An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Coinniollacha Maidir le Trathanna Oibre.)

2 1936

ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936

CUID II.

Coinniollacha maidir le Tasc-Obair, le hAicmi Airithe Daoine d'Fhostu agus le Saoire Bhliantuil.

Toirmeasc ar dhaoine fé bhun cheithre mblian déag d'aois d'fhostú.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith éinne fé bhun cheithre mblian déag d'aois d'fhostú chun oibre tionnscail do dhéanamh.

(2) Má fhostuíonn fostóir ar bith duine contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an duine sin freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Cruthúnas ar aois dhuine óig roimh é d'fhostú.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith duine óg d'fhostú mara dtugtar ná go dtí go dtabharfar deimhniú beireatais no fianaise shásúil eile ar aois an duine óig sin don fhostóir sin.

(2) Pé uair is gá deimhniú beireatais dhuine óig chun crícheanna an ailt seo beidh an duine óg san no a thuismitheoir no a chaomhnóir, ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm orduithe do thíolacadh ina mbeidh na mion-innste orduithe agus ar tháille de shé pingine d'íoc, i dteideal cóip dheimhnithe d'fháil d'iontráil bheireatais an duine óig sin i gclár na mbeireatas agus í fé láimh an chlárathóra no an cheann-chlárathóra no dhuine eile ag á mbeidh coimeád an chláir sin; agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ag á mbeidh coimeád an chláir fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce ar iad d'iarraidh.

(3) Má fhostuíonn fostóir ar bith duine óg contrárdha don alt so bheidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an duine óg san freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le daoine óga d'fhostú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tsaghas oibre tionnscail agus tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí 'na bhfuil leas acu sa tsaghas san oibre tionnscail agus le hionadaithe d'oibrithe 'na bhfuil leas acu amhlaidh, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh—

(a) á thoirmeasc daoine óga d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh, no

(b) ag ceapadh an chothruim a bheidh idir líon na ndaoine óga bheidh ar fostú ag aon fhostóir chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh agus líon na n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh.

(2) I gcás aon rialacháin a déanfar fén alt so do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon tsaghais oibre tionnscail ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith aon duine óg d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh no (do réir mar bheidh) an oiread san daoine óga d'fhostú chuige sin go mbeadh idir líon na ndaoine óg a bheidh ar fostú amhlaidh ag an bhfostóir sin agus líon na n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh cothrom is mó ná an cothrom a bheidh ceaptha leis na rialacháin sin.

(3) Má dheineann fostóir ar bith, agus aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire, duine óg no roinnt daoine óga d'fhostú contrárdha do sna rialacháin sin beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) San alt so ní fholuíonn an abairt “duine óg” aon phríntíseach a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ar fostú fé dhintiúirí chuireann mar cheangal air fónamh mar phríntíseach ar feadh tréimhse nách giorra ná trí bliana ná aon phríntiseach a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so no dá eis sin, ar fostú mar phríntíseach fé rialacha ar n-a ndéanamh ag coiste príntíseachta fén Acht Príntíseachta, 1931 (Uimh. 56 de 1931) .

Srian le banoibrithe d'fhostú.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tsaghas oibre tionnscail agus tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí 'na bhfuil leas acu sa tsaghas san oibre tionnscail agus le hionadaithe d'obrithe 'na bhfuil leas acu amhlaidh, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh—

(a) á thoirmeasc ban-oibrithe d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh, no

(b) ag ceapadh an chothruim a bheidh idir líon na mbanoibrithe bheidh ar fostú ag aon fhostóir chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh agus líon na n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh.

(2) I gcás aon rialacháin a déanfar fén alt so do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon tsaghais oibre tionnscail ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith aon bhanoibrí d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh no (do réir mar bheidh) an oiread san ban-oibrithe d'fhostú chuige sin go mbeadh idir líon na mban-oibrithe bheidh ar fostú amhlaidh ag an bhfostóir sin agus líon no n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh cothrom is mó ná an cothrom a bheidh ceaptha leis na rialacháin sin.

