40 1937


Uimhir 40 de 1937.


ACHT BUNREACHTA (FORÁLACHA IARMARTACHA), 1937.


ACHT CHUN FORÁLACHA IOMDHA DO DHÉANAMH IS GÁ DE DHRUIM BUNREACHT NA hÉIREANN D'ACHTUIGH AN POBAL LE DÉANAÍ DO THEACHT I nGNÍOMH NO GHABHAS LE N-A THEACHT I nGNÍOMH. [17adh Mí na Nodlag, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí.

Na habairtí “Saorstát Éireann” agus “Irish Free State” d'oiriúnú go generálta.

2. —(1) I ngach reacht agus instruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta thiocfaidh an Bunreacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht, déanfar na habairtí “Saorstát Éireann” agus “Irish Free State” (pe'ca bheidh na habairtí sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe ina dhiaidh sin no bheid iontuigthe ann de bhuadh oiriúnuithe no léirithe ghenerálta no áirithe)—

(a) déanfar iad do léiriú agus beidh éifeacht acu, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh no le tréimhse no le sreath de thréimhsí a chríochnóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh iad agus fé mar do bhí éifeacht acu fé seach díreach roimh dháta an Bhun reachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus

(b) déanfar iad do léiriú agus beidh éifeacht acu, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh no maidir le tréimhse no le sreath de thréimhsí a thosnóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar abairtí chialluíonn Éire (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus

(c) déanfar, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh go leathrannach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht agus go leathrannach dá éis sin no maidir le tréimhse thosnóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht agus a chríochnóidh dá éis sin no maidir le sreath de thréimhsí gur roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht a thosnóidh an chéad cheann acu agus gur dá éis sin a chríochnóidh an ceann deiridh acu, iad do léiriú agus beidh éifeacht acu (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt)—

(i) i ndáil leis an méid sin den ní sin a déanfar no bheidh le déanamh, agus leis an méid sin den teagmhas san a thárlóidh agus leis an gcuid sin den tréimhse sin no den tsreath san de thréimhsí bheidh ann roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh iad agus fé mar do bhí éifeacht acu fé seach díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh, agus

(ii) i ndáil leis an méid sin den ní sin a déanfar no bheidh le déanamh agus leis an méid sin den teaghmhas san a thárlóidh agus leis an gcuid sin den tréimhse sin no den tsreath san de thréimhsí bheidh ann tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar abairtí chialluíonn Eirc.

(2) Aon oiriúnú déanfar ar an abairt “Saorstát Éireann” no ar an abairt “Irish Free State” de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so. ní oibreoidh sé chun brí na habairte sin do leathnú i slí go bhfolódh sí aon líomatáistc ná beidh, de thurus na huaire, laistigh de líomatáiste feidhme na ndlithe achtófar ag an Oireachtas.

(3) Ní oibreoidh mír (c) d'fho-alt (1) den alt so, ná aon oiriúnú déanfar de bhuadh na mírc sin, chun briseadh do dhéanamh ar leanúnachas ná chun dochar do dhéanamh ar shlí eile do leanúnachas aon ruda, teagmhais, tréimhse no sreatha de thréimhsí den tsórt a luaidhtear sa mhír sin.

Tagairtí d'Uachtarán na hArd-Chomhairle agus dá Roinn d'oiriúnú.

3. —(1) O dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus dá éis sin, isé bheidh mar ainm agus mar theideal ar Roinn Uachtaráin na hArd-Chomhairle ná Roinn an Taoisigh agus isé an Taoiseach an tAire is ceann ar an Roinn sin.

(2) Gach luadh no tagairt, d'Uachtarán na hArd-Chomhairle no do Roinn Uachtaráin na hArd-Chomhairle, a bheidh in aon reacht no ionstruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht (pe'ca bheidh an luadh no an tagairt sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe ina dhiaidh sin no bheidh sé iontuigthe ann de bhuadh oiriúnuithe no léirithe ghenerálta no áirithe)—

(a) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh é agus fé mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus

(b) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar luadh no mar thagairt don Taoiseach no do Roinn an Taoisigh (fé mar is gá sa chás) mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt.

(3) An t-airgead uile do sholáthruigh Oireachtas Shaorstáit Éireann chun crícheanna Roinne Uachtaráin na hArd-Chomhairle i rith na bliana airgeadais dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, tuigfear gur soláthruíodh é amhlaidh freisin chun crícheanna Roinne an Taoisigh i rith na bliana airgeadais sin agus féadfar, dá réir sin, é do chur, i rith na bliana airgeadais sin, chun crícheanna Roinne Uachtaráin na hArd-Chomhairle no Roinne an Taoisigh, fé mar is gá sa chás.

