|
||||
|
ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ospideal Fiabhrais Bhaile Atha Cliath. | |
[EN] |
Scéim do chur fé bhráid an Aire chun óspidéal fiabhrais nua do bhunú. |
41. —Chó luath agus a bheidh bord an óspidéil tar éis a gcéad chruinniú do bheith acu do réir an Achta so déanfaid, an túisce bheidh san caothúil, scéim d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire chun óspidéal fiabhrais nua (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn) do thógáil agus do bhunú i gCathair Bhaile Atha Cliath no in aice léi, scéim ina leagfar amach na nithe seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an t-ionad a bheidh beartuithe don óspidéal, | |
[EN] | (b) pleananna agus áirmheachtaí an óspidéil bheartuithe (le n-a n-áirmhítear an chóiríocht dá fhuirinn), | |
[EN] | (c) meastachán ar an méid a chosnóidh sé an scéim do thabhairt chun críche. | |
[EN] |
Nós imeachta tar éis scéim do chur fé bhráid an Aire. |
42. —(1) Nuair a chuirfidh bord an óspidéil scéim fé bhráid an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo chun a cheadú d'fháil féadfaidh an tAire le hordú (do réir mar is dóich leis is ceart) an scéim sin do cheadú gan atharú, no an scéim sin d'atharú i pé slí (pe'ca tré chur leis, fágaint ar lár no atharú é) is dóich leis is ceart agus an scéim sin do cheadú mar a bheidh sí atharuithe amhlaidh, no a chur mar cheangal ar bhord an óspidéil scéim nua do dhéanamh agus do chur fé n-a bhráid. |
[EN] | (2) Má cheanglann an tAire ar bhord an óspidéil fén alt so scéim nua do dhéanamh agus do chur fé n-a bhráid beidh sé de dhualgas ar bhord an óspidéil scéim nua do dhéanamh dá réir sin an túisce bheidh san caothúil agus an scéim nua san do chur fé bhráid an Aire chun a cheadú d'fháil, agus beidh éifeacht ag forálacha na Coda so den Acht so fé is dá mb'í an scéim nua san an chéad scéim do dhéanfadh bord an óspidéil agus do chuirfidís fé bhráid an Aire do réir na Coda so den Acht so. | |
[EN] | (3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an scéim” an scéim a cheadóidh an tAire fén alt so. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh an scéim ceaduithe ag an Aire ceapfaidh an tAire, le hordú, tréimhse gur laistigh di tógfar agus a bunófar óspidéal fiabhrais nua do réir na scéime. | |
[EN] |
An scéim d'atharú tar éis í do cheadú. |
43. —Aon tráth tar éis an Aire do cheadú na scéime féadfaidh an tAire, le hordú a déanfar ar n-a iarraidh sin air do bhord an óspidéil, an scéim d'atharú i pé slí (pe'ca tré chur leis, fágaint ar lár no atharú é) is dóich leis is ceart agus, ón dáta agus tar éis an dáta ar a ndéanfar ordú fén alt so ag atharú na scéime, beidh éifeacht ag an scéim fé is dá mbeadh sí atharuithe amhlaidh an tráth do cheaduigh an tAire í. |
[EN] |
Costaisí maidir leis an scéim d'ullamhú. |
44. —Chun crícheanna an Achta so tuigfear gur costaisí teaghlachais na costaisí uile fé n-a raghaidh bord an óspidéil maidir leis an scéim d'ullamhú no d'atharú. |
[EN] |
Ospidéal fiabhrais nua do thógáil agus do bhunú. |
45. —(1) Tar éis don Aire an scéim do cheadú cromfaidh bord an óspidéil ar óspidéal fiabhrais ar a dtabharfar Ospidéal Fiabhrais Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear an t-óspidéal fiabhrais nua san Acht so) do thógáil agus do bhunú laistigh den tréimhse a cheapfaidh an tAire fén Acht so agus cuirfid ar fáil an gléasra uile is gá i gcóir an óspidéil sin. |
[EN] | (2) Déanfaidh bord an óspidéil do réir forálacha na scéime agus an t-óspidéal fiabhrais nua á thógáil agus á bhunú acu. | |
[EN] |
An t-óspidéal fiabhrais nua do bhainistí agus do rialú. |
46. —Isé bord an óspidéil a dhéanfaidh an t-óspidéal fiabhrais nua do rialú agus do bhainistí agus déanfaidh bord an óspidéil, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear rialacha déanfar fén Acht so), gach ní is gá chuige sin. |
[EN] |
An t-óspidéal fiabhrais nua do leathnú, etc. |
47. —Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire, an t-óspidéal fiabhrais nua do leathnú, d'atharú, do mhéadú no d'fheabhsú ar shlí eile. |
[EN] |
Teaghlach eadarshláinte nua do thógáil agus do bhunú. |
48. —Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire agus do réir phleananna cheadóidh an tAire, teaghlach eadarshláinte nua do thógáil agus do bhunú. |
[EN] |
Teaghlach eadarshláinte nua do leathnú, etc. |
49. —Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire, aon teaghlach eadarshláinte nua bhunóid fén gCuid seo den Acht so do leathnú, d'atharú, do mhéadú no d'fheabhsú ar shlí eile. |
[EN] |
Teaghlach eadarshláinte nua do bhainistí agus do rialú. |
50. —Isé bord an óspidéil a bhainisteoidh agus a rialóidh aon teaghlach eadarshláinte nua bhunóidh bord an óspidéil fén gCuid seo den Acht so agus, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear rialacha déanfar fén Acht so), déanfaidh bord an óspidéil gach ní is gá chuige sin. |