(3) Má dheineann fostóir ar bith, agus aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire, ban-oibrí no roinnt ban-oibrithe d'fhostú contrárdha do sna rialacháin sin beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

Toirmeasc ar oibrithe lasmuich d'fhostú.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tsaghas oibre tionnscail, rialacháin do dhéanamh le hordú á thoirmeasc oibrithe lasmuich d'fhostú sa tsaghas san oibre tionnscail agus nuair a bheidh aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire ní bheidh sé dleathach d'aon fhostóir aon oibrí lasmuich d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh.

(2) Féadfar a rá in aon rialacháin a déanfar fén alt so i dtaobh aon tsaghais oibre tionnscail ná bainfid ach le líomatáiste bheidh luaidhte ionta agus pé uair adéarfar sna rialacháin sin ná bainfid ach leis an líomatáiste sin beidh sé nea-dhleathach dá gcionn oibrithe lasmuich a chomhnuíonn sa líomatáiste sin d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh ach ní chuirfid srian le haon oibrithe eile lasmuich d'fhostú.

(3) Má dheineann fostóir ar bith aon oibrí lasmuich d'fhostú contrárdha d'aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an t-oibrí sin lasmuich freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Cláir d'oibrithe lasmuich.

18. —(1) Gach fostóir fhostóidh aon oibrithe lasmuich déanfaidh clár de sna hoibrithe uile lasmuich a bheidh ar fostú aige de thurus na huaire do choimeád do réir rialachán a bheidh déanta fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun na gcrícheanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a ordú cadé an fhuirm ina mbeidh an clár d'oibrithe lasmuich a coimeádfar do réir an ailt seo agus, más oiriúnach leis an Aire é, chun fuirmeacha deifriúla den tsórt san d'ordú alos saghsanna deifriúla oibre tionnscail, agus

(b) chun a ordú cadiad na nithe agus na rudaí a hiontrálfar i ngach clár den tsórt san agus, más gá é, chun nithe agus rudaí deifriúla den tsórt san d'ordú alos gach fuirme deifriúla (más ann di) den chlár san.

(3) Gach fostóir ar a gceangailtear leis an alt so clár d'oibrithe lasmuich do choimeád agus ar a dteipfidh an clár san do choimeád do réir an ailt seo agus na rialachán a bheidh déanta fé beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Págh tasc-oibre.

19. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfaidh gach fostóir a bhéarfaidh, as aon obair thionnscail do dhéanamh, d'aon oibrí no d'aon oibrí lasmuich aon luach saothair (dá ngairmtear págh tasc-oibre san Acht so) ar n-a áireamh tré thagairt don méid oibre do rinne an t-oibrí sin no an t-oibrí sin lasmuich déanfaidh, roimh aon obair no le linn aon oibre do thosnú go mbeidh aon íocaíocht áirithe pháigh thasc-oibre le háireamh ina taobh, nóta i scríbhinn (dá ngairmtear duillín mion-innste, tasc-oibre san Acht so) do thabhairt don oibrí sin no don oibrí sin lasmuich ina dtaisbeánfar, mion go leor chun a chur ar chumas an oibrí sin no an oibrí sin lasmuich a dhéanamh amach cadé an págh tasc-oibre is iníoctha leis, mion-innste (dá ngairmtear mion-innste tasc-oibre san Acht so) ar ráta an pháigh thasc-oibre agus ar an obair gur ina taobh a bheidh an ráta san iníoctha.

(2) Ar n-a iarraidh sin air d'fhostóir, féadfaidh an tAire, más dóich leis, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, gur ceart san do dhéanamh, cead do thabhairt amach don fhostóir sin á údarú dho, fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más ann dóibh) a luadhfar sa chead san, págh tasc-oibre d'íoc, gan déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, le hoibrithe agus le hoibrithe lasmuich bheidh ar fostú aige, agus pé uair do bhéarfar aon chead den tsórt san amach amhlaidh d'fhostóir beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire, tráth ar bith, an cead san do cheiliúradh tré fhógra seacht lá i scríbhinn do thabhairt don fhostóir sin no do chur chuige tríd an bpost;

