|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1938
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Cain Ioncuim maidir le Riarachan Estat. | |
[EN] |
Léirithe agus mínithe do Chuid II. |
8. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so— |
[EN] | (a) tuigfear leas iomlán do bheith ag duine in iarmhar estáit dhuine mhairbh, no i gcuid de sin, más rud é go mbeadh agus faid a bheadh caipital an iarmhair no na coda san de (do réir mar a bheidh) iníoctha le ceart leis féin, no le duine eile thar a cheann, chun a thairbhe, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach, no má bhíonn agus faid a bheidh an caipital san iníoctha le ceart amhlaidh, pe'ca go díreach ag na hionadaithe pearsanta é no go neadhíreach tré iontaobhaí no tré dhuine eile; | |
[EN] | (b) tuigfear leas teoranta do bheith ag duine in iarmhar estáit dhuine mhairbh, no i gcuid de sin, ar feadh aon tréimhse (seachas tréimhse go mbeidh leas iomlán aige ar a feadh san iarmhar no sa chuid sin de, do réir mar a bheidh) más rud é go mbeadh an t-ioncum as an iarmhar no as an gcuid sin de (do réir mar a bheidh) in aghaidh na tréimhse sin iníoctha le ceart leis féin no le duine eile thar a cheann, chun a thairbhe, pe'ca go díreach é no go nea-dhíreach mar adubhradh, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach i dtosach na tréimhse sin; | |
[EN] | (c) estát réalta bheidh (fé shain-tuairisciú no fé thuairisciú ghenerálta) ina chuid de thabharthas iarmharach do fágadh le huacht uachtóra tuigfear gur cuid é d'iarmhar a estáit agus nach sain-leithliú do rinneadh air. | |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so— | |
[EN] | (a) cialluíonn an abairt “ionadaithe pearsanta”, maidir le hestát dhuine mhairbh, seiceadúirí an duine mhairbh sin mar a mínítear san le mír (d) d'fhó-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1894, agus foluíonn daoine go mbíonn acu i dtaobh an duine mhairbh, fé dhlí tíre eile, aon fheidhmeanna atá ar có-réir leis na feidhmeanna bhíonn chun crícheanna riaracháin ag seiceadúirí, mar a mínítear san amhlaidh, fé dhlí na hÉireann, agus déanfar tagairtí d'ionadaithe pearsanta, mar ionadaithe pearsanta, do léiriú mar thagairti do sna seiceadúirí mar dhaoine go mbíonn feidhmeanna den tsórt san roimhráite acu; | |
[EN] | (b) cialluíonn an focal “sain-leithliú” sain-tiomnú no saintabhairt ar n-a dhéanamh ag uachtóir agus foluíonn aon leithliú go mbíonn aige de bhuadh aon achtacháin no eile, fé dhlí na hÉireann no tíre eile, éifeacht den tsórt a bhíonn ag sain-tiomnú no sain-tabhairt fé dhlí na hÉireann; | |
[EN] | (c) cialluíonn an abairt “muirearacha ar iarmhar”, maidir le hestát dhuine mhairbh, na fiachaisí seo leanas is iníoctha amach as le ceart agus ús is iníoctha ar na fiachaisí sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) costaisí sochraide, tiomna agus riaracháin agus fiacha, agus | |
[EN] | (ii) léagáidí generálta (ar a n-áirmhítear i gcás neatheistíochta an cúig chéad punt chun a mbíonn baintreach an nea-theisteora i dteideal fén Intestates Estates Act, 1890), léagáidí taisbeántacha, agus blianachtaí, agus | |
[EN] | (iii) aon fhiachaisí eile bheidh ar a ionadaithe pearsanta mar ionadaithe pearsanta an duine sin, ach, i gcás aon fhiachaisí den tsórt san a thuitfidh, amhail idir dhaoine go leas acu fé shain-leithliú no i léagáid den tsórt san roimhráite no i mblianacht agus daoine go leas acu in iarmhar an estáit, ar fad no go príomhdha ar an maoin do sainleithlíodh no ar an léagáid no ar an mblianacht, ní fholuíonn sí ach an chuid sin (má bhíonn aon chuid) de sna fiachaisí sin a thuithfidh sa deireadh ar an iarmhar; | |
