An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Generalta.)

31 1936

ACHT AIRGID, 1936

CUID III.

Diuite Stampa.

Billí malairte coigríche áirithe do stampáil.

25. —D'ainneoin aon achtacháin contrárdha dhó san ní bheidh bille malairte a tíolaicfear chun a fhaomhtha, no a faomhfar no is iníoctha, lasmuich de Shaorstát Éireann nea-dhleathach i Saorstát Éireann do dheascaibh gan é bheith stampálta do réir an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann maidir le diúitéthe stampa agus dá dheascaibh sin amháin, agus bainfidh alt 14 agus fo-alt (1) d'alt 15 den Stamp Act, 1891, le gach bille malairte den tsórt san ná beidh stampálta no ná beidh leor-stampálta no ná beidh stampálta i gceart fé is dá mba ionstruim é is féidir go dleathach a stampáil tar éis í do chríochnú do réir bhrí an ailt sin agus an fho-ailt sin.