|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuite Stampa.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Airithe Custum.) |
ACHT AIRGID, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Generalta. | |
[EN] |
Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste. |
26. —D'fhonn airgead do sholáthar chun íoctha muirear a thuitfidh ar an bPrímh-Chiste i dtaobh scéimeanna chun fostaíocht do sholáthar agus chun fóirithint ar ghátar, déanfar suim chéad míle púnt d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc as an Ród-Chiste leis an Stát-Chiste pé tráth no tráthanna, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1937, agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid. |
[EN] |
Athghairm. |
27. —(1) Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, go bhfeidhm an 13adh lá de Bhealtaine, 1936, agus ón lá san amach. |
[EN] | (2) An athghairm a deintear ar mhíreanna (b) agus (f) d'alt 7 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), ní dhéanfaidh dochar do dhleathacht ná d'éifeacht aon deimhnithe do thug an tAire Tionnscail agus Tráchtála uaidh chun crícheanna ceachtar den dá mhír sin roimh an 13adh lá de Bhealtaine, 1936. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe. |
28. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile (ach amháin na diúitéthe máil ar fheithiclí inneall-ghluaiste) forchuirtear leis an Acht so. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme. |
29. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1936 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin. | |
[EN] | (3) Tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1936, agus beidh éifeacht aici an lá san agus ón lá san amach. |