(b) faid a bheidh an cead san gan ceiliúradh agus a chólíonfaidh an fostóir sin na coinníollacha (más ann dóibh) a luadhfar sa chead san, ní bheidh sé d'oblagáid ar an bhfostóir sin déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, déanfaidh gach fostóir, a íocann págh tasc-oibre le haon oibrí as aon obair thionnscail do dhéanamh i bhfoirgint fé n-a bhainistí agus fé n-a stiúradh, placárd (dá ngairmtear placárd mion-innste tasc-oibre san Acht so) do choimeád ar taisbeáint i gcomhnaí, do réir an Achta so, i ngach seomra sa bhfoirgint sin ina ndeintear an obair thionnscail sin, placárd ag tabhairt na mion-innste tascoibre i dtaobh na hoibre tionnscail sin.

(4) Beidh gach placárd mion-innste tasc-oibre do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh comharthaí air seachas leitreacha agus figiúirí ar n-a n-úsáid go n-a ngnáth-bhrí,

(b) beidh air na mion-innste tasc-oibre i dtaobh na hoibre tionnscail le n-a mbaineann agus san amháin,

(c) beidh sé ar taisbeáint in áit go bhféadfaidh oibrithe bheidh ar fostú chun na hoibre tionnscail le n-a mbaineann sé do dhéanamh é léigheamh go saoráideach,

(d) coimeádfar é go glan so-léighte,

(e) beidh sé i nGaedhilg agus i mBéarla,

agus má bhíonn aon phlacárd mion-innste tasc-oibre bheidh ar taisbeáint ag fostóir ar bith gan bheith do réir na gcoinníollacha san tuigfear gan an placárd san do bheith ar taisbeáint do réir an Achta so.

(5) Má bhíonn na mion-innste tasc-oibre bhaineann le haon tsaghas oibre tionnscail chó hilfhillte sin nách féidir go caothúil iad do chur ar phlacárd mion-innste tasc-oibre, féadfaidh fostóir ar bith a fhostuíonn oibrithe chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh ar tuarastal tasc-oibre, féadfaidh, in ionad placárd mion-innste tasc-oibre do choimeád ar taisbeáint, leabhar (dá ngairmtear leabhar mion-innste tasc-oibre san Acht so), ina mbeidh na mion-innste tasc-oibre sin do choimeád, a bheidh ar fáil go saoráideach chun a iniúchta ag gach oibrí ar fostú amhlaidh.

(6) Má theipeann ar fhostóir ar bith déanamh do réir a n-éilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Pionóisí i dtaobh placárd no duillín d'atharú no i dtaobh eolas sa chéanna do nochtadh.

20. —(1) Má dheineann duine ar bith, chun críche seachas chun dearmhad do cheartú, aon duillín mion-innste tasc-oibre, aon phlacárd mion-innste tasc-oibre no aon leabhar mion-innste tascoibre d'atharú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Má dheineann duine ar bith, chun rún trádála do scéith, aon eolas do fuair sé o dhuillín mhion-innste thasc-oibre, o phlacárd mhion-innste thasc-oibre no o leabhar mhion-innste thascoibre do nochtadh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Má dheineann duine ar bith, chun críche iomaíochta trádála, eolas do shireadh ar aon duine eile no d'fháil o aon duine eile do fuair an duine eile sin o dhuillín mhion-innste thasc-oibre. o phlacárd mhion-innste thasc-oibre no o leabhar mhion-innste thasc-oibre, no má dheineann sé, chun aon eolas den tsórt san do fuair an duine eile sin amhlaidh d'fháil, aon luach saothair do thabhairt no do thairisgint no a chur fé ndeár é do thabhairt no do thairisgint don duine eile sin, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Tasc-obair d'áireamh.