Tagairtí d'oifigigh agus d'údaráis d'oiriúnú go generálta.

4. —(1) Gach luadh no tagairt a bheidh in aon reacht no ionstruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm dá éis sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht (pe'ca bheidh an tagairt sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe ina dhiaidh sin no bheidh sé iontuigthe ann do bhuadh atharuithe no léirithe ghenerálta no áirithe), agus is luadh no tagairt d'aon duine no cólucht oifigiúil no d'aon údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais no feidhmiúcháin é, do bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann no fé no bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht san no dá bhuadh—

(a) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh é agus fé mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus

(b) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar luadh no mar thagairt (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt) don duine no don chólucht oifigiúil no don údarás riaghaltais (do réir mar a bheidh) a bunófar leis an mBunreacht no fé no bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht no dá bhuadh agus a bheidh ar có-réir leis an duine no leis an gcólucht oifigiúil sin no leis an údarás riaghaltais sin no ag á mbeidh na feidhmeanna céanna bhí ag an duine no ag an gcólucht oifigiúil sin no ag an údarás riaghaltais sin do bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann no fé no bhí ag feidhmiú fén mBunreacht san no dá bhuadh.

(2) Má eiríonn aon cheist maidir leis an duine no leis an gcólucht oifigiúil no maidir leis an údarás riaghaltais a bunófar leis an mBunreacht no fé no bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht no dá bhuadh agus a bheidh, chun críche an ailt seo, ar có-réir le duine no le cólucht oifigiúil áirithe no le húdarás riaghaltais áirithe a bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann no fé no bhí ag feidhmiú fén mBunreacht san no dá bhuadh, isé an Taoiseach do bhéarfaidh breith ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.

(3) Na hoiriúnuithe generálta deintear leis an alt so beid fé réir gach oiriúnuithe áirithe agus gan dochar d'aon oiriúnú áirithe deintear le haon alt eile no déanfar fé aon alt eile den Acht so, agus má bhíonn aon bhuiniscionntacht idir na hoiriúnuithe generálta san agus aon oiriúnú áirithe den tsórt san, is ag an oiriúnú áirithe sin a bheidh an forlámhas.

Comhacht ag an Riaghaltas chun oiriúnuithe agus atharuithe speisialta do dhéanamh.

5. —(1) Chun a chur in áirithe go leanfaidh na dlithe bheidh i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh de lán-fheidhm agus de lán-éifeacht do bheith acu do réir Airteagail 50 den Bhunreacht agus sa mhéid a foráltar leis an Airteagal san, féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, gach oiriúnú no atharú, generálta no áirithe, do dhéanamh ar aon reacht no ar aon ionstruim reachtúil a leanfaidh i bhfeidhm de bhuadh an Airteagail sin 50 is dóich leis an Riaghaltas do bheith riachtanach chun na críche roimhráite.

(2) Más dóich leis an Riaghaltas, ag féachaint do chúrsaí an cháis, gur gá san, féadfaidh oiriúnú no atharú áirithe déanfar fén alt so bheith buiniscionn le haon oiriúnú no atharú, áirithe no generálta, a deintear le haon alt eile den Acht so agus i ngach cás den tsórt san is ag an oiriúnú no ag an atharú áirithe déanfar fén alt so bheidh an forlámhas.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige o thosach feidhme an Achta so mara bhforálfar a mhalairt leis an ordú san.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

An Prímh-Chiste agus an Stát-Chiste.

6. —(1) An ciste go luaidhtear in Airteagal 11 den Bhunreacht gurb é an t-aon chiste amháin é ina gcuirfear ioncum an Stáit bhéarfar an Prímh-Chiste mar ainm agus mar theideal air agus, san alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo den Acht so, gairmtear Prímh-Chiste na hÉireann de chun crícheanna idirdhealuitheachta.

(2) Gach luadh no tagairt, do Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no do Stát-Chiste Shaorstáit Éireann, a bheidh in aon reacht no ionstruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht (pe'ca bheidh an luadh no an tagairt sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe dá éis sin no bheidh sé iontuigthe ann de bhuadh oiriúnuithe no léirithe ghenerálta no áirithe)—

(a) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh é agus fé mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus

(b) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar luadh no mar thagairt do Phrímh-Chiste na hÉireann no do Stát-Chiste na hÉireann (fé mar is gá sa chás). mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt.

