|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1937) | Ar Aghaidh (CUID II. Cuid II den Phriomh-Acht do leasu.) |
ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1937
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
1. —Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin, 1937 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |
[EN] |
Mínithe i gcoitinne. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935) ; | |
[EN] | tá leis na habairtí “ceadúnaí”, “áitreabh ceadúnuithe” agus “mion-leasuitheoir cláruithe” na bríonna céanna atá leo sa Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Feidhm ailt 3 den Phríomh-Acht. |
3. —Léireofar an abairt “an Achta so” atá i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht mar abairt a chialluíonn an Príomh-Acht no an tAcht so. |
[EN] |
Clárú mion-leasuitheoiri do chealú agus ceadúnaisí do cheiliúradh. |
4. —(1) I gcás mion-leasuitheora chláruithe do chiontú i gcionta fé alt ar bith den Acht so tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 19 den Phríomh-Acht, é do chiontú i gcionta fé alt den Phríomh-Acht, agus léireofar an fo-alt san (2) agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] | (2) Sárú dhéanfaidh ceadúnaí ar aon cheann d'fhorálacha an Achta so tuigfear, chun crícheanna ailt 30 den Phríomh-Acht, gur sárú é ar fhoráil den Phríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 30 dá réir sin. | |
[EN] |
Costaisí an Aire. |
5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé u-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm. |