An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL), 1936) Ar Aghaidh (CUID II. Solathar Bainne agus Praghas Mor-Dhiola Bainne do Rialail.)

43 1936

ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL), 1936

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “bainne” fíor-bhainne, seachas fíor-bhainne a húsáidtear chun bainne tiughtha no bainne tiormuithe do dhéanamh;

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn o bhord ar n-a bhunú fé Chuid II den Acht so chun na comhachta bronntar ar chigire d'fheidhmiú;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so—

(a) bainne go ndeighleálfar leis in áitreabh a bheidh cláruithe in aon chlár dá gcoimeádtar fén Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) , no in áitreabh go mbeidh ceadúnas deonta ina thaobh fé alt 13 no fé alt 14 d'Acht na nUachtarlann, 1928 ( Uimh. 26 de 1928 ), tuigfear gur san áitreabh san do táirgeadh é, agus

(b) tuigfear gurb é únaer an áitreibh sin táirgtheoir aon bhainne go ndeighleálfar leis san áitreabh san,

(c) má díoltar no má ceannuítear aon bhainne tuigfear gur san áit ina mbíonn gnó ar siúl ag an gceannuitheoir a díoladh an bainne sin.

Orduithe.

3. —Gach ordú déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Costaisí.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.