35 1936


Uimhir 35 de 1936.


ACHT UM CHLÁRÚ PÓSTAÍOCHA, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH I dTAOBH LUACH SAOTHAIR CLARATHÓIRÍ PÓSTAÍOCHA AGUS CHUN AN REGISTRATION OF MARRIAGES (IRELAND) ACT, 1863, DO LEASÚ CHUIGE SIN. [24adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORATAIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Údarás áitiúil.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” cólucht ina bhfuil riaradh fóirithin na mbocht dílsithe agus, nuair a húsáidtear í maidir le clárathóir, cialluíonn sí an cólucht ina bhfuil an riaradh san i gceanntar an chlárathóra san dílsithe.

Udarais áitiúla d'íoc luach saothair le clá rathóirí.

2. —(1) Ar dháta an Achta so do rith agus as san amach íocfaidh gach údarás áitiúil le gach duine is clárathóir chun crícheanna an Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, agus 'na bhfuil a cheanntar i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san no gurb ionann a cheanntar agus an líomatáiste sin, liúntas (i dteanta aon luach saothair is iníoctha leis an gclárathóir sin fé aon Acht eile) in aghaidh gach bliana no coda de bliain do bhí an clárathóir sin i seilbh oifige, liúntas de pé méid acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má bhí an clárathóir sin i seilbh oifige ar feadh iomlán na bliana san—dhá phúnt, no

(b) mara raibh an clárathóir sin i seilbh oifige ach ar feadh coda den bhliain sin—méid go mbeidh idir é agus dhá phúnt an cothrom céanna bheidh idir an chuid sin den bhliain sin agus bliain.

(2) An liúntas is iníoctha fén alt so le clárathóir atá i seilbh oifige le linn an Achta so do rith tosnóidh sé ar dháta an rithte sin agus, chun an méid is iníoctha leis alos an liúntais sin d'áireamh, tuigfear gach clárathóir den tsórt san do thosnú ar bheith i seilbh oifige ar an dáta san.

Alt 21 den Registration of Marriages (Ireland) Act,1863, do leasú.

3. —An tsuim is iníoctha fé alt 21 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, ag údarás áitiúil le clárathóir ar an gcuntas a luaidhtear san alt san do chur os a gcóir déanfar, i gcás gach cuntais den tsórt san a cuirfear os a gcóir do réir an ailt sin ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, í d'áireamh do réir an ráta so leanas in ionad í d'áireamh do réir an ráta luaidhtear san alt san, sé sin le rá:—

(a) reul ar gach iontráil phósta bheidh sa chuntas san agus do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith, agus

(b) scilling ar gach iontráil den tsórt san do rinneadh ar an dáta san no dá éis sin.

Costaisí údarás áitiúil.

4. —Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén Acht so cruinneofar agus íocfar iad fé mar a cruinnítear agus a híoctar costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin chun fóirithin na mbocht do riaradh.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht um Chlárú Póstaíocha, 1936 , do ghairm den Acht so.