An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Na hAinmliostai do Dheanamh.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.)

43 1937

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA), 1937

CUID IV.

An Votaiocht.

An toghlucht.

36. —Isiad is toghlucht i ngach toghachán Seanaid ná—

(a) i gcás an chéad toghacháin Seanaid, na comhaltaí de Dháil Éireann a luaidhtear in Airteagal 54 den Bhunreacht no, i gcás gach toghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, na comhaltaí de Dháil Éireann a toghfar sa toghachán Dála bheidh ann de dhruim an scuir sin ar Dháil Éireann dá dtiocfaidh an toghachán Seanaid sin, agus

(b) na daoine toghfar chuige sin ag comhairlí contae no contae-bhuirge no ag na seana-chomhaltaí de chomhairlí den tsórt san do réir na bhforálacha atá san Acht so chuige sin.

Comhairlí do thogha toghthóirí.

37. —(1) Ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá d'Eanar, 1938, i gcás an chéad toghacháin Seanaid no, i gcás gach toghacháin Seanaid in dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná mí tar éis an scuir sin ar Dháil Éireann dá dtiocfaidh an toghachán Seanaid sin toghfaidh gach comhairle chontae no chontae-bhuirge, do réir an ailt seo agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé, seachtar (dá ngairmtear toghthóirí san alt so) chun an toghluchta don toghachán Seanaid sin agus, más togha comórtasach a bheidh sa togha san, tionólfaid cruinniú den chomhairle sin agus déanfar an togha san ag an gcruinniú san.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghthóirí do thogha do réir an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) gach duine fé leith a bheidh á iarraidh go dtoghfaí ina thoghthóir é caithfe sé bheith ainmnithe i scríbhinn ag dhá chomhalta den chomhairle (dá ngairmtear an chomhairle thoghthach san alt so) a bheidh ag déanamh an toghtha san;

(b) ní bheidh éinne iontoghtha mar thoghthóir maran comhalta den chomhairle thoghthach é;

(c) maran togha comórtasach a bheidh sa togha san cuirfidh rúnaí na comhairle toghthaighe chun an chinn chóimhrimh Seanaid, díreach tar éis críochnú na n-ainmnithe, ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na dtoghthóirí do hainmníodh amhlaidh go cuibhe;

(d) más togha comórtasach a bheidh sa togha san toghfar na toghthóirí ag na comhaltaí den chomhairle sin a bheidh ar an gcruinniú san (no ag an méid sin díobh gur mian leo vótáil) agus iad ag vótáil tré rún-bhallóid do réir na hionadaíochta cionmhaire agus ar mhodh an aon-vóta ionaistrithe;

(e) chó luath agus is féidir é tar éis na vótála san do bheith críochnuithe cuirfidh rúnaí na comhairle sin chun an chinn chóimhrimh Seanaid na páipéirí ballóide uile le n-ar tugadh vótanna sa togha san agus cóimhreoidh an ceann cóimhrimh Seanaid na vótanna san ina oifig no in áit chaothúil eile agus déanfaidh amach uatha toradh an toghtha;

(f) chó luath agus a bheidh tortha na dtoghtha uile déanfar do réir an ailt seo déanta amach ag an gceann cóimhrimh Seanaid amhlaidh, ullamhóidh agus sighneoidh agus foillseoidh san Iris Oifigiúil liost de sna daoine do toghadh sna toghtha san agus na daoine do toghadh ag gach comhairle thoghthach fé leith á dtaisbeáint ar leithligh air, agus beidh an ráiteas san, mar a foillseofar amhlaidh é, ina dhearbhú ná beidh aon dul thairis ar thoradh gach toghtha den tsórt san;