21. —(1) I gcás fostóir ar bith d'íoc páigh thasc-oibre le haon oibrí no le haon oibrí lasmuich alos aon oibre tionnscail déanfaidh an fostóir sin an méid oibre do rinneadh d'áireamh, chun a fháil amach cadé an págh tasc-oibre bheidh le n-íoc as, ina leithéid sin de shlí go mbeidh caoi ag an oibrí sin no ag an oibrí sin lasmuich ar thoradh an áirimh sin do sheiceáil gach uair roimh an bpágh san d'íoc leis.

(2) Chun an méid oibre do rinneadh d'áireamh d'fhonn a fháil amach cadé an págh tasc-oibre bheidh le n'íoc as féadfar meaisín uathoibritheach (dá ngairmtear áirmhtheoir uathoibritheach san Acht so) d'úsáid agus má bhíonn aon áirmhtheoir uathoibritheach déanta agus á oibriú do réir an Achta so tuigfear caoi chun a thabhairt fé ndeara cadé an méid d'áirimh an t-áirmhtheoir uathoibritheach san do bheith ina caoi chun an méid oibre d'áirimh an t-áirmhtheoir uathoibritheach san do sheiceáil.

(3) Beidh gach áirmhtheoir uathoibritheach do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an taisbeántóir na méideanna oibre bheidh áirmhthe do thaisbeáint tré chomharthaí seachas leitreacha agus figiúirí ar n-a n-úsáid go n-a ngnáthbhrí,

(b) feisteofar an taisbeántóir in áit go bhféadfaidh oibrithe é do léigheamh go saoráideach a bheidh ar fostú chun na hoibre tionnscail do dhéanamh gurb é a méid a gheobhaidh an t-áirmhtheoir uathoibritheach amach,

(c) beidh an taisbeántóir go glan so-léighte,

(d) ní foláir an toradh gheobhfar ón áirmhtheoir uathoibritheach do bheith cruinn agus coimeádfar an t-áirmhtheoir i staid mhaith agus i dtreo mhaith oibre,

(e) na mion-innste uile is gá chun a fháil amach ón taisbeántóir cadé an méid oibre tionnscail a bheidh áirmhthe ag áirmhtheoir uathoibritheach beidh siad marcálta go soiléir ar an áirmhtheoir uathoibritheach san,

agus aon áirmhtheoir uathoibritheach ná beidh do réir na gcoinníollacha san tuigfear gan é bheith déanta agus á oibriú do réir an Achta so.

(4) Má dheineann fostóir ar bith áireamh ar shlí seachas do réir an ailt seo ar mhéid aon tsaghais oibre tionnscail a rinne aon oibrí ar phágh thasc-oibre beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

Pionós i dtaobh baint le háirmhtheoir uathoibritheach.

22. —Má atharuíonn duine ar bith meicníocht no taisbeántóir áirmhtheora uathoibrithigh, no má bhaineann no má chuireann fé ndeár go mbainfear leis an gcéanna, chun críche seachas chun críche dleathaighe, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Meáchain agus tomhais a húsáidtear chun págh d'fháil amach d'iniúchadh.

23. —Gach Acht agus rialachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh fearaistí is meáchain, tomhais, scálaí, meadha, sail-mheadha, meaisíní meáchainte no instruimidí tomhais (dá ngairmtear fearaistí tomhais san alt so) bainfid le fearaistí tomhais a húsáidfear in aon áit chun an méid oibre tionnscail do rinne aon oibrí no oibrí lasmuich d'fháil amach d'fhonn a áireamh cadé an méid páigh thasc-oibre is iníoctha leis, bainfid leo fé is dá mba i ndíol earraí a húsáidfí na fearaistí tomhais sin agus dá mba áit ina gcoimeádtar earraí chun a ndíolta an áit sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag gach Acht den tsórt san, agus déanfaidh gach cigire meáchan agus tomhas, no duine eile go n-údarás chun meáchain agus tomhais d'iniúchadh no do scrúdú, na fearaistí tomhais sin d'iniúchadh, do stampáil, do mharcáil, do lorg agus do scrúdú dá réir sin agus chuige sin beidh aige na comhachta agus na dualgaisí céanna atá aige i dtaobh fearaistí tomhais a húsáidtear i ndíol earraí.

Ceart ag oibrí chun saoire bliantúla.