[EN] | (d) déanfar tagairtí don “ioncum iomlán as estát” dhuine mhairbh in aghaidh aon bhliana áirithe cáinmheasa do léiriú mar thagairtí don ioncum iomlán a tháinig o gach taobh in aghaidh na bliana san chun ionadaithe pearsanta an duine mhairbh mar ionadaithe pearsanta an duine sin agus áirmheofar é bheith có-dhéanta— | |
[EN] | (i) d'aon ioncum den tsórt san is ionchurtha fé cháin ioncuim Éireannach tré as-baint no eile, agus an t-ioncum san d'áireamh mar shuim is có-ionann leis an méid ar a ndlightear an cháin sin d'íoc in aghaidh na bliana san, agus | |
[EN] | (ii) d'aon ioncum den tsórt san do bheadh ionchurtha fén gcáin sin dá mba in Éirinn agus chun duine bheadh ina chomhnaí agus ina ghnáth-chomhnaí in Éirinn d'fhásfadh sé, agus an t-ioncum san d'áireamh ina lán-mhéid mar d'fhás an bhliain sin, lughaide na has-baintí sin dob ionlomhálta dá gcuirtí fé cháin ioncuim Éireannach é, ach gan áireamh do dhéanamh ar aon ioncum as maoin a thuitfidh chun na n-ionadaithe pearsanta ar shlí seachas ina sócmhainní chun fiacha an duine mhairbh d'íoc; | |
[EN] | (e) cialluíonn na habairtí “estát Éireannach” agus “estát coigríoch” fé seach, maidir le haon bhliain áirithe cháinmheasa— | |
[EN] | (i) estát ná beidh san ioncum as ach ioncum ar ar híocadh cáin ioncuim Éireannach tré as-baint no go mbeidh cáin ioncum Éireannach ionchurtha go díreach ar na hionadaithe pearsanta ina thaobh, agus nach estát go mbeidh aon chuid den ioncum as ina ioncum go mbeidh na hionadaithe pearsanta i dteideal saoirse o cháin ioncuim Éireannach d'éileamh ina thaobh ar an scór nach in Éirinn a chomhnuíd no chomhnuíd de ghnáth, agus | |
[EN] | (ii) estát seachas estát Éireannach; | |
[EN] | (f) foluíonn tagairtí do shuimeanna a híocadh tagairtí do shócmhainní a haistríodh no a leithreasuigh ionadaí pearsanta chuige féin, agus d'fhiacha frith-chealuíodh no fuascladh; | |
[EN] | (g) foluíonn tagairtí do shuimeanna is iníoctha tagairtí do shócmhainní go mbíonn, ar an riarachán do bheith críochnuithe, oblagáid ann chun iad d'aistriú no ceart ann ag ionadaí pearsanta chun iad do leithreasú chuige féin agus d'fhiacha go mbíonn oblagáid ann an tráth san iad d'fhuascailt no d'fhrith-chealú no ceart ag ionadaí pearsanta chun san do dhéanamh ina fhábhar féin; | |
[EN] | (h) déanfar tagairtí do mhéid, maidir le sóchmhainní den tsórt san roimhráite, do léiriú mar thagairtí don méid dob fhiú iad ar dháta a n-aistrithe no a leithreasuithe no ar chríochnú an riaracháin, do réir mar is gá sa chás, agus, maidir le fiacha den tsórt san, mar thagairtí do mhéid na bhfiacha san. | |
[EN] | (3) Má bhíonn leithlithe iarmharacha deifriúla déanta ar choda deifriúla fé seach d'estát dhuine mhairbh beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht so maidir le gach cuid fé leith acu san, ach tagairtí don chuid sin den estát do chur inti in ionad tagairtí don estát agus, in ionad tagairtí d'ionadaithe pearsanta an duine mhairbh mar ionadaithe pearsanta an duine sin, tagairtí do chur inti do sna hionadaithe pearsanta san mar dhaoine go bhfuil na feidhmeanna dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt so acu maidir leis an gcuid sin den estát. | |
[EN] |
Tosach feidhme Coda II. |
9. —(1) Maidir leis an gCuid seo den Acht so— |
[EN] | (a) beidh aici, i dtaobh méideanna go dtuigfear de bhuadh an chéad ailt ina dhiaidh seo den Acht so gur híocadh iad mar ioncum, éifeacht maidir le cáin ioncuim agus forcháin do mheas in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, agus gach bliana ina dhiaidh sin agus maidir le faoisimh do dheonadh in aghaidh na bliana san agus gach bliana den tsórt san ina dhiaidh sin, agus | |
