|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Cuid III den Phriomh-Acht do leasu.) |
ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1937
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Cuid II den Phriomh-Acht do leasu. | |
[EN] |
An míniú ar“roimhthréimhse” do leasú. |
6. —Deintear an míniú atá in alt 5 den Phríomh-Acht ar an abairt “an roimh-thréimhse” do leasú leis seo tré sna focail “de dhá bhliain” atá anois ann do scriosadh amach agus na focail “de bhliain” do chur isteach ina n-ionad agus déanfar an Príomh-Acht, agus an Príomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin. |
[EN] |
Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú. |
7. —Leasuítear leis seo an leagan Béarla d'fho-alt (1) d'alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “person” do chur in ionad an fhocail “persons” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] |
Alt 24 den Phríomh-Acht do leasú. |
8. —Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 24 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (1) tríd an mír seo leanas do chur isteach in ionad míre (a) atá anois ann, sé sin le rá:— | |
[EN] | “(a) iarratais do dhéanamh, fé cheann mí ar a dhéanaí tar éis dul in eag don roimh-thréimhse, ag lorg ceadúnais alos áitreibh ar bith, agus”; | |
[EN] | (2) tríd an mír seo leanas do chur isteach in ionad míre (c) atá anois ann, sé sin le rá:— | |
[EN] | “(c) an iarratasóra dá chur ina luighe ar an Aire go ndearna sé dhá mhíle is dhá chéad céadmeáchaint de bhagún ar a laighead san áitreabh san i rith tréimhse nár ghiorra ná cúig seachtaine is dachad sa roimh-thréimhse,”. | |
[EN] |
Alt 72 den Phríomh-Acht do leasú. |
9. —Déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 72 den Phríomh-Acht don Acht Tora Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 (Uimh. 26 de 1933) , do léiriú mar thagairt do sna hAchtanna Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 agus 1935. |
[EN] |
E bheith d'oblagáid ar cheadúnaí bagún do thaisbeáint do scrúdóirí tréidliaghachta chun é scrúdú agus leasuithe iarmartacha ar an bPríomh-Acht. |
10. —(1) I gcás bagún do tháirgeadh in áitreabh ceadúnuithe o chonablaigh ar ar cuireadh na marcanna (dá ngairmtear na marcanna conablaigh sa bhfo-alt so) a horduítear leis na rialacháin do rinneadh fé fho-alt (1) d'alt 54 den Phríomh-Acht, agus na marcanna conablaigh do bheith ar an mbagún san, déanfaidh an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, sara gconsighneofar an bagún san ón áitreabh san, an bagún san do thaisbeáint do scrúdóir thréidliaghachta chun é scrúdú do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (bagún) do rinneadh fé fho-alt (3) d'alt 52 den Phríomh-Acht agus ar n-a thaisbeáint amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) más deimhin leis an scrúdóir tréidliaghachta san, tar éis an scrúduithe sin, gur do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh do rinneadh fé alt 43 den Phríomh-Acht do táirgeadh an bagún san agus go bhfuil an bagún san oiriúnach mar bhia do dhaoine cuirfe sé san in úil don cheadúnaí dá réir sin; | |
[EN] | (b) maran deimhin san leis an scrúdóir tréidliaghachta san tar éis an scrúduithe sin, bainfidh gach rian de sna marcanna conablaigh den bhagún san. | |
[EN] | (2) Má theipeann ar aon cheadúnaí déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] | (4) Leasuítear leis seo an Príomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) tré fho-ailt (2) agus (4) d'alt 54 do scriosadh amach; | |
[EN] | (b) tré sna focail “no ar an mbagún (do réir mar bheidh)” do scriosadh amach as fo-alt (3) den alt san 54; | |
[EN] | (c) tré sna focail “no ar aon bhagún” do scriosadh amach as fo-alt (5) den alt san 54; | |
[EN] | (d) tré alt 56 do scriosadh amach; | |
[EN] | (e) tré sna focail “ar a mbeidh scrúdóir tréidliaghachta tar éis na marcanna do chur a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh bagúin do mharcáil” do scriosadh amach as fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht agus tré sna focail “eadhon, bagún ar a mbeidh na marcanna a horduítear leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil agus go bhfuair scrúdóir tréidliaghachta ar é scrúdú gur do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh do táirgeadh é agus go bhfuil sé oiriúnach mar bhia do dhaoine,” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh; | |
[EN] | (f) tré sna focail “ar ar chuir scrúdóir tréidliaghachta na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh bagúin do mharcáil” do scriosadh amach as fo-alt (3) den alt san 57 agus tré sna focail “eadhon, bagún ar a mbeidh na marcanna a horduítear leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil agus go bhfuair scrúdóir tréidliaghachta ar é scrúdú gur do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh do táirgeadh é agus go bhfuil sé oiriúnach mar bhia do dhaoine,” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh; | |
[EN] | (g) tré sna focail “scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin” do scriosadh amach as mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 66 agus tré sna focail “conablach do mharcáil” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh; | |
[EN] | (h) tré sna focail “marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta)” do scriosadh amach as mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 71; | |
[EN] | (i) tríd an míniú ar an abairt “marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta)” agus fós na focail “is ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta) agus í den phatrún a bheidh orduithe le rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin; no” do scriosadh amach as fo-alt (4) den alt san 71. |