|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1937. | ||
[EN] |
ACHT POST-OIFIGE (POSTAS DO SHEACHAINT), 1937. | |
ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCOINNE POSTAS DO SHEACHAINT I gCÁSANNA ÁIRITHE. | ||
[4adh Márta, 1937.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Puist agus Telegrafa; | |
[EN] | tá an brí céanna leis an abairt “pacáid phuist” atá leis an abairt “postal packet” sa Post Office Act, 1908. | |
[EN] |
Pacáidí puist le n-a mbaineann an tAcht so. |
2. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so baineann an tAcht so le gach pacáid phuist— |
[EN] | (a) a postáltar lasmuich de Shaorstát Éireann, agus | |
[EN] | (b) a dírítear go dtí an seolaí ag seoladh i Saorstát Éireann. agus | |
[EN] | (c) a bheireann le tuisgint í do theacht o dhuine no do bheith á cur ar aghaidh ag duine no thar ceann duine chomhnuíonn no 'na mbíonn gnó ar siúl aige i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní bhainfidh an tAcht so le pacáid phuist do bheireann le tuisgint í theacht o dhuine no í bheith á cur ar aghaidh ag duine no thar ceann duine 'na mbíonn gnó ar siúl aige laistigh agus lasmuich de Shaorstát Éireann mara dtugann an phacáid phuist sin le tuisgint gan í theacht no bheith á cur ar aghaidh ach o sheoladh, no o sheolta uile, an duine sin i Saorstát Éireann. | |
[EN] |
Postas do sheachaint ar phacáidí puist le n-a mbaineann an tAcht so. |
3. —(1) Pé uair a bheidh an tsuim is có-ionann in airgead reatha Shaorstáit Éireann ar pár leis an bpostas do híocadh ar phacáid phuist le n-a mbaineann an tAcht so níos lugha ná an postas do bheadh iníoctha ar an bpacáid phuist sin dá mba i Saorstát Éireann do postálfaí í, féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis, an phacáid phuist sin do chur thar n-ais chun na tíre inar postáladh í, no an postas do bheadh iníoctha ar an bpacáid phuist sin dá mba i Saorstát Éireann a postálfaí í d'éileamh ar an duine agus do bhaint tré aicsean shíbhialta den duine go dtabharfaidh an phacáid phuist sin le tuisgint í theacht uaidh no í bheith curtha ar aghaidh aige no thar a cheann. |
[EN] | (2) Pé uair a bheartóidh an tAire aon tsuim maidir le pacáid phuist le n-a mbaineann an tAcht so d'éileamh agus do bhaint amach fén gcomhacht a bronntar leis an alt so, féadfaidh an tAire an phacáid phuist sin do choinneáil go dtí go mbeidh an tsuim sin íoctha leis no bainte amach aige. | |
[EN] |
Comhacht don Aire chun tuairisceáin d'éileamh. |
4. —(1) Pé uair a thiocfaidh an tAire ar phacáid phuist le n-a mbaineann an tAcht so i gcúrsa an phuist féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine go dtabharfaidh an phacáid phuist sin le tuisgint í theacht uaidh no í bheith curtha ar aghaidh aige no thar a cheann tuairisceán do thabhairt don Aire laistigh d'am (nach giorra ná trí lá o dháta sheirbheála an fhógra san) a luadhfar sa bhfógra san, tuairisceán ina luadhfar— |
[EN] | (a) an áit inar postáladh an phacáid phuist sin, agus | |
[EN] | (b) ainm agus seoladh an duine do phostáil an phacáid phuist sin, agus | |
[EN] | (c) an méid pacáidí puist den tsórt chéanna le n-a mbaineann an tAcht so do postáladh ar dháta no i rith tréimhse a luadhfar sa bhfógra san. | |
[EN] | (2) Déanfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar an duine ar a gcuireann san mar cheangal tuairisceán do thabhairt uaidh agus féadfar é sheirbheáil amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost roimhíoctha agus é dírithe chun an duine sin ag seoladh no ag aon cheann de sheolta an duine sin a bheidh luaidhte sa phacáid phuist le n-a mbainfidh an fógra san. | |
[EN] | (3) Má thárlann do dhuine ar bith, go gceangailfear air le fógra fén alt so tuairisceán do thabhairt don Aire, go dteipfidh air an tuairisceán san do thabhairt uaidh laistigh den am a luadhfar chuige sin sa bhfógra san no go gcuirfidh sa tuairisceán san ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air. | |
[EN] |
Cosaint do chomhachta reachtúla eile de chuid an Aire. |
5. —Ní bhainfidh éinní san Acht so o aon chomhacht ná ní dhéanfaidh dochar d'aon chomhacht a dílsítear san Aire leis an Post Office Act, 1908, no le haon bharántas no rialacháin atá déanta fén Acht san. |
[EN] |
Gearr-theideal, luadh agus léiriú. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Post-Oifige (Postas do Sheachaint), 1937 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Post-Oifige, 1908 go 1937, do ghairm de sna Post Office Acts, 1908 to 1920, agus den Acht so le chéile. | |
[EN] | (3) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Post Office Act, 1908. |