[EN] | (b) beidh aici, i dtaobh méideanna go dtuigfear de bhuadh an dara ailt ina dhiaidh seo den Acht so gur híocadh iad mar ioncum, éifeacht maidir le cáin ioncuim agus forcháin do mheas in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, agus gach bliana ina dhiaidh sin agus maidir le faoisimh do dheonadh in aghaidh na bliana san agus gach bliana den tsórt san ina dhiaidh sin, agus | |
[EN] | (c) beidh feidhm aici i dtaobh estáit dhuine mhairbh pe'ca roimh thosach no tar éis tosach na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, no roimh thosach no tar éis tosach na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, do réir mar a bheidh, d'éag sé. | |
[EN] | (2) Ní bhainfidh alt 30 (alt i dtaobh cásanna ina mbeadh déarcas i dteideal iarmhair) den Finance Act, 1922, le hioncum in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh le d'Abrán, 1938, no aon bhliana ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Aon fhaoiseamh do tugadh do dhuine ar bith roimh an Acht so do rith alos aon ioncuim go mbeidh an duine sin i dteideal faoisimh ina thaobh de bhuadh na Coda so den Acht so tuigfear gur ar cuntas an fhaoisimh chun a mbeidh sé i dteideal amhlaidh do tugadh é. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh leasanna teoranta in iarmhar. |
10. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas den alt so maidir le duine ag á mbeidh leas teoranta in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin ar feadh na tréimhse thosnóidh ar bhás an duine mhairbh sin agus a chríochnóidh ar riarachán an estáit sin do bheith críochnuithe (tréimhse dá ngairmtear “an tréimhse riaracháin” sa Chuid seo den Acht so) no ar feadh coda den tréimhse sin. |
[EN] | (2) Má híocadh aon tsuim i rith na tréimhse riaracháin alos an leasa theoranta san tuigfear, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so agus chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, gur híocadh méid na suime sin leis an duine sin mar ioncum in aghaidh na bliana cáinmheasa inar híocadh an tsuim sin no, i gcás suime do híocadh alos leasa go mbeidh deireadh leis, in aghaidh na bliana deiridh cáinmheasa ina raibh an leas san ar marthain. | |
[EN] | (3) Ar riarachán an estáit do bheith críochnuithe— | |
[EN] | (a) tuigfear méid iomlán na suimeanna uile do híocadh roimh an riarachán do bheith críochnuithe, no is iníoctha ar an riarachán do bheith críochnuithe, alos an leasa theoranta san do theacht chun bheith dlite leis an duine sin o ló go ló i rith na tréimhse riaracháin no na coda sin di gur ar a feadh a bhí an leas san aige (do réir mar a bheidh) agus gur híocadh leis é do réir mar tháinig sé chun bheith dlite; | |
[EN] | (b) an méid a tuigfear do híocadh leis an duine sin de bhuadh na míre sin roimhe seo den fho-alt so in aon bhliain cháinmheasa tuigfear chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim gur mar ioncum in aghaidh na bliana san do híocadh leis é; agus | |
[EN] | (c) i gcás an méid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an fho-ailt seo do bheith níos lugha no níos mó ná an méid a tuigfear do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar na coigeartuithe sin a foráltar anso ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so. | |
[EN] | (4) Aon mhéid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an ailt seo— | |