(g) na costaisí bhainfidh le gach togha déanfar do réir an ailt seo (seachas na costaisí bhainfidh le nithe gur gá don cheann chóimhrimh Seanaid do réir an fho-ailt seo iad do dhéanamh) is ar an gcomhairle thoghthach a bheid agus isé slí ina gcruinneofar iad ná, i gcás comhairle contae, tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae go hiomlán agus, i gcás contae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath agus Luimnigh, tríd an ráta cathardha agus, i gcás contae-bhuirgí Chorcaighe agus Phortláirge, tríd an ráta dealbhais no an ráta eile sin ordóidh an tAire.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach comhairle chontae no chontae-bhuirge bheidh scurtha de thurus na huaire fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), sé sin le rá:—

(a) na daoine bheidh ar marthain (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so na seana-chomhaltaí den chomhairle sin) agus ba chomhaltaí den chomhairle sin díreach roimh í scur amhlaidh agus nár tháinig, o am an scurtha san, fé bhreithiúntas féimhíoctha ná fé chiontú i gcoir ná i gcionta do chuirfeadh deireadh le n-a mbeith ina gcomhaltaí den chomhairle sin mara scuirtí amhlaidh í toghfaid as a measc féin na toghthóirí gur ghá don chomhairle sin, do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, iad do thogha mara scuirtí an chomhairle sin amhlaidh no toghfar na toghthóirí sin amhlaidh ag an méid sin de sna daoine sin gur mian leo bheith páirteach sa togha san;

(b) gach duine fé leith a bheidh á iarraidh go dtoghfaí sa togha san é caithfe sé bheith ainmnithe i scríbhinn ag beirt de sna seana-chomhaltaí den chomhairle sin;

(c) más togha comórtasach a bheidh sa togha san, gairmfear cruinniú de sna seana-chomhaltaí den chomhairle sin agus déanfar an togha ar an gcruinniú san ag na seanachomhaltaí den chomhairle sin a bheidh ar an gcruinniú san (no ag an méid sin díobh gur mian leo vótáil) agus iad ag vótáil tré rún-bhallóid do réir na hionadaíochta cionmhaire agus ar mhodh an aon-vóta ionaistrithe;

(d) sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis na forálacha san roimhe seo den alt so beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo gus na hatharuithe sin is gá no bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so.

(4) Mara ndeinidh comhairle no na seana-chomhaltaí de chomhairle scurtha togha do réir an ailt seo no má thoghann comhairle no na seana-chomhaltaí de chomhairle scurtha níos lugha ná seacht dtoghthóirí, ní dhéanfaidh san dochar ná deifir do dhleathacht na dtoghtha dhéanfaidh comhairlí eile no na seana-chomhaltaí de chomhairlí eile do réir an ailt seo ná do dhleathach ná do dhosháruitheacht an rolla de thoghthóirí ná, más lugha ná seacht dtoghthóirí toghfar amhlaidh, do dhleathacht toghtha an mhéide sin toghthóirí toghfar amhlaidh.

(5) Déanfaidh an tAire pé rialacháin agus féadfaidh pé treoracha do thabhairt uaidh is dóich leis is ceart chun an ailt seo do chur in éifeacht (agus leis sin áirmhítear aimsir theoranta do cheapadh chun aon ghníomh no ní do dhéanamh), agus beidh sé de dhualgas ar gach comhairle chontae no chontae-bhuirge agus ar oifigigh gach comhairle den tsórt san (ar a n-áirmhítear oifigigh an té bheidh ag cólíonadh dualgaisí comhairle scurtha) déanamh do réir gach rialacháin agus treorach acu san.

An rolla de thoghthóirí.

38. —(1) Ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá d'Eanar, 1938, i gcás an chéad toghacháin Seanaid no, i gcás gach toghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, fé cheann trí lá tar éis na bhfreagraí uile ar riteacha an toghacháin Dála bheidh i gceist d'fháil dó, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann chun an chinn chóimhrimh Seanaid ráiteas ar ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí de Dháil Éireann a bheidh i dteideal fén Acht so bheith ina gcomhaltaí den toghlucht sa toghachán Seanaid sin.

