An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TRIU SCEIDEAL. Diuitethe Custum go gCuirtear Deireadh Leo.) Ar Aghaidh (CUIGIU SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

31 1936

ACHT AIRGID, 1936

CEATHRU SCEIDEAL.

Achtanna Airgid Airithe do Leasu.

Cuid I.

Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

1

Alt 12.

Maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt san 12 d'éileamh agus do ghearradh, beidh earra ar bith is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is losainn no pastille ina milseoig shiúicre do réir bhrí agus chun crícheanna an ailt sin 12, pe'ca leigheas no abhar le húsáid mar leigheas an earra san no nách eadh.

An diúité ar mhilseoga siúicre.

Cuid II.

Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

2

Alt 22 mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin.

I bhfo-alt (7) den alt san 22, scriosfar amach an mhír (k) do cuireadh isteach tré leasú ag uimhir thagartha 2 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , agus cuirfear na míreanna agus na focail seo leanas i ndeireadh an fho-ailt sin (7), sé sin le rá:—

“(k) cóirithe máinliaghachta d'abhar fhigheadóireachta no d'olainn chadáis no d'ascart (a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de chadás no d'olainn no de chadás agus d'olainn) no d'aon dá shubstaint no níos mó acu san le chéile, agus

(l) stailc is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun é d'úsáid i nigheachán earraí figheadóireachta, agus

(m) stroighin gaiscéid.”

Cuir leis na hearraí is ionchurtha fé dhiúité phacáistc.

3

Céad Sceideal, uimhir thagartha 12.

(a) Sa dara colún scriosfar amach na focail “gur chun a húsáide in oifig do prímh-bheartuíodh í,” agus

(b) cuirfear an fhoráil so leanas i ndeireadh an chúigiú cholúin, sé sin le rá:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

An diúité ar phaist ghreamuitheach do leathnú.

Cuid III.

Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

4

Céad Sceideal, uimhir thagartha 20.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 20 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1910, leis an diúité sin.

Atharú ar ráta an diúité ar fhlocas.

5

Céad Sceideal, uimhir thagartha 24.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 24 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per

cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus (b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar ráta an diúité ar ghréasáin iúit áirithe.

6

Céad Sceideal, uimhir thagartha 28.

(a) Cuirfear na focail seo leanas sa dara colún i ndiaidh na bhfocal “dá samhail sin,” sé sin le rá, “agus fós pléascóga Nodlag,” agus

(b) in ionad an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 28 d'éileamh agus do ghearradh do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:—do réir ráta is có-ionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra no do réir ráta trí pingne an earra, agus

(c) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin, agus

(d) cuirfear an fhoráil seo leanas i ndeireadh an chúigiú cholúin, sé sin le rá:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon phléascóga Nodlag is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

An diúité ar stocaí Nodlag, etc.

7

Céad Sceideal, uimhir thagartha 31.

Ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 31.

An diúité ar spréachbhuacha.

8

Céad Sceideal, uimhir thagartha 32.

(a) In ionad an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 32 d'éileamh agus do ghearradh do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:—do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra no do réir ráta dhá phingin ar gach sac no mála, agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar an ráta diúité ar shacanna agus ar mhálaí folmha a bheidh déanta d'iút.

Cuid IV.

Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

9

Céad Sceideal, Cuid I, uimhir thagartha 14.

Scriosfar amach mír (f) sa dara colún agus cuirfear isteach an mhír seo leanas sa dara colún san in ionad na míre sin a scriosfar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

“(f) buidéil a bheidh déanta de ghloine shnoighte no de ghloine shnoighte bhréige agus is fiú níos mó ná fiche scilling an grós.”

An diúité ar bhuidéil ghloine fholmha áirithe agus ar chrúscaí gloine folmha áirithe.

10

Céad Sceideal, Cuid II, uimhir thagartha 2.

Cuirfear an fhoráil seo leanas i ndeireadh an chúigiú cholúin, sé sin le rá:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Comisinéirí Ioncuim is ceart.”

An diúité ar líomhnán.

11

Céad Sceideal, Cuid II, uimhir thagartha 4.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha sad 4 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta sé scilling triochad an céadmeáchaint in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

(b) Ní bhainfidh forálach ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar an ráta diúité ar ghiost.