[EN] | (a) tuigfear, i gcás estáit Éireannaigh, gur ioncum é de mhéid a bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana san do bhaint as, có-ionann leis an méid a tuigfear do híocadh amhlaidh, agus gur ioncum é ar ar híocadh cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach; | |
[EN] | (b) tuigfear, i gcás estáit choigrígh, gur ioncum é den mhéid a tuigfear do híocadh amhlaidh, agus beidh sé ionchurtha fé cháin ioncuim fé Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, fé is gurbh ioncum é thiocfadh as urrúis in áit lasmuich d'Éirinn. | |
[EN] | (5) Má cuirtear duine fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an ailt seo i dtaobh méid a tuigfear do híocadh leis mar ioncum alos leasa in estát choigríoch agus gur híocadh cáin ioncuim Éireannach ar aon chuid d'ioncum iomlán an estáit sin in aghaidh na bliana san tré as-baint no ar shlí eile, déanfar, ar na fíoraisí do chruthú chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta, an t-ioncum, gur ina thaobh a cuireadh é fé cháin amhlaidh, do laigheadú de mhéid go mbeidh idir é agus an t-ioncum san an cothrom céanna bheidh idir méid an ioncuim sin ar ar híocadh cáin ioncuim Éireannach agus méid an ioncuim iomláin sin: | |
[EN] | Ach má bheirtear faoiseamh amhlaidh tuigfear, chun crícheanna for-chánach, an chuid sin, den méid gur ina thaobh a cuireadh an duine sin fé cháin ioncuim, a bheidh i gcó-réir leis an gcothrom san do bheith ina hioncum de mhéid a bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach do bhaint as, có-mhéid leis an gcuid sin den méid do cuireadh fé cháin. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh leasanna iomlána in iarmhar. |
11. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas den alt so maidir le duine go mbeidh leas iomlán aige, ar feadh na tréimhse riaracháin no ar feadh coda den tréimhse sin, in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin. |
[EN] | (2) Déanfar amach, do réir an chéad ailt ina dhiaidh seo, méid an ioncuim iarmharaigh a tháinig as an estát in aghaidh gach lánbhliana cáinmheasa, agus in aghaidh gach coda briste de bhliain cháinmheasa— | |
[EN] | (a) do mhair an tréimhse riaracháin, agus | |
[EN] | (b) do bhí an leas san ag an duine sin, | |
[EN] | agus an méid a déanfar amach amhlaidh in aghaidh aon bhliana no aon choda de bhliain no, i gcás duine go mbeidh leas iomlán aige i gcuid d'iarmhar, cuid chothromúil den méid sin, gairmtear “ioncum iarmharach” an duine sin in aghaidh na bliana cáinmheasa san de sa Chuid seo den Acht so. | |
[EN] | (3) Má híocadh aon tsuim no suimeanna i rith na tréimhse riaracháin alos an leasa iomláin sin tuigfear, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so agus chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, gur híocadh méid na suime sin no méid iomlán na suimeanna san leis an duine sin mar ioncum sa mhéid go n-áirmheofaí, agus in aghaidh na bliana no na mblian cáinmheasa gur ina h-aghaidh no ina n-aghaidh do háirmheofaí, chun na gcrícheanna san, é d'fháil ioncuim dá mbeadh sé de cheart aige go bhfuigheadh sé i ngach bliain cháinmheasa— | |
[EN] | (a) a ioncum iarmharach in aghaidh na bliana san, lughaide cáin ioncuim in aghaidh na bliana san do réir an ráta chaighdeánaigh chánach, i gcás estáit Éireannaigh, no | |
[EN] | (b) a ioncum iarmharach in aghaidh na bliana san, i gcás estáit choigrígh, | |
[EN] | agus dá mbeadh an tsuim sin no iomlán na suimeanna san ar fáil chun an chéanna d'úsáid go príomhdha chun no mar chabhair chun na gceart san do shásamh do réir mar fhásadar agus go n-úsáidfí amhlaidh é. | |