(2) Chó luath agus gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid o Chléireach Dháil Éireann an ráiteas, maidir le toghachán Seanaid, a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus a dhéanfaidh amach toradh gach toghtha toghthóirí bheidh déanta go cuibhe do réir an Achta so ag comhairlí contae no contae-bhuirge (ar a n-áirmhítear aon toghtha bheidh déanta ag seana-chomhaltaí d'aon chomhairle den tsórt san a bheidh scurtha de thurus na huaire) maidir leis an toghachán Seanaid sin, ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid don toghachán Seanaid sin rolla de thoghthóirí ar a mbeidh ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na ndaoine uile go bhfeicfear ón ráiteas san agus o sna torthaí sin gurb iad is toghlucht don toghachán Seanaid sin.

(3) Má bhíonn duine ina bhall den toghlucht do thoghachán Seanaid de bhuadh níos mó ná aon cháilíocht amháin ní déanfar, dá ainneoin sin, a ainm do chur ar an rolla de thoghthóirí don toghachán Seanaid sin ach aon uair amháin.

(4) Beidh sé dleathach don cheann chóimhrimh Seanaid pé fiosrú agus pé nithe eile do dhéanamh is dóich leis is ceart chun teacht ar ainm agus seoladh agus tuairisc cheart gach duine gur gá a ainm do chur ar rolla de thoghthóirí ach ní bheidh aon rolla de thoghthóirí nea-dhleathach de dheascaibh ainm no seoladh no tuairisc aon duine do bheith curtha síos go nea-chruinn ar an rolla san de thoghthóirí.

(5) Déanfar na daoine go gcuirfear a n-ainmneacha ar rolla de thoghthóirí do chóiriú ar an rolla san in ord aibítre a sloinnte agus, más mar a chéile aon dá shloinne no níos mó, in ord aibítre a n-ainmneacha eile, agus uimhreofar go leanúnach san ord san iad.

(6) Ní bheidh dul thar aon rolla de thoghthóirí a hullamhófar fén alt so ná ní bheidh sé ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith agus na daoine go mbeidh a n-ainmneacha ar aon rolla den tsórt san de thoghthóirí beidh siad-san, agus ní bheidh éinne eile, i dteideal vótáil sa toghachán Seanaid le n-a mbainfidh an rolla san de thoghthóirí.

(7) Má éagann duine go mbeidh a ainm ar rolla de thoghthóirí ní dhéanfaidh san dochar ná deifir do dhleathacht ná d'oibriú an rolla san de thoghthóirí, pe'ca roimh an rolla san de thoghthóirí d'ullamhú no dá éis sin éagfaidh an duine sin.

Cóip de sna hainmliostaí do thabhairt amach do gach toghthóir.

39. —Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú an rolla de thoghthóirí no foillsiú na n-ainmliost san Iris Oifigiúil (pe'ca aca san is déanaí thárlóidh) agus ar aon chuma roimh an lá bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid tríd an bpost chun gach duine go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí, go dtí a sheoladh mar a bheidh sé luaidhte ar an rolla de thoghthóirí, cóip den chúig ainmliost mar a bheid foillsithe san Iris Oifigiúil, ach go luadhfar sa chóip sin, maidir le gach duine bheidh ar aon ainmliost, an cólucht no an duine no na daoine gur de bharr ainmnithe uaidh no uatha cuireadh ar an ainmliost san é.

Na páipéirí ballóide.

40. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid, sé sin le rá:—

(a) beidh i ngach páipéar ballóide ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na n-iarrthóirí uile bheidh luaidhte sna hainmliostaí iomdha agus iad socair in ord aibítre a sloinnte agus, más mar a chéile aon dá shloinne no níos mó, in ord aibítre a n-ainmneacha eile, agus san in aon cholún leanúnach amháin no i dhá cholún no níos mó fé mar is dóich leis an gceann cóimhrimh Seanaid, le toiliú an Aire, is caothúla;

(b) luadhfar i ngach páipéar ballóide freisin, maidir le gach iarrthóir a bheidh luaidhte ann, an t-ainmliost agus an fo-ainmliost ina mbeidh sé luaidhte mar iarrthóir;

(c) beidh sloinnte na n-iarrthóirí uile agus fé seach clóbhuailte ar na páipéirí ballóide i litreacha móra agus beidh a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí clóbhuailte i litreacha beaga, ach más mar a chéile sloinnte dhá iarrthóir no níos mó beidh ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin (chó maith le n-a sloinnte) clóbhuailte i litreacha móra agus fós oiread de sheoladh no de thuairisc, no de sheoladh agus de thuairisc, gach iarrthóra fé leith acu san agus a dhéanfaidh idirdhealú éifeachtúil eatorra dar leis an gceann cóimhrimh Seanaid.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so is sa bhfuirm orduithe bheidh na páipéirí ballóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide fé leith agus beidh có-dhuille ag gabháil leis agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar aghaidh an chó-dhuille sin agus le linn gach páipéar ballóide fé leith do thabhairt amach marcálfar gach taobh de le marc oifigiúil a stampálfar air no tollfar ann.

An modh chun vótanna do mharcáil ar na páipéirí ballóide.

41. —(1) Caithfidh toghthóir agus é ag tabhairt a vóta an figiúir 1 do chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfaidh ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3 agus 4 agus mar sin de do chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a rogha.

(2) Aon pháipéar ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor no ná beidh sé curtha air i slí go dtaisbeánfaidh céad-rogha d'iarrthóir éigin, no

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céad-rogha, curtha os coinne ainm níos mó ná aon iarrthóir amháin, no

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céad-rogha, maraon le huimhir éigin eile curtha os coinne ainm an aon iarrthóra amháin, no

(e) ar a mbeidh éinní, ach an uimhir ar an gcúl, scríobhtha no marcálta tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé gan bhrí agus ní cóimhreofar é.

Páipéirí ballóide do chur chun na dtoghthóirí.

42. —(1) An lá bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach i dtoghachán Seanaid déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ballóide maraon le fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun gach duine go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí don toghachán san, go dtí an seoladh bheidh luaidhte ar an rolla san de thoghthóirí.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine gur cheart páipéar ballóide do thoghachán Seanaid do chur chuige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so a chur in úil don cheann chóimhrimh Seanaid i scríbhinn go bhfuil níos mó ná ceithre huaire fichead a chluig imithe ón am ba cheart an páipéar ballóide sin do sheachadadh dhó i ngnáth-chúrsa an phuist agus ná fuair sé an páipéar ballóide sin agus gur mian leis go dtabharfaí amach dó páipéar ballóide dúbláideach agus dearbhú céannachta dúbláideach, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid láithreach, má gheibheann an scríbhinn sin am nach déanaí ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, no féadfaidh, má gheibheann an scríbhinn sin níos lugha ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, páipéar ballóide agus dearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin, go dtí an seoladh luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, agus é soiléir ortha araon, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipéar ar dhath ar leithligh no tré shlí eile, gur dúbláidí iad den pháipéar bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do céad-chuireadh chun an duine sin fén alt so.

(3) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach dearbhú céannachta.

(4) Nuair a bheidh an ceann cóimhrimh Seanaid ag cur amach páipéirí ballóide do réir an ailt seo cólíonfaidh na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An modh vótála.

