|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1937) | Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGID, 1937
CUID I. Cain Ioncuim. | ||
[EN] |
Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1937-38. |
1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge agus reul fén bpunt. |
[EN] | (2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, a héileofar amhlaidh í. | |
[EN] | (3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na forchánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh ioncuim a bheidh socruithe ar leanbhaí. |
2. —(1) Más rud é, de bhuadh no de dhruim socruithe agus le linn saol-ré an tsocruitheora, go mbeidh aon ioncum á íoc no iníoctha le leanbh leis an socruitheoir no ag fás chun tairbhe dhó in aon bhliain cháinmheasa, déanfar, má bhíonn an leanbh san fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh i dtosach na bliana san, an t-ioncum san d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim mar ioncum de chuid an toscruitheora in aghaidh na bliana san agus ní mar ioncum de chuid duine ar bith eile. |
[EN] | (2) I gcás maoin do bheith dílsithe in iontaobhaithe no ar seilbh acu, de bhuadh ionstruime neamh-incheiliúrtha, ar a leithéidí sin d'iontaobhaisí go mbainfeadh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (mara mbeadh an fo-alt so) le hioncum na maoine sin in aon bhliain cháinmheasa, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo alos aon choda den ioncum san a bheidh, sa bhliain cháinmheasa san, fásta chun tairbhe leinbh leis an socruitheoir (eadhon, leanbh a bheidh, i dtosach na bliana san, fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh) ná alos ioncuim eireoidh an bhliain cháinmeasa san as méaduithe ar an ioncum a luaidhtear anso roimhe seo; | |
[EN] | (b) pé uair a déanfar, in aon bhliain cháinmheasa thosnóidh tar éis an 5adh lá d'Abrán. 1937, aon tsuim ar bith d'íoc fé iontaobhaisí na hionstruime neamh-incheiliúrtha san as an maoin sin no as na méaduithe ar ioncum na maoine sin no as ioncum na maoine sin no as ioncum na méaduithe sin le leanbh leis an socruitheoir no chun tairbhe dhó (eadhon, leanbh a bheidh, i dtosach na bliana san, fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh) tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an tsuim sin d'íoc mar ioncum, ach san fé réir na teorann ná bainfidh an mhír seo leis an méid sin den tsuim sin is có-ionann leis an méid a bheidh iomlán na suime sin, maraon le gach suim eile (más aon tsuim é) a híocfar tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1937, fé iontaobhaisí na hionstruime neamhincheiliúrtha san leis an leanbh san leis an socruitheoir no chun tairbhe dhó no le haon leanbh eile leis an socruitheoir no chun tairbhe dhó (eadhon, leanbh do bhí, i dtosach na bliana cáinmheasa inar híocadh an tsuim eile sin, fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh), de bhreis ar mhéid iomlán an ioncuim eireoidh tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1937. as an maoin sin maraon leis an ioncuim eireoidh tar éis an dáta san as na méaduithe sin. | |
[EN] | Sa bhfo-alt so ní fholuíonn an focal “maoin” aon íocaíocht bhliantúil ná íocaíocht tréimhsiúil eile ar n-a hurrú le cumhnant an tsocruitheora, no le muirear ar n-a chur ag an socruitheoir ar a mhaoin go léir no ar aon chuid di no ar an ioncum iomlán a bheidh aige feasta no ar aon chuid de, no leis an gcumhnant san agus leis an muirear san. | |
[EN] | (3) Más rud é, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, go dtiocfaidh aon cháin ioncuim no for-cháin chun bheith ion-mhuirir ar shocruitheoir agus go n-íocfa sé í, beidh an socruitheoir sin i dteideal méid na cánach a híocfar amhlaidh do bhaint d'aon iontaobhaí no duine eile le n-a mbeidh an t-ioncum iníoctha de bhuadh no de dhruim an tsocruithe, agus chuige sin beidh sé i dteideal a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncuim deimhniú do thabhairt dó á luadh cadé an méid ioncuim ar ar íoc sé cáin amhlaidh agus cadé méid na cánach do híocadh amhlaidh, agus beidh gach deimhniú do bhéarfar amhlaidh ina fhianaise dho-chlaoite ar na fíora bheidh luaidhte ann. | |
