53 1936


Uimhir 53 de 1936.


ACHT UM PÁGH TALMHAÍOCHTA, 1936.


ACHT CHUN, SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PÁGH OIBRITHE TALMHAÍOCHTA DO RIALÁIL, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [28adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Na habairtí “oibrí talmhaíochta” agus “fostóir talmhaíochta” do léiriú.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “oibrí talmhaíochta” duine ar fostú fé chonnradh sheirbhíse no phríntíseachta gur obair thalmaíochta a chuid oibre no roinnt dá chuid oibre fén gconnradh san, ach ní fholuíonn duine gur seirbhís tighis ar fad nach mór a chuid oibre fé aon chonnradh den tsórt san ;

cialluíonn an abairt “fostóir talmhaíochta” duine go mbíonn ceárd no gnó na talmhaíochta ar siúl aige agus go mbíonn daoine eile ar fostú aige mar oibrithe talmhaíochta chun crícheanna na céirde no an ghnótha san.

(2) Má eiríonn aon cheist fén Acht so i dtaobh ce'ca tá aon fhostaíocht áirithe no aon tsaghas áirithe fostaíochta ina fostaíocht do bhéarfadh gurbh oibrí talmhaíochta an té bheadh ar fostú inti no ná fuil no i dtaobh ce'ca ceárd no gnó na talmhaíochta aon cheárd no gnó áirithe bhíonn ar siúl ag duine no nach eadh, isé an tAire bhéarfaidh breith ar an gceist agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

(3) San alt so foluíonn an focal “talmhaíocht” feirmeoireacht déiríochta agus talamh d'úsáid mar thalamh féaraigh, móinfhéir, no inbhir no mar thalamh ubhallghuirt no saighleánach no coille no mar gharraithe margaidh no altran.

Ceanntair pháigh thalmhaíochta.

3. —(1) Roimh thosach feidhme an Achta so déanfaidh an tAire, le hordú, Saorstát Éireann do roinnt ina cheanntair, pé ceanntair agus pé méid ceanntar is dóich leis is ceart, agus a dhearbhú gur ceanntar páigh thalmhaíochta chun crícheanna an Achta so gach ceanntar acu san.

(2) Aon uair roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin féadfaidh an tAire, le hordú, leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so, le n-a n-áirmhítear an fo-alt so.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “ceanntar páigh” ceanntar a bheidh dearbhuithe de thurus na huaire, le hordú do rinneadh fén alt so, do bheith ina cheanntar pháigh thalmhaíochta.

Líomatáistí páigh thalmhaíochta agus coistí do sna líomatáistí sin

4. —(1) Roimh thosach feidhme an Achta so déanfaidh an tAire, le hordú, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na ceanntair pháigh uile agus fé seach i Saorstát Éireann do ghrúpáil ina líomatáistí (dá ngairmtear líomatáistí páigh thalmhaíochta san Acht so), pé líomatáistí agus pé méid líomatáistí is dóich leis is ceart ;

(b) a dhearbhú, i dtaobh an choiste atá le bunú fén alt so do gach líomatáiste páigh thalmhaíochta fé leith, gurb é is líon do ghnáth-bhaill an choiste sin an líon (nach lugha ná beirt in aghaidh gach ceanntair pháigh a bheidh sa líomatáiste sin) a luadhfar san ordú san.

(2) Tar éis tosach feidhme an Achta so féadfaidh an tAire, aon bhliain chaileandair, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú déanfar ar dháta nach déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhómhair na bliana caileandair sin:—

(a) aon dá cheanntar pháigh no níos mó do ghrúpáil ina líomatáistí páigh thalmhaíochta nua, pé líomatáistí agus pé méid líomatáistí is dóich leis is ceart ;

(b) a dhearbhú, i dtaobh an choiste atá le bunú fén alt so don aon líomatáiste páigh thalmhaíochta nua san no, má bunuítear níos mó ná aon líomatáiste páigh thalmhaíochta nua amháin leis an ordú san, do gach líomatáiste páigh thalmhaíochta nua fé leith den tsórt san, gurb é is líon do ghnáth-bhaill an choiste sin an líon (nach lugha ná beirt in aghaidh gach ceanntair pháigh a bheidh sa líomatáiste sin) a luadhfar san ordú san.

