadh. | |
[EN] | (2) Chun críche an ailt seo— | |
[EN] | cialluíonn an abairt “obair thalmhaíochta” obair aon fheirme no gáirdín no obair fhoraoiseachta agus foluíonn sí aon tsaghas oibre tionnscail a deintear mar chuid d'obair fheirme no gháirdín chun gnó an chéanna do choimeád ar siúl agus chuige sin amháin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “obair thráchtála” obair chléireachais, obair thionnscail do mhaoirsiú agus do stiúradh agus do bhainistí, no obair a deintear chun no i dtaobh aon earra do dhíol ina mór-choda no ina mion-choda; | |
[EN] | foluíonn an abairt “obair thighis” bia d'ullamhú in aon tigh ósta no tigh bídh más sa tigh ósta no sa tigh bídh sin amháin, no in áit ina ndeineann an duine ag á mbíonn an tigh ósta no an tigh bídh sin ar siúl béilí do sholáthar, a bheidh beartuithe an bia a hullamhuítear amhlaidh do chaitheamh. | |
[EN] |
Fostóir. |
4. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “fostóir” duine, seachas duine is fostóir saortha chun críche an ailt seo, dhligheann tuarastal no págh d'íoc le hoibrí no teagasc no taithí do sholáthar d'oibrí no an dá ní sin do dhéanamh i gcomaoine aon oibre tionnscail do dhéanamh, no dhligheann tuarastal no págh d'íoc le hoibrí lasmuich ar an gcomaoine sin. |
[EN] | (2) I gcás an méid d'aon tsaghas oibre tionnscail a deintear i gcoimeád aon ghnótha áirithe ar siúl do bheith chó beag san gurb é tuairim an Aire nách féidir forálacha an Achta so do chur i mbaint go caothúil le fostú oibrithe chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh sa ghnó san, féadfaidh an tAire, ar iarratas sa bhfuirm orduithe ón duine 'na mbíonn an gnó san ar siúl aige, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun oibrithe d'fhostú sa ghnó san chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh agus é saor o fhorálacha an Achta so agus faid a leanfaidh aon cheadúnas den tsórt san i bhfeidhm beidh an duine dá ndeonfar an ceadúnas san ina fhostóir shaortha chun críche an ailt seo alos oibrithe d'fhostú sa ghnó san chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh. | |
[EN] | (3) Mara ndeinidh an tAire é do cheiliúradh roimhe sin leanfaidh gach ceadúnas a deonfar fén alt so i bhfeidhm ar feadh na tréimhse bheidh luaidhte ann agus raghaidh in éag ansan. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, faid a leanfaidh ceadúnas a deonadh fén alt so i bhfeidhm, an ceadúnas san do cheiliúradh tré fhógra seacht lá i scríbhinn do thabhairt don duine dar deonadh an ceadúnas san. | |
[EN] |
Fostaíocht leanúnach. |
5. —Má thárlann briseadh i bhfostaíocht oibrí le fostóir áirithe de bhíthin breoiteachta an oibrí sin, de bhíthin na hoibre ina mbeidh sé ar fostú amhlaidh do stad go sealadach, de bhíthin laigheaduithe shealadaigh ar mhéid sheachtainiúil na hoibre sin, no de bhíthin aon chúise sealadaighe eile nách é gníomh no faillí an oibrí sin fé ndeár í tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta leanúnaighe leis an bhfostóir sin do réir bhrí aon ailt den Acht so d'áireamh, an t-oibrí sin do bheith i bhfostaíocht an fhostóra san faid a lean an briseadh sin más rud é, agus amháin más rud é, go ndearnadh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an t-oibrí sin do dhul, nuair a bhí deireadh leis an mbriseadh sin, thar n-ais i bhfostaíocht an fhostóra ag á raibh sé ar fostú díreach roimh an mbriseadh sin, agus | |
[EN] | (b) ná raibh an t-oibrí sin ar fostú in aon tsaghas oibre tionnscail faid a lean an briseadh sin, agus | |
[EN] | (c) nár lean an briseadh sin níos sia ná mí. | |
[EN] |
An tAcht do bhaint le daoine ar fostú ag an Stát. |
6. —Tá feidhm ag an Acht so maidir le daoine ar fostú ag an Stát no fé (seachas baill d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no den Ghárda Síochána) fé is dá mba ag duine príobháideach do bheadh na daoine sin ar fostú. |
[EN] |
Lá saoire puiblí. |
7. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo isiad na laetheanta so leanas agus ní haon laetheanta eile bheidh ina laetheanta saoire puiblí do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) Lá Nodlag nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, an 27adh lá de Mhí na Nodlag, agus | |
[EN] | (b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus | |
[EN] | (c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus | |
[EN] | (d) Luan Cásca, Luan Cincíse, agus an chéad Luan de Lúnasa. | |