[EN] | (4) Má gheibheann duine, alos aon liúntais no faoisimh, aisíoc cánach ioncuim de bhreis ar mhéid an aisíoca chun a mbeadh teideal aige mara mbeadh fo-alt (1) den alt so, déanfaidh méid is có-ionann leis an mbreis d'íoc leis an iontaobhaí no an duine eile le n-a mbeidh an t-ioncum iníoctha de bhuadh no de dhruim an tsocruithe agus, i gcás beirt no níos mó iontaobhaithe no daoine eile den tsórt san do bheith ann, déanfaidh san d'íoc sna cionúireachtaí sin is gá do réir chúrsaí an cháis. | |
[EN] | (5) Má eiríonn aon cheist i dtaobh méid aon íocaíochta no i dtaobh aon chion-roinnte bheidh le déanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, isiad na Coimisinéirí Speisialta bhéarfaidh breith ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a mbreith sin uirthi. | |
[EN] | (6) Aon ioncum a háirmheofar de bhuadh an ailt seo mar ioncum le haon duine áirithe, tuigfear gurb é an chuid is aoirde dá ioncum é. | |
[EN] | (7) Ní déanfar aon aisíoc fé alt 25 den Income Tax Act, 1918, i dtaobh cánach do híocadh alos ioncuim ar bith go mbeifear, de bhuadh an ailt seo, tar éis é áireamh mar ioncum shocruitheora. | |
[EN] | (8) Ar an 6adh lá d'Abrán, 1937, agus ón lá san amach scuirfidh mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Finance Act, 1922, agus na forálacha ina dhiaidh sin den alt san, sa mhéid go mbainid leis an mír sín (c), d'éifeacht do bheith acu alos aon tsocruithe le n-a mbaineann an t-alt so. | |
[EN] | (9) Baineann an t-alt so le gach socrú, pé áit ina ndearnadh no ina ndéanfar é agus pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh no déanfar é. | |
[EN] | (10) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú na habairte “ionstruim neamh-incheiliúrtha” san alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) léireofar an abairt sin mar abairt fholuíonn ionstruimí do rinneadh roimh an Acht so do rith chó maith le hionstruimí déanfar dá éis sin; | |
[EN] | (b) ní bheidh ionstruim ina hionstruim neamh-incheiliúrtha chun crícheanna an ailt seo má dheineann a cuid iontaobhas socrú i dtaobh gach ní no i dtaobh éinní no níos mó acu so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum d'íoc leis an socruitheoir no do chur chun críche don tsocruitheoir chun tairbhe dhó féin i gcás ar bith le linn saol-ré leinbh leis an socruitheoir go bhfuil no go mbeidh aon ioncum no méaduithe ar ioncum iníoctha leis no ionchurtha chun tairbhe dhó fé iontaobhaisí na hionstruime; | |
[EN] | (ii) aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum d'íoc le mnaoi chéile no le fear céile an tsocruitheora no do chur chun críche dhi no dhó chun tairbhe dhi féin no dhó féin le linn saol-ré an tsocruitheora i gcás ar bith le linn aon leanbh den tsórt san roimhráite leis an socruitheoir do bheith beo; | |
[EN] | (iii) deireadh do chur le hiontaobhaisí na hionstruime tré ghníomh no toisc faillí dhuine ar bith; | |
[EN] | (iv) an socruitheoir d'íoc pionóis i gcás é do theip air déanamh do réir forálacha na hionstruime; | |
[EN] | (c) ní coiscfear ar ionstruim bheith ina hionstruim neamhincheiliúrtha chun crícheanna an ailt seo de dhruim aon cheann no níos mó de sna forálacha so leanas do bheith in iontaobhaisí na hionstruime sin agus dá dhruim sin amháin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) foráil fé n-a dtiocfaidh aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum, no fé n-a bhféadfaidh an céanna teacht, chun bheith iníoctha leis an socruitheoir no le n-a mhnaoi chéile no le n-a fear céile no chun bheith ionchurtha chun tairbhe don tsocruitheoir no dá mhnaoi chéile no dá fear céile, ar dhócmhainneacht leinbh leis an socruitheoir go bhfuil no go mbeidh aon ioncum no méaduithe ar ioncum iníoctha leis no ionchurtha chun tairbhe dhó fé iontaobhaisí na hionstruime; | |