(3) Gach ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo tiocfaidh i bhfeidhm an chéad 1adh lá d'Eanar tar éis dáta an orduithe sin.

(4) Pé uair a déanfar ordú fé fho-alt (2) den alt so, ansan, ar dháta agus o dháta an orduithe sin do theacht i bhfeidhm, gach líomatáiste páigh thalmhaíochta bheidh ann roimh an dáta san agus ina mbeidh aon cheanntar páigh le n-a mbainfidh an t-ordú san scuirfe sé de bheith ann agus beidh an coiste don líomatáiste pháigh thalmhaíochta san ar scur.

(5) San alt so nuair a húsáidtear an abairt “an líon oiriúnach” i dtaobh gnáth-bhall an choiste do líomatáiste pháigh thalmhaíochta cialluíonn sí an líon a dearbhófar le hordú déanfar fén alt so is líon do ghnáth-bhaill an choiste sin.

(6) Ar theacht i bhfeidhm don Acht so bunófar do gach líomatáiste páigh thalmhaíochta fé leith a bunófar leis an ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so coiste chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(7) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fé fho-alt (2) den alt so, ansan, ar dháta agus o dháta an orduithe sin do theacht i bhfeidhm, bunófar do gach líomatáiste páigh thalmhaíochta fé leith a bunófar leis an ordú san coiste chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(8) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcoiste do líomatáiste pháigh thalmhaíochta (le n-a n-áirmhítear líomatáiste páigh thalmhaíochta nua bunófar de bhuadh ordú déanfar fé fho-alt (2) den alt so), sé sin le rá:—

(a) cathaoirleach agus an líon oiriúnach de ghnáth-bhaill a bheidh ar an gcoiste sin ;

(b) isé bheidh ina chathaoirleach ná an té is Cathaoirleach ar an mBord Páigh Thalmhaíochta ;

(c) ainmneoidh an tAire na gnáth-bhaill ;

(d) beidh leath na ngnáth-bhall ina ndaoine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'fhostóirí talmhaíochta sa líomatáiste sin agus beidh an leath eile ina ndaoine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'oibrithe talmaíochta sa líomatáiste sin ;

(e) ag ainmniú na ngnáth-bhall dó ainmneoidh an tAire, in aghaidh gach ceanntair pháigh fé leith sa líomatáiste sin, duine amháin ar a laighead is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'fhostóirí talmhaíochta sa cheanntar pháigh sin agus duine amháin ar a laighead is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'oibrithe talmhaíochta sa cheanntar pháigh sin ;

(f) déanfaidh an tAire, roimh dháta bunuithe an choiste sin, an líon oiriúnach de dhaoine d'ainmniú chun bheith ina ngnáth-bhaill agus céad ghnáth-bhall a gairmtear sa bhfo-alt so de gach duine fé leith dá n-aimneofar amhlaidh ;

(g) mara mbeidh an coiste sin ar scur i gceann na bliana caileandair sin tré oibriú fo-ailt (4) den alt so déanfaidh an tAire, an bhliain chaileandair ina mbunófar an coiste sin, ach tar éis dáta an bhunuithe sin, agus gach bliain chaileandair ina dhiaidh sin seachas bliain chaileandair go mbeidh an coiste sin ar scur ina deireadh tré oibriú an fho-ailt sin (4), an líon oiriúnach de dhaoine d'ainmniú chun bheith ina ngnáth-bhaill ;

(h) marab éag no eirghe as roimhe sin dó beidh gach céad ghnáth-bhall i seilbh oifige o dháta bunuithe an choiste sin go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an dáta san ;