[EN] | I gcás estáit Éireannaigh, aon mhéid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an fho-ailt seo tuigfear gur ioncum é de mhéid a bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana san do bhaint as, có-ionann leis an méid a tuigfear do híocadh amhlaidh, agus gur ioncum é ar ar híocadh cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach. | |
[EN] | (4) Ar riarachán an estáit do bheith críochnuithe— | |
[EN] | (a) tuigfear, chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, méid ioncuim iarmharaigh an duine sin in aghaidh aon bhliana áirithe cainmheasa d'íoc leis mar ioncum in aghaidh na bliana san, agus, i gcás estáit Éireannaigh, tuigfear gur ioncum é ar ar híocadh cáin do réir an ráta chaighdeánaigh chánach; agus | |
[EN] | (b) i gcás an méid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe de bhuadh an fho-ailt seo do bheith níos lugha no níos mó ná an méid a tuigfear do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar na coigeartuithe sin a foráltar anso ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so. | |
[EN] | (5) I gcás estáit choigrígh, aon mhéid a tuigfear do híocadh leis an duine sin mar ioncum in aghaidh aon bhliana de bhuadh an ailt seo tuigfear gur ioncum den mhéid sin é, agus beidh sé ionchurtha fé cháin ioncuim fé Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, fé is gurbh ioncum é thiocfadh as urrúis in áit lasmuich d'Éirinn. | |
[EN] | (6) Má cuirtear duine fé cháin ioncuim de bhuadh an ailt seo i gcás den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (5) den alt deiridh sin roimhe seo den Chuid seo den Acht so, beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin mar a bheidh éifeacht acu má cuirtear duine fé cháin ioncuim de bhuadh an ailt sin i gcás den tsórt san. | |
[EN] |
Forálacha foirlíontacha i dtaobh leasanna iomlána in iarmhar. |
12. —(1) Déanfar amach cadé méid an ioncuim iarmharaigh as estát in aghaidh aon bhliana cáinmheasa tré sna méideanna so leanas do bhaint as ioncum iomlán an estáit in aghaidh na bliana san, eadhon— |
[EN] | (a) méid aon úis bhliantúil, blianachta, no íocaíochta bliantúla eile in aghaidh na bliana san is muirear ar iarmhar agus méid aon íocaíochta do rinneadh an bhliain sin alos aon chostaisí fé n-a ndeachaidh na hionadaithe pearsanta mar ionadaithe pearsanta ag bainistí sócmhainní an estáit dóibh agus do bheadh, cheal aon fhorála soiléire in uacht, ionmhuirir ar ioncum le ceart, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ús, blianacht, ná íocaíocht den tsórt san do lomháladh no dob ionlomhálta agus ioncum iomlán an estáit á áireamh; agus | |
[EN] | (b) méid aon choda d'ioncum iomlán an estáit in aghaidh na bliana san chun a dtáinig duine, ar é do thoiliú no dá éis sin, chun bheith ina teideal de bhuadh sainleithlithe, pe'ca chun leasa dhílsithe ar feadh na tréimhse riaracháin é no chun leasa dhílsithe no theagmhasaigh ar an riarachán do bheith críochnuithe. | |
[EN] | (2) Má chítear, ar bheith críochnuithe do riarachán estáit 'na raibh leas iomlán ag duine ina iarmhar no i gcuid dá iarmhar ar bheith críochnuithe don riarachán, ná fuil iomlán na sochar do fuarthas alos an leasa san chó mór leis an iomlán do bhí, in aghaidh na mblian uile le chéile, in ioncum iarmharach an duine go raibh an leas san aige, déanfar a ioncum iarmharach in aghaidh gach bliana fé leith do laigheadú, chun críche an ailt deiridh sin roimhe seo den Chuid seo den Acht so, de mhéid go mbeidh idir é agus an t-ioncum iarmharach san an cothrom céanna bheidh idir an t-easnamh agus an t-iomlán do bhí, in aghaidh na mblian uile le chéile, ina ioncum iarmharach. | |