Forálacha iarmartacha i dtaobh an Phrímh-Chiste.

7. —(1) Gach airgead, súncáil, urrús agus sócmhainn eile gurbh iad Prímh-Chiste Shaorstáit Éireann iad agus ba chuid den Chiste sin no bhí sa Chiste sin díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht tiocfaid chun bheith agus beid i bPrímh-Chiste na hÉireann agus ina sócmhainní den Chiste sin díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht.

(2) Gach airgead a bheidh dlite do Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, pe'ca bheidh sé dlite agus iníoctha an tráth san no le teacht chun bheith dlite agus iníoctha (go deimhnitheach no go teagmhasach) tráth éigin ina dhiaidh sin, tiocfaid chun bheith agus beid, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, dlite do Phrímh-Chiste na hÉireann agus beid iníoctha leis an gCiste sin agus ionbhainte amach ina chóir dá réir sin láithreach no do réir mar a thiocfaid, agus nuair a thiocfaid, chun bheith dlite fé seach (fé mar is gá sa chás).

(3) Gach airgead a bheidh dlite d'aon Aire no d'aon údarás riaghaltais chun sochair do Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ina chóir no in aon tslí thar a cheann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, pe'ca bheid dlite agus iníoctha an tráth san no le teacht chun bheith dlite agus iníoctha (go deimhnitheach no go teagmhasach) tráth éigin ina dhiaidh sin, tiocfaid chun bheith agus beid, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, dlite don Aire no don údarás riaghaltais chó-réire bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht no dá bhuadh, agus beid iníoctha agus ionbhainte amach, láithreach no do réir mar a thiocfaid agus nuair a thiocfaid chun bheith dlite fé seach (fé mar is gá sa chás), chun sochair do Phrímh-Chiste na hÉireann no ina chóir no thar a cheann, leis na daoine agus ag na daoine céanna no leis na daoine agus ag na daoine có-réire fé mar a bhídís roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht.

(4) Na fiacha, na fiachaisí, na freagarthachtaí, agus na muirir uile bheidh ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, pe'ca bheid dlite agus iníoctha an tráth san do le teacht chun bheith dlite agus iníoctha (go deimhnitheach no go teagmhasach) tráth éigin ina dhiaidh sin, tiocfaid chun bheith agus beid, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, ina bhfiacha, ina bhfiachaisí, ina bhfreagarthachtaí no ina muirir (do réir mar a bheidh) ar Phrímh-Chiste na hÉireann agus glanfar no íocfar iad as an gCiste sin dá réir sin láithreach no do réir mar a thiocfaid agus nuair a thiocfaid chun bheith dlite fé seach (fé mar is gá sa chás).

Séala an Riaghaltais.

8. —(1) Beidh séala oifigiúil ag an Riaghaltas agus bhéarfar áird air i gcúrsaí oifigiúla agus i gcúrsaí breithiúntais.

(2) Nuair a greamófar séala an Riaghaltais d'aon ionstruim no scríbhinn déanfar é dhílse-dheimhniú le sighniú an Taoisigh no an Tánaiste no le sighniú rúnaí no oifigigh eile don Riaghaltas go n-údarás aige ón Taoiseach chun gníomhú chuige sin.

(3) Féadfaidh níos mó ná aon oifigeach amháin údarás do bheith acu fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tráth ar bith chun séala an Riaghaltais do dhílse-dheimhniú le n-a sighniú, ach má bhíonn an t-údaras san ag dhá oifigeach no níos mó ní gá dá dhruim sighniú níos mó ná aon oifigeach amháin den tsórt san chun an tséala san do dhílse-dheimhniú.

(4) Gach ordú no ionstruim eile bheidh séaluithe le séala an Riaghaltais déanfar, má bheireann le tuisgint an séala san do bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo, é ghlacadh i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais agus, go sonnrách, ní gá cruthú do dhéanamh ar aon tsighniú bheith curtha leis an ionstruim sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin ná ar oifig ná ar údarás an duine go dtugann an sighniú sin le tuisgint gurb é a shighniú é.

(5) Mara mbeidh aon tséala den tsórt a foráltar sna forálacha san roimhe seo den alt so ar fáil le linn tosach feidhme an Achta so, beidh sé dleathach don Riaghaltas úsáid do dhéanamh, go dtí go mbeidh an séala san ar fáil, de shéala Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann agus, chuige sin, dearbhuítear agus achtuítear leis seo gurb é séala Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann séala an Riaghaltais do réir bhrí an ailt seo sa chás agus go ceann na haimsire adubhradh agus bainfidh an t-alt so leis an gcéanna dá réir sin.