(i) marab éag no eirghe as roimhe sin dó beidh gach gnáthbhall (seachas céad ghnáth-bhall no duine a hainmneofar chun foth-fholúntais) i seilbh oifige go ceann tréimhse de dhá mhí dhéag ón gcéad 1adh lá d'Eanar tar éis dáta a ainmnithe ;

(j) gnáth-bhall a bheidh ag dul as oifig ar a théarma oifige bheith caithte tré imeacht aimsire beidh sé ionathainmnithe ;

(k) pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas sa bhfo-alt so) imeasc na ngnáth-bhall tré éag no eirghe as do ghnáth-bhall, ainmneoidh an tAire duine chun an fholúntais sin agus beidh an duine a hainmneofar amhlaidh i seilbh oifige go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin marab éag no eirghe as roimhe sin dó ;

(l) ag ceapadh duine dhó chun foth-fholúntais bhéarfaidh an tAire áird ar mhíreanna (d) agus (e) den fho-alt so.

(9) Féadfaidh ball den choiste do líomatáiste pháigh thalmhaíochta eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun rúnaí an choiste sin agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht ar fháil na leitreach san don rúnaí.

(10) Féadfaidh coiste do líomatáiste pháigh thalmhaíochta gníomhú d'ainneoin aon fholúntais i mballraíocht an choiste sin.

(11) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rúnaí do cheapadh do gach coiste do líomatáiste pháigh thalmhaíochta.

(12) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfaidh fén Acht so, nós imeachta coistí do líomatáistí páigh thalmhaíochta do rialáil.

Bord Páigh Thalmhaíochta do bhunú.

5. —(1) Ar theacht i bhfeidhm don Acht so bunófar bord (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Páigh Thalmhaíochta chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord ina gcólucht chorpruithe go síor-chomharbas agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaid dul chun dlí, agus féadfar dul chun dlí leo, fé n-a n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

(3) Dhá bhall déag a bheidh ar an mBord, eadhon—

(a) cathaoirleach (dá ngairmtear Cathaoirleach an Bhúird san Acht so), agus

(b) aon ghnáth-bhall déag (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so), eadhon—

(i) trí baill (dá ngairmtear baill neodracha san Acht so) ainmneoidh an tAire,

(ii) ceithre baill (dá ngairmtear baill na bhfostóirí san Acht so) ainmneoidh an tAire, agus

(iii) ceithre baill (dá ngairmtear baill na n-oibrithe san Acht so) ainmneoidh an tAire.

(4) Beidh baill na bhfostóirí ina ndaoine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'fhostóirí talmhaíochta agus beidh baill na n-oibrithe ina ndaoine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'oibrithe talmhaíochta.

Cathaoirleach an Bhúird.

6. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus fé mar is gá é ina dhiaidh sin ceapfaidh an tAire duine chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord.

(2) Beidh Cathaoirleach an Bhúird i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(3) Pé uair a bheidh Cathaoirleach an Bhúird, toisc easláinte no toisc leor-chúise eile, fé mhí-chumas shealadach ná leigfidh dó dualgaisí a oifige do chólíonadh féadfaidh an tAire duine de bhaill neodracha an Bhúird d'ainmniú chun cólíonadh do dhéanamh, ar feadh ré an mhí-chumais sin, ar dhualgaisí Chathaoirleach an Bhúird agus, ar feadh ré an mhí-chumais sin, beidh comhachta uile Chathaoirleach an Bhúird ag an té ceapfar amhlaidh agus tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é Cathaoirleach an Bhúird é, ach ar feadh ré an mhí-chumais sin tuigfear chun crícheanna ailt 13 den Acht so nach gnáth-bhall é.

(4) Íocfar le Cathaoirleach an Bhúird pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an tAire le haontú an Aire Airgid.

Ainmniú agus téarma oifige gnáth-bhall den Bhord.