[EN] | Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “sochair do fuarthas” alos leasa iomláin na méideanna so leanas alos na suimeanna uile do híocadh roimh an riarachán do bheith críochnuithe no dob iníoctha ar é bheith críochnuithe, alos an leasa san, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) maidir le suim do híocadh roimh an riarachán do bheith críochnuithe, i gcás estáit Éireannaigh méid do bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana cáinmheasa inar híocadh an tsuim sin do bhaint as, có-mhéid leis an suim sin no, i gcás estáit choigrígh, méid na suime sin, agus | |
[EN] | (b) maidir le suim dob iníoctha ar an riarachán do bheith críochnuithe, i gcás estáit Éireannaigh méid do bheadh, tar éis cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach in aghaidh na bliana cáinmheasa inar críochnuíodh an riarachán do bhaint as, có-mhéid leis an suim sin no, i gcás estáit choigrígh, méid na suime sin. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so á fheidhmiú maidir le hiarmhar no le cuid d'iarmhar ina raibh leas iomlán aon tráth i rith na tréimhse riaracháin ag duine seachas an duine ag á raibh leas iomlán ann ar an riarachán do bheith críochnuithe, déanfar na hiomláin a luaidhtear ann d'áireamh maidir leis na leasanna san le chéile, agus beidh ioncum iarmharach an duine eile sin freisin ionlaigheaduithe fén bhfo-alt san. | |
[EN] |
Forálacha speisialta i dtaobh leasanna áirithe in iarmhar. |
13. —(1) Má bhíonn ceart ag ionadaithe pearsanta duine mhairbh, mar ionadaithe pearsanta an duine sin, maidir le hestát dhuine mhairbh eile agus gur ceart é de shaghas do bhéarfadh, dá mba chun tairbhe dhóibh féin do bheadh an ceart san dílsithe ionta, go mbeadh leas iomlán no leas teoranta acu in iarmhar an estáit sin no i gcuid de sin, tuigfear an leas san do bheith acu d'ainneoin gan an ceart san do bheith dílsithe ionta chun tairbhe dhóibh féin, agus aon mhéid a tuigfear do híocadh leo mar ioncum de bhuadh na Coda so den Acht so áirmheofar é mar chuid d'ioncum iomlán estáit an duine gurb iad a ionadaithe pearsanta iad. |
[EN] | (2) Má bhí leasanna iomlána in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin ag daoine deifriúla i ndiaidh a chéile i rith na tréimhse riaracháin, déanfar suimeanna do híocadh i rith na tréimhse sin alos an iarmhair no na coda san de, do réir mar a bheidh, d'áireamh, chun críche na Coda so den Acht so, mar shuimeanna do híocadh alos leasa an chéad duine go raibh leas iomlán aige sa chéanna chó fada— | |
[EN] | (a) i gcás estáit Éireannaigh, le méid an iomláin do bhí in aghaidh na mbliain uile le chéile, in ioncum iarmharach an duine sin lughaide cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh chánach, no | |
[EN] | (b) i gcás estáit choigrígh, le méid an iomláin do bhí, in aghaidh na mblian uile le chéile, in ioncum iarmharach an duine sin, | |
[EN] | agus, maidir le haon iarmhéid chó fada le méid có-réire, alos leasa an chéad duine eile go raibh leas iomlán aige sa chéanna, agus mar sin de. | |
[EN] | (3) Más rud é, ar dhíscréid d'fheidhmiú, go mbeadh aon chuid den ioncum as iarmhar estáit dhuine mhairbh in aghaidh aon tréimhse (eadhon, an tréimhse riaracháin no cuid di sin) iníoctha le ceart, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach i dtosach na tréimhse sin, le duine ar bith, no le duine eile thar a cheann, chun tairbhe dhó, pe'ca go díreach ag na hionadaithe pearsanta é no go nea-dhíreach tré iontaobhaí no tré dhuine eile, tuigfear, chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, go ndearnadh méid aon tsuime do híocadh do bhun na díscréide d'fheidhmiú i bhfábhar an duine sin d'íoc leis an duine sin mar ioncum in aghaidh na bliana cáinmheasa inar híocadh é agus beidh éifeacht ag forálacha fo-alt (4) agus (5) den tríú alt sa Chuid seo den Acht so maidir le méid a tuigfear do híocadh mar ioncum de bhuadh an fho-ailt seo. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh coigeartuithe agus i dtaobh eolais do thabhairt. |
