|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Coinniollacha Maidir le Trathanna Oibre.) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.) |
ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Connartha bheidh ar feitheamh d'atharú. |
56. —(1) I gcás connradh do dhéanamh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, chun aon obair do dhéanamh no chun aon earra no substaint do dhéanamh no do tháirgeadh no chun aon tsaghas eile oibre tionnscail do dhéanamh, agus gan é bheith curtha i ngníomh go hiomlán le linn an tosach feidhme sin, agus an duine dhlighfidh fén gconnradh san an obair sin do dhéanamh no an earra no an tsubstaint sin do dhéanamh no do tháirgeadh no an obair eile thionnscail sin do dhéanamh d'éileamh aon cheann no gach ceann den dá ní seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) gur thárla, de bhíthin na n-oblagáidí forchuirtear ar fhostóirí leis an Acht so, go dtáinig teora ama, atá sa chonnradh san chun éinní áirithe do dhéanamh, chun bheith mí-réasúnta agus gur cheart í shíneadh, no | |
[EN] | (b) gur thárla, de bhíthin na n-oblagáidí sin, go dtáinig aon phraghas no íocaíocht eile áirithe ceapadh leis an gconnradh san chun bheith mí-réasúnta agus gur cheart é mhéadú, | |
[EN] | ansan agus i ngach cás den tsórt san déanfar, mara n-aontuighidh na páirtithe le n-a mbainfidh an scéal, an t-éileamh san do chur fé eadrascán fén alt so ar n-a iarraidh sin d'aon pháirtí den tsórt san. | |
[EN] | (2) Má deintear éileamh do chur fé eadrascán fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) déanfaidh eadrascánaí amháin an t-eadrascán san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus déanfaidh an tAire, mara n-aontuighidh na páirtithe le n-a mbainfidh an scéal, an t-eadrascánaí sin do cheapadh ar iarratas aon pháirtí den tsórt san; | |
[EN] | (b) i gcás éilimh á iarraidh teora ama do shíneadh cinnfidh an t-eadrascánaí an ceart an síneadh sin do dhéanamh no nách ceart agus (má chinneann sé gur ceart an síneadh sin do dhéanamh) cadé faid an tsínte sin; | |
[EN] | (c) i gcás éilimh á iarraidh praghas no íocaíocht eile do mhéadú cinnfidh an t-eadrascánaí an ceart an méadú san do dhéanamh no nách ceart agus (má chinneann sé gur ceart an méadú san do dhéanamh) cadé méid an mhéaduithe sin; | |
[EN] | (d) íocfar leis an eadrascánaí as gníomhú mar eadrascánaí an táille sin a cheapfaidh an tAire cheal có-aontuithe, agus déanfaidh pé páirtí no páirtithe san eadrascán san ordóidh an t-eadrascánaí an táille sin agus na costaisí agus na caiteachaisí generálta eile go léir a bhainfidh leis an eadrascán san d'íoc agus san i pé cionúireachtaí ordóidh an t-eadrascánaí i gcás níos mó ná páirtí amháin acu san á n-íoc; | |
[EN] | (e) cinnfidh an t-eadrascánaí conus a híocfar na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a raghaidh gach páirtí san eadrascán i dtaobh no alos bheith i láthair agus éisteacht d'fháil ag an gcéanna; | |
[EN] | (f) má chinneann an t-eadrascánaí gur cheart teora ama do shíneadh no praghas do mhéadú, déanfaidh an t-eadrascánaí an connradh is abhar don eadrascán do leasú i pé slí is dóich leis is ceart chun éifeacht do thabhairt don chinneadh sin; | |
[EN] | (g) beidh breith an eadrascánaí ina breith dheiridh gan aon dul tháirse agus beidh sí ina ceangal ar na páirtithe uile le n-a mbainfidh. | |
[EN] |
Saghas oibre tionnscail. |
57. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin no dheonfa sé ceadúnas no cead fén Acht so maidir le saghas áirithe oibre tionnscail, féadfaidh an tAire, sna rialacháin sin no sa cheadúnas no sa chead san (do réir mar bheidh)— |
[EN] | (a) an obair thionnscail sin do luadh go generálta no i gcás í dhéanamh in aon áit áirithe no saghas áirithe áiteanna no ag aon oibrithe áirithe no aicme áirithe oibrithe; | |
[EN] | (b) aon tsaghas oibre tionnscail do luadh tré thagairt do chineál na hoibre tionnscail sin, do sna hoibrithe no don aicme oibrithe dheineann an obair thionnscail sin, no i pe slí eile is oiriúnach leis; | |
[EN] | (c) i gcás saghsanna deifriúla oibre tionnscail do bheith á ndéanamh in aon ghnó tionnscail no in aon chineál gnóthaí tionnscail tagairt do dhéanamh tré aon chóthuairisc do sna saghsanna san no d'aon cheann de sna saghsanna san oibre tionnscail a bheidh á ndéanamh sa ghnó tionnscail sin no sa chineál san gnóthaí tionnscail agus an céanna do luadh mar aon tsaghas amháin oibre tionnscail; | |
[EN] | (d) pé eiscithe agus dúnta amach is oiriúnach leis do dhéanamh nuair a bheidh aon tsaghas oibre tionnscail á luadh aige. | |
[EN] |
Coda de ghnóthaí tionnscail do dheighilt. |