7. —(1) Roimh thosach feidhme an Achta so ainmneoidh an tAire aon duine dhéag chun bheith ina ngnáth-bhaill den Bhord agus céad ghnáth-bhall a gairmtear san alt so de gach duine fé leith dá n-ainmneofar amhlaidh.

(2) Ainmneoidh an tAire aon duine dhéag gach bliain ainmniúcháin chun bheith ina ngnáth-bhaill den Bhord.

(3) Marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó beidh gach céad ghnáth-bhall i seilbh oifige o dháta thosach feidhme an Achta so go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939.

(4) Marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó beidh gach gnáth-bhall (seachas céad ghnáth-bhall no duine ceapfar chun foth-fholúntais sa Bhord) i seilbh oifige go ceann tréimhse de thrí bliana ón gcéad 1adh lá d'Eanar tar éis na bliana ainmniúcháin in ar hainmníodh é.

(5) Gnáth-bhall den Bhord a bheidh ag dul as oifig ar a théarma oifige bheith caithe tré imeacht aimsire beidh sé ionathainmnithe.

(6) Chun crícheanna an ailt seo is bliain ainmniúcháin gach bliain acu so leanas, sé sin le rá, an bhliain 1939, an bhliain 1942, an bhliain 1945, agus mar sin de.

Gnáth-bhaill den Bhord d'eirighe as agus do theacht fé dhí-cháilíocht.

8. —(1) Féadfaidh gnáth-bhall den Bhord eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tráth ar bith tré leitir do dhíriú agus do chur chun rúnaí an Bhúird agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht ar fháil na leitreach san don rúnaí.

(2) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh go mbreithiúnófar gnáth-bhall den Bhord do bheith ina fhéimhí no go ndéanfa sé socrú le n-a chreidmheasóirí, no go scuirfe sé de bheith ina ghnáthchomhnaí i Saorstát Éireann, no go mbeidh sé as láthair, gan toiliú an Bhúird, o gach cruinniú den Bord ar feadh tréimhse de shé mhí, beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith agus scuirfidh de bheith ina ghnáth-bhall.

Foth-fholúntaisí imeasc gnáthbhall an Bhúird do líonadh.

9. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san alt so) i mballraíocht an Bhúird tré ghnáth-bhall d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht cuirfidh Cathaoirleach an Bhúird in úil don Aire an folúntas san do bheith ann agus ceapfaidh an tAire chun an fholúntais sin—

(a) má ba bhall neodrach an gnáth-bhall san, pé duine is dóich leis is ceart, no

(b) má ba dhuine de bhaill na bhfostóirí an gnáth-bhall san, duine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'fhostóirí talmhaíochta, no

(c) má ba dhuine de bhaill na n-oibrithe an gnáth-bhall san, duine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach d'oibrithe talmhaíochta.

(2) Marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach duine ceapfar chun foth-fholúntais i seilbh oifige mar ghnáth-bhall ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma oifige go mbeadh an ball, gurbh é a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht fé ndeár an folúntas, i seilbh oifige mara mbeadh a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.

Fuireann an Bhúird.

10. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, duine do cheapadh chun bheith ina rúnaí don Bhord agus pé daoine eile agus pé méid daoine eile is dóich leis is gá do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (seachas mar rúnaí) don Bhord agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus gheobhaid luach saothair do réir pé rátaí agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Nós imeachta an Bhúird.

11. —(1) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin foth-fholúntas no foth-fholúntaisi do bheith imeasc na ngnáth-bhall.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh nós imeachta an Bhúird.

(3) Fé réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an Bord, tré bhuan-orduithe no ar shlí eile, an nós imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag á gcruinnithe do rialáil.

Cruinnithe an Bhúird.

12. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag an mBord pé lá agus pé tráth agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe agus san pé tráth is gá chun a bhfeidhmeanna fén Acht so do chólíonadh sa cheart.

