|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. Fuirmeacha.) |
ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937
[EN] | ||
[EN] |
TRIU SCEIDEAL. Rialacha chun na Votanna do Chomhreamh. | |
1. (1) Tógfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin gach beartán fé leith de pháipéirí ballóide dleathacha bheidh faighte aige o sna cinn chomhrimh áitiúla agus nótóidh agus breacfaidh an uimhir de pháipéirí ballóide bheidh i ngach beartán fé leith den tsórt san agus ainm an iarrthóra dá mbeidh na céad-roghna breactha sna páipéirí ballóide sin mar a bheid san luaidhte sna cúl-scríbhinní bheidh déanta ar na beartáin sin ag an gceann comhrimh áitiúil. | ||
(2) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, más ceart san dar leis, na páipéirí ballóide in aon bheartán den tsórt san d'athchomhreamh, riaradh na bpáipéar ballóide ar an mbeartán san do sheiceáil, agus pé atharú (más aon cheann é) is gá de dhruim an athchomhrimh agus na seiceála san do dhéanamh ar an gcúl-scríbhinn ar an mbeartán san. | ||
(3) Ní dhéanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fiosrú ná breithniú i dtaobh dleathachta aon pháipéir bhallóide in aon bheartán den tsórt san. | ||
2. Nuair a bheidh an riail deiridh sin roimhe seo cólíonta ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin, cuirfidh i leith gach iarrthóra fé leith uimhir de vótanna bheidh có-ionann leis an uimhir iomlán de pháipéirí ballóide sna beartáin sin ar ar breacadh céad-rogha don iarrthóir sin. | ||
3. Gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin amach ansan cadé uimhir iomlán na bpáipéar ballóide atá sna beartáin sin uile le chéile agus roinnfidh an uimhir iomlán san ar a dó; isé toradh na roinnte sin, agus aon curtha leis, an uimhir de vótanna (dá ngairmtear an “quota” as Sceideal so) is leor chun iarrthóir do thogha. | ||
4. Más rud é, i ndeireadh aon chomrimh, gur có-ionann leis an quota no gur mó ná é an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith toghtha agus ní déanfar a thuilleadh aistrithe ar vótanna. | ||
5. (1) Más rud é, i ndeireadh aon chomhrimh, ná beidh iarrthóir ar bith toghtha, dúnfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin amach an t-iarrthóir is lugha go mbeidh vótanna curtha ina leith, agus scrúdóidh páipéirí uile an iarrthóra san agus riarfaidh na páipéirí ionaistrithe ina bhfo-bheartáin do réir na gcéad roghna infheadhma eile bheidh breactha ortha d'iarrthóirí leanúnacha, agus aistreoidh gach fo-bheartán fé leith chun an iarrthóra dá mbeidh an rogha san breactha, agus déanfaidh fo-bheartán ar leithligh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe. | ||
(2) Déanfar na páipéirí sa bhfo-bheartán de pháipéirí neamhionaistrithe do chur i leataoibh mar pháipéirí go bhfuiltear réidh ar fad leo agus áirmheofar iad ina bpáipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtacha i ndeimhniú toradh an toghacháin. | ||
(3) I gcás iomlán vótanna an dá iarrthóir, no níos mó, is ísle do bheith níos lugha ná an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde ná iad, féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, d'aon oibriú amháin, na hiarrthóirí sin do dhúnadh amach agus a vótanna d'aistriú do réir mhíre (1) den riail seo. | ||
(4) Más rud é, nuair is gá iarrthóir do dhúnadh amach fén Riail seo, go mbeidh an uimhir chéanna de vótanna ag dhá iarrthóir no níos mó agus gurb iad is ísle, féachfar don uimhir de bhun-vótanna bheidh curtha i leith gach iarrthóra fé leith acu san agus dúnfar amach an t-iarrthóir is lugha bun-vótanna agus, más có-ionann bun-vótanna dhóibh, féachfar do sna huimhreacha iomlána de vótanna do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh agus dúnfar amach an t-iarrthóir ba lugha vótanna sa chomhreamh san agus má ba chó-ionann an uimhir de vótanna do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin le crann-chur ce'ca aca dúnfar amach. | ||
6. Pé uair a déanfar aon aistriú vótanna fén riail deiridh sin roimhe seo cuirfear i leith an iarrthóra chun a ndéanfar an t-aistriú uimhir de vótanna is có-ionann leis an uimhir de pháipéirí do haistríodh chuige. | ||
7. Nuair is líonmhaire vótanna iarrthóra leanúnaigh áirithe éigin (dá ngairmtear sa riail seo an t-iarrthóir a céad-luaidhtear) ná vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha no an iarrthóra leanúnaigh eile, leis sin tuigfear an t-iarrthóir a céad-luaidhtear do bheith toghtha agus ní déanfar a thuilleadh aistrithe ar vótanna. | ||