58. —(1) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire le hordú, ar n-a iarraidh sin air d'fhostóir ag á mbeidh gnó tionnscail ar siúl, a dhearbhú go dtuigfear, chun crícheanna uile an Achta so no chun aon chrícheanna áirithe dhe, gur gnóthaí tionnscail ar leithligh aon cheann amháin no níos mó de ranna, de bhrainsí no de choda eile an ghnótha san, agus go mbeidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so dá réir sin maidir leis an ngnó san. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair is oiriúnach leis é, ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, ar a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so, do cheiliúradh no do leasú. | |
[EN] | (3) Pé uair agus faid a bheidh ordú do rinneadh fén alt so i bhfeidhm maidir le gnó tionnscail, beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis an ngnó san fé réir agus do réir an orduithe sin. | |
[EN] |
Costaisí. |
59. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon chostaisí fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm. |
[EN] |
Comhach chigirí. |
60. —Chun an Achta so do chur i bhfeidhm beidh comhacht ag cigire gach ní no éinní do dhéanamh, go bhfuil comhacht ag cigire é dhéanamh chun an Factory and Workshop Act, 1901, do chur i bhfeidhm, fé is dá mba thagairtí don Acht so na tagairtí atá don Acht san in alt 119 de, agus chun na gcomhacht san d'fheidhmiú tuigfear gur monarcha do réir bhrí an Achta san gach áit ina mbíonn aon obair thionnscail ar siúl. |
[EN] |
Fostaíocht daoine ná faghann tuarastal ná págh. |
61. —I gcás obair thionnscail in aon ghnó tionnscail do bheith á déanamh i bpáirt no go hiomlán ag daoine ná faghann aon tuarastal ná págh as a gcuid oibre tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é an duine ag á mbíonn an gnó tionnscail sin ar siúl fostóir na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh na hoibre tionnscail sin agus, chun crícheanna an Achta so, tuigfear gur oibrithe i bhfostaíocht an duine sin na daoine sin. |
[EN] |
Obair thionnscail i bhfund uireachtaí. |
62. —(1) Ach amháin sa mhéid go mbainid le hoibrithe d'íoc, beidh feidhm ag forálacha an Achta so maidir le hobair thionnscail a deintear in aon fhundúireacht fé is dá mba oibrithe bheadh ar fostú ag na daoine i gceannas na fundúireachta san chun na hoibre tionnscail sin do dhéanamh na daoine dheineann an obair thionnscail sin, maran rud é ná deintear an obair thionnscail sin ach chun freastal ar riachtanaisí na fundúireachta san. |
[EN] | (2) Chun críche an ailt seo cialluíonn an focal “fundúireacht” fundúireacht a bhíonn ar siúl chun crícheanna déirciúla no ceartúcháin, seachas príosún, fundúireacht bhorstail, teaghlach meabhair-ghalar no teaghlach contae. | |
[EN] |
Tuairisceáin staitistíochta. |
63. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) chun a cheangal ar dhaoine ag á mbíonn gnóthaí tionnscail ar siúl tuairisceáin staitistíochta do thabhairt don Aire; | |
[EN] | (b) chun a ordú cadé an cineál no cadiad na cinéil gnóthaí tionnscail ar a dtabharfar na tuairisceáin sin; | |
[EN] | (c) chun a ordú cadiad na habhair agus na nithe ar a dtabharfar na tuairisceáin sin; | |
[EN] | (d) chun a ordú cadiad na fuirmeacha ina dtabharfar agus cadiad na tráthanna do bhéarfar na tuairisceáin sin. | |
[EN] | (2) Gach duine ar a gcuirfear mar cheangal, le rialacháin a déanfar fén alt so, tuairisceáin staitistíochta do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh na tuairisceáin sin do thabhairt uaidh do réir na rialachán san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so. | |
[EN] |
Breacacháin. |
64. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú breacachán, a bheidh le coimeád ag fostóirí no ag aon aicme fostóirí, i dtaobh éinní no aon ruda gur gá, dar leis an Aire, breacachán do choimeád ina thaobh chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt san, más oiriúnach leis é, an fhuirm ina mbeidh aon bhreacacháin den tsórt san d'ordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, fén alt so, rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le haicmí deifriúla fostóirí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú le haon rialacháin a déanfar fén alt so cadé an áit no cadiad no háiteanna ina gcoimeádfar na breacacháin a hordófar leis na rialacháin sin agus féadfaidh pé rialacháin is oiriúnach leis do dhéanamh i dtaobh na mbreacachán san do thaisbeáint agus d'iniúchadh. | |
[EN] | (4) Duine ar bith go dteipfidh air déanamh do réir aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, agus a bhainfidh leis an duine sin, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so. |