24. —(1) Lomhálfaidh gach fostóir do gach oibrí ina fhostaíocht in aon ghnó tionnscail tréimhse nách giorra ná sé lá saoire as a chéile (dá ngairmtear saoire bhliantúil san Acht so) i ngach bliain iomláin fhostaíochta bheidh curtha isteach ag an oibrí sin agus ina raibh sé go leanúnach i bhfostaíocht an fhostóra san agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh ocht gcéad déag uair a chluig ar a laighead sa bhfostaíocht san.

(2) I gcás oibrí bheidh ar fostú ag fostóir i ngnó tionnscail do scur de bheith ar fostú ag an bhfostóir sin aon tráth seachas i ndeireadh bliana fostaíochta bheidh curtha isteach ag an oibrí sin, déanfaidh an fostóir sin—

(a) sé lá de shaoire bhliantúil, alos na coda den bhliain fhostaíochta san go raibh sé ar fostú amhlaidh ar a feadh, do lomháil don oibrí sin roimh an scur san, no

(b) íoc do dhéanamh leis an oibrí sin, le linn an scurtha san—

(i) i bpágh aon lae amháin (ar n-a áireamh do réir an ráta do bhainfeadh leis an gcás dá mba lá de shaoire bhliantúil a lomálfaí díreach roimh an scur san an lá san) alos gach tréimhse iomláine de dhá mhí sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh trí chéad uair a chluig ar a laighead, agus

(ii) i bpágh aon lae amháin (ar n-a áireamh mar adubhradh) alos na tréimhse (más ann di) sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san is giorra ná dhá mhí ach nách giorra ná mí agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh céad go leith uair a chluig ar a laighead.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, rialacháin do dhéanamh a atharóidh, maidir le gach aicme oibrithe no aon aicmí no aicme áirithe oibrithe, gach ceann no aon cheann de sna tréimhsí d'ocht gcéad déag uair a chluig, de thrí chéad uair a chluig, agus de chéad go leith uair a chluig a luaidhtear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt so tré pé tréimhsí no tréimhse eile, is dóich leis an Aire is ceart, do chur in ionad na dtréimhsí no na tréimhse sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag na fo-ailt sin maidir leis na hoibrithe no na haicmí no an aicme oibrithe le n-a mbainfidh na rialacháin sin fé is dá ndeintí na tréimhsí sin, no pé cinn acu dá ndéanfaidh na rialacháin sin deifir, d'atharú sa tslí bheidh luaidhte sna rialacháin sin.

(4) Ní háirmheofar aon Domhnach ná lá saoire puiblí mar lá saoire bliantúil ach má thagann Domhnach no lá saoire puiblí idir laetheanta saoire bliantúla tuigfear na laetheanta san do bheith as a chéile d'ainneoin an Domhnaigh no an lae sin do theacht eatortha.

(5) Ní bheidh sé dleathach d'oibrí ar bith aon obair thionnscail do dhéanamh ar luach saothair le linn aon tréimhse de shaoire bhliantúil chun a mbeidh teideal aige fén alt so, agus má dheineann oibrí ar bith aon obair thionnscail contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(6) I gcás oibrí is ball den Fhórsa Cúltaca d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann do bheith as láthair o n-a fhostaíocht chun bheith i láthair agus a dhualgas do chólíonadh, mar bhall den tsórt san, ag aon tréineáil tionnscnaimh, tréineáil bhliantúil, no slógadh tástála tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe do réir bhrí an ailt seo d'áireamh, an t-oibrí sin do bheith sa bhfostaíocht san aige le linn é do bheith as láthair amhlaidh, agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna an ailt seo, an tréimhse do bhí sé as láthair amhlaidh d'áireamh sa tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe sin.

