An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS (CÓ-AONTÚ LEIS AN RÍOCHT AONTUITHE), 1938) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Ratai Diuite ar Thorthai Airithe Talmhaiochta agus Iascaigh as an Riocht Aontuithe no as Ceanada.)

12 1938

ACHT AIRGEADAIS (CÓ-AONTÚ LEIS AN RÍOCHT AONTUITHE), 1938

CEAD SCEIDEAL.

Ratai Diuite ar Earrai Airithe as an Riocht Aontuithe no as Ceanada.

Uimh. Thag.

Na hcarraí is ionchurtha fén diúité

Na hachtacháin fé n-a bhfuil an diúité inéilithe

An ráta gur dá réir a héileofar an diúité

1

Subhanna, marmaláidí. agus geiléthe tortha.

Alt 12 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 1 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Ceithre pingne an punt.

2

Brioscaí milsithe (gan cócó ionta).

Alt 12 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 1 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Trí pingne go leith an punt.

3

Milseoga (seachas brioscaí, subhanna, marmaláidí agus geiléthe tortha) a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh an céanna agus ná beidh cócó ionta.

Alt 12 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 1 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Reul an punt.

4

Gréasáin lin-éadaigh.

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 131), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

20%

5

Ciarsúirí bheidh déanta ar fad de lín éadach.

Alt 7 den Acht Airgid 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhreacha tagartha 5 agus 31 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

30%

6

Earraí bheidh déanta ar fad de lín-éadach agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun úsáide pearsanta no chun úsáide tighis no tighe agus nach baill éadaigh ná cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité ach amháin fén achtachán a luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha so.

Alt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, mar a leasuítear san leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 133), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

25%

7

Snáth a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de líon.

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 76), 1935, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

40%

8

Léinte

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhreacha tagartha 1 agus 25 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fe leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—30% no scilling an earra.

9

Bónaí léine.

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimreacha tagartha 2 agus 26 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—30% no dhá phingin an earra.

10

Earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta d'aon tsaghas acu so leanas agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'olainn agus a bheidh cniotálta ar fad no nach mór ar fad no déanta de dhéantús chniotálta, sé sin le rá:—

(a) stocaí agus gearrastocaí,

(b) fo-éadaighe (gan léinte agus bónaí léine d'áireamh),

(c) cairdiogáin forionair, gersithe, blúsanna, agus earraí dá samhail.

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhreacha tagartha 13, 21, 22 agus 23 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

331/3%

11

Lámhainní is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'olainn agus a bheidh cniotálta ar fad no nach mór ar fad no déanta de dhéantús chniotálta.

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 4 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

25%

12

Plaincéadaí bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'olainn.

Alt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 132), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

25%

13

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is téad, rópa, no sreangán.

Alt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

331/3%

14

Earraí bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'adhmad agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus uimhir thagartha 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 5 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 10 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 8 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 6 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

331/3%

15

Málaí bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de pháipéar agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus uimhir thagartha 6 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

25%

16

Boscaí, cártáin, agus earraí dá samhail a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de pháipéar no de chairt-chlár, de phaist-chlár, de phaistchlár úctha, de thuighechlár, no d'abhar dá samhail sin agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus uimhir thagartha 38 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

25%

17

Páipéar ná beidh éinní ná aon phátrún clóbhuailte air agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is páipéar manilla no páipéar pacála no páipéar fillteála (pe'ca de mhanilla no d'aon tsaghas eile dhó) agus, i gceachtar cás, is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus uimhir thagartha 34 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

331/3%

18

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún, sé sin le rá:—

(a) clúdaigh, páipéar leitreach, agus bluic de pháipéar scríbhneoireachta;

(b) páipéarachas tráchtála ceangailte no nea-cheangailte;

(c) duillíní agus teaigeanna (seachas duillíní agus teaigeanna d'abhair fhighte) a hiomportálfar ina mór-choda;

(d) clár-liostaí trádála (seachas clár-liostaí ná beidh ionta ach somplaí de pháipéar falla) a hiomportálfar ina mór-choda;

(e) ticéadaí clóbhuailte a hiomportálfar ina mór-choda;

(f) cártaí puist, cártaí cuarda, cártaí gnótha, cártaí beannachta, cártaí cuiridh, cártaí deigh-mhéinne, agus cártaí menu.

Alt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus uimhir thagartha 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 10 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 8 Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

25%

19

Earraí fighte (seachas clúdaigh urláir) a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 11 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ).

Ar earraí gur mó a luach ná scilling agus trí pingne an tslat chearnach—15%; ar earraí nach mó a luach ná scilling agus trí pingne an tslat chearnach—10%.

20

Bróga agus bróga ísle go mbeidh a n-uachtair déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile.

Alt 9 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), mar a leasuítear san le hAlt 22 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

20%

21

Galúnach, púdair ghalúnaighe, agus gach cineál abhar a húsáidtear in ionad galúnaighe.

Alt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

15%

22

Coinnle, ar a n-áirmhítear geatairí agus soillse oíche.

Alt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus uimhir thagartha 22 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

10%