[EN] | (2) Pé uair a déanfar in aon bhliain lá do cheapadh fén Acht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924 (Uimh. 56 de 1924) , chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lae luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear, an bhliain sin, an lá ceapfar amhlaidh do bheith curtha san alt so in ionad an lae luaidhtear amhlaidh agus léireofar an t-alt so agus beidh éifeacht aige dá réir sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh fostóir ar bith, ar fhógra mí ar a laighead do thabhairt roimh ré do gach duine ina fhostaíocht, aon lá acu so leanas do chur, chun crícheanna an ailt seo, in ionad Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, in ionad an chéad Luain ina dhiaidh sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an 1adh lá d'Eanar, | |
[EN] | (b) an 6adh lá d'Eanar, | |
[EN] | (c) Déardaoin Deasgabhála, | |
[EN] | (d) Féile Chorp Críost, | |
[EN] | (e) an 29adh lá de Mheitheamh, | |
[EN] | (f) an 15adh lá de Lúnasa, | |
[EN] | (g) an 1adh lá de Mhí na Samhna, | |
[EN] | (h) an 8adh lá de Mhí na Nodlag. | |
[EN] | (4) Féadfaidh fostóir ar bith, ar fhógra mí ar a laighead do thabhairt roimh ré do gach duine ina fhostaíocht, aon lá acu so leanas do chur in ionad Luan Cásca, Luan Cincíse no an chéad Luain i Lúnasa chun crícheanna an ailt seo, bliain ar bith, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) Déardaoin Deasgabhála, | |
[EN] | (b) Féile Chorp Críost, | |
[EN] | (c) an 29adh lá de Mheitheamh, | |
[EN] | (d) an 15adh lá de Lúnasa. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) is i scríbhinn a bheidh an fógra luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo agus féadfar é do thabhairt do dhuine ar bith tré chóip de do shíneadh chuige go pearsanta no tré chóip de do phostáil suas in ionad feiceálach san áit 'na mbeidh an duine sin ar fostú; | |
[EN] | (b) ní déanfar aon lá luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo do chur in ionad lae eile fén bhfo-alt san i mbliain gur ar an Domhnach a thuitfidh an lá san a luaidhtear amhlaidh; | |
[EN] | (c) nuair a dhéanfaidh fostóir lá luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo do chur in ionad lae eile fén bhfo-alt san maidir le haon bhliain áirithe beidh an lá san a luaidhtear amhlaidh, sa bhliain sin agus maidir le gach duine ar fostú ag an bhfostóir sin, ina lá saoire phuiblí do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so in ionad an lae gur ina ionad a cuirfear é amhlaidh. | |
[EN] |
Athghairm. |
8. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. |
[EN] |
Pionóisí mar gheall ar chiontaí fén Acht so. |
9. —(1) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé alt ar bith den Acht so, seachas cionta dá bhforáltar pionós speisialta leis an Acht so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair— |
[EN] | (a) más oibrí an duine sin, fíneáil do chur air— | |
[EN] | (i) ná raghaidh thar dhá phúnt másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus | |
[EN] | (ii) ná raghaidh thar cúig púint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiadh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, no | |
[EN] | (b) marab oibrí an duine sin, fíneáil do chur air— | |
[EN] | (i) ná raghaidh thar deich bpúint másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná dhá phúnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus | |
[EN] | (ii) ná raghaidh thar fiche púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná ceithre púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san. | |
[EN] | (2) Féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so do bhunú ar agra an Aire. | |
[EN] | (3) Féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so do bhunú tráth ar bith laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí raghaidh in éag, sé sin de rá:— | |
[EN] | (a) trí mhí tar éis an dáta ar a ndeimhneofar i scríbhinn ar n-a séalú le séala oifigiúil an Aire, fianaise do theacht i seilbh an Aire no chun bheith ar fáil aige is leor chun é dhéanamh ceart an cúiseamh san do bhunú, no | |
[EN] | (b) sé mhí tar éis an chionta do dhéanamh. | |
[EN] |
Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais. |
10. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. |
[EN] |
Comhacht chun rialacháin do dhéanamh. |
11. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú. |
[EN] |
Aird do thabhairt ar chonvensiúin eadarnáisiúnta. |
12. —I bhfeidhmiú gach comhachta no aon chomhachta chun rialacháin do dhéanamh a bronntar air leis an Acht so féachfaidh an tAire go cuibhe d'fhorálacha na gconvensiún eadarnáisiúnta uile agus fé seach a bheidh daingnithe de thurus na huaire ag Rialtas Shaorstáit Éireann agus mar cheangal ortha. |