Cuid V.

Acht Airgid (Diuitethe Custum agus Mail), 1933 (Uimh. 52 de 1933) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

12

Céad Sceideal, uimhir thagartha 2.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 2 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an ráta diúité ar fho-bhuinn.

Cuid VI.

Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

13

Céad Sceideal, uimhir thagartha 2.

(a) Cuirfear an leitir agus na lúibíní “(a)” i dtosach an dara cholúin, agus

(b) cuirfear an mhír seo leanas i ndeireadh an dara cholúin sin, sé sin le rá:—

“(b) compáirteanna (bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de mhiotal) d'aon fhearas den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo ag an uimhir thagartha so mar fhearas is ionchurtha fé dhiúité.”

An diúité ar mhúchóirí teine áirithe.

14

Céad Sceideal, uimhir thagartha 6.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 6, mar a leasuítear é ag uimhir thagartha 15 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san 6.

Atharú ar an ráta diúité ar earraí áirithe d'iarann teilgthe.

15

Céad Sceideal, uimhir thagartha 13.

Cuirfear na focail seo leanas i ndeireadh an dara cholúin, sé sin le rá:—“agus fós gan cóipeanna single de phriontaí grianghrafacha d'áireamh is priontaí o ghrianghrafa (pe'ca ar shleamhnán no ar phláta dhóibh) do tógadh lasmuich de Shaorstát Éireann agus iomportálfaidh dílseánach páipéir nuachta, irisleabhair, no foillseacháin eile chun crícheanna a thrádála no a ghnótha mar dhílseánach den tsórt san.”

An diúité ar phriontaí grianghrafacha.

16

Céad Sceideal, uimhir thagartha 18.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 18 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an ráta diúité ar chartúisí gráin líonta.

Cuid VII.

Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

17

Alt 17.

Cuirfear na míreanna so leanas i ndeireadh fo-ailt (1), sé sin le rá:—

“(e) cásanna agus éadain do chluig agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de mharmar—pé ráta diúité acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:—suim is cóionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra no cúig scillinge ar gach cás no éadan do chlog;

(f) compáirteanna (agus iad déanta ar fad no nach mór ar fad de mharmar) de chluig no de chásanna do chluig—suim is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra.”

Cur leis an diúité chluig.

18

Céad Sceideal, uimhir thagartha 28.

(a) I mír (a) sa dara colún, scriosfar amach na focail “agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta, ceaptha, agus oiriúnach chun é d'úsáid chun crícheanna tráchtála,” agus

(b) i mír (c) sa dara colún, cuirfear na focail seo leanas isteach i ndiaidh an fhocail “dlúthairí,” sé sin le rá:—“chun úsáide le mótair is mó ná deich n-each-neart,” agus

(c) déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 28 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ra fhearas cuisníochta.

19

Dara Sceideal, uimhir thagartha 6.

(a) Sa dara colún scriosfar amach na focail “gan aon ullamhóid d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta as faighneoga ríse,” agus

(b) An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 6 déanfar, sa mhéid go n-éilítear agus go ngearrtar é ar rís mheilte no ar phlúr ríse, é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ceithre scillinge an céadmeáchaint in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar rís, ar phlúr ríse agus ar mhin ríse.

20

Dara Sceideal, uimhir thagartha 7.

Sa dara colún scriosfar amach na focail “Tíleacha agus leacacha,” agus cuirfear isteach na focail “Tíleacha, leacacha, slinnte agus leatháin” in ionad na bhfocal a scriosfar amach amhlaidh.

An diúité ar thíleacha agus leacacha áirithe.

21

Dara Sceideal, uimhir thagartha 15.

Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh aon pháipéir a hiomportálfar an 13adh lá de Mheitheamh, 1936, no dá éis sin, agus is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 15, é bheith beartuithe é d'úsáid i gclóbhualadh páipéirí nuachta no tréimhseachán, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an páipéar san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha air no féadfaid aon diúité den tsórt san do híocadh le linn na hiomportála d'aisíoc.

An diúité ar pháipéar neachlóbhuailte.