43. —(1) Gach duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán Seanaid is sa tslí seo leanas agus ní hin aon tslí eile bheidh sé i dteideal vótáil sa toghachán san, sé sin le rá, tríd an bpáipéar ballóide cuirfear chuige fén alt so do mharcáil agus do chur chun an chinn chóimhrimh Seanaid tríd an bpost cláruithe no tríd an ngnáth-phost maraon leis an bhfuirm dhearbhú céannachta cuirfear chuige amhlaidh i dteanta an pháipéir bhallóide sin agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán Seanaid a chur in úil don cheann chóimhrimh Seanaid i scríbhinn gur chuir sé thar n-ais chun an chinn chóimhrimh Seanaid go cuibhe, tríd an bpost cláruithe, an páipéar ballóide agus an fhuirm dhearbhú céannachta do cuireadh chuige fén alt so agus ná dearnadh, do réir dheallraimh, iad do sheachadadh don cheann chóimhrimh Seanaid agus gur mian leis go dtabharfaí amach dó páipéar ballóide dúbláideach agus dearbhú céannachta dúbláideach, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid láithreach, má gheibheann an scríbhinn sin am nach déanaí ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, no féadfaidh, má gheibheann an scríbhinn sin níos lugha ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, páipéar ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin, go dtí n-a sheoladh mar a bheidh san luaidhte ar an rolla de thoghthóirí, agus é soiléir ortha araon, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipéar ar dhath ar leithligh no tré shlí eile, gur dúbláidí iad den pháipéar bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do céad-chuireadh chun an duine sin fén alt so.

(3) Ag glacadh na bpáipéirí ballóide dhó i dtoghachán Seanaid agus ag deighleáil leo ar gach slí eile dhó cólíonfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Na comhaltaí do roinnt ar na hainmliostaí.

44. —Isiad so leanas na huimhreacha de chomhaltaí de Sheanad Éireann a toghfar as gach ceann fé leith de sna hainmliostaí, sé sin le rá:—

(a) toghfar cúig chomhalta as an ainmliost saoidheachta agus oideachais, eadhon, duine as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus ceathrar as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(b) toghfar aon chomhalta dhéag as an ainmliost talmhaíochta, eadhon, seisear as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus cúigear as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(c) toghfar aon chomhalta dhéag as an ainmliost oibreachais, eadhon, seisear as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus cúigear as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(d) toghfar naoi gcomhalta as an ainmliost tionnscail agus tráchtála, eadhon, cúigear as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus ceathrar as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(e) toghfar seacht gcomhalta as an ainmliost riaracháin, eadhon, ceathrar as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus triúr as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san.

Toradh an toghacháin do dhéanamh amach.

45. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach ar leithligh, i bhfianaise na n-iarrthóirí bheidh i láthair agus do réir an Achta so agus go sonnrách do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, toradh an toghacháin maidir le gach ainmliost fé leith agus dearbhóidh na hiarrthóirí sin do bheith toghtha as an ainmliost san a déanfar amach amhlaidh do bheith toghtha.

(2) Ní bheidh dul thar breith an chinn chóimhrimh Seanaid ar aon cheist eireoidh i dtaobh na bpáipéirí ballóide no na ndearbhuithe céannachta no na gclúdach ina mbeid ná ar aon chúrsa eile eireoidh i dtaobh na bpáipéirí ballóide do thabhairt amach no d'fháil no i dtaobh na vótanna do chóimhreamh, ach beidh sí ion-athscrúduithe ag cúirt a thrialfaidh achuinghe toghacháin maidir leis an toghachán.

Rún do choimeád ar an vótáil.

46. —(1) Déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, agus gach oifigeach agus cléireach go mbeidh baint acu leis na páipéirí ballóide do thabhairt amach no d'fháil no leis na vótanna do chóimhreamh i dtoghachán Seanaid agus gach iarrthóir a bheidh i láthair le linn na tabhartha amach no na fála no an chóimhrimh sin, rún do choimeád agus cabhrú chun rún do choimeád ar an vótáil sa toghachán san agus ní thabharfaid uatha roimh chríochnú an toghacháin, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas i dtaobh ce'ca vótáil aon toghthóir áirithe sa toghachán san no nár vótáil, ná i dtaobh an mhaire oifigiúil, agus ní thabharfaid d'éinne uair ar bith aon eolas, do gheobhfar le linn no i gcúrsa na tabhartha amach no na fála no an chóimhrimh sin, i dtaobh cé hé an t-iarrthóir le n-ar vótáil aon toghthóir áirithe ná i dtaobh ce'ca vótáil aon toghthóir áirithe no nár vótáil ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra áirithe.

