An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Fuirm, Luadh, agus Oibriu Achtanna den Oireachtas.) Ar Aghaidh (CUID IV. Comhachta agus Dualgaisi Reachtula.)

38 1937

ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937

CUID III.

Bri agus Leiriu Focla agus Abairti Airithe.

Rialacha generálta áirithe léiriúcháin.

11. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú gach Achta den Oireachtas agus gach ionstruime déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) Uathadh agus iolradh. Déanfar gach focal go mbrí uathaidh do léiriú amhail is go mbeadh brí iolraidh leis freisin maran léir a mhalairt do bheith beartuithe agus déanfar gach focal go mbrí iolraidh do léiriú amhail is go mbeadh brí uathaidh leis freisin maran léir a mhalairt do bheith beartuithe;

(b) Firinscneach agus baininscneach. Déanfar gach focal go mbrí firinscneach do léiriú amhail is go mbeadh brí baininscneach leis freisin maran léir a mhalairt do bheith beartuithe;

(c) Duine. Maran léir a mhalairt do bheith beartuithe léireofar an focal “duine” amhail is go gciallódh cólucht corpruithe (pe'ca corparáid ilphearsan no corparáid éinphearsan é) agus cólucht nea-chorpruithe de dhaoine chó maith le pearsain aonair;

(d) Am. Gach focal no abairt a bhaineann le ham agus gach tagairt do phuinte ama, léireofar iad, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, mar nithe bhaineann le meán-am Greenwich no thagrann dó san, ach san fé réir forálacha aon achtacháin fé n-a mbeidh deifríocht idir an t-am in Éirinn agus meán-am Greenwich ar feadh tréimhse áirithe;

(e) Faid slí. Gach focal no abairt a bhaineann leis an bhfaid slí idir dhá phuinte agus gach tagairt don fhaid slí o phuinte no go puinte, léireofar iad, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, mar nithe bhaineann leis an bhfaid slí sin no thagrann don fhaid slí sin ar n-a tomhas i líne dhíreach ar phlána chothrománach;

(f) Luaidhte. Maran léir a mhalairt do bheith beartuithe déanfar gach tuairisc no luadh, ar aon reacht no ionstruim no scríbhinn eile no as, do léiriú mar ní a fholuíonn an focal, an fo-alt, an t-alt, no an pháirt eile luaidhtear no dá dtagartar mar thosach no mar dheireadh na páirte bheidh sa tuairisc no sa luadh no mar phuinte o n-a síneann no chun a síneann an pháirt sin;

(g) Ciumhais-nótaí. Ní tuigfear gur cuid den Acht no den ionstruim aon chiumhais-nóta bheidh le hais aon ailt no forála chun a innsint cad is abhar no lánas no éifeacht don alt no don fhoráil sin ná aon mhírcheann ná croslíne bheidh os cionn no i dtosach Coda, ailt no forála no grúpa d'ailt no d'fhorálacha chun a innsint cad is abhar no lánas no éifeacht don Chuid, don alt, don fhoráil, no don ghrúpa san, ná ní déanfar an céanna do bhreithniú ná áird do thabhairt air i gcúrsaí breithiúntais maidir leis an Acht no leis an ionstruim no le haon pháirt de cheachtar acu do léiriú;

(h) Tréimhsí aimsire. Má deirtear tréimhse aimsire do thosnú lá áirithe no do bheith le háireamh o lá áirithe tuigfear gur cuid den tréimhse sin an lá san maran léir a mhalairt do bheith beartuithe agus má deirtear tréimhse áirithe do chríochnú lá áirithe no do bheith le háireamh go dtí lá áirithe tuigfear gur cuid den tréimhse sin an lá san maran léir a mhalairt do bheith beartuithe;

(i) Ciontaí corparáidí. Maran léir a mhalairt do bheith beartuithe déanfar tagairtí do dhuine maidir le cionta (pe'ca ar dhíotáil no ar chiontú ann ar an slí achmair a bheidh sé inphionósuithe) do léiriú mar nithe fholuíonn tagairtí do chólucht chorpruithe.

Na habairtí agus na focail sa Sceideal do léiriú.

12. —I ngach Acht den Oireachtas agus i ngach ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san isé is brí no is léiriú no is éifeacht do gach focal agus do gach abairt dá gceaptar brí no léiriú no éifeacht áirithe sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná an brí no an léiriú no an éifeacht a ceaptar dó amhlaidh, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe.

Ionstruimí reachtúla áirithe do léiriú.

13. —Gach abairt agus gach focal a húsáidfear in ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas beidh an brí céanna leis san ionstruim sin a bheidh leis san Acht no sna hAchtanna fé n-a ndéanfar an ionstruim sin, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe.

Ciontaí fé dhá dhlí no níos mó.

14. —Más cionta fé dhá reacht no níos mó no fé reacht agus fén dlí coiteann éinní áirithe, pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí déanfar é, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, dlighfear an ciontuitheoir do chúiseamh agus do phionósú fé cheachtar no fé aon cheann de sna reachta san no fén dlí coiteann ach ní dlighfear é phionósú fé dhó san aon chionta amháin.