(7) I gcás únaerachta gnótha thionnscail d'aistriú tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí, beidh oibrí bheidh ar fostú sa ghnó san díreach roimh an aistriú san agus díreach dá éis i dteideal an tréimhse dá fhostaíocht leanúnaigh sa ghnó san a thosnuigh roimh an aistriú san agus a chríochnuigh le linn an aistrithe sin agus an tréimhse den fhostaíocht leanúnaigh sin a thosnuigh le linn an aistrithe sin agus a lean dá éis d'áireamh, chun crícheanna an ailt seo, mar aon tréimhse amháin nea-mbriste d'fhostaíocht leanúnaigh sa ghnó san d'ainneoin an aistrithe sin.

(8) Bainfidh an t-alt so leis an mbliain fhostaíochta bheidh, le linn tosach feidhme an Achta so, á caitheamh ag gach oibrí bheidh ar fostú ag fostóir i ngnó tionnscail le linn an rithte sin, agus beidh éifeacht ag an alt so maidir leis an mbliain fhostaíochta san agus maidir leis an oibrí sin fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm i dtosach na bliana fostaíochta san, ach san fé réir na n-atharuithe —

(a) má théigheann an bhliain fhostaíochta san in éag laistigh de mhí tar éis tosach feidhme an Achta so go dtuigfear go ndearna an fostóir sin do réir an ailt seo má lomhálann sé don oibrí sin, ar dháta nách déanaí ná trí mhí tar éis deireadh na bliana fostaíochta san, an tsaoir, bhliantúil sin chun a mbeidh teideal ag an oibrí sin fén alt so alos na bliana fostaíochta san, agus

(b) má bhíonn an fostóir sin, roimh thosach feidhme an Achta so, tar éis saoire lae amháin no níos mó do lomháil don oibrí sin sa bhliain fhostaíochta san do bheadh ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo mara mbeadh ná raibh na laetheanta san as a chéile no gur lugha ná sé cinn iad no ná rabhadar as a chéile agus gur lugha ná sé cinn iad, tuigfear an tsaoire sin do lomháladh amhlaidh do bheith ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo agus ní bheidh teideal ag an oibrí sin, maidir leis an mbliain fhostaíochta san, ach chun an méid sin (más aon mhéid é) laetheanta as a chéile de shaoire bhliantúil tar éis tosach feidhme an Achta so is cóionann leis an méid (más aon mhéid é) laetheanta gur lugha-de ná sé an tsaoire sin do lomháladh amhlaidh.

(9) Déanfar, maidir le baint an ailt seo le hoibrithe is daoine óga, na tréimhsí uile agus fé seach de chúig céad déag uair a chluig, de dhá chéad go leith uair a chluig agus de chéad agus fiche uair a chluig do chur fé seach san alt so in ionad na dtréimhsí uile agus fé seach d'ocht gcéad déag uair a chluig, de thrí chéad uair a chluig agus de chéad go leith uair a chluig, agus beidh éifeacht ag an alt so dá réir sin maidir leis na hoibrithe sin.

(10) San alt so agus sa dá alt díreach ina dhiaidh den Acht so cialluíonn an abairt “bliain fhostaíochta” maidir le haon oibrí tréimhse bhliana dar tosach an lá is déanaí do chuaidh an t-oibrí sin sa bhfostaíocht gur ina taobh a húsáidtear an abairt no lá cinn bliana don lá san.

(11) Má theipeann ar aon fhostóir íoc do dhéanamh le hoibrí ar bith in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an oibrí sin fén alt so, féadfaidh an t-oibrí sin an t-airgead san do bhaint den fhostóir sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(12) Má theipeann ar aon fhostóir saoire bhliantúil do lomháil d'oibrí ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Luach saothair i rith saoire bliantúla.

