An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Airithe Custum.)

18 1937

ACHT AIRGID, 1937

CUID III.

Ilghneitheach agus Generalta.

Ráta an diúité stampa ar bhainc scair-shealbhacha do laigheadú.

15. —An diúité stampa forchuirtear le halt 49 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ar gach banc is banc scair-shealbhach de thurus na huaire do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 ( Uimh. 32 de 1927 ), éileofar agus íocfar é in aghaidh na leath bhliana dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, agus in aghaidh gach leath-bhliana ina dhiaidh sin do réir a dó go leith per cent. per annum ar an méid nótaí bainc có-dhlúite luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 49 in ionad an ráta de thrí per cent. per annum a luaidhtear sa bhfo-alt san.

Alt 33 den Acht Airgid, 1935 , do leasú.

16. —Déanfar agus deintear leis seo alt 33 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no mara ndeinidh no go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim (agus iad ag gníomhú mar adubhradh) toiliú i scríbhinn do thabhairt don bhancaer sin ag toiliú leis an íocaíocht san go dtí go ndéanfar amach agus go nglanfar an diúité sin” do chur i ndeireadh fo-ailt (1) de, agus

(b) tré sna focail “no toiliú” do chur i bhfo-alt (4) den alt san díreach i ndiaidh an fhocail “deimhniú”.

Cúiteamh d'íoc fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933.

17. —In ainneoin éinní contrárdha dhó san atá sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933, féadfaidh an tAire Airgid, más ceart san dar leis, íoc a dhéanamh in airgead, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, in aon chúiteamh no suim eile ceangailtear air no a húdaruítear dó leis na hAchtanna san d'íoc tré urrúis do thabhairt amach a bunuíodh fé alt 13 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 ( Uimh. 15 de 1923 ), no fén alt san mar a cuirtear i mbaint é tré achtachán ina dhiaidh sin.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

18. —D'fhonn airgead do sholáthar chun íoctha muirear a thuitfidh ar an bPrímh-Chiste i dtaobh scéimeanna chun fostaíocht do sholáthar agus chun fóirithint ar ghátar, déanfar suim chéad míle punt d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc as an Ród-Chiste leis an Stát-Chiste pé tráth no tráthanna, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Bainc áirithe do bhainistí stoc Rialtais.

19. —Go dtí go bhforálfaidh an tOireachtas a mhalairt, bainfidh na reachtanna agus na horduithe agus na rialacháin reachtúla uile agus fé seach, i dtaobh Banc na hÉireann do bhainistí stoc agus cistí agus urrús puiblí Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, a bhí i bhfeidhm díreach roimh Shaorstát Éireann do bhunú, bainfid agus tuigfear iad do bhaint riamh, gus na hatharuithe is gá, le Banc na hÉireann agus le Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta, fé seach do bhainistí stoc agus cistí agus urrús puiblí (seachas Bannaí Talmhan) de chuid Rialtais Shaorstáit Éireann.

Dearbhú bheidh le déanamh sara bhfuighfear suimeanna áirithe fé Achtanna Leithreasa.

20. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “Acht Leithreasa ina dhiaidh seo” Acht a rithfear tráth ar bith tar éis an Achta so do rith agus tré n-a ndéanfar soláthair do deonadh i siosón airithe den Oireachtas do chur i leithreas.

(2) Ní bhfuighidh duine ar bith aon chuid de dheontas a deonfar do réir Achta Leithreasa ina dhiaidh seo i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla go dtí go ndéanfaidh pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san.

(3) Pé uair a déanfar aon íocaíocht, den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, níos minicí ná uair sa ráithe, féadfaidh an tAire Airgid, in ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san, a cheadú gan ach aon dearbhú amháin den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

(4) Gach duine dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach de beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar triocha punt do chur air.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

21. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Tuigfear Cuid I den Acht so, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir inti, do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1937, agus beidh éifeacht aici an lá san agus ón lá san amach.