(3) Is leor Cathaoirleach an Bhúird mar quorum ag cruinniú den Bhord.

(4) Ní bheidh aon chruinniú ag an mBord mara mbeidh Cathaoirleach an Bhúird i láthair.

An Bord do thabhairt breithe ar cheisteanna.

13. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú do dhéanamh ag cruinniú den Bhord, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ghnáth-bhaill no mara mbeidh ach aon ghnáth-bhall amháin ar an gcruinniú san déanfaidh Cathaoirleach an Bhúird an t-ordú san agus chun crícheanna an Achta so tuigfear, i dtaobh an orduithe sin mar a dhéanfaidh Cathaoirleach an Bhúird amhlaidh é, an Bord á dhéanamh go cuibhe ag an gcruinniú san ;

(b) má bhíonn dhá ghnáth-bhall no níos mó ar an gcruinniú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás éinne amháin ar a laighead de bhaill na bhfostóirí agus éinne amháin ar a laighead de bhaill na n-oibrithe do bheith ar na gnáth-bhaill sin agus na gnáth-bhaill sin uile do rith rúin d'aon aonta i bhfábhar an orduithe sin do dhéanamh i dtéarmaí luadhfar sa rún san, tuigfear chun crícheanna an Achta so an Bord do dhéanamh an orduithe sin go cuibhe sna téarmaí sin ag an gcruinniú san, agus

(ii) in aon chás eile féadfaidh Cathaoirleach an Bhúird, más oiriúnach leis é, déanamh an orduithe sin do chur ar athló go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord no an t-ordú san do dhéanamh, agus másé an ní deiridh sin a thárlóidh tuigfear chun crícheanna an Achta so, i dtaobh an orduithe sin mar a dhéanfaidh Cathaoirleach an Bhúird amhlaidh é, an Bord á dhéanamh go cuibhe ag an gcruinniú san.

Miontuairiscí cruinnithe an Bhúird.

14. —Coimeádfaidh an Bord i leabhar a chuirfid ar fáil chuige sin miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú den Bhord agus sighneoidh Cathaoirleach an Bhúird na miontuairiscí uile den tsórt san ag an gcruinniú le n-a mbainfid no ag an gcéad chruinniú eile agus ar iad do bheith sighnithe amhlaidh glacfar i bhfianaise iad.

Séala an Bhúird

15. —(1) Cuirfidh an Bord có-shéala ar fáil agus beidh san acu.

(2) Déanfar séala an Bhúird do dhílse-dheimhniú le sighniú Chathaoirleach an Bhúird.

(3) Gach scríbhinn a bheireann le tuisgint gur ordú no ionstruim eile í ar n-a thabhairt amach no ar n-a dhéanamh ag an mBord agus í bheith séaluithe le séala an Bhúird ar n-a dhílsedheimhniú sa tslí foráltar leis an alt so, glacfar i bhfianaise í agus tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb í an t-ordú no an ionstruim sin í gan cruthú ar údarás ná ar shighniú neach sighnithe an chéanna.

Fianaise ar orduithe an Bhúird.

16. —Má bheirtear i láthair in aon imeachta dlí scríbhinn a bheireann le tuisgint í bheith ina cóip d'ordú do rinne an Bord agus í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag Cathaoirleach an Bhúird no ag rúnaí an Bhúird, is leor san mar fhianaise ar an ordú, agus ní gá aon chruthú ar scríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil neach deimhnithe an chéanna.

Orduithe ón mBord ag ceapadh rátaí minimum páigh.

17. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfaidh an Bord, chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta so agus o am go ham ina dhiaidh sin mar is dóich leo is ceart, na rátaí minimum páigh d'oibrithe talmhaíochta i gcóir am-oibre do cheapadh, le hordú, do gach ceanntar páigh fé leith agus féadfaid, más gá agus sa mhéid gur gá leo é, na rátaí minimum páigh d'oibrithe talmhaíochta i gcóir teasc-oibre do cheapadh don cheanntar san.