Séalaí oifigiúla atá ann cheana d'úsáid go sealadach.

9. —(1) Go dtí go soláthrófar séala oifigiúil agus go mbeidh san ar fáil chun úsáide an Taoisigh, beidh sé dleathach don Taoiseach an séala bheidh á úsáid agu Uachtarán na hArd-Chomhairle mar shéala oifigiúil díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht d'úsáid mar shéala oifigiúil, agus faid a bheidh séala san Uachtaráin na hArd-Chomhairle á úsáid amhlaidh ag an Taoiseach isé séala oifigiúil an Taoisigh é chun gach críche.

(2) Gach duine no cólucht oifigiúil agus gach údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais no feidhmiúcháin é, gur gá dhó no dhóibh do réir dlí séala oifigiúil do bheith aige no acu, beidh sé dleathach dhó no dhóibh, go dtí go soláthrófar séala nua agus go mbeidh san ar fáil dó no dhóibh, leanúint d'úsáid do dhéanamh, mar shéala oifigiúil, den tséala bheidh á úsáid mar shéala oifigiúil, díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, ag an duine, ag an gcólucht no ag an údarás riaghaltais sin no ag réamh-theachtaí díreach an duine, an chóluchta no an údaráis riaghaltais sin (do réir mar is gá sa chás).

(3) Gach séala bheidh á úsáid de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so mar shéala oifigiúil ag aon duine no cólucht oifigiúil no ag aon údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais no feidhmiúcháin é, isé séala oifigiúil an duine, an chóluchta no an údaráis riaghaltais sin é chun gach críche faid a bheidh sé á úsáid amhlaidh.

Achtacháin a bhaineann le Seanad Éireann d'aithbheochaint.

10. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht um Sheanad Éireann (Forálacha Iarmartacha), 1936 (Uimh. 26 de 1936) .

(2) Deintear leis seo Acht 1936 d'athghairm agus beidh feidhm ag an athghairm sin ar dháta céad-tionól Sheanad Éireann agus ón dáta san amach.

(3) An athghairm a deintear leis an alt so ar Acht 1936, oibreoidh sé (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an alt so) chun gach Acht no cuid d'Acht do hathghairmeadh le hAcht 1936 d'aithbheochaint agus do thabhairt i bhfeidhm arís ar dháta na hathghairme sin agus dá réir sin gach Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann (idir Achtanna príobháideacha agus Achtanna puiblí) do ritheadh roimh Acht 1936 do rith agus gach ordú, rialachán, no ionstruim eile ar n-a dhéanamh fé aon Acht den tsórt san oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige agus léireofar é (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) o dháta na hathghairme sin amhail is ná rithfí Acht 1936 riamh ach déanfar gach tagairt atá in aon Acht no ionstruim den tsórt san do Sheanad Éireann do léiriú agus beidh éifeacht aige mar thagairt don Tigh den Oireachtas ar a dtugtar an ainm “Seanad Éireann” in alt 1 d'Airteagal 15 den Bhunreacht.

(4) Ní oibreoidh éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so chun aon Acht acu so leanas, no aon pháirt acu so leanas d'Achtanna, d'aithbheochaint agus leanfaidh gach Acht acu san agus gach páirt acu san d'Achtanna de bheith athghairmthe agus gan feidhm, sé sin le rá:—

(a) Cuid VII den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , agus an méid sin d'alt 65 den alt san a fhorálann go bhfolóidh an focal “toghachán” toghachán Seanaid, agus freisin gach tagairt atá san Acht san do thoghacháin Seanaid agus do Sheanad-toghthóirí;

(b) Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928 (Uimh. 29 de 1928) ;

(c) an tAcht um Thoghacháin Chorra an tSeanaid, 1930 (Uimh. 1 de 1930) ;

(d) alt 4 den Acht Toghacháin (Leasú), 1933 ( Uimh. 14 de 1933 ).

(5) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir d'aon athghairm, ceiliúradh ná leasú áirithe ar n-a dhéanamh, ar aon Acht, ordú, rialachán, no ionstruim dá ndeineann Acht 1936 deifir, tar éis an Achta san do rith.

Oiriúnuithe maidir le céadtionól Sheanad Éireann.

11. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann do ritheadh tar éis an Achta um Sheanad Éireann (Forálacha Iarmartacha), 1936 (Uimh. 26 de 1936) , do rith, sé sin le rá:—

(a) gach foráil atá in aon Acht den tsórt san agus le n-a gceangailtear aon ordú, rialachán, tuarasgabháil no ionstruim eile do leagadh fé bhráid Dháil Éireann léireofar é agus beidh éifeacht aige, maidir le haon ionstruim den tsórt san a déanfar lá céad-tionól Sheanad Éireann no dá éis sin, mar fhoráil le n-a gceangailtear an ionstruim sin do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas;

(b) má bheireann aon fhoráil den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so comhacht do Dháil Éireann chun na hionstruime dá dtagartar sa bhforáil sin do chur ar nea-mbrí le rún ar n-a rith laistigh d'uimhir áirithe de laetheanta shuidhfidh Dáil Éireann tar éis na hionstruime sin do leagadh fé n-a bráid léireofar an fhoráil sin agus beidh éifeacht aici. maidir le haon ionstruim den tsórt san ar n-a déanamh lá céad-tionól Sheanad Éireann no dá éis sin. mar fhoráil a bheireann comhacht do Sheanad Éireann freisin chun na hionstruime sin do chur ar nea-mbrí le rún ar n-a rith laistigh den uimhir chéanna de laetheanta shuidhfidh Seanad Éireann tar éis na hionstruime sin do leagadh fé n-a bhráid, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ionstruim sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann go mbeidh ráite ann é do theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht agus maidir le gach Acht den Oireachtas a rithfear roimh chéad-tionól Sheanad Éireann, sé sin le rá:—

(a) gach foráil atá in aon Acht den tsórt san agus le n-a gceangailtear aon ordú, rialachán, tuarasgabháil, no ionstruim eile do leagadh fé bhráid gach Tighe no an dá Thigh den Oireachtas léireofar í agus beidh éifeacht aici, maidir le haon ionstruim den tsórt san a déanfar roimh lá céad-tionól Sheanad Éireann, mar fhoráil le n-a gceangailtear an ionstruim sin do leagadh fé bhráid Dháil Éireann amháin;

(b) gach foráil atá in aon Acht den tsórt san agus le n-a n-orduítear no le n-a n-údaruítear don dá Thigh no do gach Tigh no do cheachtar Tigh den Oireachtas éinní áirithe do dhéanamh léireofar í agus beidh éifeacht aici, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh roimh lá céad-tionól Sheanad Éireann, mar fhoráil le n-a n-orduítear no le n-a n-údaruítear (do réir mar a bheidh) do Dháil Éireann amháin an ní sin do dhéanamh.

Fuirmeacha scríbhinní oifigiúla atá ann cheana d'úsáid go sealadach.

12. —(1) Faid a bheidh san caothúil beidh sé dleathach do gach duine agus do gach cólucht oifigiúil agus do gach údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais, no feidhmiúcháin é, úsáid do dhéanamh, chun crícheanna aon scríbhinne oifigiúla a dhéanfaidh seisean no iad-san do thabhairt amach no do ghlacadh no do sholáthar no d'úsáid ar shlí eile, den fhuirm scríbhinne a bhí á húsáid go dleathach amhlaidh díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht.

(2) Gach fuirm scríbhinne a bheidh, de bhuadh an ailt seo, á húsáid chun aon chríche ag aon duine no cólucht oifigiúil no ag aon údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin. breithiúntais no feidhmiúcháin é, tuigfear chun gach críche í do bheith á húsáid go dleathach chun na críche sin.

(3) Tuigfear gur scríbhinn do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo den alt so stampa múnluithe agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na fo-ailt sin maidir le stampaí múnluithe.

An Bínse Bunreachta (Comhachta Speisialta) do chiontú daoine.

13. —(1) Lasmuich de chásanna breithe báis, féadfaidh an Riaghaltas tráth ar bith, as a gcomhairle féin, pionós ar bith a bheidh gearrtha ag an mBínse Bunreachta (Comhachta Speisialta) do mhaitheamh i bpáirt no go hiomlán no d'atharú (tré n-a mhaolú amháin) no do chur ar athló (ar choinníoll no gan choinníoll).

(2) Pé uair do bhéarfaidh an tUachtarán saor-mhaithiúnas do dhuine bheidh ciontuithe ag an mBínse Bunreachta (Comhachta Speisialta) beidh aon gheallbhruideadh no dí-cháilíocht do tháinig den chiontú san curtha ar nea-mbrí o dháta an

mhaithiúnais sin.

Gearr-theideal.

14. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Forálacha Iarmartacha), 1937 , do ghairm den Acht so.