(2) Ní dhéanfaidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid d'fháil no do mharcáil a pháipéir bhallóide no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

(3) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach a thabhairt ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis é dá mharcáil, i slí go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm aon iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis ar an bpáipéar ballóide sin.

(4) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí do chur air.

Achuingheacha toghacháin i dtaobh toghacháin Seanaid.

47. —Na hachtacháin a bhaineann le tíolacadh agus le triail achuingheacha toghacháin i dtaobh toghachán chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha bainfid le toghacháin Seanaid ach san gus na hatharuithe seo leanas ortha, sé sin le rá:—

(a) an chúirt a bheidh ag triail achuinghe toghacháin i dtaobh toghacháin Seanaid ní bheidh comhacht aici a dhearbhú an toghachán uile do bheith gan bhrí ach féadfaidh a dhearbhú togha aon iarrthóra áirithe no níos mó do tuairiscíodh do toghadh sa toghacháin do bheith gan bhrí no do bheith dleathach do réir mar is gá do réir chirt;

(b) má dhearbhuíonn an chúirt sin amhlaidh togha aon iarrthóra áirithe do bheith gan bhrí dearbhóidh an chúirt gur toghadh an duine sin is gá do réir chirt de sna hiarrthóirí nár tuairiscíodh do bheith toghtha;

(c) beidh comhacht ag an gcúirt sin na leasuithe sin, is gá chun éifeacht do thabhairt dá breitheanna, do dhéanamh ar dheimhniú an chinn chóimhrimh Seanaid ar thoradh an toghacháin;

(d) ní bheidh sé d'fhiachaibh ar an gcúirt sin athchóimhreamh do chur á dhéanamh ar na vótanna tugadh do sna hiarrthóirí, ná scrúdú do dhéanamh ar an vótáil ná ar chóimhreamh na vótanna maidir leis na hiarrthóirí, ar ainmliost gur deimhin leis an gcúirt sin ina thaobh gan an vótáil do rinneadh maidir leis na hiarrthóirí air do bheith i gceist san achuinghe sin;

(e) léireofar mar thagairtí do Sheanad Éireann tagairtí do Dháil Éireann (ar a n-áirmhítear tagairtí deintear tré oiriúnú) agus léireofar mar thagairtí do Chathaoirleach Sheanad Éireann tagairtí do Cathaoirleach no do Cheann Chomhairle Dháil Éireann (ar a n-áirmhítear tagairtí deintear tré oiriúnú).

(2) Ní déanfar, in aon imeachta dlí chun togha no tuairisciú aon iarrthóra i dtoghachán Seanaid do dhiospóid, a cheangal ar dhuine ar bith do vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.

Rialacha d'fhágaint gan cólíonadh.

48. —Ní dearbhófar togha aon iarrthóra i dtoghachán Seanaid do bheith gan bhrí de bhíthin na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith fágtha gan cólíonadh ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirmeacha bheidh orduithe fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítear don bhínse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir na bprínsiobal atá leagtha amach i gcorp an Achta so agus ná dearna an nea-chólíonadh no an dearmhad san deifir do thoradh an toghacháin.

Seirbhísí puist.

49. —Na seirbhísí puist go léir (ar a n-áirmhítear na seirbhísí clárathachta go léir) a déanfar ar fad laistigh d'Éirinn maidir le páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach agus do chur thar n-ais, déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa iad gan na héilithe ina dtaobh do roimh-íoc leis agus tuigfear gur cuid de chostaisí an chinn chóimhrimh Seanaid gach éileamh den tsórt san agus íocfar iad dá réir sin.