(2) Aon rátaí minimum a cheapfaidh an Bord do cheanntar pháigh féadfar iad a cheapadh i slí go mbainfid go cóchoitiann leis an gceanntar san no le haon aicme speisialta d'oibrithe talmhaíochta no le haon chuid speisialta den cheanntar san no le haon aicme speisialta i gcuid speisialta agus san, i ngach cás fé leith, fé réir aon eisceachtaí déanfar i dtaobh fostaíochta d'aon tsaghas speisialta agus i slí go n-atharóid do réir mar a bheidh an fhostaíocht ina fostaíocht in aghaidh an lae no na seachtaine no an mhí no in aghaidh tréimhse eile, no do réir uimhir na n-uaireanna oibre no coiníollacha na fostaíochta, no i slí go mbeidh ráta deifriúil le fáil ar obair bhreis-aimsire.

(3) Le haon ordú dhéanfaidh an Bord fén alt so féadfar a mhíniú cadiad na sochair no na buntáistí (nach sochair ná buntáistí toirmeasctar le dlí) is féidir d'áireamh mar íocaíocht pháigh in ionad íocaíochta in airgead tirim agus cadé an luach is ionchurtha ortha.

(4) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so, le n-a n-áirmhítear an fo-alt so.

(5) Féadfaidh ordú dhéanfaidh an Bord fén alt so baint do bheith aige le haon mhéid ceanntracha páigh agus féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann i dtaobh ceanntracha deifriúla den tsórt san.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú dhéanfaidh an Bord fé fho-alt (1) den alt so ag ceapadh rátaí minimum páigh, sé sin le rá:—

(a) sara ndéanfaidh an Bord an t-ordú san déanfaid fógra, á rá go bhfuilid ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, do sheirbheáil, i gcás é bheith beartuithe an t-ordú do bhaint le haon cheanntar páigh amháin no le dhá cheanntar pháigh no níos mó san aon líomatáiste páigh thalmhaíochta amháin, ar an gcoiste don líomatáiste pháigh thalmhaíochta ina bhfuil an ceanntar no na ceanntair sin no, i gcás é bheith beartuithe an t-ordú san do bhaint le dhá cheanntar no níos mó i líomatáistí páigh thalmhaíochta deifriúla, ar an gcoiste do gach líomatáiste fé leith acu san ;

(b) más ar aon choiste amháin a bheidh an fógra le seirbheáil féadfaidh an coiste sin, fé cheann dhá mhí tar éis dáta na seirbheála san, molta i dtaobh na rátaí minimum san do dhéanamh chun an Bhúird ;

(c) más ar dhá choiste no níos mó bheidh an fógra le seirbheáil féadfaidh gach coiste fé leith acu san, fé cheann dhá mhí tar éis dáta na seirbheála san, molta do dhéanamh chun an Bhúird i dtaobh na rátaí minimum san sa mhéid go mbeidh feidhm ag na rátaí minimum san maidir le haon cheanntar páigh ina líomatáiste páigh thalmhaíochta ;

(d) ní dhéanfaidh an Bord an t-ordú san go ceann an dá mhí sin mara mbeidh molta déanta roimhe sin ag an gcoiste no ag na coistí ar ar seirbheáladh an fógra san ;

(e) má dheineann an coiste no na coistí sin aon mholta fé cheann an dá mhí sin bhéarfaidh an Bord áird ar na molta san le linn an orduithe sin do dhéanamh.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon ordú (dá ngairmtear ordú leasúcháin sa bhfo-alt so) a dhéanfaidh an Bord fé fho-alt (4) den alt so ag leasú no ag ceiliúradh orduithe bheidh déanta ag an mBord, sé sin le rá:—