14. —(1) Más rud é, ar riarachán estáit do bheith críochnuithe, go dtuigfear, de bhuadh na Coda so den Acht so, gur híocadh aon mhéid áirithe le duine ar bith mar ioncum in aghaidh aon bhliana cáinmheasa agus— |
[EN] | (a) gur mó an méid sin ná an méid do tuigeadh roimhe sin do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san de bhuadh na Coda so den Acht so, no | |
[EN] | (b) nár tuigeadh roimhe sin amhlaidh gur híocadh aon mhéid leis mar ioncum in aghaidh na bliana san, | |
[EN] | féadfar cáinmheas no cáinmheas breise do dhéanamh air in aghaidh na bliana san agus cáin do chur air dá réir sin no, ar éileamh do dhéanamh chuige sin, déanfar aon fhaoiseamh no faoiseamh breise chun a mbeidh teideal aige do lomháil dó dá réir sin. | |
[EN] | (2) Más rud é, ar riarachán estáit do bheith críochnuithe, go dtuigfear de bhuadh na Coda so den Acht so gur híocadh aon mhéid áirithe le duine ar bith mar ioncum in aghaidh aon bhliana áirithe cáinmheasa agus gur lugha an méid sin ná an méid do tuigeadh roimhe sin amhlaidh do híocadh leis, ansan— | |
[EN] | (a) má bhíonn cáinmheas déanta cheana air in aghaidh na bliana san, déanfar ar an gcáinmheas san na coigeartuithe sin is gá chun éifeacht do thabhairt do sna forálacha san den Chuid seo den Acht so a raghaidh in éifeacht ar an riarachán do bheith críochnuithe, agus aisíocfar aon cháin thar an gceart a bheidh íoctha, agus | |
[EN] | (b) más rud é— | |
[EN] | (i) gur lomháladh aon fhaoiseamh dó do réir an méid do tuigeadh roimhe sin mar adubhradh do híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san, agus | |
[EN] | (ii) gur mó méid an fhaoisimh sin ná méid an fhaoisimh d'fhéadfaí do thabhairt do réir an méid a tuigfear, ar an riarachán do bheith críochnuithe, a híocadh leis mar ioncum in aghaidh na bliana san, | |
[EN] | féadfar an faoiseamh sa bhreis do tugadh amhlaidh do mhuirearú fé Chás VI de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus do bhaint den duine sin dá réir sin mara slánuítear é ar shlí eile. | |
[EN] | (3) D'anneoin éinní atá sna hAchtanna Cánach Ioncuim, ní raghaidh an aimsir gur laistigh di féadfar cáinmheas no cáinmheas breise do dhéanamh chun crícheanna na Coda so den Acht so no cáinmheas do choigeartú chun na gcrícheanna san no faoiseamh d'éileamh de bhuadh na Coda so den Acht so, ní ragha sí in éag roimh dheireadh na tríú bliana tar éis na bliana cáinmheasa inar críochnuíodh riarachán an estáit a bheidh i gceist. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar dhuine ar bith, a bheidh no bhí ina ionadaí pearsanta do dhuine mharbh no go mbeidh no go raibh leas iomlán no leas teoranta aige in iarmhar estáit dhuine mhairbh no i gcuid de sin, na mion-innste sin do thabhairt dóibh (fé cheann na haimsire sin ordóid agus nach giorra ná ocht lá fichead) is dóich leo is gá chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus má theipeann ar an duine sin, gan leithscéal réasúnta bheith aige, déanamh do réir an fhógra dlighfear pionós ná raghaidh thar caoga punt do chur air, agus, tar éis breithiúntas do bheith tugtha ag gearradh an phionóis sin, pionós breise dá chó-mhéid in aghaidh gach lae leanfaidh an teip sin. |