8. (1) I ndeireadh aon chomhrimh féadfaidh aon ghníomhaire thar ceann iarrthóra a iarraidh ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'athscrúdú agus d'athchomhreamh, agus ar n-a iarraidh sin air athscrúdóidh agus athchomhreoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin dá réir sin na páipéirí le n-a mbainfidh an t-iarratas san, ach ní dhéanfaidh aon atharú ar riaradh na bpáipéirí sna beartáin iomdha ach amháin i gcás in ar gá an t-atharú san toisc earráid do fuarthas san athchomhreamh. | ||
(2) Ní bheidh ar an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin aon bheartán páipéirí d'athscrúdú ná d'athchomhreamh ach uair amháin do réir na míre deiridh sin roimhe seo den riail seo. | ||
(3) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, más ceart san dar leis aon uair le linn comhreamh na vótanna, gach beartán no aon bheartáin de pháipéirí (agus ortha san na beartáin a bheidh faighte aige o chinn chomhrimh áitiúla) d'athscrúdú agus d'athchomhreamh agus féadfaidh an t-athscrúdú agus an t-athchomhreamh san do dhéanamh chó minic agus is dóich leis is gá é chun a áirithiú go mbeidh an comhreamh cruinn. | ||
9. Má éiríonn aon cheist i dtaobh aon iarrthóir do dhúnadh amach no aon vótanna d'aistriú ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin pe'ca adéarfaidh í no is iontuigthe as a ghníomhartha í. | ||
10. Tuigfear páipéar neamh-ionaistrithe do dhéanamh de pháipéar bhallóide pé uair a thárlóidh— | ||
(a) gurb í an t-aon uimhir amháin a bheidh curtha síos ar an bpáipéar ballóide sin os coinne ainmneacha dhá iarrthóir no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nach eadh) agus gurb iad na céad iarrthóirí eile iad in ord rogha, no | ||
(b) go mbeidh curtha síos ar an bpáipéar ballóide sin, os coinne ainm an chéad iarrthóra eile in ord rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nach eadh), uimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipéar ballóide no dhá uimhir no níos mó, no | ||
(c) go mbeidh an páipéar ballóide sin gan bhrí toisc nea-chinnteachta. | ||
11. Sna rialacha so— | ||
cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” iarrthóir ná tuigfear a bheith toghtha agus ná beidh dúnta amach; | ||
cialluíonn an abairt “céad-rogha” an figiúir “1” ina aonar agus é curtha os coinne ainm an iarrthóra i slí thaisbeánann go bhfuil an chéad rogha á dhéanamh den iarrthóir sin; | ||
cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i leanúntas an fhigiúra “1” agus é curtha os coinne ainm iarrthóra i slí thaisbeánann go bhfuil an dara rogha á dhéanamh den iarrthóir sin; | ||
cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” an dara rogha no rogha ina dhiaidh sin a bheidh breactha in ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar roghna d'iarrthóirí bheidh dúnta amach cheana; | ||
cialluíonn an abairt “páipéar ionaistrithe” páipéar ballóide ar a mbeidh an dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha, ag leanúint céad-roghan, in ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach; | ||
cialluíonn an abairt “páipéar neamh-ionaistrithe” páipéar ballóide ná beidh an dara rogha ná rogha ina dhiaidh sin breactha air in ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach, agus foluíonn páipéar go dtuigfear, do réir na rialach deiridh sin roimhe seo, páipéar neamh-ionaistrithe do dhéanamh de; | ||
nuair a húsáidtear an focal “bun-vóta” maidir le haon iarrthóir, cialluíonn sé vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh céad-rogha breactha don iarrthóir sin; | ||
nuair a húsáidtear an abairt “vóta aistrithe” maidir le haon iarrthóir, cialluíonn sí vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin; | ||
cialluíonn an focal “comhreamh” gach oibriú is gá do dhéanamh in aistriú vótanna iarrthóra bheidh dúnta amach agus foluíonn fós (i ngach cás ina gceaduíonn an có-théacs é) gach oibriú is gá do dhéanamh i gcomhreamh na gcéad-roghna bheidh breactha d'iarrthóirí sa mhéid go ndéanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin na hoibrithe sin; | ||
cialluíonn an abairt “tuigfear a bheith toghtha” tuigfear a bheith toghtha chun críche comhreamh na vótanna, ach beidh san gan dochar do thoradh na vótaíochta do dhearbhú; | ||
cialluíonn an abairt “cinneadh le crann-chur” cinneadh do réir na treorach so leanas, sé sin le rá, tar éis ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbainfidh do scríobhadh ar bhlúirí páipéir có-chosúla agus na blúirí sin d'fhilleadh i slí ná haithneofar thar a chéile iad, agus iad do mheascadh agus iad do tharrac gan ordú gan eagar, dúnfar amach an t-iarrthóir no na hiarrthóirí san ord ina dtarraiceofar a n-ainmneacha. |