(a) sara ndéanfaidh an Bord an t-ordú leasúcháin sin seirbheálfaid dréacht den ordú leasúcháin sin, i gcás é bheith beartuithe é do bhaint le haon cheanntar páigh amháin no le dhá cheanntar pháigh no níos mó san aon líomatáiste páigh thalmhaíochta amháin, ar an gcoiste don líomatáiste pháigh thalmhaíochta ina bhfuil an ceanntar no na ceanntair sin no, i gcás é bheith beartuithe an t-ordú san do bhaint le dhá cheanntar pháigh no níos mó i líomatáistí páigh thalmhaíochta deifriúla, ar an gcoiste do gach líomatáiste fé leith acu san ;

(b) más ar aon choiste amháin a bheidh an dréacht san le seirbheáil féadfaidh an coiste sin, fé cheann dhá mhí tar éis dáta na seirbheála san, molta i dtaobh an orduithe leasúcháin sin do dhéanamh chun an Bhúird ;

(c) más ar dhá choiste no níos mó bheidh an dréacht san le seirbheáil féadfaidh gach coiste fé leith acu san, fé cheann dhá mhí tar éis dáta na seirbheála san, molta do dhéanamh chun an Bhúird i dtaobh an orduithe leasúcháin sin sa mhéid go mbeidh feidhm aige maidir le haon cheanntar páigh ina líomatáiste páigh thalmhaíochta ;

(d) ní dhéanfaidh an Bord an t-ordú leasúcháin go ceann an dá mhí sin mara mbeidh molta déanta roimhe sin ag an gcoiste no ag na coistí ar ar seirbheáladh an dréacht san ;

(e) má dheineann an coiste no na coistí sin aon mholta fé cheann an dá mhí sin bhéarfaidh an Bord áird ar na molta san le linn an orduithe leasúcháin sin do dhéanamh.

(8) Má dheineann an Bord ordú beidh san ina fhianaise prima facie gur cólíonadh a n-éilítear le fo-ailt (6) agus (7) den alt so.

(9) Aon scríbhinn is gá do réir an ailt seo do sheirbheáil ar an gcoiste do líomatáiste pháigh thalmhaíochta is i slí acu so leanas a seirbheálfar ar an gcoiste sin í, sé sin le rá:—

(a) tríd an scríbhinn sin do sheachadadh do rúnaí an choiste sin ;

(b) tríd an scríbhinn sin do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an rúnaí sin ag an áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(10) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a mbráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Oibrithe talmhaíochta áirithe do shaoradh o fhorálacha an Achta so.

18. —Más rud é, ar fháil iarratais dóibh, gur deimhin leis an mBord, i dtaobh duine ar bith bheidh ar fostú no gur mian leis go bhfostófaí é mar oibrí thalmhaíochta ar am-obair le n-a mbaineann ráta minimum ar n-a cheapadh fén Acht, go bhfuil an duine sin, de dheascaibh aon díobhála cuirp no díthe meabhrach no aon laige tháinig toisc aoise no aon chúise eile, gan bheith inniúil ar an ráta minimum san do thuilleamh, deonfaidh an Bord don duine cead le n-a ndéanfar, go n-éifeacht o dháta an iarratais, no o aon lá is déanaí ná san agus a luadhfar sa chead, fostaíocht an oibrí do shaoradh o sna forálacha den Acht so le n-a gceangailtear págh d'íoc do réir ráta nach lugha ná an ráta minimum, ach san fé réir pé coinníollacha luadhfar sa chead.

Ciontaí agus imeachta dlí.

19. —(1) I gcás ordú ag ceapadh aon ráta mhinimum pháigh do bheith déanta ag an mBord fén Acht so agus do bheith i bhfeidhm, déanfaidh gach duine is fostóir talmhaíochta, agus go mbeidh aon duine eile ar fostú aige is oibrí talmhaíochta de bhuadh na fostaíochta san, págh d'íoc leis an duine eile sin, i gcásanna le n-a mbaineann an ráta minimum san, do réir ráta nach lugha ná an ráta minimum oiriúnach fén ordú san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) In aon imeachta bunófar in aghaidh duine fén alt so is ar an duine sin a bheidh a chruthú gur íoc sé págh do réir ráta nach lugha ná an ráta minimum.