25. —Pé uair a lomhálfaidh a fhostóir d'oibrí ar tuarastal no ar págh aon tsaoire bhliantúil chun a mbeidh teideal aige de bhuadh an Achta so íocfaidh an fostóir sin leis an oibrí sin, alos gach lae den tsaoire sin, tuarastal no págh do réir pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) i gcás oibrí go ndeintear a ghnáth-luach saothair d'áireamh ar fad tré thagairt d'aimsir, do réir an ráta gur dá réir a bhí an luach saothair sin iníoctha díreach roimh thosach na saoire bliantúla san, agus

(b) i gcás oibrí gur págh tasc-oibre ar fad is gnáth-luach saothair do, do réir meán-ráta laethiúla a thuillimh (gan págh as obair bhreise d'áireamh) sa tréimhse gur ina haghaidh a lomhálfar an tsaoire bhliantúil sin do, agus

(c) i gcás oibrí go ndeintear cuid dá ghnáth-luach saothair d'áireamh tré thagairt d'aimsir agus gur págh tasc-oibre an chuid eile dá luach saothair, do réir meán-ráta laethiúla a thuillimh (gan págh as obair bhreise d'áireamh) sa tréimhse gur ina haghaidh a lomhálfar an tsaoire bhliantúil sin do.

Am na saoire bliantúla.

26. —(1) An t-am in aon bhliain fhostaíochta ina lomhálfaidh fostóir saoire bhliantúil d'oibrí a bheidh i dteideal saoire bliantúla fén Acht so isé an fostóir sin a cheapfaidh é.

(2) Más rud é, in aon bhliain fhostaíochta oibrí le fostóir, go mbeidh oiread san den bhliain fhostaíochta san caithte ná beidh ach sé lá oibre dhi gan caitheamh agus ná beidh an fostóir sin tar éis saoire bhliantúil do lomháil an uair sin don oibrí sin, féadfaidh an t-oibrí sin, má bhíonn sé i dteideal saoire bliantúla fén Acht so, fanúint as láthair o n-a chuid oibre don fhostóir sin ar feadh na sé lá san agus ní tuigfear, de bhíthin é d'fhanúint as láthair amhlaidh, é do dhéanamh aon bhriseadh ar a chonnradh seirbhíse leis an bhfostóir sin, agus íocfaidh an fostóir sin leis an oibrí sin alos na sé lá san an méid a dhlighfeadh sé d'íoc dá lomhálfadh sé an sé lá san mar shaoire bhliantúil.

(3) Má dheineann fostóir in aon bhliain fhostaíochta tréimhse saoire bliantúla do lomháil d'oibrí níos túisce ná an sé lá oibre deiridh den bhliain fhostaíochta san agus má fhágann an t-oibrí sin fostaíocht an fhostóra san roimh dheireadh na bliana fostaíochta san ní bheidh an fostóir sin i dteideal, i dtaobh na saoire bliantúla san do lomháil amhlaidh, tréimhse an fhógra is gá chun deireadh do chur leis an bhfostaíocht san do ghiorrú ná an págh ná an sochar eile do laigheadú chun a mbeidh teideal ag an oibrí sin le linn do an fhostaíocht san d'fhágaint.

(4) Má theipeann ar aon fhostóir íoc do dhéanamh le hoibrí ar bith in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an oibrí sin fén alt so féadfaidh an t-oibrí sin an t-airgead san do bhaint den fhostóir sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

Fógra i dtaobh ama na saoire bliantúla.

27. —(1) Déanfaidh gach fostóir, ar a gceangailtear leis an Acht so saoire bhliantúil do lomháil d'oibrí, fógra i scríbhinn i dtaobh an lae thosnóidh an tsaoire bhliantúil sin do thabhairt do gach oibrí go gceangailtear ar an bhfostóir sin amhlaidh an tsaoire bhliantúil sin do lomháil do, agus bhéarfaidh an fógra san amhlaidh dhá sheachtain ar a laighead roimh an lá san.

(2) Féadfar fógra bhéarfar d'oibrí do réir an ailt seo do thabhairt tríd an bhfógra san do shíneadh chun an oibrí sin no tríd an bhfógra san do chur ar taisbeáint in ionad fheiceálach ar a mbeidh teacht ag an oibrí sin san áit ina mbeidh sé ar fostú.

(3) Gach fostóir ar a gceangailtear leis an alt so an fógra san a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so do thabhairt d'oibrí ar bith agus ar a dteipfidh no fhailleoidh an fógra san do thabhairt do réir an ailt seo d'oibrí ar bith ar aon ócáid ar a gceangailtear air amhlaidh san do thabhairt uaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.