[EN] | (ii) foráil fé n-a dtiocfaidh aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum, no fé n-a bhféadfaidh an céanna teacht, chun bheith iníoctha leis an socruitheoir no le n-a mhnaoi chéile no le n-a fear céile no chun bheith ionchurtha chun tairbhe don tsocruitheoir no dá mhnaoi chéile no dá fear céile, i gcás aon leanbh den tsórt san roimhráite leis an socruitheoir do shannadh an chaipitail no an ioncuim sin no na méaduithe sin ar ioncum no do chur muirir ar an gcéanna; | |
[EN] | (iii) foráil chun deireadh do chur le hiontaobhaisí na hionstruime sa chuma san no sa tslí sin ná déanfadh san, le linn saol-ré aon leinbh den tsórt san roimhráite leis an socruitheoir, tairbhe d'aon duine seachas an leanbh san no a bhean chéile no a fear céile no a chlann no a clann. | |
[EN] | (11) San alt so— | |
[EN] | foluíonn an focal “leanbh” leas-leanbh, ucht-leanbh, agus leanbh mí-dhlisteanach; | |
[EN] | foluíonn an focal “socrú” aon chur de láimh, iontaobhas, cumhnant, có-aontú no réiteach, agus aon aistriú ar airgead no ar mhaoin eile no ar aon cheart chun airgid no chun maoine eile; | |
[EN] | foluíonn an focal “ioncum” (ach amháin sna háiteanna ina bhfuil sé san abairt “cáin ioncuim” agus sna háiteanna, i bhfo-alt (1), i mír (b) d'fho-alt (2) agus i bhfo-ailt (6) agus (7), ina bhfuil an focal “mar” díreach roimhe no san áit (sa bhfo-alt san (6)) ina bhfuil an focal “dá” díreach roimhe) aon ioncum is ionchurtha fé cháin ioncuim tré laigheadú no ar shlí eile agus aon ioncum do bheadh ionchurtha amhlaidh dá mba dhuine chomhnuíonn no chomhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann do gheobhadh é i Saorstát Éireann ach ní fholuíonn ioncum eireoidh fé shocrú i mbliain cháinmheasa ná beidh an socruitheoir ionchurtha fé cháin ioncuim ina haghaidh mar chomhnuitheoir i Saorstát Éireann. | |
[EN] |
Alt 39 den Income Tax Act, 1918, do leasú. |
3. —Léireofar fo-alt (2) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “eighty pounds a year by way of annuity” isteach ann in ionad na bhfocal “fifty-two pounds a year by way of annuity”. |
[EN] |
Caillteanaisí do thabhairt ar aghaidh i gcásanna áirithe. |
4. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go ndearnadh caillteanas do thárla do dhuine do thabhairt ar aghaidh fé alt 14 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), agus | |
[EN] | (b) toisc asbaintí, i dtaobh caitheamh meaisínteachta no gléasra, do lomháil (fé Riail 6 de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918) sna cáinmheasta in aghaidh na sé mblian díreach tar éis na bliana inar thárla an caillteanas san, nach féidir fén alt san 14 asbaint ná frithéileamh do lomháil alos an chaillteanais sin no alos coda dhe as an brabús no an sochar no i gcoinnibh an bhrabúis no an tsochair ar a bhfuil an duine sin á cháinmheas fén Sceideal san D in aghaidh na sé mblian san, | |
[EN] | ansan agus sa chás san, déanfar oiread san den chaillteanas san is ionann agus an méid de nár tugadh faoiseamh ina thaobh, ach go bhféadfaí é thabhairt mara mbeadh an lomháil roimhráite, do thabhairt ar aghaidh tuilleadh agus do lomháil mar asbaint no mar fhrithéileamh fé réim agus do réir an ailt sin 14, ach gus an atharú go dtuigfear, chun críche na tabhartha-ar-aghaidh breise sin, na focail “in aghaidh na sé mblian cáinmheasa” do bheith scriosta as fo-alt (1) den alt san agus na focail “in aghaidh gach bliana cáinmheasa” do bheith curtha in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh. | |
[EN] | (2) Ní déanfar an asbaint chéanna, i dtaobh caitheamh meaisínteachta no gléasra, dá dtabharfar éifeacht in aon bhliain cháinmheasa do chur san áireamh níos mó ná uair amháin chun crícheanna an ailt seo. | |
[EN] | (3) Aon fhaoiseamh do bhéarfar fén alt san 14 den Acht Airgid, 1929 (ar shlí seachas de bhuadh an ailt seo) o cháinmheas bhéarfar é alos caillteanais do thárla i mbliain laistigh de sna sé bliana díreach roimh bhliain an cháinmheasta sara dtabharfar aon fhaoiseamh de bhuadh an ailt seo alos caillteanais do thárla i mbliain ná raibh laistigh de sna sé bliana san. | |
[EN] | (4) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 6adh lá d'Abrán, 1936, agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige ar an dáta san agus ón dáta san amach. |