(4) In aon imeachta bunófar in aghaidh duine fén alt so féadfaidh an chúirt, pe'ca ciontófar an duine sin no ná ciontófar, más deimhin leo gur theip ar an duine sin fo-alt (1) den alt so do chólíonadh maidir le haon duine eile bhí ar fostú aige mar oibrí thalmhaíochta, a ordú don duine sin pé suim d'íoc leis an duine eile sin a gheobhaidh an chúirt a bheith có-ionann leis an deifríocht idir an méid ba cheart do réir an ráta mhinimum d'íoc leis an oibrí talmhaíochta san agus an méid do híocadh leis.

(5) Féadfaidh oifigeach don Bhord, in ainm agus thar ceann oibrí thalmhaíochta, imeachta síbhialta do bhunú, in aghaidh an fhostóra thalmhaíochta go mbeidh an t-oibrí talmhaíochta san ar fostú aige, chun suimeanna do bhaint amach a bheidh ag an oibrí talmhaíochta san ar an bhfostóir talmhaíochta san toisc págh do réir ráta ba lugha ná an ráta minimum do bhain leis an gcás d'íoc leis an oibrí talmhaíochta san, ach ní bhainfidh éinní sa bhfo-alt so o cheart an oibrí thalmhaíochta san chun na suime sin do bhaint amach tré imeachta síbhialta.

(6) Ní bheidh brí le haon chó-aontú ar phágh d'íoc contrárdha don alt so no ar staonadh o fheidhm do bhaint as aon cheart chun íoc páigh d'fhoirfheidhmiú do réir an ailt seo.

Comhachta oifigeach don Bhord.

20. —(1) Féadfaidh oifigeach don Bhord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a cheangal, tar éis fógra réasúnta do thabhairt uaidh, go dtaisbeánfaí dhó leatháin pháigh no breacacháin eile ar phágh do híocadh le hoibrithe talmhaíochta, agus iad d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh ;

(b) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh no áit chun an iniúchta san do dhéanamh no chun an Achta so d'fhoirfheidhmiú ;

(c) a cheangal ar aon oibrí talmhaíochta no ar fhostóir aon oibrí den tsórt san no ar ghníomhaire aon fhostóra den tsórt san eolas ar bith do thabhairt uaidh is féidir leis a thabhairt uaidh i dtaobh fostaíochta an oibrí no i dtaobh an pháigh a híoctar leis.

(2) Má dheineann duine ar bith—

(a) aon oifigeach don Bhord do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an oifigeach san leis an alt so ; no

(b) diúltú d'aon scríbhinn do thaisbeáint no d'aon eolas do thabhairt uaidh a cheanglóidh aon oifigeach den tsórt san air go dleathach a thaisbeáint no a thabhairt uaidh ; no

(c) aon leathán páigh no breacachán no scríbhinn eile bheidh bréagach in aon phonc táchtach do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint no a leigint go feasach é thaisbeáint d'aon oifigeach den tsórt san agus a fhios aige é bheith bréagach ; no

(d) eolas ar bith do thabhairt d'aon oifigeach den tsórt san agus a fhios aige é bheith bréagach,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Tuarasgabhála bliantúla.

21. —Bhéarfaidh an Bord don Aire chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana caileandair fé leith tuarasgabháil ar a n-imeachta fén Acht so, agus leagfaidh an tAire fé bhráid Dháil Éireann cóip de gach tuarasgabháil den tsórt san do bhéarfar dó amhlaidh.

Rialacháin.

22. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda adeirtear is abhar do rialacháin fén Acht so.

Costaisí.

23. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar an tAcht um Págh Talmhaíochta, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.